41 1924


Uimhir 41 de 1924.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDALÁ (URRAÍOCHT), 1924.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DON AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA CHUN URRAÍOCHT DO DHÉANAMH AR SHAGHSANNA ÁIRITHE IASACHTAÍ GO RAGHADH A nÚSÁID CHUN OBAIR DO THABHAIRT DO DHAOINE I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS MAIDIR LE SAGHSANNA ÁIRITHE IASACHTAÍ GO RAGHADH A nÚSÁID CHUN LUÍODÚ DO DHÉANAMH AR PHRAGHSANNA MION-DÍOLA EARRAÍ RIACHTANACHA I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN IAD-SAN DO DHEONA NO URRAÍOCHT DO DHÉANAMH ORTHA, AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN AIRGEAD PUIBLÍ D'ÚSÁID CHUN NO MAR CHABHAIR CHUN NA hURRAÍOCHTA SAN DO CHÓ-LÍONA AGUS NA hIASACHTAÍ SIN DO DHEONA. [1adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála urraíocht do dhéanamh ar iasachtaí áirithe.

1. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le coiste comhairle a ainmneoidh sé féin agus an tAire Airgid le chéile chun crícheanna an ailt seo, más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, maidir le sochar aon iasacht atá beartuithe ag aon údarás puiblí a sholáthar laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, no ag aon chorpráid no ag aon chólucht eile daoine, corpruithe no nea-chorpruithe, go bhfuil sé le húsáid mar chabhair chun no i dtaobh aon ghnó caipitiúil d'oibriú, no i dtaobh earraí do cheannach a dintar no a saothruítear i Saorstát Éireann agus is gá chun crícheanna aon ghnótha den tsórt san, agus go raghadh sé chun obair do thabhairt do dhaoine i Saorstát Éireann an iasacht d'úsáid ar an gcuma atá beartuithe féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála urraíocht do dhéanamh i pé slí agus fuirm agus ar pé téarmaí agus coiníollacha is dó leis is ceart, fé réir na dteorann a horduítear ina dhiaidh seo anso, agus fé réir cead ón Aire Airgid, ar cholann na hiasachta san d'aisíoc agus ar an t-ús a bheidh uirthi d'íoc no ar an cholann san d'aisíoc no ar an t-ús san d'íoc.

(2) Ní mó ná suim seacht gcéad agus caoga míle púnt a bheidh suim chaipitiúil iomlán na n-iasachtaí 'na bhféadfar fén alt so urraíochtaí do thabhairt ina dtaobh (pe'ca maidir le colann agus ús é no maidir le colainn amháin no le hús amháin).

(3) Ní tabharfar aon urraíocht fén alt so tar éis dhá mhí dhéag o am rithte an Achta so.

(4) Ní tabharfar aon urraíocht fén alt so maidir le hiasacht 'na bhfuiltar ar aigne a sochar no aon chuid dá sochar d'úsáid mar chaipital oibriúcháin.

Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála iasachtaí áirithe eile do dheona no d'urrú.

2. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le coiste comhairle a ainmneoidh sé féin agus an tAire Airgid le chéile chun crícheanna an ailt seo, más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála go raghadh luíodú ar phraghsanna mion-díola earraí riachtanacha i Saorstát Éireann de bhárr aon iasachta atá beartuithe ag aon údarás puiblí a sholáthar, no ag aon chomhlachas (corpruithe no nea-chorpruithe) de shaothrathóirí, no de chaiteoirí, no de shaothrathóirí agus de chaiteoirí, féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála—

(a) an iasacht do dheona ar pé téarmaí agus coiníollacha is dó leis is ceart maidir le ham agus módh aisíoca, ráta úis, urrús, agus nithe ar bith eile, no

(b) urraíocht do dhéanamh, ar pé slí agus ar pé téarmaí agus coiníollacha is dó leis is ceart, ar cholann na hiasachta san d'aisíoc agus ar an t-ús a bheidh uirthi d'íoc no ar an cholann san d'aisíoc no ar an t-ús san d'íoc,

fé réir na dteorann a horduítear leis an alt so agus fé réir cead ón Aire Airgid.

(2) Ní mó ná suim caoga míle púnt a bheidh suim chaipitiúil iomlán na n-iasachtaí a deonfar fén alt so, agus ní mó ná suim dhá chéad agus caoga míle púnt ar fad a bheidh suim chaipitiúil iomlán na n-iasachtaí a deonfar fén alt so agus na n-iasachtaí 'na ndéanfar fén alt so urraíocht do thabhairt ina dtaobh (pe'ca maidir le colann agus ús é no maidir le colainn amháin no le hús amhain).

(3) Ní deonfar aon iasacht ná ní tabharfar aon urraíocht fén alt so tar éis dhá mhí dhéag o am rithte an Achta so.

As an bPrímh-Chiste a thiocfidh an t-airgead a theastóidh.

3. —(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a muirearófar agus is amach as a tabharfar pé suimeanna a theastóidh ón Aire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham chun aon urraíocht a thabharfa sé fén Acht so do chó-líona no chun aon iasacht a húdaruítear leis an Acht so do dheona.

(2) Chun socrú do dhéanamh chun suimeanna do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste fén alt so no chun aon urúsanna a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná fuil socair ar aon tslí eile i gcóir an íoca san, féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urúsanna is dó leis is ceart do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colann agus ús gach urúis a tabharfar amach fén alt so.

Íocfar aisíocanna isteach sa Stat-Chiste.

4. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a híocfar in aisíoc no mar chuid d'aisíoc aon tsuime a tugadh amach as an bPrímh-Chiste chun aon urraíocht a tugadh fén Acht so do chó-líona, no in aisíoc aon iasachta a deonadh fén Acht so, no in íoc an úis ar aon iasacht den tsórt san.

Na táillí a héileofar.

5. —Chun na costaisí agus na caiteachaisí a bhainfidh le riara an Achta so d'íoc, éileofar agus íocfar ar gach iarratas chun urraíocht d'fháil fén Acht so agus ar gach iarratas chun iasacht d'fháil fén Acht so, agus fós ar thabhairt gach urraíochta den tsórt san agus ar dheona gach iasachta den tsórt san, pé táillí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le có-aontú ón Aire Airgid.

Ráitisí agus cuntaisí a leagfar fé bhráid an Oireachtais.

6. —Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach ráithe fé leith den dá mhí dhéag ina bhféadfar urraíocht do thabhairt no iasachtaí do dheona fén Acht so, leagfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ar na hurraíochtaí a tugadh agus ar na hiasachtaí a deonadh fén Acht so i rith na ráithe sin, maraon le mioninnste ar na crícheanna go raibh na hiasachtaí a hurruíodh no a deonadh amhlaidh le cur chúcha, agus ar na téarmaí agus na coiníollacha ar ar hurruíodh no ar ar deonadh na hiasachtaí sin, agus, faid a bheidh aon urraíocht den tsórt san i bhfeidhm no aon iasacht den tsórt san no aon chuid d'aon iasacht den tsórt san gan aisíoc, leagfidh an tAire sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, leis, laistigh de mhí tar éis an 31adh lá de Mhárta gach bliain, cuntas suas go dtí an dáta san ar gach suim a tugadh (má tugadh aon tsuim) amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus ar gach suim a híocadh (má híocadh aon tsuim) isteach sa Stát-Chiste in aisíoc suimeanna a tugadh amach amhlaidh.

Deire i gcásanna áirithe leis na teoranta atá le fáil iasachtaí.

7. —Aon iasacht a gheobhaidh aon údarás puiblí a fheidhmíonn feidhmeanna rialtais áitiúla agus 'na ndéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén Acht so í dheona no a haisíoc no an t-ús uirthi d'urrú, ní háireofar í mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis sin chun críche aon achtacháin le na gcuirtar teora leis na comhachta atá ag an údarás san chun iasachtaí d'fháil.

Mínithe.

8. —San Acht so—

cialluíonn an focal “gnó caipitiúil” gnó le n-a ngabhann caiteachas caipitiúil, agus cialluíonn an focal “údarás puiblí” aon bhord no cólucht eile, corpruithe no nea-chorpruithe, a fheidhmíonn aon fheidhm árd-rialtais no rialtais áitiúla no a chólíonann aon dualgaisí puiblí a bhaineann le riarachán puiblí (generálta no áitiúil) i Saorstát Éireann, agus cialluíonn an focal “earraí riachtanacha” na hearraí a chuireann an tAire Tionnscail agus Tráchtála san áireamh chun treor-uimhir thréimhsiúil an chostais bheatha do dhéanamh amach agus pé earraí eile a faisnéisfar o am go ham, le hOrduithe a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a bheith ina n-earraí riachtanacha chun críche an Achta so.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 , do ghairm den Acht so,