38 1925


Uimhir 38 de 1925.


ACHT UM ATHDHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH (FORÁLACHA OCÁIDEACHA) (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN ACHT UM ATHDHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH (FORALÁCHA OCÁIDEACHA), 1924.            [16adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht um Athdhéanamh i mBaile Atha Cliath (Forálacha Ocáideacha), 1924 (Uimh. 24 de 1924) .

Féadfar comhachta fé alt 7 den Phríomh-Acht d'fheidhmiú níos luatha.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht féadfar na comhachta a tugtar don Aire leis an bhfo-alt san, mar a leasuítear é leis an Acht so, d'fheidhmiú aon uair tar éis trí mí ó am rithte an Achta so.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le léiriú ná le hoibriú fo-alt (4) den alt san 7 den Phríomh-Acht ná ní dhéanfa sé difir do.

Díolacháin fé alt 7 den Phríomh-Acht.

3. —Gach díolachán agus leithliú ionaid a dhéanfidh an Bárdas fé fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht folóidh sé ceann éigin de sna nithe seo (fé mar a bheidh)—

(a) sochar oiread d'aon aithne ar chúiteamh, fé sna hAchtanna a bhaineann le cúiteamh i ndíobháil choiriúil, agus thugann cúiteamh le n-a ngabhann coiníoll lán-ath-shuidhimh do réir brí an Achta um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 ), i dtaobh an ionaid sin, no

(b) sochar oiread d'aon tuairisc o bhreitheamh fé alt 15 den Acht san um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, agus bhaineann le suim le n-a gceangluíonn an tAire Airgid coiníoll lán-ath-shuidhimh do réir brí an Achta san i dtaobh an ionaid ar íoc na suime sin.

Ceart sealadach chun rátaí do bhaint as cíos.

4. —(1) Má tá éinne, aon uair i rith na tréimhse ón 1adh lá d'Abrán, 1924, go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, ina thionónta ar an iomlán no ar aon chuid d'fhoirgint no de thigh, le n-a mbaineann alt 9 den Phríomh-Acht, fé léas no connra tionóntachta a dineadh roimh dhíthiú na foirginte no an tighe sin agus fé n-ar chonnruigh an tiarna talmhan aon ráta áitiúil d'íoc ar an bhfoirgint no ar an tigh sin no ar an talamh ar a raibh an céanna ina sheasamh, no ar an gcuid den bhfoirgint, den tigh, no den talamh san gur dineadh an léas no an connra san ina taobh, beidh agus tuigfear go raibh riamh ag an duine sin, pe'ca bhí no ná raibh an léas no an connra san contrárdha d'fhorálacha fo-alt (2) d'alt den Local Government (Ireland) Act, 1898, teideal chun suim do bhaint as aon chíos is iníoctha fén léas no fén gconnra san ar scór aon aimsire tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1924, suim chó mór le méid aon ráta áitiúla den tsórt san a measfí ar an bhfoirgint, ar an tigh, no ar an talamh san, no ar an gcuid sin de, ar scór aon chuid den treimhse sin, agus a bheadh iníoctha ag an tiarna talmhan fén léas no fén gconnra san, mara mbeadh díthiú na foirginte no an tighe sin agus forálacha an ailt sin 9.

(2) Má íoc éinne le n-a thiarna talmhan, roimh rith an Achta so, aon chíos go mbeadh teideal aige fén alt so chun suim do bhaint as dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm agus nár bhain sé an tsuim sin as, agus más rud é, ar chúis ar bith, nách féidir do an tsuim sin do bhaint as cíos is iníoctha leis an tiarna talmhan céanna tar éis rithte an Achta so, féadfidh an duine sin an tsuim sin d'fháil ón tiarna talmhan san mar fhiacha simplí connartha.

An brí atá le “Lands Clauses Acts” sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

5. —Léireofar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá mínítí an focal “Lands Clauses Acts” i mír 10 de mar fhocal a fholuíonn an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, chó maith leis na hAchtanna a luaidhtear sa mhír sin.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Athdhéanamh i mBaile Atha Cliath (Forálacha Ocáideacha) (Leasú), 1925 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht.

(2) Féadfar na hAchtanna um Athdhéanamh i mBaile Atha Cliath (Forálacha Ocáideacha), 1924 agus 1925 do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.