Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—CUID 1.)

43 1926


Uimhir 43 de 1926.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1926.


ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [23adh Mí na Nodlag, 1926.]

DE BHRÍ go bhfuil na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid go bhfuilid i bhfeidhm i Saorstát Éireann agus sa mhéid gur diombuan a ré, go bhfuilid le dul in eug an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1926:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na hachtacháin le n-a leasuítear iad no a dhineann difir dóibh do chimeád beo mar a luaidhtear san Acht so:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Na hAchtanna sa Sceideal do chimeád beo.

1. —(1) Na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so cimeádfar beo iad, sa mhéid adeirtar sa tríú colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus raghaid in eug ansan mara gcimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe le n-a leasuítear na hachtacháin a cimeádtar beo leis an alt so no a dhineann difir dóibh, cimeádfar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1926 , do ghairm den Acht so.