61 1924


Uimhir 61 de 1924.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LUCHT STIÚRTHA), 1924.


ACHT CHUN AN CEART DO BHRONNA AR AN LONDON MIDLAND AND SCOTTISH RAILWAY COMPANY DUINE DE STIÚRTHÓIRÍ NA CUIDEACHTAN CÓ-NASCTHA ATÁ LE BUNÚ FÉ ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924 , D'AINMNIÚ. [27adh Mí na Nodlag, 1924.]

DE BHRÍ go bhfuil ag an London Midland and Scottish Railway Company, do réir agus de bhua an Chó-aontuithe a dineadh an 25adh lá d'Fheabhra, 1904, idir an London and North Western Railway Company ar aon taobh amháin agus Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath, Chill Mhanntáin agus Loch gCarmain ar an taobh eile, agus a cuireadh mar sceideal leis an London and North Western Railway Act, 1905, agus a daingníodh leis an Acht san, teideal chun duine d'ainmniú chun bheith ina dhuine de stiúrthóirí Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas, ceann de sna Cuideachtana có-nascthacha a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na mBóthar Iarainn, 1924 :

AGUS DE BHRÍ gur lomháil no gur dheon an London Midland and Scottish Railway Company do Chuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas géillte, liúntaisí agus buntáistí áirithe, ar a n-áirítear cionúireachtaí speisialta i roinnt na bhfáltaisí as trácht tré-ghabhálach paisnéireach agus meathtach no eile a raghadh go dtí na bóithre iarainn a bhain le Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas no a bhí ar léas acu san no a bhí á n-oibriú acu, no go dtí aon chuid de sna bóithre sin, no a thiocfadh ón gcéanna no a raghadh ar an gcéanna: Agus de bhrí gur mhaith an rud go leanfadh na géillte, na liúntaisí, agus na buntáistí sin tar éis an Chuideachta Chónasctha atá le bunú fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , do bheith curtha ar bun: Agus de bhrí go bhfuiltar tar éis Có-aontú do dhéanamh idir an London Midland and Scottish Railway Company agus Cuideachta Mhór-Bhóthar Iarainn an Deiscirt chun na críche sin mar mhalairt ar an gceart do bhronna ar an London Midland and Scottish Railway Company duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha d'ainmniú: Agus de bhrí maidir leis na cirt, na comhachta, na dualgaisí agus na fiachaisí atá ag Cuideachta Mhór-Bhóthar Iarainn an Deiscirt, no atá ortha, fén gCó-aontú san, go ndílseoid sa Chuideachtain Chónasctha fé fhorálacha Acht na mBóthar Iarainn, 1924 :

AGUS DE BHRÍ nách féidir, gan údarás ón Oireachtas, an ceart do bhronna ar an London Midland and Scottish Railway Company duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha d'ainmniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An London Midland and Scottish Railway Company d'ainmniú duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha.

1. —Faid a bheidh sé socair le có-aontú, a bheas mar cheangal ar an gCuideachtain Chó-nasctha agus ar an London Midland and Scottish Railway Company go leanfidh na géillte, na liúntaisí agus na buntáistí a lomháil no a dheon an London Midland and Scottish Railway Company do Chuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas go dtí so agus ar a n-áirítear cionúireachtaí speisialta i roinnt na bhfáltaisí as trácht tré-ghabhálach paisnéireach agus meathtach no eile a raghadh go dtí na bóithre iarainn a bhain le Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas no a bhí ar léas acu san no a bhí á n-oibriú acu, no go dtí aon chuid de sna bóithre sin, no a thiocfadh ón gcéanna no a raghadh ar an gcéanna, beidh ag an London Midland and Scottish Railway Company in ainneoin éinní in Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , no in aon scéim chó-nascthachta fén Acht san, teideal chun stiúrthóir de stiúrthóirí na cuideachtan có-nasctha d'ainmniú, stiúrthóir a bheas i dteanta, agus ní hin ionad, na stiúrthóirí no éinne de sna stiúrthóirí atá le ceapa fé fhorálacha Acht na mBóthar Iarainn, 1924 .

Am an ainmnithe.

2. —Féadfidh an London Midland and Scottish Railway Company an t-ainmniú ar stiúrthóir fé alt 1 den Acht so do dhéanamh aon uair tar éis an Chuideachta Chó-nasctha do bheith curtha ar bun agus feidhmeoidh an stiúrthóir a hainmneofar amhlaidh na cirt agus an t-údarás céanna a fheidhmeoidh éinne eile de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha.

Ainmniú do tharrang siar.

3. —Féadfidh an London Midland and Scottish Railway Company aon uair agus o am go ham an t-ainmniú a bheas déanta acu ar éinne chun bheith ina dhuine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha do tharrang siar agus duine éigin eile d'ainmniú ina ionad.

Gearr-theideal agus léiriú.

4. —Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Lucht Stiúrtha), 1924 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin le hAcht na mBóthar Iarainn, 1924 .