An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. ROIMHRA.) Ar Aghaidh (CUID III. OIRIUNU ACHTACHAN.)

7 1925

ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAI PÓILÍNEACHTA, 1925

CUID II.

CO-NASCA PHOILINEACHT CHATHRACH BHAILE ATHA CLIATH AGUS AN GHARDA SIOCHANA.

Có-nasca Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus an Ghárda Síochána.

5. —(1) I dtosach feidhme agus o thosach feidhme an Achta so beidh Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus an Gárda Síochána có-nasctha agus ina n-aon fhórsa amháin (fórsa dá ngairmtear an fórsa có-nasctha san Acht so), agus as san amach beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle an fórsa có-nasctha san do thréineáil, do ghléasa, d'íoc agus do choinneáil suas mar fhórsa póilíneachta i Saorstát Éireann.

(2) Gairmfar an Gárda Síochána den bhfórsa có-nasctha, agus beidh sé có-dhéanta de pé oifigigh agus fir a shocróidh an Ard-Chomhairle o am go ham ach gan iad do bheith níos líonmhaire ná méideanna iomlána na n-oifigeach agus na bhfear fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Ceapa Coimisinéara an fhórsa chó-nasctha

6. —(1) An té a mbeidh oifig Choimisinéir an Ghárda Síochána aige i dtosach feidhme an Achta so tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina Choimisinéir don bhfórsa chó-nasctha ar theacht i bhfeidhm don Acht so.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, isí an Ard-Chomhairle a dhéanfidh o am go ham Coimisnéir an fhórsa chónasctha do cheapa, agus féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair gach Coimisinéir don bhfórsa chó-nasctha do chur as oifig pe'ca de bhua ceapa fén bhfo-alt so a bheidh an oifig sin aige no de bhua an fho-ailt sin roimhe seo.

Ceapa Leas-Choimisinéirí agus Coimisinéirí Conganta agus Máinliaigh an fhórsa chónasctha.

7. —(1) Na daoine a mbeidh oifigí Choimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus Leas-Choimisinéir an Ghárda Síochána fé seach acu i dtosach feidhme an Achta so, tiocfid chun bheith agus beid ina Leas-Choimisinéirí don bhfórsa chó-nasctha ar theacht i bhfeidhm don Acht so, agus na daoine a mbeidh oifigí Choimisinéir Chonganta an Ghárda Síochána agus Mháinliaigh an Ghárda Síochána acu i dtosach feidhme an Achta so, tiocfid chun bheith agus beid ina gCoimisinéirí Conganta agus ina Máinliaigh, fé seach, don bhfórsa chó-nasctha ar theacht i bhfeidhm don Acht so.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, mar agus nuair is oiriúnach leo é, daoine oiriúnacha (nách líonmhaire aon uair áirithe ná an méid acu a húdaruítear leis an Acht so) do cheapa chun bheith fé seach, ina Leas-Choimisinéirí, ina gCoimisinéirí Conganta, agus ina Máinliaigh don bhfórsa chó-nasctha, agus féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair gach duine a mbeidh aon oifig acu san aige, pe'ca de bhua ceapa fén bhfo-alt so é no de bhua an fho-ailt sin roimhe seo, do chur as an oifig sin.

Smacht ag an gCoimisinéir ar an bhfórsa chó-nasctha.

8. —(1) Fé réir rialachán a déanfar fén Acht so no a cimeádfar i bhfeidhm leis an Acht so, beidh stiúra agus cúram generálta an fhórsa chó-nasctha dílsithe i gCoimisinéir an fhórsa chónasctha agus beidh Coimisinéir an Ghárda Síochána mar theideal agus mar ainm air-sean.

(2) Má bhíonn agus nuair a bheidh Coimisinéir an fhórsa chónasctha as láthair go sealadach no, de dheascaibh breoiteachta, gan bheith in án a dhualgaisí do chó-líona, no má bhíonn agus nuair a bheidh oifig Choimisinéir an fhórsa chó-nasctha folamh, féadfidh an tAire a údarú do Leas-Choimisinéir don bhfórsa chónasctha gach ceann no aon cheann de chomhachta agus de dhualgaisí an Choimisinéara d'fheidhmiú no do chó-líona faid a leanfidh an nea-láithreacht, an mí-chumas no an folúntas san.

Dualgaisí Leas-Choimisinéirí agus Coimisinéirí Conganta agus Máinliaigh an fhórsa chó-nasctha.

9. —(1) Isiad dualgaisí bheidh ar na Leas-Choimisinéirí agus ar na Coimisinéirí Conganta, fé seach, don bhfórsa chó-nasctha ná cabhrú le Coimisinéir an fhórsa chó-nasctha i stiúra agus i gcúram an fhórsa chó-nasctha agus feidhmiú dhéanamh ar pé feidhmeanna ina chóir sin a cheapfidh an Coimisinéir dóibh fé seach fé réir rialachán a déanfar fén Acht so no a cimeádfar i bhfeidhm leis an Acht so.

(2) Có-líonfidh Máinliaigh an fhórsa chó-nasctha, maidir le seirbhís leighis an fhórsa chó-nasctha, pé dualgaisí a cheapfidh an Coimisinéir do fé réir rialachán a déanfar fén Acht so no a cimeádfar i bhfeidhm leis an Acht so.

Ceapa oifigeach agus fear an fhórsa chó-nasctha.

10. —(1) Déanfar oifigigh agus fir an fhórsa chó-nasctha do roinnt fé seach ar na céimeanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Gach ball de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána a bheidh ag fónamh mar bhall den tsórt san i dtosach feidhme an Achta so agus nách aoirde céim ná árd-cheannphort, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach i dtosach feidhme an Achta so, ina bhall den bhfórsa chó-nasctha i gcéim a bheidh ar có-réir leis an gcéim a bhí aige i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no sa Ghárda Síochána (pe'ca aca é) láithreach roimh thosach feidhme an Achta so.

(3) Aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath a bhí ina bhall den bhfórsa san ar dháta rithte an Achta so, agus a thiocfidh chun bheith ina bhall den bhfórsa chó-nasctha de bhua an ailt seo, ní féadfar é chur ag déanamh gnáthdhualgaisí póilíneachta lasmuich de Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath gan a chead féin.

(4) Fé réir forálacha fo-alt (2) den alt so, isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh gach oifigeach den bhfórsa chó-nasctha nách aoirde céim ná árd-cheannphort, agus maidir le gach oifigeach den tsórt san, pe'ca de bhua ceapa fén bhfo-alt so bheidh an chéim sin aige no de bhua an fho-ailt sin (2), féadfidh an Ard-Chomhairle aon uair é bhrise, no é ísliú go céim chigire, sháirsint stáisiúin, sháirsint no ghárda, agus féadfidh Coimisinéir an fhórsa chó-nasctha o am go ham é árdú no é ísliú i gcéim no é chur ar fionnraí do réir rialachán a déanfar fén Acht so no a cimeádfar i bhfeidhm leis an Acht so, ach ní bheidh sé dleathach do Choimisinéir an fhórsa chó-nasctha aon oifigeach d'ísliú go céim chigire, sháirsint stáisiúin, sháirsint no ghárda.

(5) Fé réir forálacha fo-alt (2) den alt so, liostálfidh agus ceapfidh Coimisinéir an fhórsa chó-nasctha fir an fhórsa chónasctha agus (pe'ca iad do liostáil agus do cheapa ar an gcuma san a déanfar no iad do cheapa de bhua an fho-ailt sin (2) ) féadfa sé o am go ham iad d'árdú no d'ísliú i gcéim no do chur ar fionnraí no do bhrise do réir rialachán a déanfar fén Acht so no a cimeádfar i bhfeidhm leis an Acht so.

Dearbhú le déanamh ag baill an fhórsa chó-nasctha.

11. —(1) Ní fhéadfidh aon oifigeach ná aon bhall eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath ná den Ghárda Síochána bheith i seilbh oifige ná gníomhú in aon tslí mar oifigeach ná mar bhall eile den bhfórsa chó-nasctha tar éis mí o thosach feidhme an Achta so maran rud é, roimh thosach feidhme an Achta so, gur thug sé an mionn no gur dhin sé an dearbhú nách foláir d'oifigigh no do bhaill eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána (pe'ca aca é) a thabhairt no a dhéanamh do réir dlí, no go ndéanfidh agus go sighneoidh sé, roimh dheire an mhí sin agus i bhfianaise Feadhmannaigh Síochána, dearbhú sa bhfuirm atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Einne a ceapfar tar éis tosach feidhme an Achta so chun bheith ina oifigeach no ina bhall eile den bhfórsa chó-nasctha, ní fhéadfa sé bheith i seilbh na hoifige sin ná gníomhú in aon tslí san oifig sin go dtí go ndéanfidh agus go sighneoidh sé, i bhfianaise Feadhmannaigh Síochána, dearbhú sa bhfuirm atá sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Págh agus liúntaisí ballra an fhórsa chó-nasctha.

12. —(1) Le cead an Aire Airgid, féadfidh an tAire na rátaí páigh agus na liúntaisí (maraon leis na coiníollacha a bhainfidh leo) a híocfar le hoifigigh agus le fir an fhórsa chó-nasctha de gach céim fé leith agus de gach grád fé leith de gach céim do regleáil agus do cheapa le hordú o am go ham.

(2) Sara ndéanfa sé ordú fén alt so cuirfidh an tAire fé ndeár an dreacht den ordú do chur fé bhráid na gcólucht n-ionadathach uile agus fé seach a bheidh ag ionadú na gcéim agus na ngrád uile agus fé seach sa bhfórsa chó-nasctha 'na mbainfadh an t-ordú leo nuair a bheadh sé déanta agus breithneoidh sé aon aithris cúise a dhéanfidh aon chólucht ionadathach den tsórt san leis i dtaobh an dreacht-orduithe.

(3) Go dtí go n-atharófar le hordú fén alt so iad agus fé réir aon atharú den tsórt san—

(a) an págh a bheidh ag an gCoimisinéir, ag na Leas-Choimisinéirí, ag na Coimisinéirí Conganta, agus ag an Máinliaigh fé seach don bhfórsa chó-nasctha, beidh sé do réir na rátaí agus na gcoiníoll a horduítear leis an Ordú um Phágh an Ghárda Síochána, 1924, i gcóir na n-oifigeach atá ar chéim chó-réire leo sa Ghárda Síochána, ach amháin gur do réir an ráta agus na gcoiníoll a horduítear leis an Ordú um Phágh Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1924, i gcóir Choimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, a bheidh págh an té bheidh i seilbh oifig Choimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath i dtosach feidhme an Achta so agus san faid a bheidh sé i seilbh oifig Leas-Choimisinéara an fhórsa chó-nasctha; agus

(b) an págh a bheidh ag gach ball fé leith den bhfórsa chónasctha is ísle céim ná máinliaigh agus a bhí ina bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath láithreach roimh thosach feidhme an Achta so beidh sé do réir an ráta agus na gcoiníoll a horduítear leis an Ordú um Phágh Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1924, i gcóir na céime i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige de thurus na huaire sa bhfórsa chó-nasctha; agus

(c) an págh a bheidh ag gach ball den bhfórsa chó-nasctha ná fuil socrú anso roimhe seo ina thaobh, beidh sé do réir an ráta agus na gcoiníoll a horduítear leis an Ordú um Phágh an Ghárda Síochána, 1924, i gcóir na céime sa Ghárda Síochána atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige de thurus na huaire sa bhfórsa chó-nasctha.

(4) Go dtí go n-atharófar iad le hordú a déanfar fén alt so, agus fé réir aon atharú den tsórt san—

(a) na liúntaisí is iníoctha le gach ball fé leith den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún i Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath, beid do réir na rátaí agus na gcoiníoll a horduítear leis an Dublin Metropolitan Police Allowances Order, 1920, i gcóir na céime i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige de thurus na huaire sa bhfórsa chó-nasctha; agus

(b) na liúntaisí is iníoctha le gach ball fé leith den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, beid do réir na rátaí agus na gcoiníoll a horduítear leis an Ordú um Liúntaisí an Ghárda Síochána, 1924, i gcóir na céime sa Ghárda Síochána atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige de thurus na huaire sa bhfórsa chónasctha.

Chun críche an fho-ailt seo, tuigfar baill den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún i gCeann-Cheathrúin an fhórsa i mBaile Atha Cliath no sa Phríomh-Arus i bPáirc an Fhionn-uisce, Baile Atha Cliath, agus a bhí ina mbaill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath láithreach roimh thosach feidhme an Achta so, do bheith ar stáisiún laistigh de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus tuigfar gach ball eile den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún sa Cheann-Cheathrúin roimhráite no sa Phríomh-Arus roimhráite do bheith ar stáisiún lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath.

(5) Gach ordú a déanfar fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh de lá is fiche tar éis an chéad lá a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú roimhe sin.

Pinsin, etc., do bhaill den bhfórsa chó-nasctha.

13. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, a údarú o am go ham le hordú go ndeonfar agus go n-íocfar pinsin, liúntaisí agus aiscí le hoifigigh agus le fir den bhfórsa chó-nasctha agus le n-a mbaintreacha, le n-a gcloinn agus le n-a gcúram, agus rátaí agus scálaí na bpinsean, na liúntaisí agus na n-aiscí sin, agus na coiníollacha ar a mbeidh an céanna iníoctha, do regleáil agus do cheapa, agus féadfa sé le haon ordú den tsórt san na pionóisí mar gheall ar aon chalaois, i dtaobh iarratas ar aon phinsean, liúntas no aisce den tsórt san, do leaga amach.

(2) Sara ndéanfa sé ordú fén alt so cuirfidh an tAire fé ndeár an dreacht den ordú do chur fé bhráid na gcólucht n-ionadathach uile agus fé seach a bheidh ag ionadú na gcéim agus na ngrád uile agus fé seach sa bhfórsa chó-nasctha 'na mbainfadh an t-ordú leo nuair a bheadh sé déanta agus breithneoidh sé aon aithris cúise a dhéanfidh aon chólucht ionadathach den tsórt san leis i dtaobh an dreacht-orduithe.

(3) Go dtí go n-atharófar iad le hordú a déanfar fén alt so, agus fé réir aon atharú den tsórt san—

(a) gach reacht, ordú, no rialachán a bheidh i bhfeidhm láithreach roimh thosach feidhme an Achta so agus le n-a n-údaruítear pinsin, liúntaisí, no aiscí do dheona no d'íoc le baill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no le n-a mbaintreacha, le n-a gclainn, no le n-a gcúram, no le n-a ndintar méid no coiníollacha aon phinsin, liúntais, no aisce den tsórt san do regleáil no do leaga amach, leanfa sé de bheith i mbaint leis na baill sin den bhfórsa chó-nasctha a bhí ina mbaill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath láithreach roimh thosach feidhme an Achta so agus san sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna gur bhain an reacht, an t-ordú, no an rialachán san leo láithreach roimh thosach feidhme an Achta so, ach amháin sa chás ina ndintar le haon reacht, ordú no rialachán den tsórt san a éileamh ar Choimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, no a údarú dho, éinní áirithe do dhéanamh, gurb é an tAire a dhéanfidh é no a fhéadfidh é dhéanamh agus, chun crícheanna an reachta, an orduithe no an rialacháin sin, tuigfar gur seirbhís i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath seirbhís sa bhfórsa chó-nasctha agus gach ball den bhfórsa chó-nasctha le n-a mbainfidh an reacht, an t-ordú, no an rialachán san amhlaidh tuigfar, chun críche an reachta, an orduithe, no an rialacháin sin, go bhfuil aige i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath an chéim atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige do thurus na huaire sa bhfórsa chó-nasctha; agus

(b) gach ordú a dhin an tAire fé alt 8 d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 , agus a bheidh i bhfeidhm láithreach roimh thosach feidhme an Achta so, bainfe sé le gach ball den bhfórsa chó-nasctha ná raibh ina bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath láithreach roimh thosach feidhme an Achta so agus, chun críche aon ordú den tsórt san, tuigfar gur seirbhís sa Ghárda Síochána seirbhís sa bhfórsa chó-nasctha agus gach ball den bhfórsa chó-nasctha le n-a mbainfidh an t-ordú amhlaidh, tuigfar, chun críche an orduithe, go bhfuil aige sa Ghárda Síochána an chéim atá ar có-réir leis an gcéim a bheidh aige de thurus na huaire sa bhfórsa chó-nasctha.

(4) Aon ordú a déanfar fén alt so ní thiocfa sé i ngníomh mara ndintar ná go dtí go ndéanfar é leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é cheadú le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas.

Rialacháin i dtaobh bainistí inmheánaigh an fhórsa chó-nasctha.

14. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, fé réir ceada ón Ard-Chomhairle, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) leigint-isteach, ceapa, agus liostáil ball den bhfórsa chó-nasctha;

(b) baill den bhfórsa chó-nasctha d'árdú, do scur, d'ísliú, do bhrise, agus do chur fé phionós;

(c) dualgaisí céimeanna uile agus fé seach an fhórsa chónasctha;

(d) coinneáil-suas, tréineáil, smacht, agus éifeachtúlacht an fhórsa chó-nasctha;

(e) cóluchtaí ionadathacha de bhaill den bhfórsa chó-nasctha do bhunú;

(f) aon rud no éinní eile a bhaineann le bainistí inmheánach an fhórsa chó-nasctha.

(2) Gach ordú agus rialachán a dineadh fé alt 5 den Dublin Police Act, 1836, no fé alt 8 d'Acht Póilíneachta Bhaile Atha Cliath, 1924 , agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, féadfar iad do leasú no do cheiliúra le rialacháin a déanfar fén alt so agus, go dtí go gceilúirfar iad amhlaidh agus fé réir aon leasú den tsórt san leanfid (d'ainneoin athghairm na n-alt san) i bhfeidhm agus bainfid le baill an fhórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún i Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath.

(3) Gach ordú agus rialachán a dineadh fé alt 16 d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 , no a dineadh fé alt 18 d'Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 , agus a buanuíodh le halt 21 d'Acht an Ghárda Síochána, 1924 , agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, féadfar iad do leasú no do cheiliúra le rialacháin a déanfar fén alt so agus, go dtí go gceiliúrfar iad amhlaidh agus fé réir aon leasú den tsórt san leanfid (d'ainneoin athghairm na n-alt san) i bhfeidhm agus bainfid le baill den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath.

(4) Chun críche an ailt seo, tuigfar baill den bhfórsa chónasctha a bheidh ar stáisiún i gCeann-Cheathrúin an fhórsa i mBaile Atha Cliath, no sa Phríomh-Arus i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Atha Cliath, agus a bhí ina mbaill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath láithreach roimh thosach feidhme an Achta so, do bheith ar stáisiún laistigh de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath agus, tuigfar gach ball eile den bhfórsa chó-nasctha a bheidh ar stáisiún sa Cheann-Cheathrúin róimhráite no sa Phríomh-Arus roimhráite do bheith ar stáisiún lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an rialacháin sin fé n-a bhráid, rún do rith chun an rialachán san do chur ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fé roimhe sin.

An tOireachtas a íocfidh costaisí an fhórsa chónasctha.

15. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar pé méid a cheadóidh an tAire Airgid de gach costas, muirear agus caiteachas fé n-a raghfar i dtaobh an fhórsa chó-nasctha fén Acht so no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir don bhfiachas a bheidh ar aon chomhairle, coiste no cólucht eile fé aon cheann de sna hachtacháin a luaidhtear go speisialta sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus iad leasuithe no oiriúnuithe le haon Acht no fé aon Acht (maraon leis an Acht so) a tháinig ina ndiaidh, sé sin, fiachas mar gheall ar na costaisí sin uile agus fé seach a luaidhtear fé seach sna hachtacháin sin agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh.

(3) Gach costas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus gur dineadh, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh thosach feidhme an Achta so, é do roimh-íoc amach as cistí puiblí agus ná beidh aisíoctha, le linn tosach feidhme an Achta so, ag an gcomhairle, ag an gcoiste no ag an gcólucht ar a bhfuil fiachas an chéanna fé sna hachtacháin atá luaidhte sa bhfo-alt san roimhe seo, agus gach costas den tsórt san roimhráite a roimh-íocfar amach as cistí puiblí tar éis rithte an Achta so, déanfidh an chomhairle, an coiste no an cólucht eile ar a bhfuil fiachas an chéanna fé sna hachtacháin roimhráite iad d'íoc leis an oifigeach puiblí, ar a gcuirfidh an tAire Airgid mar dhualgas de thuras na huaire an cuntas leithreasa i dtaobh an fhórsa chónasctha d'ullamhú, agus déanfar an t-íoc san nuair a chuirfidh an t-oifigeach puiblí sin os cóir na comhairle, an choiste no an chóluchta eile sin cuntaisí cinn ráithe, agus iad deimhnithe agus admhála cuibhe ag gabháil leo, ar na costaisí sin.

Ráta Póilíneachta Bhaile Atha Cliath.

16. —(1) An ráta (dá ngairmtear an ráta póilíneachta san alt so) a gearrtí go dtí so i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath chun an fórsa póilíneachta sa líomatáiste sin do choinneáil suas, déanfar é do ghearra, sa chéad bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh tar éis rithte an Achta so agus sna seacht mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, do réir na rátaí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso agus ar bheith caithte don bhliain deiridh de sna blianta airgeadais áitiúla san eireofar as é ghearra ná é chruinniú.

(2) Sa chéad bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh tar éis rithte an Achta so, gearrfar an ráta póilíneachta do réir ocht bpingne fén bpúnt agus sa chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin gearrfar é do réir seacht bpingne fén bpúnt agus mar sin leis, ag luíodú do réir pingne fén bpúnt in aghaidh gach bliana airgeadais áitiúla as san amach.

(3) I rith na n-ocht mbliana airgeadais áitiúla roimhráite, measfar, gearrfar, cruinneofar, agus íocfar an ráta póilíneachta fé mar atá san á dhéanamh go dtí so agus na hachtacháin uile a bhaineann leis an ráta póilíneachta agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so agus gach ordú agus rialachán a dineadh fútha agus atá i bhfeidhm de thurus na huaire, leanfid de bhaint a bheith acu leis an ráta póilíneachta fé réir pé atharuithe a dhéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ortha, le hordú, chun éifeacht do thabhairt don alt so (atharuithe a hudaruítear leis seo don Aire sin a dhéanamh) agus go mór mór fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar méid an ráta, mar a socruítear leis an alt so é, do chur in ionad an mheastacháin a héilítear, le mír (2) d'alt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ar an Aire Dlí agus Cirt a dhéanamh, agus

(b) an méid a cruinneofar tríd an ráta póilíneachta sna hocht mbliana airgeadais áitiúla san (ach pé suimeanna is ionchurtha in aghaidh an mhéide sin de bhua alt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do bhaint as) cuirfar é chun coinneáil-suas an fhórsa chó-nasctha fé mar a dintí an méid a cruinnítí tríd an ráta san do chur, go dtí so, chun coinneáil-suas Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.

(4) Ar bheith caithte do sna hocht mbliana airgeadais áitiúla roimhráite íocfidh comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus comhairle chontae Bhaile Atha Cliath leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, i ngach leath-bhliain, i pé cionúireachtaí a dheimhneoidh an tAire sin, pé suim go ndeimhneoidh an tAire sin gurbh í suim í a bheadh ionbhainte as an ráta póilíneachta sa leath-bhliain sin mar gheall ar bhlianacht an Ard-Bhailitheora mara mbeadh an t-alt so.

Gach suim is iníoctha in aon leath-bhliain ag comhairlí chontaebhuirge Bhaile Atha Cliath agus chontae Bhaile Atha Cliath fé seach leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, fén alt so, cruinneoidh na comhairlí sin fé seach í díreach ar gach slí mar a dhéanfidís fé seach an ráta póilíneachta do chruinniú sa leath-bhliain sin mara mbeadh an t-alt so.

(5) San alt so cialluíonn an focal ‘blianacht an Ard-Bhaili theora’ an rud a chialluíonn ‘Collector-General's annuity’ in alt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898.