Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Aireamh Seirbhise Mileata.)

48 1924


Uimhir 48 de 1924.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN PINSIN SHEIRBHÍSE MÍLEATA D'ÍOC LE BAILL ÁIRITHE AGUS LE SEANA-BHAILL ÁIRITHE DE SNA FÓRSAÍ NÁISIÚNTA AGUS D'FHÓRSAÍ COSANTA SHAORSTÁIT ÉIREANN. [5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “seirbhís mhileata” seirbhís chogúil in aon chéim, pe'ca mar oifigeach, mar oifigeach nea-choimisiúnta, mar shaighdiúir no mar óglach-é, in aon fhórsa dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—“Oglaigh na hÉireann” no an cólucht mileata dá ngairmtí na “Irish Volunteers” no an cólucht mileata dá ngairmtí an “Irish Citizen Army” no an cólucht dá ngairmtí “Fianna Éireann” no an cólucht dá ngairmtí na “Hibernian Rifles” no na “Fórsaí Náisiúnta” no “Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann” no aon bhrainse d'aon fhórsa dhíobh san. Chun crícheanna an Achta so áireofar mar sheirbhís mhileata in Oglaigh na hÉireann no sna Irish Volunteers, pe'ca aca é, seirbhís mar bhall d'Ard-Chomhairle na Irish Volunteers no d'Fhuireann Ard-Oifige Oglach na hÉireann no sa Bhrainse Feasa d'aon fhórsa no cólucht mileata dhíobh san, no sa tSeirbhís Feasa a bhí ar siúl fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann;

cialluíonn agus foluíonn an focal “Fórsaí Náisiúnta” gach fórsa armtha a bhí á choinneáil suas ag an Rialtas Sealadach no ag Rialtas Shaorstáit Éireann;

cialluíonn an focal “Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann” na Fórsaí a bhí le bunú do réir Cuid I. den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 ;

ciallóidh an focal “Deimhniú Seirbhíse Mileata” deimhniú a bheidh sa bhfuirm orduithe agus a deonfar fén Acht so;

ciallóidh an focal “Pinsean Seirbhíse Mileata” pinsean a deonfar fé sna comhachta a tugtar leis an Acht so;

ciallóidh an focal “Aire” an tAire Cosanta;

ciallóidh an focal “orduithe” orduithe le haon rialacha no rialacháin a déanfar fén Acht so.

Iarratas ag lorg deimhniú seirbhíse mileata.

2. —(1) Laistigh den tréimhse orduithe féadfidh éinne le n-a mbaineann an tAcht so deimhniú seirbhíse mileata d'iarraidh ar an Aire sa bhfuirm orduithe agus, fé réir forálacha an Achta so, féadfidh an tAire é dheona dho.

(2) Déanfidh an tAire gach iarratas den tsórt san ag lorg deimhniú seirbhíse mileata do chur fé bhráid bhórd meastóirí a ceapfar fén Acht so chun gach iarratas den tsórt san d'éisteacht agus sara ndeona sé aon iarratas den tsórt san breithneoidh sé an tuairisc a thabharfidh an bord meastóirí agus, fé réir forálacha an Achta so, deonfa sé no eiteoidh sé deimhniú seirbhíse mileata do réir na tuairisce sin.

(3) Féadfidh an tAire más toil leis féin é diúltú do dheimhniú seirbhíse mileata do thabhairt amach d'aon iarratasóir a daoradh ag cúirt údaráis inniúla i Saorstát Éireann, sarar thug an bord meastóirí an tuairisc, chun príosúntacht d'fhulang, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma ba shia ná trí mhí no chun aon téarma pian-tseirbhíse.

(4) Baineann an tAcht so le gach éinne—

(a) a bhí ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta no i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann aon uair tar éis an 1adh lá d'Iúil, 1922, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus

(b) a thug seirbhís mhileata in Oglaigh na hÉireann no sna Irish Volunteers no san Irish Citizen Army no i bhFianna Éireann no sna Hibernian Rifles i rith na seachtaine dar thosach an 23adh Abrán, 1916, no ar feadh aon tréimhse dá luaidhtear in (e) agus in (f) de chlás 1 den Chéad Sceideal a gabhann leis an Acht so.

Bord meastóirí.

3. —(1) Bunófar bord meastóirí (dá ngairmtear “An bord meastóirí” san Acht so) fén Acht so agus beidh sé có-dhéanta de thriúr ball a cheapfidh an tAire le haontú na hArd-Chomhairle agus 'na mbeidh éinne amháin acu, ar dháta a cheaptha, ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach, d'Ard-Chúirt, de Chúirt Chuarda, no de Chúirt Dúithche Shaorstáit Éireann no ina abhcóide ag cleachta a ghairme agus seasamh deich mblian ar a luíod aige.

(2) Scrúdóidh an bord meastóirí gach iarratas le n-a lorgtar deimhniú seirbhíse mileata agus a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid, agus chuige sin déanfid gach fiosrú, gairmfid ar gach fínné, agus glacfid gach fianaise, fé mhionn no ar aon tslí eile, a chífar dóibh bheith riachtanach no ceart chun tuairisc do thabhairt don Aire ar sheirbhís mhileata an iarratasóra.

(3) I ngach tuairisc ar sheirbhís mhileata aon iarratasóra a bheidh ag lorg deimhniú seirbhíse mileata beidh breith-thortha i dtaobh na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) seirbhís mhileata an iarratasóra san in Oglaigh na hÉireann no sna Irish Volunteers no san Irish Citizen Army no i bhFianna Éireann no sna Hibernian Rifles; agus

(b) seirbhís mhileata an iarratasóra san sna Fórsaí Náisiúnta no i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann; agus

(c) tréimhse seirbhís an iarratasóra san i ngach fórsa no cólucht fé leith díobh san mar adubhradh.

(4) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach tuairisc a thabharfidh an bord meastóirí ar sheirbhís mhileata aon iarratasóra a bheidh ag lorg deimhniú seirbhíse mileata.

(5) Ar an iarratasóir a bheidh ag lorg deimhniú seirbhíse mileata isea bheidh cruthúnas do thabhairt, agus beidh saor-chead aige pé fianaise do thairisgint is gá chun a chur ar a chumas an cruthúnas san do thabhairt.

(6) Ní bheidh in aon chás dul thar breith-thortha an bhúird mheastóirí fé mar a bheid leagtha amach i dtuairisc an bhúird agus beid ceangailte ar an iarratasóir, ach féadfidh an bord aon uair aon cheann no gach ceann dá mbreith-thortha d'ath-oscailt má iarrann an tAire é ar an scór go bhfuil fianaise ar fáil ná raibh ar fáil sarar dhineadar an tuairisc agus, ar éisteacht na fianaise breise sin, féadfidh an bord meastóirí a dtuairisc do leasú agus aon bhreith-thortha inti d'atharú no do chur ar nea-mbrí fé mar a chífar dóibh a bheith ceart agus an fhianaise bhreise sin acu.

Deona pinsin.

4. —(1) Le haontú ón Aire Airgid agus fé réir forálacha an Achta so, féadfidh an tAire pinsean seirbhíse mileata do dheona d'éinne dar dheoin an tAire deimhniú seirbhíse mileata fén Acht so, pinsean a thosnóidh ón gcéad lá de Dheire Fomhair, 1924, no o lá a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pe'ca lá aca san is déanaí, ach ní bhfuighidh éinne aon phinsean seirbhíse mileata den tsórt san mara mbeidh airgead vótálta ag an Oireachtas chun an pinsean seirbhíse mileata san d'íoc.

(2) Chun méid an phinsin seirbhíse míleata a gheobhaidh aon tsealbhóir deimhniú seirbhíse mileata fén Acht so d'áireamh, áireofar seirbhís mhileata an duine sin, mar a fuair an bord meastóirí í bheith agus mar a cuireadh síos ina dheimhniú seirbhíse mileata í, mar chó-ionannas leis na tréimhsí fé seach de bhlianta seirbhíse mileata a luaidhtear fé seach sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus áireofar ar an gcuma atá leagtha amach sa Chéad Sceideal san agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so méid iomlán na mblian seirbhíse mileata 'na ndeonfar aon phinsean den tsórt san ar a son.

(3) Beidh gach pinsean seirbhíse mileata do réir na céime a bhí ag an iarratasóir agus é á scur o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no do réir na céime a bhí aige an 1adh lá d'Fheabhra, 1924, pe'ca céim aca is aoirde, agus aireofar é i ngach cás do réir na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Cosc ar phinsin do shanna, etc.

5. —(1) Gach sanna a déanfar agus gach muirear a cuirfar ar aon phinsean seirbhíse mileata fén Acht so, agus gach có-aontú chun é shanna no é chur fé mhuirear, beid gan brí gan éifeacht ach amháin sa mhéid go mbeidh an céanna údaruithe le hAcht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní féadfar aon phinsean seirbhíse mileata a deonfar fén Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar aon tslí eile le dlí chun aon fhiacha no fiachaisí ar an té dar deonadh an pinsean san fén Acht so d'íoc.

(3) Ní chuirfidh éinní san alt so cosc le haon airgead a bheidh ag an Aire ar an duine le n-a bhfuil pinsean iníoctha fén Acht so do bhaint as an bpinsean san.

Geallbhruide pinsean.

6. —(1) Má dhineann cúirt údaráis inniúla i Saorstát Éireann éinne dar deonadh pinsean seirbhíse mileata fén Acht so do chiontú in aon choir no cionta le linn an pinsean san do bheith aige agus go ndéanfidh an chúirt sin, mar gheall ar an gcoir no ar an gcionta san, é dhaora chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma is sia ná trí mhí, no chun pian-tseirbhíse ar feadh téarma ar bith, beidh an pinsean a deonadh amhlaidh don duine sin i ngeallbhruid o dháta an chiontuithe sin.

(2) Má cuirtar aon chiontú agus daora den tsórt san roimhráite ar nea-mbrí no ar neamh-ní, tuigfar an gheallbhruid ina mheidh pinsean de dheascaibh an chiontuithe agus an daortha san do bheith ar nea-mbrí agus ar neamh-ní leis, agus leis sin beidh an pinsean seirbhíse mileata in éifeacht arís agus é iníoctha maraon le gach riaráiste air a chruinnigh o dháta an chiontuithe sin.

Ciontaí.

7. —(1) Má dhineann éinne, d'fhonn deona no íoc pinsin d'fháil do féin no d'éinne eile fén Acht so, aon fhaisnéis, iarratas no ráiteas scríbhte eile do dhéanamh, do shighniú, no d'úsáid agus a fhios aige an céanna bheith bréagach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint ar fhichid no fé phríosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más maith leis an gcúirt é, fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(2) Má bhíonn éinne, a ciontófar amhlaidh mar adubhradh, ag fáil pinsin de bharr aon fhaisnéise, iarratais, no ráitis scríbhte eile a bhí bréagach beidh an pinsean san i ngeallbhruid air o dháta an chiontuithe sin.

(3) Chun críche imeachta mar gheall ar aon chionta dá luaidhtear san alt so, tuigfar gur dineadh an cionta san áit in ar dineadh é no san áit ina ráineoidh don chiontathóir bheith.

Cosc ar phinsin dúbalta.

8. —(1) Einne le n-a bhfuil pinsean seirbhíse mileata iníoctha fén Acht so, má bhíonn sé, aon uair le linn an pinsean san do bheith aige, ag fáil aon luach saothair, pinsin, no liúntais is iníoctha amach as airgead puiblí, pe'ca ag an Oireachtas no amach as an bPrímh-Chiste a soláthruíodh é no tríd an ráta dealbhais no tré aon ráta eile a bhuail údarás áitiúil, déanfar an pinsean seirbhíse mileata is iníoctha leis an duine sin fén Acht so do chur ar fionnraí i méid a háireofar do réir na bhforálacha atá sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus san faid a bheidh sé ag fáil an luach saothair, an phinsin, no an liúntais sin mar adubhradh.

(2) Ní bheidh duine i dteideal an t-aon tréimhse amháin aimsire d'áireamh i gcóir críche pinsean seirbhíse mileata fén Acht so agus i gcóir críche aois-liúntais fé sna hAchtanna Aois-liúntais, 1834 go 1923, ach féadfidh aon duine den tsórt san, más mian leis é, a phinsean seirbhíse mileata fén Acht so do thabhairt suas agus, i gcóir an aois-liúntais sin agus ar an slí a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, áireamh do dhéanamh ar aon tréimhse aimsire d'fhéadfadh sé áireamh chun an dá chrích roimhráite mara mbeadh an t-alt so.

Rialacháin.

9. —(1) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh fén Acht so chun gach ní no éinní dhíobh so a leanas d'ordú, sé sin le rá:—

(a) an fhuirm ina ndéanfar agus an t-am gur laistigh de a déanfar deimhniú seirbhíse mileata d'iarraidh air;

(b) an nós-imeachta a leanfar nuair a bheidh an t-iarratas curtha fé bhráid an bhúird mheastóirí;

(c) an fhuirm a bheidh ar gach tuairisc ón mbord meastóirí agus an chuma ina soláthrófar don Aire í;

(d) éinní no aon rud eile is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht.

(2) Na rialacháin uile a dhéanfidh an tAire fén Acht so, leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga na rialachán san fé n-a bhráid rún do rith chun na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin sin ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fé sna rialacháin sin roimhe sin.

Gearr-theideal.

10. —Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 , do ghairm den Acht so.