Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

17 1926


Uimh. 17 de 1926.


ACHT FREASTAL SCOILE, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH D'FHONN FREASTAL LEANBHAÍ I mBUNSCOILEANNA DO CHUR IN ÁIRITHE. [27adh Bealtaine, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an focal “scoil náisiúnta” bun-scoil lae phuiblí a bheidh admhuithe ag an Aire de thurus na huaire mar scoil náisiúnta;

cialluíonn an focal “scoil oiriúnach” scoil a bheidh deimhnithe de thurus na huaire ag an Aire fén Acht so mar scoil oiriúnach do réir bhrí an Achta so;

foluíonn an focal “scoil náisúnta no scoil oiriúnach eile” scoil náisiúnta agus scoil oiriúnach;

foluíonn on focal “príomh-oide” aon leas-phríomh-oide no oide eile a bheidh ag gníomhú de thurus na huaire mar phríomh-oide no do phríomh-oide;

nuair a tráchtar ar thuismitheoir leinbh cialluíonn an focal “tuismitheoir” an té go bhfuil an leanbh ina chimeád do réir dlí agus más rud é, toisc an duine sin do bheith as láthair no ar aon chúis eile, ná fuil an leanbh in éintigheas leis an duine sin no ná fuil sé ina chimeád dáiríribh, foluíonn an focal san an té 'na bhfuil an leanbh in éintigheas leis no 'na bhfuil an leanbh ina chimeád dáiríribh;

nuair a tráchtar ar fhostú leinbh cialluíonn an focal “fostú” bheith ar fostú in aon obair agus ag gabháil di mar chéird no chun tuillimh don leanbh no d'éinne eile;

foluíonn an focal “breoiteacht” aon aicíd no lot cuirp no aigne;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire le hordú a bheidh déanta fén Acht so;

foluíonn an focal “cionta fén Acht so” cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so;

cialluíonn an focal “tosach feidhme an Achta so” an dáta ar a dtiocfidh i ngníomh, de bhua ordú a dhéanfidh an tAire fén Acht so, an t-alt ina n-úsáidtear an focal, agus, más ar dhátanna difriúla a thiocfidh an t-alt san i ngníomh amhlaidh i líomatáistí no i gceanntair dhifriúla, cialluíonn sé, maidir le haon líomatáiste no ceanntar áirithe acu san, an dáta ar a dtiocfidh an t-alt san i ngníomh amhlaidh sa líomatáiste no sa cheanntar san.

Baint an Achta so.

2. —San Acht so, cialluíonn agus foluíonn an focal “leanbh le n-a mbaineann an tAcht so” leanbh go mbeidh sé bliana d'aois slán aige agus ná beidh ceithre bliana déag d'aois slán aige, agus gach leanbh eile le n-a mbeidh an tAcht so curtha i mbaint de thurus na huaire de bhua ordú a bheidh déanta ag an Aire fén gcomhacht a bronntar air chuige sin ina dhiaidh seo anso.

Dáta sroiste aon aoise áirithe.

3. —Chun crícheanna an Achta so tuigfar aon aois áirithe do bheith sroiste ag leanbh pé lá acu so a leanas, sé sin le rá, an 31adh lá de Mhárta, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhomhair, no an 31adh lá de Mhí na Nodlag, is túisce thiocfidh tar éis an lae, de laetheanta cuimhne a bheirthe, ar a sroichfe sé an aois sin.

Oblagáid chun scoil d'fhreastal.

4. —(1) Mara mbeidh leathscéal réasúnta chun gan san a dhéanamh cuirfidh tuismitheoir gach leinbh le n-a mbaineann an tAcht so fé ndeár an leanbh bheith ar scoil náisiúnta no ar scoil oiriúnach eile gach lá a bheidh an scoil sin ar oscailt chun gnáth-theagaisc agus ar feadh pé méid aimsire gach lá den tsórt san a bheidh orduithe no ceaduithe ag an Aire i gcóir an lae sin.

(2) Leathscéal réasúnta chun gan an t-alt so do chólíona isea éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) gur breoiteacht an leinbh do chosc an leanbh o bheith ar scoil;

(b) go bhfuil an leanbh ag fáil bun-oideachais oiriúnaigh i slí éigin eile seachas tré bheith ar scoil náisiúnta no ar scoil oiriúnach eile;

(c) ná fuil comhgarach don leanbh scoil náisiúnta ná scoil oiriúnach eile ar a bhféadfadh an leanbh dul agus ná fuil tuismitheoir an leinbh, ar chúiseanna creidimh, i gcoinnibh an leanbh do chur chúichi;

(d) gur chosc leor-chúis éigin eile an leanbh gan bheith ar scoil.

(3) Go dti an bhliain 1936 beidh an ní seo a leanas leis ina leathscéal réasúnta chun an t-alt so d'fhágaint gan cólíona deich lá ar a mhéid i rith na tréimhse dar tosach an 17adh lá de Mhárta agus dar críoch an 15adh lá den Bhealtaine dár gcionn in aon bhliain maidir le leanbh go mbeidh dhá bhliain déag d'aois slán aige, sé sin le rá, gur coisceadh an leanbh o bheith ar scoil de dheascaibh é bheith ag gabháil d'obair éadtrom thalmhaíochta dá thuismitheoir ar thalamh a thuismitheora.

(4) Go dtí an bhliain 1936 beidh an ní seo a leanas leis ina leathscéal réasúnta chun an t-alt so d'fhágaint gan cólíona deich lá ar a mhéid i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá de Lúnasa agus dar críoch an 15adh lá den Deire Fomhair dár gcionn in aon bhliain maidir le leanbh go mbeidh dhá bhliain déag d'aois slán aige, sé sin le rá, gur coisceadh an leanbh o bheith ar scoil de dheascaibh é bheith ag gabháil d'obair éadtrom thalmhaíochta dá thuismitheoir ar thalamh a thuismitheora.

(5) Tuigfar scoil do bheith comhgarach do leanbh chun críchcanna an ailt seo i gceachtar den dá chás so, ach ionta san amháin:—

(a) má tá an scoil suidhte, maidir le leanbh ná fuil deich mbliana d'aois slán aige, laistigh de dhá mhíle a tomhsadh o áit chomhnaithe an leinbh in aithghearr gach conaire is dleathach agus is oiriúnach don leanbh a ghabháil no, maidir le leanbh go bhfuil deich mbliana d'aois slán aige, laistigh de thrí mhíle a tomhsadh sa tslí chéanna; no

(b) má tá cóir iompair oiriúnach chun na scoile ar fáil ag an leanbh o phuínte laistigh d'fhaid réasúnta o áit chomhnaithe an leinbh.

Deimhniú scoileanna oiriúnacha.

5. —(1) Más oiriúnach leis é agus nuair isea, féadfidh an tAire, le deimhniú sa bhfuirm orduithe, aon scoil áirithe do dheimhniú mar scoil atá oiriúnach do réir bhrí an Achta so chun leanbhaí le n-a mbaineann an tAcht so do dhul ar scoil inti chun bunoideachas d'fháil, agus féadfidh an tAire aon deimhniú den tsórt san do cheiliúra aon uair mar is oiriúnach leis é agus nuair isea.

(2) Féadfidh an tAire pé fiosruithe, lorgaireachta, agus iniúchta réasúnta is dó leis is ceart do dhéanamh no do chur á ndéanamh chun a fháil amach do féin ce'ca tá no ná fuil aon scoil áirithe oiriúnach chun a deimhnithe mar scoil oiriúnach no ce'ca tá no ná fuil sí ag leanúint de bheith amhlaidh.

(3) Aon oifigeach don Aire 'na mbeidh údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire, feadfa sé, chun na críche roimhráite, dul isteach gach tráth réasúnta in aon scoil oiriúnach no in aon scoil do hiarradh ar an Aire a dheimhniú mar scoil oiriúnach, agus pé fiosruithe, lorgaireachta, agus iniúchta is dó leis is ceart do dhéanamh inti.

(4) Gach bainisteoir agus stiúrthóir ar aon scoil den tsórt san roimhráite agus gach múinteoir inti agus gach tuismitheoir do leanbh a théigheann ar an scoil sin, déanfa sé chó fada le n-a chumas pé ceisteanna d'fhreagairt agus pé eolas do thabhairt uaidh a cuirfar chuige no a hiarrfar air go réasúnta chun na críche roimhráite ag oifigeach don Aire 'na mbeidh údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire.

An líomatáiste freastal scoile le n-a mbaineann leanbh.

6. —(1) Chun críche an Achta so tuigfar gur leis an líomatáiste freastal scoile ina bhfuil gnáth-chomhnaí air a bhaineann leanbh le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Má dintar agus nuair a déanfar gnáth-chomhnaí leinbh le n-a mbaineann an tAcht so d'atharú o líomatáiste freastal scoile go líomatáiste freastal scoile eile, déanfidh tuismitheoir an leinbh, laistigh de sheachtain tar éis an atharuithe, fógra i scríbhinn no i bpearsain i dtaobh an atharuithe do thabhairt d'údarás feidhmiúcháin an líomatáiste fhreastal scoile o n-ar hatharuíodh an comhnaí sin agus fós d'údarás feidhmiúcháin an líomatáiste fhreastal scoile chun ar hatharuíodh an comhnaí sin.

(3) Má bhíonn éinne gan fógra den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thabhairt d'aon údarás feidhmiúcháin gur gá dho do réir an fho-ailt sin an céanna do thabhairt do beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich scillinge do chur air.

(4) Féadfidh tuismitheoir leinbh le n-a mbaineann an tAcht so an leanbh d'aistriú o scoil náisiúnta go scoil náisiúnta eile aon uair le cead an Aire no nuair a déanfar an t-aistriú toisc gnáth-chomhnaí an leinbh do bheith atharuithe, ach in aon chás eile ní haistreofar leanbh le n-a mbaineann an tAcht so o scoil náisiúnta go scoil náisiúnta eile ach an chéad uair a gheobhfar caoi air tar éis lae éigin acu so a leanas, sé sin le rá, an 1adh lá d'Eanair, an 1adh lá d'Abrán, an 1adh lá d'Iúl, no an 1adh lá de Dheire Fomhair.

Srian le fostú leanbh.

7. —(1) Maraon le héinní eile dleathach chun fostú leanbh do thoirmeasc no do shriana, agus gan dochar don ní sin, féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun a thoirmeasc go ndéanfí leanbhaí le n-a mbaineann an tAcht so d'fhostú ina leithéidí sin de thráthanna no d'áiteanna no ina leithéid sin de shlí go gcoiscfí iad o bheith ar scoil do réir an Achta so no gan tairbhe cheart do bhaint as bheith ar scoil amhlaidh no go gcuirfí isteach ar iad do dhéanamh éinní acu san agus leis na rialacháin sin féadfa sé go sonnrách, chun na críche sin, fostú leanbh den tsórt san do thoirmeasc no do shriana i ngnóthaí áirithe no i rith uaireanta áirithe.

(2) Einne a fhostóidh leanbh contrárdha do rialachán a bheidh déanta fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(3) Ní dhéanfidh rialacháin a déanfar fén alt so aon leanbh a bhí i bhfostaíocht dleathach díreach roimh thosach feidhme an Achta so do chosc ar leanúint sa bhfostaíocht san ná leanbh a bheidh á choinneáil go dleathach i scoil deimhnithe shaothair no cheartúcháin do chosc ar shaothar láimhe do dhéanamh ná aon leanbh do chosc ar theagasc ar shaothar láimhe d'fháil in aon scoil.

(4) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh acu san laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

An t-údarás feidhmiúcháin.

8. —(1) Isiad a bheidh mar údarás feidhmiúcháin chun crícheanna an Achta so ná—

(a) i ngach líomatáiste freastal scoile a bheidh suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an coiste freastal scoile a ceapfar fén Acht so don líomatáiste sin; agus

(b) i ngach líomatáiste freastal scoile ná beidh suidhte in aon chontae-bhuirg ná bailecheanntar acu san, an t-oifigeach den Ghárda Síochána a bheidh de thurus na huaire i seilbh na céime agus sa stáisiún a hordófar chuige sin leis an ordú le n-a leagfar amach no le n-a míneofar an líomatáiste.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin na cláir agus na breacacháin orduithe do chimeád chun crícheanna an Achta so, agus leigint d'oifigigh don Aire 'na mbeidh údarás cuibhe acu chuige sin ón Aire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

Leaga amach líomatáistí freastal scoile.

9. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithe an Achta so, déanfidh an tAire le hordú no le horduithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, iomlán Shaorstáit Éireann (lasmuich de sna contae-bhuirgí agus de sna bailecheanntair a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so) do roinnt ina líoma-táistí freastal scoile agus féadfa sé o am go ham, le hordú, an roinnt sin d'atharú (tré chó-nasca, roinnt, no atharú teoranna líomatáistí).

(2) Le gach ordú a déanfar fén alt so ordófar céim agus stáisiún na n-oifigeach fé seach den Ghárda Síochána a bheidh ina n-údaráis fheidhmiúcháin sna líomatáistí uile agus fé seach le n-a mbainfidh an t-ordú.

(3) Gach oifigeach den Ghárda Síochána a bheidh ina údarás fheidhmiúcháin fén Acht so féadfa sé gach feidhm no aon fheidhm dá mbeidh aige mar údarás feidhmiúcháin den tsórt san d'fheidhmiú tré aon bhall no baill den Ghárda Síochána a bheidh fé n-a cheannas, agus gach ball den Ghárda Síochána tré n-a bhfeidhmeofar na feidhmeanna san amhlaidh beidh sé ina oifigeach fhreastal scoile chun crícheanna an Achta so.

Coistí freastal scoile do cheapa do líomatáistí áirithe.

10. —(1) Gach ceann de sna contae-bhuirgí agus de sna bailecheanntair a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh sé ina líomatáiste fhreastal scoile, ach féadfidh comhairle aon cheann de sna contae-bhuirgí agus de sna bailecheanntair sin aon uair, fé réir aontú an Aire, dhá líomatáiste fhreastal scoile no níos mó do dhéanamh den bhuirg no den cheanntar san.

(2) Beidh coiste freastal scoile i ngach líomatáiste freastal scoile sna contae-bhuirgí agus sna bailecheanntair sin agus beidh an chéad choiste freastal scoile i ngach ceann fé leith de sna líomatáistí freastal scoile sin có-dhéanta de sna daoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ina mbaill den choiste fhreastal scoile a ceapadh fén Irish Education Act, 1892, don líomatáiste sin agus beidh na daoine sin i seilbh oifige mar bhaill den chéad choiste freastal scoile sin go dtí an t-am a ordóidh an tAire fén alt so i gcóir tosach téarma oifige a gcomharbaí.

(3) Déanfar baill gach coiste fhreastal scoile fé leith sna líomatáistí freastal scoile sin (lasmuich de bhaill an chéad choiste fhreastal scoile agus de bhaill a ceapfar chun foth-fholúntaisí do líona) do cheapa go trí-bhliantach pé tráthanna a ordóidh an tAire fén alt so agus (maran rud é go n-éagfid, go n-eireoid as oifig no go gcuirfar as oifig iad idir an dá linn) fanfid i seilbh oifige go ceann trí mblian ón am a ordóidh an tAire fén alt so i gcóir tosach a dtéarma oifige.

(4) Maidir le gach coiste freastal scoile (lasmuich den chéad choiste freastal scoile) i ngach ceann fé leith de sna líomatáistí freastal scoile sin, má bhíonn sa líomatáiste freastal scoile, le linn baill do bheith á gceapa go trí-bhliantach, Coiste Comhairle um Shóisir do bunuíodh ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála no atá fé n-a chúram, beidh an coiste freastal scoile sin codhéanta d'aon bhall déag ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin agus, mara mbeidh aon Choiste Comhairle um Shóisir den tsórt san sa líomatáiste le linn an cheaptha thríbhliantaigh sin, beidh an coiste freastal scoile sin có-dhéanta de dheichniúr ball ar feadh na tréimhse trí mblian ina dhiaidh sin.

(5) Ní foláir gach duine de chúigear de bhaill choiste fhreastal scoile a ceapfar fén alt so do bheith ina bhainisteoir no ina phátrún ar scoil náisiúnta no ar scoil oiriúnach eile sa líomatáiste freastal scoile chó fada agus bheidh a leithéidí ar fáil, agus ní foláir ball amháin eile do bheith ina oide i scoil náisiúnta no i scoil oiriúnach eile sa líomatáiste freastal scoile agus, má bhíonn an coiste có-dhéanta d'aon bhall déag, ní foláir ball amháin eile do bheith ina bhall den Choiste Chomhairle um Shóisir sa líomatáiste freastal scoile.

(6) Ceapfidh an tAire cúigear ball de gach coiste freastal scoile a ceapfar fén alt so agus ní foláir éinne amháin ar a laighead de sna baill a ceapfar amhlaidh do bheith ina oide i scoil náisiúnta no i scoil oiriúnach eile sa líomatáiste freastal scoile.

(7) I gcás coiste freastal scoile a ceapfar fén alt so do bheith có-dhéanta de dheichniúr ball, déanfidh comhairle na contaebhuirge no an bhailecheanntair ina mbeidh an líomatáiste freastal scoile suidhte cúigear de sna baill sin do cheapa agus ní foláir éinne amháin ar a laighead den chúigear ball san do bheith ina bhainisteoir no ina phátrún ar scoil náisiúnta no ar scoil oiriúnach eile sa líomatáiste freastal scoile, agus i gcás an coiste freastal scoile do bheith có-dhéanta d'aon bhall déag ceapfidh an chomhairle sin seisear de sna baill sin agus ní foláir éinne amháin ar a laighead den tseisear ball san do bheith ina bhainisteoir no ina phátrún den tsórt roimhráite agus ní foláir eínne amháin eile acu do bheith ina bhall den Choiste Chomhairle um Shóisir sa líomatáiste freastal scoile.

(8) Tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí féadfidh an tAire, le hordú, na nithe seo d'ordú, eadhon, na tráthanna agus an modh ina ndéanfidh comhairlí na gcontae-bhuirgí agus na mbailecheanntar san agus an tAire fé seach baill de choistí freastal scoile do cheapa, an t-am a thosnóidh tréimhse oifige ball na gcoistí sin, an t-am agus an modh chun foth-fholúntaisí ar na coistí sin do líona agus tréimhse oifige daoine a ceapfar chun na folúntaisí sin do líona, agus amannta cruinnithe, quorum, modh stiúrtha gnótha, agus modh cimeádtha cuntaisí na gcoistí sin.

(9) Beidh ag oifigeach don Aire 'na mbeidh údarás cuibhe aige chuige sin ón Aire teideal chun bheith i láthair ag aon chruinniú de choiste freastal scoile agus chun labhartha leis an gcoiste sin, ach ní chun vótála, ar éinní a bheidh fé bhreithniú ag an gcoiste ag an gcruinniú san.

Oifigigh choistí freastal scoile.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh gach coiste freastal scoile do líomatáiste freastal scoile in aon cheann de sna contae-bhuirgí agus de sna bailecheanntair a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so pé oifigigh is dó leo is ceart do cheapa agus do chur as oifig fé réir aontú comhairle na contaebhuirge no an bhailecheanntair agus fé réir chead an Aire agus féadfid, fé réir an aontuithe agus an cheada roimhráite, luach saothair na n-oifigeach san do cheapa agus d'íoc.

(2) Chun crícheanna Chuid IV. den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) (a bhaineann le haois-liúntasaíocht oifigeacha cóluchta áitiúla) tuigfar gur coistí d'údarás áitiúil gach coiste freastal scoile agus gur cólucht áitiúil é do réir bhrí na Coda san IV. den Acht san agus, sa mhéid gur féidir forálacha na Coda san IV. do chur i mbaint le coiste freastal scoile agus le n-a n-oifigigh, bainfid leo fé mar a bhainid le coiste d'údarás áitiúil agus le n-a n-oifigigh ach beidh san fé réir na n-atharuithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) an deona liúntais no aisce a dhéanfidh coiste freastal scoile beidh sé fé réir aontú comhairle na contaebhuirge no an bhailecheanntair a íocann costaisí an choiste fhreastal scoile sin; agus

(b) i gcás oifigigh do choiste fhreastal scoile do ceapadh fén Irish Education Act, 1892, duine gur dhin oifigeach do choiste fhreastal scoile fén Acht so dhe, áireofar seirbhís an oifigigh sin fén gcéad choiste sin mar sheirbhís fén dara coiste.

(3) Féadfidh an tAire, aon uair más maith leis é, aon oifigeach d'aon choiste freastal scoile den tsórt roimhráite do chur as oifig.

(4) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ina oifigeach do choiste fhreastal scoile do ceapadh fén Irish Education Act, 1892, do líomatáiste fhreastal scoile atá suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, iompóidh agus beidh sé, díreach tar éis tosach feidhme an Achta so, ina oifigeach don choiste fhreastal scoile fén Acht so don líomatáiste fhreastal scoile sin fé is dá ndineadh an coiste deiridh sin a luaidhtear é cheapa fén alt so.

(5) Ní cheapfidh coiste freastal scoile éinne chun bheith ina oifigeach don choiste sin mara mbeidh aige pé cáilíochta a ordóidh an tAire Oideachais, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, mar cháilíochta riachtanacha don oifigeach san don choiste sin.

Oifigigh fhreastal scoile.

12. —(1) Féadfidh gach coiste freastal scoile, le ceapa i scríbhinn sa bhfuirm orduithe fé láimh bheirt bhall den choiste, pé oifigigh dá n-oifigigh is oiriúnach leo do cheapa chun bheith ina n-oifigigh fhreastal scoile chun crícheanna an Achta so.

(2) Le linn do bheith ag feidhmiú aon údaráis no comhachta fén Acht so mar oifigeach freastal scoile do ceapadh fén alt so, déanfidh gach oifigeach den tsórt san, nuair a héileofar air é, an ceapa le n-ar ceapadh é amhlaidh do thabhairt i láthair agus do thaisbeáint d'éinne go mbeidh sé ag feidhmiú an údaráis no na comhachta san ina thaobh.

(3) Má dhineann duine a bheidh á éileamh gur oifigeach freastal scoile é féin scríbhinn do thabhairt i láthair agus a rá gurb é an ceapa é le n-ar ceapadh é mar oifigeach den tsórt san agus más cosúil, le féachaint uirthi, gurb é an ceapa san í agus go bhfuil sí déanta agus sighnithe go cuibhe fén alt so agus dá réir, beidh an scríbhinn sin ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é an duine sin an t-oifigeach freastal scoile sin.

Costaisí coistí freastal scoile.

13. —(1) Na costaisí a bheidh ar gach coiste freastal scoile do líomatáiste fhreastal scoile a bheidh suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, íocfidh comhairle na contae-bhuirge no an bhailecheanntair sin iad as an ráta céanna as a n-íoctí, fé alt 74 den Local Government (Ireland) Act, 1898, costaisí coiste fhreastal scoile do ceapadh fén Irish Education Act, 1892.

(2) Gach airgead agus sócmhainn eile a bheidh ag gach coiste freastal scoile a ceapadh fén Irish Education Act, 1892, do líomatáiste fhreastal scoile atá suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus gach fiachas a bheidh ortha, déanfar, díreach tar éis tosach feidhme an Achta so, iad d'aistriú chun an choiste fhreastal scoile fén Acht so don líomatáiste fhreastal scoile sin agus glacfidh an coiste sin iad no íocfid iad (pe'ca aca is gá sa chás).

Féadfidh an tAire coistí freastal scoile do scur.

14. —(1) Más deimhin agus nuair is deimhin leis an Aire ná fuil coiste freastal scoile ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so go cuibhe agus go héifeachtúil no gur eitíodar no gur leigeadar i bhfaillí go toiliúil aon fhoráil áirithe den Acht so no de sna rialacháin a bheidh déanta fé do chólíona, féadfidh an tAire, le hordú, an coiste sin do scur agus leis an ordú san—

(a) ceapfa sé duine (dá ngairmtear maor san alt so) chun dualgaisí an choiste sin do chólíona, no

(b) faisnéisfe sé, le haontú an Aire Dlí agus Cirt, go mbainfidh an tAcht so le líomatáiste freastal scoile an choiste sin fé is ná beadh an líomatáiste sin suidhte i gcontae bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no

(c) déanfa sé pé socrú eile is dó leis is ceart chun go gcólíonfar dualgaisí an choiste sin.

(2) In aon chás ina bhféadfadh an tAire, fén bhfo-alt san roimhe seo, coiste freastal scoile do scur, féadfa sé, le hordú, gach ball no aon bhall den choiste sin do chur de in ionad an coiste sin do scur agus in ionad na socruithe ba ghá de dheascaibh a scurtha agus a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do dhéanamh, agus má dintar aon ordú den tsórt san tuigfar gur foth-fholúntaisí na folúntaisí a thiocfidh sa choiste sin de dheascaibh ball no baill do chur de amhlaidh, agus líonfar iad dá réir sin.

(3) Má dhineann an tAire, le hordú fén alt so, maor do cheapa, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) socróidh an tAire luach saothair agus seal oifige an mhaoir;

(b) féadfidh an tAire aon uair an maor do chur as oifig agus duine eile do cheapa chun bheith ina mhaor ina áit;

(c) de bhua an orduithe sin aistreofar chun an mhaoir airgead agus sócmhainní, fiachaisí, oifigigh, cirt, comhachta, agus dualgaisí uile an choiste scurtha agus dílseoid sa mhaor, is leis a bhainfid no íocfa sé no cólíonfa sé iad;

(d) íocfar costaisí an mhaoir (ar a n-áirítear a luach saothair féin) fé mar a héilítear leis an Acht so costaisí an choiste scurtha d'íoc;

(e) féadfidh an tAire aon uair le hordú an maor do chur as oifig agus a ordú go gceapfar fén Acht so coiste freastal scoile nua do líomatáiste fhreastal scoile an mhaoir sin agus airgead agus sócmhainní eile, fiachaisí, oifigigh, cirt, comhachta, agus dualgaisí an mhaoir do thabhairt thar n-ais don choiste sin, no, le haontú an Aire Dlí agus Cirt, a fhaisnéis go mbainfidh an tAcht so leis an líomatáiste freastal scoile sin fé is ná beadh sé suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(4) Má dhineann an tAire ordú fén alt so á fhaisnéis go mbainfidh an tAcht so le líomatáiste freastal scoile fé is ná beadh an líomatáiste sin suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) bainfidh an tAcht so leis an líomatáiste sin do réir na faisnéise sin;

(b) de bhua an orduithe sin déanfar airgead agus sócmhainní agus fiachaisí an choiste a scuireadh no an mhaoir a cuireadh as oifig (pe'ca aca é) d'aistriú chun na comhairle agus do dhílsiú sa chomhairle d'íocadh costaisí an choiste no an mhaoir sin fén Acht so no íocfidh an chomhairle sin iad;

(c) tuigfar gur cuireadh as oifig de bhua an orduithe sin oifigigh an choiste a scuireadh no an mhaoir a cuireadh as oifig (pe'ca aca é) agus maidir leis an gcomhairle chun ar haistríodh airgead an choiste sin a scuireadh no an mhaoir sin a cuireadh as oifig—

(i) beidh acu i dtaobh oifigeach inphinsin an choiste sin a scuireadh no an mhaoir sin a cuireadh as oifig na comhachta céanna aois-líuntasaíochta a bronntar leis an Acht so ar choiste fhreastal scoile i dtaobh oifigeach an choiste sin, agus

(ii) íocfid le hoifigigh neamh-inphinsin an choiste sin a scuireadh no an mhaoir sin a cuireadh as oifig cúiteamh do réir scála a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais ach ní raghaidh an cúiteamh san in aon chás thar an deichiú cuid de thuarastal bhliantúil an oifigigh in aghaidh gach bliana críochnuithe dá sheirbhís agus an tuarastal san d'áireamh do réir ráta an tuarastail a bhí ag an oifigeach á fháil nuair a scuireadh an coiste no a cuireadh an maor as oifig (pe'ca aca é);

(d) as an ráta no as an gciste as a bhfuil costaisí coiste fhreastal scoile le n'íoc fén Acht so isea a híocfar gach costas fé n-a raghaidh comhairle do réir an fho-ailt seo.

(5) Má bhíonn coiste freastal scoile a ceapadh fén Irish Education Act, 1892, agus gur cheart dóibh fén Acht so bheith mar chéad choiste freastal scoile do líomatáiste fhreastal scoile, gan bheith ar bith no gan bheith có-dhéanta sa cheart i dtosach feidhme an Achta so, tuigfar chun crícheanna an ailt seo go dtáinig an chéad choiste freastal scoile sin chun bheith ann fén Acht so agus féadfidh an tAire aon uair tar éis rithte an Achta so a áireamh ná fuil an coiste sin ag cólíona a ndualgaisí fén Acht so go cuibhe agus go héifeachtúil agus féadfar iad do scur fén alt so dá réir sin.

Tabharfidh príomh-oidí cuntaisí áirithe, etc., uatha.

15. —(1) Déanfidh príomh-oide gach scoile náisiúnta agus gach scoile oiriúnaí eile go mbeidh aon leanbhaí le n-a mbaineann an tAcht so ar an rolla ionta no á bhfreastal na mion-innste orduithe ar gach leanbh acu a bheidh as láthair ón scoil sin, agus na mioninnste ar na nea-láithreachtaí sin, do chur in úil ar na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe d'údaráis fheidhmiúcháin fé seach na líomatáistí freastal scoile uile agus fé seach ina gcomhnuíonn na leanbhaí sin fé seach.

(2) Nuair a héileofar air é soláthróidh príomh-oide gach scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile d'aon údarás feidhmiúcháin, sa bhfuirm orduithe, aoiseanna fé seach na leanbhaí uile no aon leinbh a bheidh ar an scoil sin fé mar a bheid curtha síos sna rollaí scoile maraon leis na mion-innste orduithe ar a mhinicí a bhí gach leanbh no aon leanbh díobh san, le n-a mbaineann an tAcht so, i láthair agus as láthair sa scoil sin.

(3) Nuair a déanfar leanbh le n-a mbaineann an tAcht so do thógaint o scoil náisiúnta no o scoil oiriúnach eile, tabharfidh príomh-oide na scoile sin do thuismitheoir an leinbh sin, nuair a héileofar air é, deimhniú sa bhfuirm orduithe á rá cadé an tréimhse ina raibh an leanbh san ar an scoil sin, cá mhéid uair a bhí an leanbh san i láthair agus as láthair sa scoil sin i rith na coda orduithe den tréimhse sin, agus cadé an rang sa scoil ina raibh an leanbh chun a theagasctha díreach sarar tógadh ón scoil é, agus taisbeánfidh tuismitheoir an leinbh an deimhniú san do phríomh-oide aon scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile go mbeidh sé á iarraidh go nglacfí an leanbh isteach inti.

(4) I dtosach gach ráithe dar tosach an 1adh lá d'Eanair, an 1adh lá d'Abrán, an 1adh lá d'Iúl, no an 1adh lá de Dheire Fomhair, déanfidh príomh-oide gach scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile ainmneacha agus seolta na leanbhaí uile a bheidh ag freastal na scoile sin agus a shlánóidh aois a gceithre mblian ndéag i rith na ráithe sin do thabhairt do Rúnaí an Choiste Chomhairle um Shóisir don áit ina bhfuil an scoil suidhte no, mara mbeidh aon choiste den tsórt san ann, don oifigeach áitiúil don Aire Tionnscail agus Tráchtála is goire dho.

An tuismitheoir do chur fáth na nealáithreachta in úil.

16. —Má bhíonn leanbh le n-a mbaineann an tAcht so ag freastal scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile de thuras na huaire do réir an Achta so ach go mbeidh sé as láthair ón scoil sin aon lá no laetheanta ba cheart do, fén Acht so, bheith sa scoil sin cuirfidh a thuismitheoir fáth na nea-láithreachta san in úil do phríomh-oide na scoile sin i scríbhinn no i bpearsain chó luath agus is féidir é agus, pé scéal é, ar dháta nách déanaí ná an tríú lá tar éis lá na nea-láithreachta san no tar éis an chéad lae de laetheanta na nealáithreachta san (fé mar a bheidh).

Tuismitheoir do dhéanamh faillí i gcólíona an Achta so.

17. —(1) Mara ndinidh tuismitheoir a chur fé ndeár do leanbh leis le n-a mbaineann an tAcht so dul ar scoil do réir an Achta so no má thugann sé faillí sa ní sin agus gan aon leathscéal réasúnta ann, go bhfios d'údarás fheidhmiúcháin an líomatáiste fhreastail scoile ina gcomhnuíonn an leanbh, i dtaobh gan san do dhéanamh no i dtaobh na faillí sin, seirbheálfidh an t-údarás feidhmiúcháin sin ar an tuismitheoir sin foláramh sa bhfuirm orduithe—

(a) á éileamh air go ndéanfadh sé laistigh de sheachtain tar éis na seirbheála san a chur fé ndeár don leanbh leis a hainmnítear sa bhfoláramh dul ar scoil do réir an Achta so no go ndéanfadh sé laistigh den tseachtain sin leathscéal réasúnta do thabhairt don údarás fheidhmiúcháin i dtaobh gan san a dhéanamh, agus

(b) á innsint do, mara ndine sé beart do réir an fholáraimh, go mbunófar imeachta ina choinnibh fén Acht so sa Chúirt Dúithche, agus

(c) á innsint do má ráiníonn do arís, laistigh de thrí mhí tar éis na n-imeacht san, gan an tAcht so do chólíona, go bhféadfar imeachta do bhunú ina choinnibh arís gan foláramh roimh ré.

(2) Má bhíonn tuismitheoir gan beart do dhéanamh do réir foláraimh a seirbheáladh air go cuibhe fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcuire sé ina luighe ar an gCúirt gur dhin sé gach iarracht réasúnta chun a chur fé ndeár don leanbh dul ar scoil do réir an Achta so agus dlighfar fíneáil na raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin (pe'ca i dtaobh an leinbh chéanna no i dtaobh leinbh eile a dineadh é).

(3) Más rud é, gan leathscéal réasúnta, go ráineoidh do thuismitheoir, laistigh de thrí mhí tar éis a chiontuithe i gcionta fén alt so, gan a chur fé ndeár don leanbh leis gur ciontuíodh é amhlaidh ina thaobh dul ar scoil do réir an Achta so, ansan, mara mbeidh an leanbh san tar éis scur de bheith ina leanbh le n-a mbaineann an tAcht so, beidh an tuismitheoir sin ciontach i gcionta fén alt so (cionta a tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, a bheith ina athchionta fén alt so) agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

(4) In aon imeachta i gcoinnibh tuismitheora fén alt so má chuireann an tuismitheoir ina luighe ar an gcúirt gur dhin sé gach iarracht réasúnta chun a chur fé ndeár don leanbh le n-a mbaineann na himeachta dul ar scoil do réir an Achta so no má ciontuítear an tuismitheoir in ath-chionta no i gcionta ina dhiaidh sin fén alt so i dtaobh an leinbh chéanna, féadfidh an chúirt más oiriúnach léi é—

(a) a ordú go gcuirfar an leanbh chun scoile saothair atá deimhnithe agus sa chás san, sa mhéid gur féidir é, bainfidh forálacha Chuid IV. den Children Act, 1908, leis an scéal fé is dá mba fén gCuid sin den Acht san a déanfí an t-ordú, no

(b) a ordú, do réir forálacha Chuid II. den Children Act san 1908, go gcuirfar an leanbh fé chúram gaoil do no duine oiriúnaigh éile a ainmneoidh an chúirt, agus sa chás san, sa mhéid gur féidir é, bainfidh forálacha na Coda san den Acht san leis an scéal fé is dá mba ordú a déanfí fén gCuid sin an t-ordú.

Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh cúisithe fén Acht.

18. —(1) In aon chúiseamh i gcionta fén Acht so, féadfidh an chúirt 'na mbeidh an cúiseamh á dhéanamh ina láthair a ordú, ar iarratas ón gcúisitheoir no ón té a bheidh á chúiseamh no uaithi féin, go ndéanfidh tuismitheoir an leinbh le n-a mbaineann an cúiseamh an leanbh san do thabhairt i láthair na cúirte am áirithe agus in áit áirithe, agus mara dtugaidh an tuismitheoir sin an leanbh san i láthair amhlaidh féadfidh an chúirt fíneáil ná raghaidh thar fiche scilling do chur ar an tuismitheoir sin.

(2) In aon chúiseamh i gcionta fén Acht so is ar an té a cúiseofar a bheidh éinní acu so a leanas i dtaobh an leinbh le n-a mbaineann an cúiseamh do chruthú, sé sin le rá:—

(a) aois an leinbh,

(b) go raibh leathscéal réasúnta ann i dtaobh gan an leanbh do bheith i láthair ar scoil do réir an Achta so aon lá áirithe no ar feadh aon tréimhse áirithe,

(c) go bhfuil an leanbh ag fáil bun-oideachais oiriúnaigh i slí éigin eile seachas tré bheith ag freastal scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile.

(3) In aon chúiseamh i gcionta fén Acht so, beidh deimhniú a dheabróidh bheith sighnithe ag príomh-oide scoile náisiúnta no scoile oiriúnaí eile agus ina ndeirtar go bhfuil no ná fuil an leanbh le n-a mbaineann an cúiseamh ag freastal na scoile sin no go raibh no ná raibh an leanbh san i láthair sa scoil sin laethanta áirithe, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ní de sna nithe roimhráite adeirtar sa deimhniú san.

(4) In aon chúiseamh i gcionta fén Acht so, beidh deimhniú a dheabhróidh bheith sighnithe ag dochtúir atá cáilithe go cuibhe agus ina ndeirtar go bhfuil no go raibh aon uair áirithe aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar an leanbh le n-a mbaineann an cúiseamh agus go raibh an aicíd no an lot san de shaghas d'fhág an leanbh gan bheith i bhfuirm chun dul ar scoil, no go bhfuil no go raibh aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar dhuine éigin a chomhnuíonn sa tigh ina gcomhnuíonn an leanbh san, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ceann de sna dátáin roimhráite adeirtar sa deimhniú san.

(5) In aon chúiseamh i gcionta fén Acht so féadfidh an chúirt a ordú, maidir leis na costaisí fé n-ar chuaidh an cúisitheoir no an duine a cúisíodh, i dtaobh an chúisimh sin, go ndéanfidh an duine a cúisíodh no an cúisitheoir (fé mar is gá sa chás) iad d'íoc, agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do shocrú.

(6) I líomatáiste freastal scoile atá suidhte i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfar cúiseamh i gcionta fén Acht so do chur ar siúl ar agra aon oifigigh fhreastal scoile sa líomatáiste mar chúisitheoir agus in aon líomatáiste freastal scoile eile féadfar é chur ar siúl ar agra údaráis fheidhmiúcháin an líomatáiste mar chúisitheoir.

Cláracha beireataisí agus básanna d'iniúcha agus cóipeanna do dhéanamh díobh.

19. —(1) Gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí agus básanna no duine eile go mbeidh i gcimeád aige na leabhair chlárathachta a cimeádtar do réir na Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, leigfe sé d'aon oifigeach freastal scoile gach tráth réasúnta, gan aon táille ná íocaíocht eile, na leabhair chlárathachta a bheidh i gcimeád ag an gceann-chlárathóir sin d'iniúcha agus cóipeanna no nótaí do thógaint d'iontrála sna leabhair sin fé mar is dó leis is gá chun a dhualgaisí d'fheidhmiú fén Acht so.

(2) Má theastuíonn o éinne aois leinbh d'fháil amach no do chruthú chun aon chríche a eireoidh fén Acht so, beidh teideal ag an duine sin chun iarratas sa bhfuirm orduithe ar dheimhniú ar dháta bheirthe an leinbh sin d'fháil o údarás fheidmiúcháin an líomatáiste fhreastal scoile ina gcomhnuíonn an leanbh san agus, nuair a thíolacfa sé an t-iarratas san, agus é líonta agus sighnithe go cuibhe, maraon le táille raelach, in oifig an cheann-chlárathóra no an cheart-chlárathóra bheireataisí agus básanna, beidh teideal aige chun cóip den iontráil, sna leabhair chlárathachta a cimeádtar fé sna Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, ar bhreith an leinbh sin d'fháil ón gceann-chlárathóir no ón gclárathóir sin agus í deimhnithe go cuibhe fé sna hAchtanna san.

(3) Fé mar éileoidh agus nuair éileoidh údarás feidhmiúcháin air é, soláthróidh gach clárathóir beireataisí agus básanna don údarás san cuntas sa bhfuirm orduithe (más ann di) ar pé cinn adéarfidh an t-údarás san de sna mion-innste ar bheireataisí agus ar bhásanna na leanbhaí do chláruigh an clárathóir sin.

Tuismitheoirí do thabhairt mion-innste uatha i dtaobh a leanbhaí.

20. —Gach éinne ar a n-éileofar é le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe o údarás feidhmiúcháin an líomatáiste fhreastal scoile ina gcomhnuíonn sé, fógra do sheirbhéail an t-údarás san air no d'fhág an t-údarás san do ina áit chomhnaithe, tabharfa sé don údarás fheidhmiúcháin sin, laistigh den aimsir agus sa tslí a luaidhtear sa bhfógra san, ainmneacha agus aoiseanna na leanbhaí uile no aon leinbh áirithe dar tuismitheoir do réir bhrí an Achta so é agus, ina theanta san (i gcás leanbhaí le n-a mbaineann an tAcht so), modh a n-oideachais agus na mion-innste eile a luaidhtear sa bhfógra san, agus má bhíonn éinne den tsórt san gan san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Deimhniú ar dhílse foláramh, fógraí, etc.

21. —Lasmuich de chásanna dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so is leor mar dheimhniú ar dhílse gach foláraimh, fógra agus scríbhinne eile a tabharfar amach no a seirbheálfar fén Acht so ag údarás feidhmiúcháin sighniú oifigigh fhreastal scoile don údarás san do bheith ortha.

Ciontaí maidir le deimhnithe.

22. —(1) Gach éinne a dhéanfidh samhail fhallsa no bhréagach d'aon deimhniú no d'aon tsighniú ar dheimhniú do bheadh ina dheimhniú a tugadh no a dineadh fén Acht so no chun críche an Achta so dá mba dheimhniú dílis é, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(2) Gach éinne a shighneoidh, a thabharfidh uaidh, no a dhéanfidh aon deimhniú a dheabhruíonn bheith ina dheimhniú fén Acht so no chun críche an Achta so agus is eol do bheith bréagach, no mí-threorach in aon phonc táchtach, no a dhéanfidh úsáid d'aon deimhniú a dheabhruíonn bheith ina dheimhniú fén Acht so no chun críche an Achta so agus is eol do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach no bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no gurb eol do aon tsighniú air do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

Rialacháin.

23. —Féadfidh an tAire, le hordú éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Baint an Achta so do leathanú.

24. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, le hordú, forálacha an Achta so do chur i mbaint le leanbhaí no le haon aicme de leanbhaí go bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán acu agus gan a sé bliana déag d'aois slán fós acu.

(2) Le haon ordú agus in aon ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so féadfa sé gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) teora do chur i dtreo ná bainfidh an t-ordú ach le páirt áirithe de Shaorstát Éireann;

(b) teora do chur i dtreo ná bainfadh an t-ordú ach le freastal ar scoil i gcóir teagaisc in aon abhar no abhair áirithe;

(c) aon leanbhaí no aicme de leanbhaí d'eisceachtú o oibriú an orduithe;

(d) aon cheann d'fhorálacha an Achta so d'eisceachtú o oibriú an orduithe;

(e) oiriúnuithe agus atharuithe do dhéanamh ar fhorálacha an Achta so ina mbaint leis na leanbhaí no leis an aicme de leanbhaí le n-a mbainfidh an t-ordú fé mar is dó leis an Aire is gá chun crícheanna bainte sin na bhforálacha;

(f) aon ordú a dineadh roimhe sin fén alt so do leathnú, do shriana, do leasú, no do cheiliúra.

(3) Má dhineann an tAire ordú fén alt so ag cur forálacha an Achta so i mbaint le leanbhaí no le haon aicme de leanbhaí go n-údaruítear leis an alt so iad do chur i mbaint leo, bainfidh forálacha an Achta so leis na leanbhaí sin no leis an aicme sin de leanbhaí fé réir agus do réir téarmaí an orduithe faid a leanfidh an t-ordú i bhfeidhm.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh acu san, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

Costaisí.

25. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar costaisí an Achta so do chur i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so.

Athghairmeanna agus forálacha dá mbarr san.

26. —(1) Athghairmtear leis seo ailt 1 go 16 agus an Chéad, an Dara agus an Tríú Sceideal den Irish Education Act, 1892, agus alt 2 den Irish Education Act, 1893.

(2) An méid de sna Irish Education Acts, 1892 and 1893, ná hathghairmtear leis an alt so ná le haon achtachán roimhe seo, léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “The Minister for Education” ann in ionad an fhocail “The Commissioners” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin ann.

(3) Díreach tar éis tosach feidhme an Achta so tuigfar gach coiste freastal scoile a ceapadh fén Irish Education Act, 1892, agus a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta so do bheith scurtha agus, lasmuich de chásanna dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, aistreofar, de bhua an Achta so, airgead agus sócmhainní eile agus fiachaisí gach coiste den tsórt san chun na comhairle no an chóluchta d'íocadh costaisí an choiste sin fén Acht san agus dílseoid sa dream san agus glanfidh an dream san iad.

(4) Díreach tar éis tosach feidhme an Achta so, na hoifigigh a bheidh ann an uair sin, ag gach coiste freastal scoile a ceapadh fén Irish Education Act, 1892, agus a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta so, tuigfar, ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, iad do bheith curtha as a n-oifigí fé seach agus déanfidh an chomhairle no an cólucht d'íocadh costaisí an choiste sin fén Acht san cúiteamh d'íoc leo do réir scála a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar eis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais ach ní raghaidh an cúiteamh, in aon chás, thar an deichiú cuid de thuarastal bhliantúil an oifigigh in aghaidh gach bliana críochnuithe dá sheirbhís agus an tuarastal san d'áireamh do réir ráta an tuarastail a bhí ag an oifigeach á fháil an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1925.

(5) Déanfar gach costas fé n-a raghaidh comhairle no cólucht i bhfeidhmiú an ailt seo d'íoc as an ráta no as an gciste gcéanna as a n-íocadh an chomhairle no an cólucht san costaisí an choiste fhreastal scoile.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

27. —(1) Féadfar an tAcht Freastal Scoile, 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú go generálta no i dtaobh aon altanna áirithe no d'aon líomatáistí no ceanntracha áirithe agus féadfar laetheanta difriúla do cheapa amhlaidh d'altanna difriúla den Acht so no do líomatáistí no do cheanntracha difriúla.