19 1925


Uimhir 19 de 1925.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDALÁ (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924 , LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FÉN ACHT SAN. [27adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924) .

Leathnú ama d'urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht.

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fén alt san 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1926.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fén alt san 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1926.

Ráiteas agus mioninnste do leaga fé bhráid an Oireachtais.

3. —An oblagáid a cuirtar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála, le halt 6 den Phríomh-Acht, an ráiteas agus na mioninnste a luaidhtear san alt san do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, bainfe sí le gach ráithe, agus có-líonfar í maidir le gach ráithe, d'aon tréimhse ina bhféadfar urraíochtaí do thabhairt no iasachtaí do dheona fén bPríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 agus 1925, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.