18 1925


Uimhir 18 de 1925.


ACHT UM CHIONTAÍ TRÉASÚNTA, 1925.


ACHT CHUN A FHAISNÉIS GUR CIONTAÍ GNÍOMHARTHA ÁIRITHE DE SHAGHAS TRÉASÚNTA NO DÍOBHALACH DON STÁT AR AON tSLÍ EILE AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN PIONÓISÍ DO BHEITH AG GABHÁIL LEO AGUS I gCÓIR RUDAÍ EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN.

[6adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tréasún isea gníomhartha áirithe feasta.

1. —(1) Gach éinne a dhéanfidh i Saorstát Éireann aon ghníomh acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) coga do dhéanamh i gcoinnibh Shaorstáit Éireann, no

(b) cabhrú le haon stát no duine a bheidh ag déanamh cogaidh i gcoinnibh Shaorstáit Éireann, no

(c) cogar do dhéanamh le héinne (seachas a bhean no a fear) no éinne do ghríosú chun coga do dhéanamh i gcoinnibh Shaorstáit Éireann, no

(d) iarracht do dhéanamh no páirt a thógaint in iarracht no baint a bheith aige le hiarracht chun Rialtas Shaorstáit Éireann, mar atá sé bunuithe leis an mBunreacht no fé, do bhrise le neart claidhimh no le fóiréigean eile, no

(e) cogar do dhéanamh le héinne (seachas a bhean no a fear) no éinne do ghríosú chun aon iarracht den tsórt san do dhéanamh no chun páirt a thógaint inti no chun baint a bheith aige léi,

beidh sé ciontach i dtréasún agus ar a chiontú ann féadfar é chur chun báis.

(2) Gach éinne atá ina shaoránach de Shaorstát Éireann no go bhfuil gnáth-chomhnaí air i Saorstát Éireann agus a dhéanfidh, lasmuich de Shaorstát Éireann, aon ghníomh dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, beidh sé ciontach i dtréasún agus ar a chiontú ann féadfar é chur chun báis.

(3) Gach éinne a mhisneoidh, a chimeádfidh fé n-a choimirce no a shólásóidh éinne a bheidh ag déanamh cogaidh i gcoinnibh Shaorstáit Éireann no ag déanamh iarrachta no ag tógaint páirte in iarracht no i mbaint le hiarracht ar Rialtas Shaorstáit Éireann mar atá sé bunuithe leis an mBunreacht, no fé, do bhrise le neart claidhimh no le fóiréigean eile, beidh sé ciontach i bhfeleontacht (mara gcuire sé ina luí ar an gCúirt ná feidir sé agus ná raibh aon chúis aige chun a chreidiúint go raibh an duine a misníodh, a cimeádadh fé choimirce no a sólásuíodh ag déanamh iarrachta no i mbaint le hiarracht no ag tógaint páirte in iarracht mar adubhradh) agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná fiche bliain no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, no fén bhfíneáil sin agus fén bpian-tseirbhís no fén bpríosúntacht san le chéile.

(4) Féadfar agus déanfar gach duine a cúiseofar i dtréasún fén alt so do dhíotáil, do thabhairt chun cuntais, agus do thriail ar an gcuma gcéanna agus do réir an chúrsa agus an orduithe chéanna trialach ar gach slí ina ndéanfí san dá mba i ndúnmharbha a cúiseofí an duine sin, agus má fachtar an duine sin ciontach i dtréasún ciontófar é agus daorfar é fé is dá mba i ndúnmharbha a gheobhfí ciontach é.

(5) Ní ciontófar éinne i dtréasún ná i bhfeleontacht fén alt so ar fhianaise nea-neartuithe aon fhínné amháin.

Ceilt treasúin.

2. —Gach éinne gurb eol do go bhfuiltar chun aon ghníomh do dhéanamh 'na mbeadh sé ina thréasún, de bhua an Achta so, é dhéanamh, no go bhfuil beartuithe an gníomh san do dhéanamh, no go bhfuil sé á dhéanamh no gur dineadh é, agus ná déanfidh láithreach an céanna agus gach eolas atá aige air do nochta do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, no d'oifigeach den Ghárda Síochána, no do dhuine eile a chó-líonann, go dleathach, dualgaisí a bhaineann le síocháin agus ordú do chimeád, beidh sé ciontach i bhfeleontacht cheilt tréasúin agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

Ciontaí áirithe i gcoinnibh an Stáit.

3. —(1) Gach éinne a dhéanfidh aon ghníomh acu so a leanas sé sin le rá:—

(a) iarracht do dhéanamh no páirt a thógaint in iarracht no baint a bheith aige le hiarracht ar aon tsaghas uamhan no eagla do chur, le neart claidhimh no le fóiréigean eile, ar an Seanascal no ar an Ard-Chomhairle no ar aon bhall den Ard-Chomhairle no ar aon aire eile a ceapadh go cuibhe fén mBunreacht agus dá réir, no ar an Oireachtas no ar aon Tigh den Oireachtas, no ar aon chúirt dleathach no ar aon bhreitheamh d'aon chúirt den tsórt san chun a ngníomhartha no a ghníomhartha do chlaona, no

(b) cabhair, misneach, coimirce no caomhaint do thabhairt d'éinne a bheidh ag déanamh aon iarrachta den tsórt san roimhráite no ag tógaint páirte inti no i mbaint léi, no

(c) cogar do dhéanamh le héinne (seachas a bhean no a fear) no éinne do ghríosú chun aon iarracht den tsórt san do dhéanamh no chun páirt a thógaint inti no chun baint a bheith aige léi, no

(d) aon chúirt breithiúntais no arm-chúirt (nách cúirt no arm-chúirt a bunuíodh go cuibhe agus a coinnítear suas do réir dlí) do chur ar bun no do chomóra no bheith in ainm í chur ar bun no í chomóra no cabhrú no páirt a thógaint in imeachta no bheith i láthair le linn imeachta aon chúirte no arm-chúirte bréige den tsórt san, no

(e) aon bhall d'fhórsa mhileata no phóilíneachta, a coinnítear suas go dleathach ag Rialtas Shaorstáit Éireann, do ghríosú chun cúlmhutaireachta, no chun an fórsa san do thréigean, no chun diúltú d'orduithe dleathacha a thug oifigeach uachtarach do, no chun bheith as láthair o aon cheann dá dhualgaisí, no chun diúltú d'é chó-líona, no chun faillí do thabhairt ann, no chun é d'fhágaint gan có-líona, no chun aon ghníomh eile do dhéanamh tré n-a dtréigfadh sé a dhualgas, no

(f) éinne i stát-sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann (lasmuich d'fhórsa phóilíneachta) do ghríosú chun diúltú dá dhualgas do dhéanamh no chun faillí do thabhairt ann no chun é fhágaint gan déanamh,

beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná fiche bliain no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, no fén bhfíneáil sin agus fén bpian-tseirbhís no fén bpríosúntacht san le chéile.

(2) Ní féadfar éinne do chiontú fén alt so mar gheall ar mhisneach, coimirce ná caomhaint do thabhairt mar a luaidhtear i mír (b) den bhfo-alt san roimhe seo má chuireann sé ina luí ar an gcúirt ná feidir sé agus ná raibh aon chúis aige chun a chreidiúint go raibh an duine dar thug sé misneach, coimirce no caomhaint ag déanamh aon iarrachta den tsórt dá dtagartar sa mhír sin ná ag tógaint páirte inti ná i mbaint léi.

Forghabháil údaráis fheidhmiúcháin.

4. —Gach éinne a chó-líonfidh no a fheidhmeoidh, gan údarás dleathach, aon cheann de dhualgaisí, de chomhachta, no d'fheidhmeanna aon Aire no oifigigh eile don Stát no éinne i seirbhís Shaorstáit Éireann (pe'ca seirbhís mhileata no phóilíneachta no stát-sheirbhís í) no a dhéanfidh forghabháil in aon tslí eile ar aon fheidhm d'fheidhmeanna an údaráis Fheidhmiúcháin i Saorstát Éireann no a thabharfidh fé aon ghníomh den tsórt san do dhéanamh no a éileoidh é dhéanamh, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma ná raghaidh thar dhá bhliain, no fén bhfíneáil sin agus fén bpian-tseirbhís no fén bpríosúntacht san le chéile.

Tionól a leigeann ortha feidhmeanna páirliminte bheith acu.

5. —Gach éinne thógfidh páirt in aon imeachta a bheidh ar siúl ag aon tionól no cólucht (seachas an tOireachtas no Tigh den Oireachtas) a éilíonn, a thugann le tuisgint, a bheartuíonn, no a thugann fé gach ceann no aon cheann de chomhachta agus d'fheidhmeanna an Oireachtais no aon Tighe den Oireachtas do thógaint ortha féin, no a thógann san ortha féin, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile.

Cosc le fórsa bréige mileata no póilíneachta do bhunú.

6. —Gach éinne thógfidh páirt no a chabhróidh i mbunú, i gcoghléasa, no i gcoinneáil-suas aon chomhlachais no cóluchta eile atá in ainm bheith ina bhfórsa mileata no póilíneachta agus ná fuil bunuithe agus á choinneáilsuas do réir dlí mar fhórsa den tsórt san, agus fós gach éinne is ball d'aon chomhlachas no cólucht den tsórt san, beidh sé ciontach i mí-iompar, agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana, no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, no fén bhfíneáil sin agus fén bpian-tseirbhís no fén bpríosúntacht san le chéile.

Cosc le lúthchleachtanna mileata neamhúdaruithe.

7. —(1) Ach amháin mar údaróidh Aire den Ard-Chomhairle fén alt so, agus fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ní bheidh sé dleathach d'aon tionól daoine taithí thabhairt dóibh féin ná iad féin do thréineáil ná do dhrilleáil ná tréineáil ná drill d'fháil in airm d'úsáid ná i lúth-chleachtanna, gluaiseachtaí, ná aicillíocht mhileata do dhéanamh, ná ní bheidh sé dleathach d'aon daoine teacht le chéile ná cruinniú chun taithí ná chun tréineála ná chun drilleála ná chun iad do thréineáil ná do dhrilleáil mar sin.

(2) Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle, más maith leis é, le hordú a bheidh fé réir pé teoranta, cáilíochtaí agus coiníollacha is oiriúnach leis a fhorchur agus adéarfa sé san ordú, a údarú d'aon chó-ghléasa, comhlachas no cólucht eile de dhaoine, corpruithe no nea-chorpruithe, teacht le chéile agus pé ní no nithe dhíobh so a leanas, a luadhfar san ordú san do dhéanamh, sé sin le rá, taithí thabhairt dóibh féin no iad féin do thréineáil no do dhrilleáil no tréineáil no drill d'fháil in airm d'úsáid no i lúth-chleachtanna, gluaiseachtaí, no aicillíocht mhileata do dhéanamh.

(3) Má bhíonn éinne láithreach no páirteach i dtionól daoine no má thugann sé teagasc no tréineáil no drilleáil do thionól daoine a dhineann, gan údarás no ar aon tslí eile seachas do réir údaráis a dheon Aire den Ard-Chomhairle fén alt so, taithí thabhairt dóibh féin no iad féin do thréineáil no do dhrilleáil no tréineáil no drill d'fháil in airm d'úsáid no in aon lúthchleachta, gluaiseacht, no aicillíocht mhileata do dhéanamh, no a dhin, gan an t-údarás san no ar aon tslí eile seachas do réir an údaráis sin, teacht no cruinniú le chéile chun taithí no chun tréineáil no chun drilleáil amhlaidh no chun tréineáil no drill d'fháil amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná seacht mbliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, no fén bhfíneáil sin agus fén bpian-tseirbhís no fén bpríosúntacht san le chéile.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tionól de bhaill d'aon fhórsa mhileata no phóilíneachta a coinnítear suas go dleathach ag Rialtas Shaorstáit Éireann.

(5) In aon chúiseamh fén alt so is ar an duine a cúiseofar a bheidh a chruthú gur húdaruíodh aon ghníomh fén alt so.

Cumainn shicréideacha san arm no i bhfórsa póilíneachta.

8. —(1) Gach éinne—

(a) a bhunóidh, a chó-ghléasfidh, a chuirfidh ar aghaidh, no a choinneoidh suas aon chumann sicréideach imeasc ball no có-dhéanta de bhaill no ina mbeidh baill d'aon fhórsa mileata no póilíneachta a coinnítear suas go dleathach ag Rialtas Shaorstáit Éireann, no

(b) a thabharfidh fé aon chumann sicréideach den tsórt san do bhunú, do chó-ghléasa, do chur ar aghaidh, no do choinneáil suas, no

(c) a thógfidh páirt, a chabhróidh, no go mbeidh baint aige in aon tslí maidir le haon chumann den tsórt san do bhunú, do chó-ghléasa, do chur ar aghaidh, do bhainistí, no do choinneáil suas, no

(d) a mheallfidh aon bhall d'fhórsa mhileata no phóilíneachta, a coinnítear suas go dleathach ag Rialtas Shaorstáit Éireann, chun ceangal le haon chumann sicréideach in aon chor, no a iarrfidh air san do dhéanamh no a chabhróidh leis chun a dhéanta,

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(2) San alt so cialluíonn an focal “cumann sicréideach” comhlachas, cumann, no cólucht eile gur gá dá bhaill do réir a rialachán, no go ndineann a bhaill, mionn do thabhairt no deimhniú no dearbhú do dhéanamh gan imeachta no cuid éigin d'imeachta an chomhlachais, an chumainn no an chóluchta do nochta.

Daoine do chur fé mhionnaí nea-dhleathacha.

9. —(1) Gach éinne a chuirfidh no a chuirfidh fé ndeár go gcuirfar duine fé mhionn, fé dhearbhú, no fé gheallúint, in aon fhuirm no slí, no a bheidh páirteach no láithreach no a thoileoidh maidir leis sin no le mionn, dearbhú no geallúint do dhéanamh no do thabhairt in aon fhuirm no slí, sé sin aon mhionn, dearbhú no geallúint le n-a dtuigtar no le n-a mbeartuítear an té thógfadh é do cheangal chun gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon choir no aon bhrise síochána dhéanamh no san do bheartú, do thabhairt chun críche, no do chur ar aghaidh no cabhrú leis no é cheilt, no

(b) ceangal do dhéanamh no gabháil mar bhall no dul i mbaint le haon chó-ghléasa, comhlachas, no cólucht eile dar cuspóir no gur cuspóir dá chuspóirí aon choir no brise síochána dhéanamh, no

(c) staona o eolas do nochta no do thabhairt ar aon chóghléasa, comhlachas, no cólucht eile den tsórt san roimhráite do bheith ann no á bhunú, no ar a leithéid do bheith beartuithe no ar aigne a bhunú, no o fhaisnéis no o fhianaise do thabhairt i gcoinnibh aon bhaill d'aon chó-ghléasa, comhlachas no cólucht eile den tsórt san no i gcoinnibh éinne go bhfuil baint aige le n-a leithéid do bhunú, no

(d) staona o eolas do nochta no do thabhairt ar aon choir no brise síochána a dineadh no atá beartuithe no ar aigne a dhéanamh, no o fhaisnéis no o fhianaise do thabhairt i gcoinnibh an té a dhin a leithéid de ghníomh,

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(2) Gach éinne a thabharfidh aon mhionn den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain mara dtaisbeána sé—

(a) gur cuireadh fhiachaint air, le héigean no le hainneoin, an mionn san do thabhairt, agus

(b) gur dhearbhuigh sé, laistigh de cheithre lá tar éis an mionn san do thabhairt marar coisceadh é le héigean no le breoiteacht no, má coisceadh é amhlaidh, ansan laistigh de cheithre lá tar éis stop don chosc a dhin an t-éigean no an bhreoiteacht san, gur dhearbhuigh sé do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no d'oifigeach den Ghárda Síochána an mionn san do bheith tugtha aige agus na nithe uile a bhain leis sin agus ainmneacha agus tuairiscí na ndaoine go léir go raibh baint acu le hé chur fén mionn san sa mhéid gurbh eol do na nithe, na hainmneacha agus na tuairiscí sin.

Barántas cuardaigh maidir le scríbhinní tréasúnta.

10. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, o fhaisnéis fé mhionn o oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná árd-cheannphort, go bhfuil cúis réasúnta chun a cheapa go bhfuil scríbhinní tréasúnta in aon fhoirgint, talamh, áitreabh, no áit eile áirithe, féadfidh an Breitheamh san barántas cuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san

(2) Déarfar i mbarántas cuardaigh a thabharfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so go n-údaruítear agus oibreoidh an barántas cuardaigh sin chun a údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort agus pé baill eile den Ghárda Síochána is oiriúnach leis an oifigeach san ina theanta, dul isteach sa bhfoirgint, sa talamh, san áitreabh, no san áit áirithe eile adubhradh (agus luadhfar an áit sin, leis, sa bharántas), aon uair laistigh d'ocht n-uaire is dachad a’ chluig tar éis tabhairt-amach an bharántais chuardaigh, agus le héigean más gá é, agus cuardach do scríbhinní tréasúnta ann agus gach scríbhinn a gheobhfar de thora an chuardaigh sin agus a dheabhróidh don oifigeach san bheith tréasúnta do bhreith leis.

(3) Féadfidh an t-oifigeach a bheidh i mbun cuardaigh áite fé bharántas cuardaigh den tsórt roimhráite ainm agus seola éinne a gheobhfar san áit sin le linn an chuardaigh sin d'éileamh agus (gan dochar d'aon chomhacht eile gabhála a bheidh aige do réir dlí no de bhua aon bharántais dhleathaigh) féadfa sé gabháil do dhéanamh gan barántas ar éinne den tsórt san a dhiúltóidh dá ainm no dá sheola do thabhairt don oifigeach san no a thabharfidh ainm no seola is eol don oifigeach san a bheith no is dó leis atá bréagach no ina hainm no ina sheola a chuirfadh duine amú.

(4) San alt so foluíonn an focal “scríbhinn tréasúnta” aon scríbhinn a bhaineann, díreach no nea-dhíreach, le déanamh aon ghnímh a faisnéistear leis an Acht so a bheith tréasúnta no ina fheleontacht no ina mhí-iompar.

Gearr-theideal.

11. —Féadfar an tAcht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 , do ghairm den Acht so.