An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DRÉINEÁLA NA BEARBHA, 1927)

26 1927

ACHT DRÉINEÁLA NA BEARBHA, 1927

SCEIDEAL.

1. Beidh Bord Dréineála na Bearbha có-dhéanta de sna baill seo a leanas, sé sin le rá:—

ceathrar ball a ceapfar ag comhairle chontae Chill Dara;

ceathrar ball a ceapfar ag comhairle chontae Laoighise;

ceathrar ball a ceapfar ag comhairle chontae Uí bhFáilghe;

más có-ionann le suim £300 no más mó ná san an tsuim iomlán is iníoctha ag Comhairle Chontae Cheatharlach gach bliain den chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh chun na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo agus ar scór na n-aisíocanna sa roimh-íoc o sna Coimisinéirí agus san ús air sin, aon bhall amháin a ceapfar ag an gComhairle sin Chontae Cheatharlach;

más có-ionann le suim £300 no más mó ná san an tsuim iomlán den tsórt chéanna is iníoctha ag Comhairle Chontae Chill Choinnigh gach bliain de sna blianta airgeadais áitiúla san, aon bhall amháin a ceapfar ag an gComhairle sin Chontae Chill Choinnigh;

más có-ionann le suim £300 no más mó ná san an tsuim iomlán den tsórt chéanna is iníoctha ag Comhairle Chontae Chill Mhanntain gach bliain de sna blianta airgeadais áitiúla san, aon bhall amháin a ceapfar ag an gComhairle sin Chontae Chill Mhanntain;

aon bhall amháin a ceapfar ag Cuideachta Chanáil Laighean.

2. Den cheathrar ball a ceapfar ag gach ceann fé leith de chomhairlí contae Chill Dara, Laoighise, agus Uí bhFáilghe ní foláir do bheirt bheith ina mbaill den chomhairle a cheapfidh iad agus ní foláir do bheirt gan bheith ina mbaill d'aon cheann de sna comhairlí contae, agus ní foláir d'éinne amháin ar a laighead den bheirt bhall deiridh a luaidhtear bheith ina íocóir ráta dhréineála i gcontae na comhairle sin.

3. An ball (más ann do) a ceapfar ag gach ceann fé leith de chomhairlí contae Cheatharlach, Chill Choinnigh, agus Chill Mhanntain féadfa sé bheith no gan bheith ina bhall den chomhairle a cheapfidh é fé mar is rogha leis an gcomhairle sin a cheapfidh é.