6 1925


Uimhir 6 de 1925.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1925.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A CÚIG FICHEAD AGUS MÍLE, NAOI gCÉAD, A SÉ FICHEAD.

[31adh Márta, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£1,138,672 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1925.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim Milleoin, Céad agus Ocht Míle Tríochad, Sé Chéad agus Seachtó a Dó de Phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a cúig fichead.

£9,157,834 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1926.

2. —Féadfidh an tAire Airgid suim Naoi Milleon, Céad agus Seacht Míle Caogad, Ocht gCéad agus Tríocha a Ceathair de Phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbh£se na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a sé fichead.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Deich Milleon, Dhá Chéad agus Sé Mhíle Nóchad, Cúig Céad a Séde Phúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chúntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1925 , do ghairm den Acht so.