An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid I. Radio-Thelegrafaiocht agus Radio-Chomharaiocht.)

45 1926

ACHT RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926

Cuid II.

Foirleatha.

An tAire do chimeád suas stáisiún foirleatha.

17. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, stáisiúin fhoirleatha d'fháil no do bhunú in áiteanna i Saorstát Éireann, pé cinn agus pé méid acu agus i pé áiteanna is dó leis an Aire o am go ham a bheith ceart agus dá bhfuighfar an cead roimhráite.

(2) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, gach stáisiún foirleatha a gheobhaidh no a bhunóidh sé fén alt so do chimeád suas agus d'oibriú agus pé abhar foirleatha is dó leis is ceart do ghlaca, do chur amach, d'ath-leatha, no do scaipe ann.

Táillí d'éileamh ar son foirleatha.

18. —(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, táillí d'éileamh ar son aon tsaghas no saghsanna abhair fhoirleatha do scaipe o stáisiún foirleatha a bheidh á chimeád suas fén Acht so.

(2) Isé an tAire a shocróidh, le cead an Aire Airgid, méid na dtáillí a héileofar fén alt so agus déanfar gach táille den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun sochair do ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

Coiste comhairleach.

19. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so bunóidh an tAire, le hordú, coiste comhairleach chun comhairle agus congnamh do thabhairt do maidir le stiúrú na stáisiún foirleatha a bheidh sé á chimeád suas fén Acht so agus le togha amach do dhéanamh agus smacht do chimeád ar an abhar foirleatha a scaipfear o sna stáisiúin foirleatha san.

(2) Beidh an coiste comhairleach san có-dhéanta de pé méid ball (nách lú ná cúigear) is dó leis an Aire Puist agus Telegrafa is ceart agus ainmneoidh an tAire Oideachais duine de sna baill sin, agus ainmneoidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta duine acu, agus ainmneoidh an tAire Puist agus Telegrafa an chuid eile.

(3) Mara dtárluíonn do roimhe sin bás d'fháil no eirighe as, beidh gach ball den choiste chomhairleach san ina bhall den choiste go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san ach féadfar é ainmniú arís.

(4) Tiocfidh an coiste comhairleach san le chéile aon uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile a shocróidh an coiste o am go ham.

Costaisí.

20. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht.