Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

50 1924


Uimhir 50 de 1924.


ACHT CÚITIMH OIFIGEACHA ÁITIÚLA (TRÉIMHSE CHOGAIDH), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA SPEISIALTA DO DHÉANAMH MAIDIR LE DAOINE ÁIRITHE A BHÍ INA nOIFIGIGH TRÁTH AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS A CUIREADH AS OIFIG, NO A SCUIR AR AON tSLÍ EILE D'OIFIG A BHEITH ACU, I RITH NA mBLIAN 1919, 1920 AGUS 1921, CHUN GO nÍOCFÍ AN CÚITEAMH GO bhFUIL TEIDEAL ACU CHUIGE MAR GHEALL AR IAD DO CHUR AS OIFIG AMHLAIDH NO MAR GHEALL AR IAD DO SCUR AR AON tSLÍ EILE D'OIFIG A BHEITH ACU. [5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na liúntaisí bliantúla sa Sceideal d'íoc.

1. —(1) Le gach duine 'na bhfuil a ainm curtha síos sa dara colún de Chuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so íocfidh an tAire Airgid, le saol an duine sin, liúntas bliantúil sa mhéid a ráitear sa cheathrú colún den Chuid sin den Sceideal san os coinne ainm an duine sin sa dara colún san.

(2) Íocfar gach liúntas bliantúil den tsórt san ina thráth-choda míosúla má dhineann an té le n-á bhfuil sé iníoctha san d'iarraidh, ach mara ndine sé agus go dtí go ndéanfa sé amhlaidh íocfar an liúntas uair sa ráithe.

(3) Tuigfar gach liúntas bliantúil den tsórt san do bheith tar éis tosnú agus do bheith tagtha chun bheith iníoctha ar an dáta agus ón dáta a luaidhtear sa chúigiú colún de Chuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne méid an liúntais sin sa cheathrú colún den Chuid sin den Sceideal san agus, le gach duine le n-a bhfuil aon liúntas den tsórt san iníoctha, íocfidh an tAire Airgid, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so, suim iomlán an liúntais sin ar feadh na tréimhse ón tosnú san go ham rithte an Achta so tar éis aon íocanna a híocadh leis an duine sin roimhe sin ar scór an liúntais sin do bhaint as.

Na haicí sa Sceideal d'íoc.

2. —Le gach duine 'na bhfuil a ainm curtha síos sa dara colún de Chuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, íocfidh an tAire Airgid, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so, aisce sa mhéid a ráitear sa cheathrú colún den Chuid sin den Sceideal san os coinne ainm an duine sin sa dara colún san, tar éis aon íocanna a híocadh leis ar scór an aisce sin roimh rith an Achta so do bhaint as.

Faisnéis a déanfar sara bhfuighfar liúntas ná aisce.

3. —(1) Ní bhfuighidh éinne aon aisce ná aon tráth-chuid de liúntas is iníoctha leis fén Acht so go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar le barántas ón Aire Airgid i láthair duine de sna daoine a hordófar leis an mbarántas san: Ach i gcás aon liúntas den tsórt san do bheith á íoc go míosúil féadfidh an tAire Airgid a cheadú gan níos mó ná aon fhaisnéis amháin in aghaidh na ráithe do thabhairt i láthair.

(2) Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige go bhfuil sí neamh-fhírinneach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i mí-iompar.

Ceartanna fén Acht so do bheith in ionad ceartanna eile.

4. —(1) Na ceartanna a bronntar leis an Acht so ar gach duine 'na bhfuil a ainm curtha síos sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chun an liúntas no an t-aisce d'fháil a ráitear sa cheathrú colún den Sceideal san, os coinne ainm an duine sin sa dara colún san, beid in ionad ceart an duine sin chun liúntas no aisce d'fháil ón údarás áitiúil, a hainmnítear sa chéad cholún den Sceideal san os coinne ainm an duine sin sa dara colún san, ar an scór gur scuir an duine sin, roimh rith an Achta so, d'oifig a bheith aige fén údarás áitiúil sin, agus gach ceart den tsórt deiridh sin, pe'ca fé alt 8 den Local Government (Ireland) Act, 1919, a d'eirigh sé, no fé aon Acht eile no ar aon tslí eile, tiocfa sé chun bheith, agus beidh sé, ar bheith rithte don Acht so, gan brí agus neamh-infheidhmithe o dháta céad-fhás an chirt sin.

(2) Ní oibreoidh an t-alt so chun aon údarás áitiúil do chur i dteideal suim d'fháil o éinne a hainmnítear so dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no o ionadaí pearsanta éinne den tsórt san, eadhon, aon tsuim d'íoc an t-údarás áitiúil sin, no a híocadh ar a shon, díreach no nea-dhíreach, roimh rith an Achta so, leis an duine sin ar scór an liúntais no an aisce (pe'ca aca é) a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne ainm an duine sin sa dara colún san.

Na cistí go ndéanfar liúntaisí agus aiscí d'íoc amach asta, do bhaint asta, no d'aisíoc asta.

5. —(1) Déanfidh an tAire Airgid na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach is iníoctha fén Acht so d'íoc sa chéad dul-síos amach as airgead do chuir an Rialtas Briotáineach fé n-a láimh chun na críche sin, agus más rud é agus sa mhéid nách leor an t-airgead san chun na críche roimhráite íocfar na liúntaisí agus na haiscí sin amach as an gcion a roinneadh ar Shaorstát Éireann den airgead (más ann do) a bhí fanta i gcreidiúint do Chuntas an Chánachais Áitiúla (Éirinn) ar scór úis, agus más rud é agus sa mhéid nách leor na hairgid uile roimhráite chun na críche roimhráite íocfar gach liúntas agus aisce den tsórt san amach as an deontas is iníoctha le Cuntas an Chánachais Áitiúla fé fho-alt (1) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus beidh tosach ag an íoc san ar íoc na suimeanna is iníoctha amach as an deontas san fé fho-alt (2) den alt san.

(2) Gach airgead d'íoc an Rialtas Briotáineach no Rialtas Shaorstáit Éireann, roimh rith an Achta so, le héinne de sna daoine a hainmnítear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ar scór an liúntais no an aisce 'na socruítear leis an Acht so chun é íoc leis, aisíocfar é, i pé méid agus i pé cionúireacht agus ar pé cuma a ordóidh an tAire Airgid, amach as an gcion san a roinneadh ar Shaorstát Éireann den airgead (más ann do) a bhí fanta i gcreidiúint do Chuntas an Chánachais Áitiúla (Éirinn) ar scór úis, no amach as an deontas is iníoctha le Cuntas an Chánachais Áitiúla fé fho-alt (1) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, no cuid de amach as an airgead san agus cuid de amach as an deontas san, agus pé cuma ina ndéanfar é beidh tosach ag an aisíoc san ar íoc an airgid is iníoctha amach as an deontas san fén gcéad fho-alt den alt so.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (5) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le haon tsuimeanna is iníoctha amach as Cuntas an Chánachais Áitiúla fén alt so.

Suimeanna caipitiúla in ionad liúntaisí.

6. —(1) Ar iarratas éinne go bhfuil liúntas iníoctha leis fén Acht so, féadfidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, suim chaipitiúil a háireofar do réir an fhaid a meastar a mhairfidh an duine sin, d'íoc leis an duine sin in ionad an liúntais sin.

(3) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh le n-a n-ordófar na téarmaí agus na coiníollacha ar a bhféadfar suimeanna caipitiúla do chur in ionad liúntaisí fén alt so agus an modh ar a n-áireofar na suimeanna caipitiúla a híocfar in ionad na liúntaisí sin.

(3) An tsuim is iníoctha fén alt so in ionad liúntais íocfar í amach as an gciste gcéanna 'na bhfuil an liúntas san iníoctha as fén Acht so.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht Cúitimh Oifigeacha Áitiúla (Tréimhse Chogaidh), 1924 , do ghairm den Acht so.