52 1924


Uimhir 52 de 1924.


ACHT UM CHOSTAISÍ BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA, 1924.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COSTAISÍ DO MHOLA IN IMEACHTA I dTAOBH BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA A BHÍ FÉ BHRÁID AON TIGHE DEN OIREACHTAS NO FÉ BHRÁID COISTE D'AON TIGH DÍOBH NO FÉ BHRÁID CÓ-CHOISTE DEN DÁ THIGH IS CHUN NA COSTAISÍ SIN DO MHEAS-INIÚCHA AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE NÓS-IMEACHTA BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA.

[31adh Deire Fomhair, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT EIR-EANN MAR LEANAS:—

An Parliamentary Deposits Act, 1846, do chur i mbaint.

1. —Beidh éifeacht ag an Parliamentary Deposits Act, 1846, i Saorstát Éireann fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe aon cheann de sna Tithe Páirliminte mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

(b) léireofar tagairtí don Office of Clerk of the Parliaments agus tagairtí don Private Bill Office of the House of Commons, mar thagairtí d'Oifig Billí Príobháideacha an Oireachtais;

(c) léireofar tagairtí do dheimhniú an Chairman of Committees of the House of Lords no an Speaker of the House of Commons mar thagairtí do dheimhniú Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach.

Alt 2 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, do chur i mbaint.

2. —Bainfidh alt 2 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, fé mar a leasuíodh é tríd an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, leis na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí mar gheall ar aon imeachta a bhí os cóir aon Tighe den Oireachtas no os cóir coiste d'aon Tigh acu san no os cóir có-choiste den dá Thigh sin i dtaobh bille phríobháidigh fé mar a bhaineann sé leis na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí i dtaobh aon imeachta den tsórt a luaidtear san alt san.

Liost d'éilithe d'ullamhú.

3. —(1) Féadfidh Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach liost d'ullamhú de pé éilithe is dó leis is ceart do ghníomhairí páirliminteacha, d'atúrnaethe, agus do dhaoine eile a éileamh ar son na nithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost san.

(2) Na héilithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost a hullamhófar do réir an fho-ailt sin roimhe seo beid ar na héilithe is aoirde a lomhálfar nuair a bheidh oifigeach measaireachta an Oireachtais ag meas-iniúcha bille de chostaisí, d'éilithe agus de chaiteachaisí ar scór na nithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost san.

(3) Ag déanamh meas-iniúcha dho, féadfidh oifigeach measaireachta an Oireachtais gach costas, éileamh, agus caiteachas cothrom réasunta, ar scór aon nithe ná luadhfar sa liost a hullamhófar do réir an ailt seo, do lomháil.

Ailt 5 go 10 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, do chur i mbaint.

4. —Bainfidh ailt 5 go 10 go huile, den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, fé mar a leasuíodh é leis an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, le meas-iniúcha na gcostaisí, na n-éilithe, agus na gcaiteachaisí ar scór imeachta a bhí os cóir coiste de cheachtar de Thithe an Oireachtais no có-choiste den dá Thigh sin, ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

(a) léireofar tagairtí don taxing officer mar thagairtí d'oifigeach measaireachta an Oireachtais;

(b) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

(c) léireofar tagairtí don Speaker mar thagairtí do Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach;

(d) sé rud a bheidh sna táillí dá dtagartar in alt 7 den Acht san ná pé táillí a hordófar o am go ham le buan-orduithe a dhéanfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

(e) féadfidh an t-oifigeach measaireachta glaca le haon mhionn-scríbhinn a déanfar os cóir Coimisinéir Mionn don Ard-Chúirt no os cóir Feadhmannaigh Síochána.

An Parliamentary Costs Act, 1865, do chur i mbaint.

5. —Bainfidh ailt 1 go 5 (go huile) agus 7 go 9 (go huile) den Parliamentary Costs Act, 1865, le mola costaisí in imeachta i dtaobh bille phríobháidigh a bhí os cóir coiste do cheachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir có-choiste den dá Thigh sin, ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an focal “committee” coiste de cheachtar de Thithe an Oireachtais no có-choiste den dá Thigh sin;

(b) ciallóidh an focal “private bill” an ní céanna a chialluíonn bille príobháideach san Acht so;

(c) léireofar tagairtí don taxing officer no don taxing officer of the House mar thagairtí d'oifigeach measaireachta an Oireachtais;

(d) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe ceachtar de sna Tithe Páirliminte mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

(e) léireofar tagairtí don Parliamentary Deposits Act, 1846, agus tagairtí don House of Commons Costs Taxation Act, 1847, mar thagairtí do sna hAchtanna san fé mar a dintar iad do chur i mbaint agus iad d'atharú tríd an Acht so.

Féadfar tuille atharuithe dhéanamh ar Achtanna le hordú.

6. —(1) Féadfidh Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanaid Éireann, le horduithe a déanfar, a sighneofar, agus a séalófar acu araon, tuille atharuithe dhéanamh ar an Parliamentary Deposits Act, 1846, ar an House of Commons Costs Taxation Act, 1847, ar an Parliamentary Costs Act, 1865, agus ar an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, no ar aon cheann de sna hAchtanna san, pé atharuithe is gá chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag na hAchtanna san fé seach maidir le mola costaisí imeachta i dtaobh billí príobháideacha a bhí os cóir ceachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir coiste de cheachtar den dá Thigh sin no os cóir có-choiste den dá Thigh sin, agus maidir le meas-iniúcha na gcostaisí sin.

(2) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhraid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

(3) Gach ordú a déanfar fén alt so fágfar agus cimeádfar mar bhreacachán in Oifig Billí Príobháideacha an Oireachtais é agus foillseofar san Iris Oifigiúil é.

Mínithe.

7. —San Acht so—

cialluíonn an focal “oifigeach measaireachta an Oireachtais” an t-oifigeach measaireachta a ceapadh fé sna buan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

cialluíonn an focal “bille príobháideach” aon bhille a bunófar chun leasa no chun tairfe d'éinne ar leithligh, no le n-a gcuirtear isteach ar mhaoin phríobháideach éinne ar aon tslí eile seachas chun leasa don phuiblíocht i gcoitinne agus mar ní a bhaineann le polasaí puiblí, agus foluíonn sé aon bhille chun daingniú do dhéanamh ar aon ordú sealadach no ordú eile, agus aon bhille puiblí a chuir an Ceann Comhairle no Cathaoirleach an tSeanaid fé bhráid an Scrúdóra fé bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann lé chéile i dtaobh gnótha phríbháidigh.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924 , do ghairm den Acht so.