Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

51 1924


Uimhir 51 de 1924.


ACHT AN CHONNARTHA (DAINGNIÚ AR AN gCÓ-AONTÚ FOIRLÍONTACH), 1924.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR CHÓ-AONTÚ ÁIRITHE LE N-A bhFOIRLÍONTAR AIRTIOGAL 12 DE CHONNRA, 1921. [25adh Deire Fomhair, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Daingniú ar an gCó-aontú.

1. —Daingnítear leis seo an Có-Aontú atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, eadhon, có-aontú le n-a bhfóirlíontar Airtiogal 12 de Chonnra, 1921, agus beidh éifeacht dá réir sin ag Connra san 1921.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar Acht an Chonnartha (Daingniú ar an gCó-aontú Fóirlíontach), 1924, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh láithreach tar éis a rithte.