8 1926


Uimhir 8 de 1926.


ACHT CHUN TALAMH DO THÓGAINT (PLÁSÁIN), 1926.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA I mBAILE-LÍOMATÁISTÍ TALAMH DO SHOLÁTHAR I gCÓIR PLÁSÁN. [6adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “plásán” smut talmhan ná fuil thar ceathrú d'acra reachtúil ann agus atá curtha no atáthar ar aigne a chur ar cíos chun go saothródh duine é chun glasraí do bheith aige as agus a bhfurmhór do bheith len ' ithe aige féin agus agá chúram;

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile no bhailecheanntair no coimisinéirí baile le n-a mbaineann an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, no aon chuid den Acht san;

nuair a húsáidtear i dtaobh údaráis áitiúla é cialluíonn an focal “líomatáiste” an bhuirg, an ceanntar, no an baile dar comhairle no coimisinéirí an t-údarás áitiúil;

cialluíonn an focal “soláthar” talamh do thógaint agus gach obair do dhéanamh air is gá chun an talamh do dhéanamh oiriúnach le húsáid mar phlásáin;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Feadfidh údaráis áitiúla talamh do sholáthar i gcóir plásán.

2. —(1) Nuair is dó le húdarás áitiúil, de bhárr aithrise cúise a dineadh chúcha no ar a gcomhairle féin, go bhfuil glaoch ar phlásáin ina líomatáiste féin agus nuair is dó leo fós, na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghdís ag soláthar an tailimh agus á chonnneáil i dtreo i gcóir na bplásán san agus ar shlite eile a bhaineann leis sin, nách miste dhóibh do réir réasúin súil do bheith acu go ndéanfí suas dóibh iad leis na cíosanna agus leis an airgead eile a gheobhaidís ar na plásáin, féadfidh an t-údarás áitiúil sin a bheartú le rún go soláthróid talamh i gcóir na bplásán san fén Acht so, agus leis sin féadfid an rún san do chur i ngníomh fén Acht so agus dá réir.

(2) Fé mar a ordóidh an tAire isea a háireofar chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghaidh agus na cíosanna agus an t-airgead eile a gheobhaidh údarás áitiúil maidir le plásáin, ach ní bheidh ortha, in aon chás, aon chostaisí fé n-ar chuathas in aon iarracht a dineadh roimhe sin chun talamh do sholáthar i gcóir plásán fén Acht so agus ar ar theip, ná aon chostaisí fé n-a raghfar ag déanamh bóithre chun úsáide na puiblíochta.

(3) Má dhineann coimisinéirí baile, atá ina n-údarás áitiúil do réir bhrí an Achta so, a bheartú le rún go soláthróid talamh i gcóir plásán fén Acht so, beidh na coimisinéirí sin (maran cólucht corparáideach cheana iad) ina gcólucht corparáideach, agus síorchomharbas acu, chun an talamh san do thógaint agus do chimeád agus chun dul chun dlí agus chun go raghfí chun dlí leo mar gheall air sin.

Talamh do thógaint tré chó-aontú.

3. —(1) Nuair a bheartóidh údarás áitiúil le rún do réir an Achta so plásáin do sholáthar fén Acht so, féadfidh an t-údarás áitiúil sin tosnú láithreach ar thalamh (le n-a n-áirítear talamh is gá chun slí do thabhairt chun dul isteach air) do thógaint tré chó-aontú laistigh dá líomatáiste féin, talamh atá oiriúnach chun é d'úsáid mar phlásáin agus, maran féidir dóibh aon talamh no a ndóthin tailimh den tsórt san do thógaint amhlaidh, féadfid talamh den tsórt san do thógaint tré chó-aontú lasmuich dá líomatáiste féin.

(2) Ní thógfidh údarás áitiúil talamh fén alt so chun aon estáit ná leasa is mó ná téarma cúig mblian.

(3) Nuair a bheidh údarás áitiúil i gcothrom chun roinnt réasúnta tailimh (le n-a n-áirítear talamh is gá chun slí do thabhairt chun dul isteach air), atá oiriúnach i gcóir plásán, do thógaint tré chó-aontú fén alt so, ullamhóidh an t-údarás áitiúil sin agus leagfid fé bhráid an Aire scéim maraon le gach sceideal, mapa, agus leabhar eolais riachtanach, le n-a dtaisbeánfar cadé an talamh atáthar ar aigne a thógaint, cé hiad na daoine o n-a bhfuiltar agus cadiad na téarmaí ar a bhfuiltar ar aigne an talamh do thógaint, cadiad na hoibreacha atáthar ar aigne a dhéanamh ar an talamh chun é dhéanamh oiriúnach chun é chur ar cíos ina phlásáin, an méid ar fad a meastar a chosnóidh sé talamh do sholáthar i gcóir plásán do réir na scéime agus mioninnste ar an gcostas san, agus cuntas ar na cíosanna atáthar ar aigne a éileamh ar phlásáin ar an talamh.

(4) Féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, scéim a leagfidh údarás áitiúil fé n-a bhráid fén alt so do dhaingniú gan í d'atharú no tar éis pé atharuithe agus maoluithe is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi agus má daingnítear agus nuair a daing neofar an scéim sin amhlaidh beidh sí ina ceangal ar an údarás áitiúil agus beidh ortha í do chur i ngníomh dá réir sin.

Talamh do thógaint go héigeanta.

4. —(1) Nuair a theipfidh ar údarás áitiúil, tar éis gach iarracht réasúnta do dhéanamh, aon talamh no a ndóthin tailimh (le n-a n-áirítear talamh is gá chun slí do thabhairt chun dul isteach air), de shaghas atá oiriúnach i gcóir plásán, do thógaint tré chó-aontú fén Acht so, féadfidh an t-údarás áitiúil sin a bheartú le rún go dtógfid talamh den tsórt san go héigeanta agus leis sin féadfid, fé réir forálacha an ailt seo, talamh do thógaint laistigh no lasmuich dá líomatáiste féin chun crícheanna an Achta so fé is dá mba chrícheanna de chrícheanna an Public Health (Ireland) Act, 1878, na crícheanna san, agus sa mhéid go mbainid leis an scéal agus forálacha soiléire an Achta so mar atáid, bainfidh ailt 202 agus 203 den Acht san, mar a leasuítear iad le hAchtanna ina dhiaidh sin agus a hatharuítear iad leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus le hAirtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), bainfid dá réir sin le húdarás áitiúil do thógaint tailimh go héigeanta chun crícheanna an Achta so.

(2) Aon talamh a thógfidh údarás áitiúil go héigeanta chun crícheanna an Achta so ní tógfar é amhlaidh ach ar feadh téarma blian nách sia ná cúig bliana agus ar pé cíos agus fé réir pé téarmaí agus coiníollacha agus fé réir pé cúiteamh d'íoc a shocróidh Coimisiún Talmhan na hÉireann mara gcó-aontuítear ina dtaobh.

(3) Chun an cíos, na téarmaí, na coiníollacha, agus an cúiteamh a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do shocrú beidh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann agus feidhmeoid gach dualgas agus comhacht a bronntar ortha le hailt 2 go 11 den Labourers (Ireland) Act, 1885, agus dá réir sin bainfidh na hailt sin leis an scéal fé is dá mba chrícheanna de chrícheanna an Achta san crícheanna an Achta so ach pé atharuithe is gá do bheith déanta ar na hailt sin agus go háirithe an t-atharú so, eadhon, go socrófar an cíos, na téarmaí, na coiníollacha, agus an cúiteamh san fé mar a dintar, nuair ná có-aontuítear ina taobh, an bhlianacht cheannaigh rialta do chíosanna nách cíosanna cúirte do shocrú fé Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) .

(4) Gach achuinge a thíolacfidh údarás áitiúil don Aire chun talamh do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so beidh inti no beidh ag gabháil léi ráiteas le n-a dtaisbeánfar—

(a) an méid ar fad a meastar a chosnóidh sé an talamh do thógaint agus mion-innste ar an gcostas san, agus

(b) na hoibreacha atáthar ar aigne a dhéanamh ar an talamh chun é dhéanamh oiriúnach chun é chur ar cíos ina phlásáin agus an méid a meastar a chosnóidh na hoibreacha san agus mion-innste ar an gcostas san, agus

(c) na cíosanna atáthar ar aigne a éileamh ar phlásáin ar an talamh.

Sriantachtaí áirithe le talamh do thógaint go héigeanta.

5. —(1) Ní thógfidh údarás áitiúil go héigeanta chun crícheanna an Achta so aon talamh—

(a) is fearann oighreachta, gáirdín, no faiche shúgraidh, no is cuid dá leithéid, no gurb é an fheirm bhaile é no gur cuid é den bhfeirm bhaile a ghabhann agus gur gnáth é á shealbhú maraon le tigh mór, no is gá ar aon tslí eile chun taithneamhachta no chun áisiúlachta do thigh comhnaithe, no

(b) atá ar coinneáil no ar seilbh ag údarás áitiúil no ag cólucht ionchorparuithe eile chun crícheanna aon bhóthair iarainn, trambhealaigh, duga, canála, uisce, no gnótha puiblí eile, no

(c) is láithreán do shéadchomhartha ársa no do rud eile ina mbeadh suim ag lucht ársaíochta.

(2) Nuair a bheidh sé fé bhreithniú ag údarás áitiúil talamh do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so, seachnóid, sa mhéid gur féidir é, sara mbainidís an iomad tailimh d'aon únaer no tionónta áirithe no oiread agus dhéanfadh ceataí dho agus chuige sin cuimhneoid ar mhéid an tailimh atá ar coinneáil no ar seilbh ag an únaer no ag an sealbhaire sin sa chomharsanacht agus, nuair a bheidh sé fé bhreithniú acu gan ach cuid den talamh atá ar coinneáil no ar seilbh amhlaidh do thógaint cuimhneoid ar chaothúlacht, ar mhéid, agus ar nádúr a mbeidh fágtha den talamh san agus ar mhéid agus ar shaghas na bhfoirgintí talmhaíochta agus na bhfoirgintí eile atá air.

(3) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag feidhmiú na gcomhacht atá acu chun talamh do thógaint fén Acht so seachnóid, sa mhéid gur féidir é, sara gcuiridís as obair, tré fheidhmiú na gcomhacht san, aon ábhar maith d'oibritheoirí talmhaíochta no de dhaoine eile atá ar fostú ar an talamh no mar gheall air.

Leagfar sceidil d'oibreacha agus de chíosanna fé bhráid an Aire.

6. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an cíos, na téarmaí, na coiníollacha, agus an cúiteamh socair ag Coimisiún Talmhan na hÉireann maidir le haon talamh atá údarás áitiúil ar aigne a thógaint go héigeanta fén Acht so, leagfidh an t-údarás áitiúil fé bhráid an Aire sceideal de sna hoibreacha atáthar ar aigne a dhéanamh ar an talamh chun é dhéanamh oiriúnach chun é chur ar cíos ina phlásáin agus fós sceideal de sna cíosanna atáid ar aigne a éileamh ar phlásáin ar an talamh san, agus leis sin féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, na sceidil sin no ceachtar acu do cheadú gan atharú ná maolú ortha no tar éis pé atharuithe agus maoluithe is oiriúnach leis do dhéanamh ortha.

(2) Gach sceideal d'oibreacha a cheadóidh an tAire fén alt so, beidh sé ina cheangal ar an údarás áitiúil do leag fé n-a bhráid é agus déanfidh an t-údarás áitiúil sin ar an talamh le n-a mbaineann an sceideal san na hoibreacha uile a luaidhtear sa sceideal san mar a ceaduíodh amhlaidh é, agus na hoibreacha san amháin.

(3) Gach sceideal de chíosanna a cheadóidh an tAire fén alt so beidh sé ina cheangal ar an údarás áitiúil do leag fé n-a bhráid é, agus ní dhéanfidh an t-údarás áitiúil sin aon phlásáin ar an talamh le n-a mbaineann an sceideal san do chur ar aon chíos ach ar an gcíos oiriúnach a luaidhtear sa sceideal san mar a ceaduíodh amhlaidh é.

Féadfar an scéim do tharrac siar i gcásanna áirithe.

7. —(1) Aon uair laistigh de shé seachtaine tar éis an cíos, na téarmaí, na coiníollacha, agus an cúiteamh do bheith socair ag Coimisiún Talmhan na hÉireann maidir le haon talamh atá údarás áitiúil ar aigne a thógaint go héigeanta fén Acht so, féadfidh an t-údarás áitiúil sin, más dó leo nách féidir an talamh san do chur ina phlásáin ar chíosanna do chuirfadh in áirithe dhóibh gan éinní do chailliúint dá bhárr, féadfid, le fógra i scríbhinn do gach éinne 'na bhfuil leas aige sa talamh le n-a mbaineann an fógra no sa chíos no sa chúiteamh a socruíodh mar adubhradh maidir leis an talamh san, an scéim a bhaineann leis an talamh san do tharrac siar ar fad no sa mhéid go mbaineann sí leis an talamh san agus sa mhéid sin amháin.

(2) Nuair a dhéanfidh údarás áitiúil scéim do tharrac siar, i bpáirt no go hiomlán, fén alt so, beidh ag gach éinne ar ar seirbheáladh fógra an tarraic siar no ar ar cheart é sheirbheáil fén alt so teideal chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh íocaíocht leis i ngach costas agus caithteachas fé n-ar chuaidh sé maidir leis an scéim no leis an gcuid di a tarraigeadh siar amhlaidh (pe'ca aca é) no maidir le haon imeachta fén scéim no le n-a tarrac siar, agus socróidh an tAire méid na gcostaisí agus na gcaithteachaisí sin mara gcó-aontuítear ina thaobh.

Cad déanfar le talamh ná teastuíonn.

8. —(1) Nuair a cuirfar ina luighe ar an Aire nách féidir aon talamh áirithe a thóg údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so do chur, i gcóir plásán, ar chíosanna a chuirfidh in áirithe ná caillfidh an t-údarás áitiúil sin dá mbarr no, de dheascaibh nithe fé leith a bhaineann leis an scéal, nách féidir é d'úsáid le tairbhe chun crícheanna an Achta so, féadfidh an t-údarás áitiúil sin, le cead an Aire, an talamh san do thabhairt suas, tré chó-aontú, do ghar-thiarna an tailimh sin ar pé téarmaí a cheadóidh an tAire no, mara gcó-aontuítear go dtabharfar suas é amhlaidh, féadfid, le cead an Aire, an talamh do chur ar cíos chun aon chríche a chífar don Aire a bheith tairbheach d'áititheoirí líomatáiste an údaráis áitiúla san.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho san in aon achtachán eile, ní dhéanfidh údarás áitiúil talamh do thógadar fén Acht so, agus ná teastuíonn chun crícheanna an Achta so, do dhíol, do chur ar cíos, ná d'aistriú ar aon tslí eile ach amháin sa mhéid go n-údaruítear an t-aistriú san leis an alt so.

Cúiteamh mar gheall ar thalamh do dhul chun deiridh.

9. —(1) Má dintar maidir leis an estát no an leas atá ag údarás áitiúil in aon talamh do thóg an t-údarás áitiúil sin chun críchcanna an Achta so, deire do chur leis ar aon tslí (seachas tré gharthiarna an tailimh sin d'ath-thógaint an tailimh fén gcomhacht a bronntar chuige sin leis an Acht so) agus, ar a dhéanamh san, go bhfuil an talamh san, dar leis an Aire Tailte agus Talmhaíochta, ar staid atá i bhfad níos neamh-oiriúnaí chun talmhaíochta no chun féaraigh (pe'ca aca é) ná nuair a thóg an t-údarás áitiúil sin é, déanfidh an t-údarás áitiúil sin cúiteamh d'íoc sa dul chun deiridh sin do bhain don talamh.

(2) Sé an tAire Tailte agus Talmhaíochta a shocróidh cadé an méid cúitimh a íocfidh údarás áitiúil fén alt so agus cé leis no cé leo go n-íocfar é agus, más gá é, cadiad na scaireanna ina n-íocfar é, agus ní bheidh dul thar bhreith an Aire sin.

An tiarna talmhan ag ath-thógaint tailimh.

10. —(1) Má ráiníonn do ghar-thiarna aon tailimh a thóg údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so go dteastóidh an talamh san no aon chuid de uaidh chun é d'úsáid chun foirgneoireachta, chun mianadóireachta, no chun críche eile tionnscail (nách talmhaíocht) no chun bóithre is gá chuige sin do dhéanamh, féadfidh an tiarna talmhan san deire do chur le hestát no tionóntacht an tailimh sin no na coda san de tré fhógra ráithe i scríbhinn don údarás áitiúil sin agus má bhíonn an tAire sásta, sara mbeidh téarma an fhógra san istigh, go dteastuíonn an talamh a luaidhtear sa bhfógra san no aon chuid de ón tiarna talmhan san bona fide chun na húsáide sin romhráite, féadfidh an tiarna talmhan san, nuair a bheidh téarma an fhógra san istigh, seilbh agus gabháltaíocht d'ath-thógaint sa talamh san no sa chuid de go bhfuil an tAire sásta mar sin ina taobh.

(2) Mara ndinidh gar-thiarna an tailimh atá ar seilbh ag údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so ach cuid den talamh san d'ath-thógaint fén alt so, socróidh an tAire an cíos a íocfidh an t-údarás áitiúil sin feasta ar an gcuid eile den talamh san mara gcó-aontuítear ina thaobh.

(3) Más ar aon lá tar éis an 31adh lá de Mhárta agus roimh an 1adh lá de Mhí na Samhna in aon bhliain a ath-thógfidh tiarna talmhan fén alt so seilbh agus gabháltaíocht in aon talamh, íocfidh an tiarna talmhan san le gach éinne is sealbhóir ar aon phlásán ar an talamh san cúiteamh i ngach barra a bheidh ag fás ar an bplásán san ar dháta na hath-thógainte sin agus i ngach saothar a caitheadh leis an bplásán san agus i ngach leasú a cuireadh air, o baineadh an barra deiridh roimh an ath-thógaint sin, i gcóir barra an ama a bhí le teacht, agus socróidh an tAire méid an chúitimh sin mara gcó-aontuítear ina thaobh.

Comhachta chun dul isteach ar thailte.

11. —(1) Chun a fháil amach ce'ca tá aon talamh áirithe oiriúnach i gcóir plásán no ná fuil, féadfidh údarás áitiúil a údarú i scríbhinn d'éinne an talamh san do scrúdú agus leis sin beidh teideal ag an duine sin (ach an t-údarás san do thaisbeáint má éilítear air é) chun dul isteach ar an talamh san gach tráth réasúnta agus pé scrúduithe agus cuardaigh is dó leis is ceart do dhéanamh ann.

(2) Einne a bhacfidh no a choiscfidh éinne dá n-údarófar amhlaidh mar adubhradh agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheidh dílsithe ann de bhua an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur air.

E de dhualgas ar údarás áitiúil talamh do chur ar cíos agus comhacht chun rialacháin do dhéanamh.

12. —(1) Nuair a bheidh talamh tógtha ag údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so, beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin an talamh san do chur ar cíos i gcóir plásán do réir an Achta so agus é do chimeád i dtreo agus do bhainistí dá réir sin agus chun críche an churtha san féadfidh an t-údarás áitiúil sin rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) méid na bplásán;

(b) na saghsanna daoine chun a bhféadfar plásáin do chur ar cíos;

(c) an modh ina dtoghfar amach as an lucht iarrtha plásán na daoine chun a gcuirfar plásáin ar cíos i dtreo go seachnófar tosaíocht nách cuibhe do thabhairt d'aon iarratasóirí den tsórt san;

(d) tráthanna agus modh íoctha na gcíos a héileofar ar na plásáin;

(e) na coiníollacha (ar a n-áirítear coiníollacha a bhaineann le saothrú) a bheidh le cimeád ag daoine chun a gcuirfar plásáin ar cíos;

(f) aistriú plásán do regleáil no do shriana;

(g) éinní eile a bhaineann le bainistí cheart an tailimh agus na bplásán a bheidh air.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh údarás áitiúil fén alt so beidh sé fé réir an Aire á cheadú agus ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht aige mara ndintar ná go dtí go ndéanfar é do cheadú amhlaidh.

(3) Nuair a bheidh rialacháin déanta ag údarás áitiúil fén alt so, cuirfid fé ndeár na rialacháin sin do chur in úil, ar pé slí is oiriúnach leo, do dhaoine le n-a mbainid agus cuirfid fé ndeár cóip díobh do thabhairt do gach éinne chun a gcuirfar ar cíos plásán le n-a mbaineann na rialacháin agus fós do gach éinne a chomhnuíonn ina líomatáiste agus a iarrfidh í.

Srian le plásáin do chur ar cíos.

13. —(1) Gach cur-ar-cíos a déanfar ar phlásán ar thalamh a thóg údarás áitiúil fén Acht so déanfar é—

(a) chun beirte fé leith an chuid is mó dhe, no

(b) chun roinnt daoine a bheidh ag obair do réir mhodha chomhair a cheadóidh an tAire, no

(c) le haontú an Aire, chun comhlachais daoine a cuireadh le chéile chun plásáin do bhunú no do shaothrú no chun bunú no saothrú plásán do chur ar aghaidh agus atá có-dhéanta i slí is go bhfuil sé toirmiscthe proifití do roinnt ar bhaill an chomhlachais no go bhfuil srian curtha leis sin.

(2) Maidir le plásáin do chur chun duine fé leith no chun beirte fé leith, ní cuirfar ach aon phlásán amháin chuige no chúcha, ach féadfar, fén bhfo-alt san roimhe seo, aon mhéid plásán do chur chun roinnt daoine a bheidh ag obair do réir mhodha chomhair no chun comhlachais.

Seilbh phlásán d'fháil thar n ais.

14. —(1) Nuair a bheidh aon chíos ar phlásán i riaráiste agus gan íoc ar feadh mí tar éis é do theacht dlite no nuair a chífar don údarás áitiúil nár dhin an té 'na bhfuil plásán curtha chuige na rialacháin a dhin an t-údarás áitiúil fén Acht so do chimeád maidir leis an bplásán san, féadfidh an t-údarás áitiúil deire do chur le cur an phlásáin chuige tré fhógra míosa i scríbhinn a seirbheálfar ar an té ina bhfuil cur an phlásáin dílsithe an uair sin, agus leis sin beidh deire leis an gcur san ón am a bheidh téarma an fhógra san istigh.

(2) Nuair a bheidh téarma curtha plásáin istigh no nuair a bheidh deire curtha leis, féadfidh an t-údarás áitiúil seilbh an phlásáin d'fháil thar n-ais i gcúirt údaráis achmair fé alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, agus bainfidh an t-alt san leis an scéal dá réir sin pé áit ina luíonn an plásán agus pé rud é an cíos ar a bhfuil an plásán curtha no an téarma 'na bhfuil sé curtha ina chóir.

Saoirse o dhiúité stampa.

15. —Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon léas, ordú, có-aontú, tabhairt-suas, ná instruimid eile a déanfar fén Acht so no ar aon tslí eile chun crícheanna an Achta so.

Ní bhainfidh na Land Law (Ireland) Acts le curtha-ar-cíos fén Acht, etc.

16. —(1) Ní bhainfidh na Land Law (Ireland) Acts le haon chur tailimh a déanfar chun údaráis áitiúla fén Acht so ná le haon chur plásáin ar aon talamh den tsórt san.

(2) Ní dhéanfidh tógaint aon tailimh ag údarás áitiúil fén Acht so cosc do chur leis an talamh san do dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann ná leis an gCoimisiún san do thógaint an tailimh sin ná ní ragha sé chun dochair don dílsiú ná don tógaint sin do dhéanamh ach amháin go mbeid fé réir an talamh san do chur chun an údaráis áitiúla agus fé réir na gceart a bheidh ag an údarás san fén Acht so.

Pionós mar gheall ar dhamáiste éagcórtha d'fhoirgintí, etc.

17. —Gach éinne a stracfidh anuas, a aistreoidh, a loitfidh no a dhíobhálfidh, gan údarás dleathach, aon fhoirgint no aon fhalla, fál, díg, no daingniú eile no aon bharra ar no in aon talamh atá ar seilbh ag údarás áitiúil fé chur a dineadh chúcha fén Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur air.

Caithteachaisí

18. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar, sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, na caithteachaisí fé n-a raghaidh an tAire agus Coimisiún Talmhan na hÉireann fé seach ag cur an Achta so i ngníomh.

(2) Gach costas agus caithteachas fé n-a raghaidh údarás áitiúil ag soláthar tailimh i gcóir plásán fén Acht so agus ag cimeád an tailimh sin i dtreo agus á bhainistí agus á chur ar cíos i gcóir plásán, is amach as na cíosanna agus as an airgead eile a gheobhaidh an t-údarás áitiúil maidir leis na plásáin a híocfar iad sa mhéid gur leor na cíosanna agus an t-airgead san chuige sin, agus sa mhéid ná híocfar na costaisí agus na caithteachaisí sin amhlaidh is i pé slí a ordóidh an tAire a híocfar iad agus fós gach costas agus caithteachas eile fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil fén Acht so, agus ortha san áirítear costaisí agus caithteachaisí aon iarrachta a déanfar chun talamh do sholáthar i gcóir plásán fén Acht so agus a theipfidh.

Gearr-theideal.

19. —Féadfar an tAcht chun Talamh do Thógaint (Plásáin), 1926 , do ghairm den Acht so.