|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 36 de 1925. | ||
| [EN] |
ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1925. | |
ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN CISTE LIAIGH-DHEIMHNIÚCHÁIN DO CHIMÉAD AR BUN AGUS, CHUIGE SIN, CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAR SUIMEANNA ÁIRITHE ISTEACH SA CHISTE SIN AGUS AMACH AS, FÉ SEACH. [15adh Iúl, 1925.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
| [EN] | cialluíonn an focal “Acht 1924” an t Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1924 (Uimh. 30 de 1924) ; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin” an Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin a bunuíodh do réir Acht 1924. | |
| [EN] |
Airgead do sholáthar don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin. |
2. —(1) Cuirfar— |
| [EN] | (a) i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, suim chúig pingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann cheaduithe sin, agus | |
| [EN] | (b) i gcoinnibh Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) suim chúig pingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chiste sin, agus | |
| [EN] | (c) i gcoinnibh Ciste na Síntiúsairí Taisce suim chúig pingne in aghaidh gach baill den chiste sin, agus | |
| [EN] | (d) i gcoinnibh Ciste na nDaoine Saora, suim dhá phingin go leith in aghaidh gach baill den chiste sin. | |
| [EN] | (2) Na suimeanna iomdha a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo a chur i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, Ciste na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), Ciste na Síntiúsairí Taisce agus Ciste na nDaoine Saora fé seach, cuirfear iad chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin. | |
| [EN] | (3) Chun an tsuim iomlán a bheidh le cur i gcoinnibh aon chiste fén alt so d'áireamh, déanfar lán-uimhir na mball (nách saigh diúirí ar seirbhís) de chumann no de chiste d'áireamh i pé slí a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann. | |
| [EN] |
Aistreofar suimeanna áirithe o Chuntas Díolacháin na Stampaí go dtí an Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin. |
3. —(1) Pé cuid a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann de sna suimeanna a haistreofaí chun Prímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta do réir alt 29 den National Health Insurance Act, 1918 (le n-a socruítear conus a deighleálfar le suimeanna a bheidh i gCúntas Díolacháin na Stampaí agus ná héileofar), cuirfar í chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin, fé réir na teorann a horduítear ina dhiaidh seo anso, in ionad í aistriú amhlaidh. |
| [EN] | (2) An méid iomlán a cuirfar chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin fén alt so, ní ragha sé thar pé méid is leor, i dteanta na suimeanna a cuirfar chun creidiúna don Chiste sin fé sna forálacha roimhe seo den Acht so, chun na suimeanna san d'íoc a horduítear leis an Acht so a íoc amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin. | |
| [EN] |
Suimeanna a híocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin. |
4. —Íocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin— |
| [EN] | (a) pé suimeanna i gcóir na bliana 1925 a shocróidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann, le cead ón Aire Airgid, a bheith iníoctha le dochtúirí leighis i gcóir liaigh-dheimhniúcháin, agus | |
| [EN] | (b) le gach cumann ceaduithe suim a háireofar do réir ráta nách mó ná pingin agus leathphinge per annum in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann, pé suim is gá chun aon tsuimeanna d'íoc a cheadóidh an tAire Airgid a íoc tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, leis an gcumann ceaduithe sin mar gheall ar chostas ath-bharúla leighighe d'fháil roimh an gcéad lá d'Fheabhra, 1925, agus | |
| [EN] | (c) pé suim is gá chun íoc do dhéanamh i gcostas ath-bharúla leighighe d'fháil an 1adh lá d'Fheabhra, 1925, no dá éis sin, tré dhochtúirí réitigh fé scéim a bhunóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann chuige sin le cead ón Aire Airgid. | |
| [EN] |
Tosach feidhme, gearr-theideal agus léiriú. |
5. —(1) Tuigfar an tAcht so do theacht i ngníomh an chéad lá d'Eanair, 1925, agus beidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach. |
| [EN] | (2) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1925 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1924. | |
| [EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1924, agus an tAcht so do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1925. |