|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 26 de 1926. | ||
| [EN] |
ACHT NA BIOTÁILLE NEAMH-AIBIDHE (SRIANADH), 1926. | |
ACHT CHUN NA SRIANTACHTAÍ ATÁ LE SOLÁTHAR AGUS LE DÍOL BIOTÁILLE NEAMH-AIBIDHE DO LEATHNÚ AGUS CHUN AN IMMATURE SPIRITS (RESTRICTION) ACT, 1915, DO LEASÚ CHUIGE SIN. | ||
[25adh Meitheamh, 1926.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Leathnú ar an sriantacht atá le seachada biotáille neamhaibidhe. |
1. —Fé réir forálacha an Achta so léireofar an Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí— |
| [EN] | (a) na focail “at least five years” do chur i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht san in ionad na bhfocal “at least three years” atá sa bhfo-alt san anois, agus | |
| [EN] | (b) mír (c) den phrovíso a ghabhann leis an bhfo-alt san (1) d'alt 1 do leigint ar lár. | |
| [EN] |
Faoiseamh maidir le rum iomportálta. |
2. —(1) D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, mar a leasuítear leis an Acht so é, ach fé réir íoc pé diúitéthe (más ann dóibh) a bheidh forchurtha de thurus na huaire ag an Oireachtas agus fé réir chólíona pé coiníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim, féadfar, faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm, rum iomportálta do sheachada chun é chaitheamh sa bhaile má bhí sé i stóras ar feadh tréimhse trí mblian ar a laighead. |
| [EN] | (2) Beidh an t-alt so i bhfeidhm go ceann dhá bhliain o am rithte an Achta so agus (mara mbuanuítear le hordú fén alt so é) ní níos sia ná san. | |
| [EN] | (3) Féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú a déanfar le linn an t-alt so do bheith i bhfeidhm (pe'ca de bhua an fho-ailt sin roimhe seo é no de bhua ordú fén bhfo-alt so), an t-alt so do bhuanú i bhfeidhm ar feadh aon tréimhse nách sia ná bliain ón lá a raghadh an t-alt so in éag mara mbeadh an t-ordú san, agus má dintar aon ordú den tsórt san amhlaidh leanfidh an t-alt so i bhfeidhm dá réir sin. | |
| [EN] | (4) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin. | |
| [EN] |
Caomhaint do pháirtithe le connartha atá anois ann. |
3. —Má dintar tré oibriú an Achta so aon pháirtí le connra atá ann le linn rithte an Achta so do chosc maidir le hiomlán a oblagáidí fén gconnra san no cuid acu do chólíona déanfar, de bhua an Achta so, é do shaora o cheangal an chonnartha san sa mhéid go gcoiscthear amhlaidh é. |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar Acht na Biotáille Neamh-aibidhe (Srianadh), 1926 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna na Biotáille Neamh-aibidhe (Srianadh), 1915 agus 1926, do ghairm den Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, agus den Acht so le chéile. |