Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Ratai Maximum an Chongnaimh Airgid.)

37 1925


Uimhir 37 de 1925.


ACHT SIÚICRE BHIATAIS (CONGNAMH AIRGID), 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN CONGNAMH AIRGID D'ÍOC LE DAOINE A BHEIDH AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE AG DÉANAMH SIÚICRE I SAORSTÁT ÉIREANN AS BIATAS SIÚICRE A SAOTHRUÍODH I SAORSTÁT ÉIREANN. [15adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Congnamh airgid mar gheall ar shiúicre áirithe a déanfar sa tSaorstát.

1. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na rialachán a déanfar fé, féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, congnamh airgid d'íoc, do réir na rátaí seo a leanas, ar scór siúicre a déanfar i Saorstát Éireann i rith na tréimhse deich mblian dar tosach an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1926, as biatas siúicre a saothruíodh i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

(a) ar scór siúicre den tsórt san a déanfar sa chéad mhonarchain a bunófar i Saorstát Éireann agus a ceadúnófar chun siúcre do dhéanamh ann as biatas siúicre a saothruíodh i Saorstát Éireann, congnamh airgid do réir na rátaí a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus

(b) ar scór siúicre den tsórt san a déanfar in aon mhonarchain eile den tsórt san, congnamh airgid do réir pé rátaí a hordófar o am go ham le rialacháin a déanfar fén Acht so ach gan iad do bheith, in aon chás, níos mó ná na rátaí fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ní bheidh aon chongnamh airgid iníoctha fén Acht so ar scór aon tsiúicre a déanfar as biatas siúicre a saothruíodh aon bhliain de sna blianta 1926, 1927, agus 1928 mar a dtaisbeántar chun sástacht an Aire, maidir leis an bpraghas d'íoc no a íocfidh déantóir an tsiúicre sin ar an mbiatas as ar dineadh an siúicre sin, nách lú é ná an praghas a luaidhtear chuige sin sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Gach congnamh airgid a híocfar fén Acht so mar gheall ar aon tsiúicre, is leis an té a dhin an siúicre a híocfar é, no le hionadaí pearsanta no (i gcás cuideachtan) le socrathóir an duine sin, agus i gcás ar bith íocfar é amhlaidh pé tráthanna agus áireofar é i pé slí agus in aghaidh pé caindíochtaí siúicre a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so.

(4) Is ar an Aire a déanfar gach éileamh ar íoc congnamh airgid fén Acht so agus isé an tAire a thabharfidh breith air agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar aon éileamh den tsórt san, ach féadfidh an tAire í do cheiliúra no do leasú aon uair mar gheall ar chalaois, ar mhí-aithris chúise, no ar earráid.

Leasú ar an Finance (No. 2) Act, 1915.

2. —Déanfar Cuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (No. 2) Act, 1915, mar a leasuítear é le fo-alt (2) d'alt 6 den Finance Act, 1922, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo a leanas ann in ionad na míre 3 atá anois ann, sé sin le rá:—

“3. The Revenue Commissioners may, with the consent of the Minister for Finance, make regulations prohibiting the manufacture of sugar from home grown beet except by persons holding a licence and having made entry for the purpose, fixing the duration and date of expiration of such licences, and regulating, with a view to verifying claims for subsidies under this Act, the manufacture of sugar and the warehousing and removal from the factory of sugar.”

Oblagáidí cuideachtana a gheibheann congnamh airgid.

3. —(1) Gach éinne le n-a n-íocfar congnamh airgid fén Acht so ar scór siúicre a dineadh aon bhliain chuntasaíochta, tabharfa sé don Aire laistigh de dheich lá is ceithre fichid tar éis deire na bliana cuntasaíochta san cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus é iniúchta go cuibhe ag iniúchóir cáilithe agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus é iniúchta sa tslí chéanna.

(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair a tabharfar don Aire mar adubhradh déanfar amach iad ar pé slí a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so agus, i gcás cuideachtan fé riail na nAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní eile a héilítear leis na rialacháin sin) achmaireacht ar chaipital, ar shócmhainní, agus ar fhiachaisí na cuideachtan, agus, i gcás éinne eile, achmaireacht ar an gcaipital, ar na sócmhainní, agus ar na fiachaisí a húsáidtear i ngnó an tsiúicre do dhéanamh agus, ina theanta san, i ngach cás, pé mion-innste a thaisbeánfidh cineál na sócmhainní agus na bhfiachaisí sin agus an tslí in ar dineadh amach luach na mbun-tsócmhainní.

(3) Ar a n-iarraidh air tabharfidh gach éinne den tsórt san roimhráite don Aire pé mínithe is dó leis an Aire is ceart d'éileamh maidir le haon chuntas chothromaíochta no cuntas sochair agus dochair a thug an duine sin uaidh do réir an ailt seo.

(4) Déanfidh an tAire cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair a tabharfar do do réir an ailt seo do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas laistigh de mhí tar éis an cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair sin do bheith tugtha dho amhlaidh.

(5) Má dhineann éinne faillí i gcó-líona aon cheann d'fhorálacha an ailt seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach lae a leanfidh an fhaillí.

(6) San alt so cialluíonn an focal “iniúchóir cáilithe” iniúchóir go bhfuil aige pé cáilíochtaí a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so agus cialluíonn agus foluíonn an focal “bliain chuntasaíochta” aon tréimhse go ndéanfar amach cuntaisí bliantúla na cuideachtan ina haghaidh.

Ioc páigh chothruim.

4. —An págh a íocfidh duine a bheidh ag éileamh congnaimh airgid fén Acht so leis na daoine a bheidh ar fostú aige ag déanamh an tsiúicre, no in éinní a bhaineann le déanamh an tsiúicre, go mbeidh an congnamh airgid á éileamh ar a scór, ní bheidh sé níos lú ná mar a bheadh iníoctha dá mbeadh an siúicre sin á dhéanamh fé chonnra idir an Aire agus an duine sin ina mbeadh clás i dtaobh páigh chothruim, clás do bheadh do réir mar a héileofí le haon rún do rithfadh Dáil Éireann agus a bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh connracha do dhéanfadh Airí agus Ranna Rialtais.

Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh.

5. —Féadfidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a horduíodh no a hordófar le rialacháin a dineadh fén Acht so;

(b) na riachtanaisí, na có-aontuithe, agus an fhianaise d'ordú a có-líonfar, a déanfar, no a tabharfar ag daoine atá ag éileamh congnaimh airgid fén Acht so, no atá chun a dhéanta, agus san chun a gceart chun an chongnaimh airgid sin agus méid an chongnaimh sin do chruthú.

Iocaíochtaí iomarcacha d'fháil thar n-ais.

6. —(1) Má fachtar aon uair go bhfuair éinne mar chongnamh airgid fén Acht so aon íocaíocht ná raibh teideal dleathach aige chúichi no chun coda dhi, féadfar méid na híocaíochta san no na coda san den íocaíocht, pé méid é agus gan dochar d'aon fhreagarthacht choiriúil mar gheall air, do bhaint amach le himeachta síbhialta ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda, no sa Chúirt Dúithche.

(2) In aon imeachta fén alt so beidh deimhniú i scríbhinn, fé láimh an Aire, á rá go bhfuair duine íocaíocht de mhéid áirithe mar chongnamh airgid fén Acht so agus ná raibh teideal dleathach ag an duine sin chun na híocaíochta san no chun coda áirithe dhi, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe sin mar adubhradh iad sa deimhniú san.

Ciontaí agus pionóisí.

7. —(1) Gach éinne a dhéanfidh sárú no aon bhrise (le gníomh no le faillí) ar aon rialachán a dhin an tAire fén Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Má dhineann éinne, chun congnamh airgid d'fháil fén Acht so dho féin no d'éinne eile, aon ráiteas na aithris chúise i scríbhinn a bheidh bréagach no do chuirfadh duine amú in aon phonc táchtach, beidh an duine sin agus, i gcás cuideachtan no cóluchta ionchorpruithe eile, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, agus rúnaí dhóibh ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin mar a gcruthuighe sé ná feidir sé agus ná féadfadh sé, le dícheall réasúnta, a fháil amach go raibh an ráiteas bréagach no go gcuirfadh sé duine amú mar adubhradh no, i gcás stiúrthóra, bainisteora, no rúnaí do chólucht ionchorpruithe a dhin an ráiteas no an aithris chúise sin, gur i gan fhios do no gan a thoil a dineadh an ráiteas no an aithris chúise.

(3) Gach éinne a chiontóidh cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(4) Má dhineann na Coimisinéirí Ioncuim, no má dintar ar a n-agra, duine do chúiseamh i gcionta fén alt so, aon fhíneáil a cuirfar fén alt so ar an duine do cúisíodh beidh sí ina pionós máil agus beidh sí ionfhálta dá réir sin.

An tAire.

8. —San Acht so cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht Siúicre Bhiatais (Congnamh Airgid), 1925 , do ghairm den Acht so.