|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927) | Ar Aghaidh (CUID II. Feidhmeanna agus Comhachta Airithe Bhuird Sholathair an Leictreachais.) |
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Co-dheanamh, Airgeadas agus Feidhmeanna Generalta Bhuird Sholathair an Leictreachais. | |
[EN] |
Có-dhéanamh Bhúird Sholáthair an Leictreachais. |
2. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so déanfar bord dá ngairmfear Bord Soláthair an Leictreachais (dá ngairmtear an Bord san Acht so) do bhunú do réir an Achta so chun na feidhmeanna a ceaptar do leis an Acht so do chólíona. |
[EN] | (2) Beidh an Bord ina chólucht chorparáideach agus síorchomharbas aige agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fén teideal agus fén ainm sin adubhradh. | |
[EN] | (3) Beidh an Bord có-dhéanta de chathaoirleach agus de pé méid ball eile (nách lú ná beirt ná nách mó ná seisear) a shocróidh an Ard-Chomhairle o am go ham. | |
[EN] | (4) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh baill an Bhúird agus gach éinne a ceapfar amhlaidh chun bheith ina bhall den Bhord beidh sé i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse nách sia ná cúig bliana a shocróidh an Ard-Chomhairle le linn é do cheapa agus beidh gach duine den tsaghas san ion-athcheaptha ar bheith caithte dá théarma oifige. | |
[EN] | (5) Isé a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord ná an ball san den Bhord a cheapfidh an Ard-Chomhairle nuair a ceapfar é chun bheith ina bhall den Bhord no ina dhiaidh sin chun bheith ina chathaoirleach amhlaidh. | |
[EN] | (6) Déanfidh cathaoirleach an Bhúird a chuid ama go léir do thabhairt suas dá dhualgaisí mar chathaoirleach den tsórt san agus déanfidh gach duine de sna baill eile den Bhord a chuid ama go léir, no pé méid de a ordóidh an Ard-Chomhairle nuair a ceapfar é, do thabhairt suas dá dhualgaisí mar bhall den tsórt san. | |
[EN] | (7) Íocfar le gach ball den Bhord amach as na cistí a bheidh ar a gcur ag an mBord pé luach saothair agus fós pé liúntaisí le haghaidh costaisí a ordóidh an Ard-Chomhairle le linn é do cheapa. | |
[EN] |
Baill, etc., den Bhord fé dhí-cháilíocht chun bheith ina mbaill den Oireachtas. |
3. —Beidh gach ball den Bhord agus gach oifigeach agus gach seirbhíseach don Bhord, faid a bheidh sé i seilbh oifige no ar fostú mar bhall, mar oifigeach, no mar sheirbhíseach den tsórt san, dí-cháilithe chun é d'ainmniú no do thogha agus chun suidhe no íocaíocht d'fháil mar bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann. |
[EN] |
Có-Shéala an Bhúird. |
4. —(1) Soláthróidh an Bord agus beidh aige có-shéala, agus deimhneofar dílse an chó-shéala san le sighniú cathaoirligh an Bhúird no le sighniú baill éigin eile den Bhord go mbeidh údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin agus fós le sighniú oifigigh don Bhord go mbeidh údarás aige go cuibhe ón mBord chun gníomhú chuige sin. |
[EN] | (2) Tabharfidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala an Bhúird i gcúrsaí breithiúnais, agus gach scríbhinn a thugann le tuisgint a bheith ina hordú no ina hinstruimid eile a dhin an Bord agus a bheith séaluithe le séala an Bhúird dilse-dheimhnithe do réir an ailt seo, glacfar i bhfianaise í agus tuigfar gurb é an t-ordú no an instruimid sin í gan a thuille cruthúnais mara gcruthuítar a mhalairt. | |
[EN] |
Baill den Bhord do chur as oifig. |
5. —(1) Má chítar don Ard-Chomhairle aon uair gur gá, chun feidhmeanna an Bhúird do chólíona go héifeachtúil agus go heconomiciúil fén Acht so, na baill uile no aon bhall den Bhord do chur as oifig, féadfidh an Ard-Chomhairle baill uile an Bhúird no pé méid aca is dó leis an Ard-Chomhairle is gá chun na críche roimhráite do chur as oifig. |
[EN] | (2) Aon bhall den Bhord go dtárlóidh do, tré easláinte, gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do chólíona go héifeachtúil mar bhall den tsórt san no a bheidh (tré aon chúis seachas cúis is leor dar leis an Ard-Chomhairle) as láthair o gach cruinniú den Bhord ar feadh tréimhse sé mí, féadfidh an Ard-Chomhairle é do chur as oifig aon uair. | |
[EN] | (3) Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh an Ard-Chomhairle aon bhall den Bhord do chur as oifig fén alt so, leagfidh an Ard-Chomhairle fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur dineadh an ball san do chur as oifig agus ag luadh na réasún a bhí leis an gcur-as-oifig sin. | |
[EN] |
Nós-imeachta an Bhúird. |
6. —(1) Beidh nós-imeachta an Bhúird ag á chruinnithe agus eile do réir forálacha na rialachán chuige sin a dhéanfidh an Bord fén Acht so. |
[EN] | (2) Pé uair agus faid a bheidh an Bord có-dhéanta de thriúr ball is leor beirt bhall den Bhord mar quorum, agus pé uair agus faid a bheidh an Bord có-dhéanta de níos mó ná triúr ball is leor trian de bhaill an Bhúird mar quorum. | |
[EN] | (3) Féadfidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas do bheith ina bhallraíocht. | |
[EN] |
Cuntaisí agus iniúchta. |
7. —(1) Cimeádfidh an Bord i pé fuirm a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid na gnáth-chuntaisí uile is ceart ar gach airgead a gheobhaid no a chaithfid agus ortha san beidh cuntas caipitail, cuntas ioncuim, cuntas sochair agus dochair, agus cuntas cothromaíochta, agus go sonnrách cimeádfid sa bhfuirm sin roimhráite gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire o am go ham uaidh féin no ar iarratas an Aire Airgid. |
[EN] | (2) Déanfidh iniúchóirí a bheidh cáilithe go cuibhe, agus a cheapfidh an tAire chuige sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgid, cuntaisí an Bhúird d'iniúcha agus tuarasgabháil do thabhairt ortha gach bliain, agus isé an Bord a íocfidh táillí na n-iniúchóirí sin agus costaisí generálta na n-iniúchta san. | |
[EN] | (3) Féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh ag ordú am, áit agus modh déanta iniúcha cuntaisí an Bhúird fén alt so agus féadfa sé fós a ordú leis na rialacháin sin cadiad na cuntaisí go soláthrófar cóipeanna dhíobh don Aire fén alt so agus cadiad na cuntaisí a foillseofar agus a cuirfar ar díol fén alt so agus cathin agus conus a déanfar an foillsiú agus an díol san. | |
[EN] | (4) Díreach tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí an Bhúird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheidh glactha leo ag na hiniúchóirí, cóip de thuarasgabháil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna de pé cuntaisí do cuireadh fé bhráid na n-iniúchóirí a bheidh orduithe le rialacháin do dineadh fén alt so a chur chun an Aire no a éileoidh an tAire go speisialta, agus foillseoid agus cuirfid ar díol do réir na rialachán san pé cinn de sna cuntaisí do cuireadh fé bhráid na n-iniúchóirí a bheidh orduithe leis na rialacháin sin a fhoillsiú agus a chur ar díol. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird. |
8. —(1) Ceapfidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh is do leo o am go ham is ceart. |
[EN] | (2) Iocfidh an Bord le n-a chuid oifigeach agus seirbhíseach, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige fén Acht so, pé luach saothair agus liúntaisí a shocróidh an Bord. | |
[EN] | (3) Chun duine do cheapa chun beart i seirbhís an Bhúird do líona féadfidh an Bord, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mhola dho chun a cheaptha chun na birte sin, agus ar fháil an iarratais sin do sna Coimisinéirí sin toghfid amach agus molfid duine don Bhord, fé Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) agus dá réir, chun a cheaptha chun na birte sin, agus más oiriúnach leo é toghfid amach agus molfid beirt no níos mó don Bhord i gcóir an cheapacháin sin agus ar fháil an mholta san o sna Coimisinéirí sin don Bhord ceapfidh an Bord chun na birte sin an té a mholann na Coimisinéirí amhlaidh no, má moltar níos mó ná éinne amháin amhlaidh, pé duine is dó leis an mBord is ceart de sna daoine a moltar amhlaidh. | |
[EN] | (4) Iocfidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige fén Acht so, pé costaisí ar scór na gCoimisinéirí sin do thogha amach agus do mhola daoine fén alt so chun bearta i seirbhís an Bhúird do líona a socrófar tré chó-aontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgid no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a shocróidh an tAire Airgid. | |
[EN] |
Feidhmiú feidhmeanna an Bhúird tré n-a oifigigh. |
9. —Féadfidh an Bord aon cheann de sna comhachta agus aon cheann de sna feidhmeanna agus de sna dualgaisí (lasmuich d'orduithe do dhéanamh) a bronntar agus a cuirtar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona tré éinne dá chuid oifigeach no seirbhíseach a bheidh údaruithe ag an mBord chuige sin. |
[EN] |
Leas i gconnra do nochta. |
10. —Aon bhall den Bhord 'na mbeidh aon leas aige in aon chuideachtain no lucht gnótha le n-a mbeidh an Bord chun aon chonnra do dhéanamh, no 'na mbeidh aon leas aige sa chonnra san, nochtfa sé don Bhord go bhfuil an leas san aige agus cadé and saghas é, agus ní thógfidh an ball san aon pháirt in aon bhreithniú ná socrú a dhéanfidh an Bord i dtaobh an chonnartha san, agus cuirfar an nochta san ar breaca i miontuairiscí an Bhúird. |
[EN] |
Toirmeasc ar leasanna i ngnóthaí leictreachais. |
11. —(1) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina bhall den Bhord, déanfa sé gach scair in aon ghnó leictreachais a bheidh dá chuid féin aige, no ina mbeidh leas aige chun tairbhe dho féin, le linn a cheaptha, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis a cheaptha, agus más rud é, le huacht no le comharbacht, go dtuitfidh aon scaireanna in aon ghnó leictreachais chun ball den Bhord, no go ndílseofar ann iad, chun tairbhe dho féin, déanfa sé iad, no an leas a bheidh aige ionta, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis iad do thuitim chuige no tar éis a ndílsithe ann ar an gcuma san. |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh ball den Bhord, faid a bheidh an oifig sin ar seilbh aige, aon scaireanna in aon ghnó leictreachais do cheannach ná do ghlaca ná leas ionta d'fháil chun tairbhe dho féin. | |
[EN] | (3) Aon bhall den Bhord a chimeádfidh, a cheannóidh, no a ghlacfidh aon scaireanna in aon ghnó leictreachais no 'na dtiocfidh leas chuige ionta no 'na bhfanfidh leas aige ionta i gcoinnibh an ailt seo beidh sé dí-cháilithe maidir le n-a oifig mar bhall den tsórt san agus tuigfar é bheith tar éis dul aisti. | |
[EN] | (4) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “scaireanna in aon ghnó leictreachais” aon stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urrúsanna eile de chuid aon chuideachtan a bheidh ag gabháil do gheiniúint, do roinnt, no do sholáthar leictreachais no do dhéanamh apparatuis leictreachais, no do dheighleáil, mion no mór, in apparatus den tsórt san agus foluíonn sé aon scair no leas in aon ghnó neamh-ionchorparáidithe a bheidh ag gabháil don obair sin. | |
[EN] |
Roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leisan mBord. |
12. —(1) Fé réir na dteoranta a forchuirtar leis an alt so, roimhíocfidh an tAire Airgid amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis leis an mBord fé mar iarrfidh agus nuair iarrfidh an Bord air é gach suim a iarrfidh an Bord o am go ham, ach ní níos déanaí ná an lá ceaptha, ar an Aire sin do roimh-íoc leis. |
[EN] | (2) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun glanta an fhiachais a bheidh ar an mBord fén Acht so ar scór úis agus riaráiste úis ar shuimeanna do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus ar scór na gcostaisí fé n-a raghaidh an Bord chun oibreacha na Sionainne d'oibriú, do chimeád i dtreo agus do dheisiú fén Acht so, ní raghaidh a méid iomlán thar pé suim bheadh chó mór le suim chúig milleon agus dhá chéad agus deich míle punt tar éis na suimeanna san do chur léi do roimh-íocadh leis an gciste sin fé leith, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é, amach as an bPrímh-Chiste fé alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ) agus, fé réir na teorann san, ní ragha sé thar suim sé chéad míle punt, agus ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a roimh-íocfar amhlaidh aon leath-bhliain áirithe chun glanta an fhiachais agus na gcostaisí sin thar suim céad go leith míle punt. | |
[EN] | (3) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun aon chríche seachas chun glanta an fhiachais agus na gcostaisí a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ní raghaidh a méid iomlán thar suim dhá mhilleon agus chúig céad míle punt, agus na suimeanna a roimh-íocfar amhlaidh aon leath-bhliain áirithe, ach amháin an leath-bhliain dar críoch an lá ceaptha, chun aon chríche seachas mar adubhradh ní raghaidh a méid iomlán thar suim cheithre chéad míle punt. | |
[EN] | (4) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun na suimeanna uile a roimh-íocfar amhlaidh no aon chuid díobh d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun aon urrúsanna a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná fuil aon tsoláthar eile déanta chun a n-íoctha, féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúsanna do thabhairt amach is dó leis is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (5) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so. | |
[EN] | (6) Is chun na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona, agus chuige sin amháin, a roimh-íocfidh an tAire Airgid agus a chaithfidh an Bord na suimeanna atá le roimh-íoc fén alt so. | |
[EN] | (7) San alt so cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no pé dáta níos déanaí ná san a cheapfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, tré ordú do dhéanamh fén alt so. | |
[EN] | (8) Féadfidh an tAire, tré ordú do dhéanamh le toiliú an Aire Airgid roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, pé dáta tar éis an 31adh lá sin de Mhí na Nodlag, 1932, a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart do cheapa chun bheith ina lá cheaptha. | |
[EN] | Gach ordú a déanfar fén bhfo-alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh de mhí tar éis an chéad lá a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh fé roimhe sin. | |
[EN] |
Us d'íoc ar roimh-íocanna. |
13. —(1) Iocfidh an Bord leis an Aire Airgid, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir pé ráta a cheapfidh an tAire Airgid am an roimh-íoctha agus íocfar an t-ús san amhlaidh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla cóionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfidh an tAire Airgid o am go ham. |
[EN] | (2) Má theipeann ar an mBord aon ús is iníoctha aige fén alt so d'íoc leis an Aire Airgid ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc. | |
[EN] | (3) Aon ús is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so ar an lá ceaptha no roimhe sin, féadfidh an Bord é d'íoc amach as an airgead do roimh-íocadh leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so. | |
[EN] | (4) An t-ús go léir a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham. | |
[EN] |
Roimh-íocanna a déanfar fén Acht so d'aisíoc. |
14. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc a híocfar leis amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta, nách luatha ná an 1adh lá d'Eanair, 1933, a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapa amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimh-íocanna san. |
[EN] | (2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodacha uile agus fé seach de sna roimh-íocanna 'na ndéanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san ina n-aghaidh agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús do tháinig chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, tuigfar an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith lán-aisíoctha ag an mBord gan dochar d'fhiachas an Bhúird in aon ús a bheidh gan íoc ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san. | |
[EN] | (3) Má theipeann ar an mBord aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an íocaíocht leathbhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc. | |
[EN] | (4) Gach airgead a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham. | |
[EN] |
Roimh-íocanna do dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , d'aisíoc. |
15. —(1) Má dhineann an tAire fén Acht so iomlán oibreacha na Sionainne do thabhairt i seilbh an Bhúird san aon am amháin, ansan, díreach ar a dtabhairt i seilbh amhlaidh tiocfidh an Bord fé fhiachas ag an Aire Airgid in aisíoc iomlán na suimeanna (dá ngairmtear “na roimh-íocanna san” san alt so) do roimhíocadh, pe'ca roimh an tabhairt-i-seilbh sin é no dá éis sin, amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , leis an gciste fé leith do bunuíodh chuige sin fé alt 11 den Acht san, maraon le gach ús a bheidh dlite agus gan íoc ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh. |
[EN] | (2) Má dhineann an tAire fén Acht so codacha deifriúla d'oibreacha na Sionainne do thabhairt i seilbh an Bhúird i dtráthanna deifriúla, ansan, díreach ar thabhairt aon choda den tsórt san d'oibreacha na Sionainne i seilbh tiocfidh an Bord fé fhiachas ag an Aire Airgid in aisíoc coda cothromúla (a shocróidh an tAire Airgid tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála) de sna roimh-íocanna san agus den ús a bheidh dlite agus gan íoc ansan ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh. | |
[EN] | (3) Iocfidh an Bord leis an Aire Airgid ús ar na codacha uile agus fé seach de sna roimh-íocanna san o sna dátaí fé seach ar a dtiocfidh an Bord, fén alt so, fé fhiachas a n-aisíoctha go dtí go nglanfar an fiachas san fén alt so no ar aon tslí eile, agus is do réir pé ráta a cheapfidh an tAire sin an uair a thosnóidh an t-ús san ar rith a híocfar an t-ús san amhlaidh agus íocfar amhlaidh é tré íocaíochtaí leath-bhliantúla có-ionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfidh an tAire sin o am go ham. | |
[EN] | (4) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc san, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta, nách luatha ná an 1adh lá d'Eanair, 1933, a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapa amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimhíocanna san. | |
[EN] | (5) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na roimh-íoc san agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús do tháinig chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, beidh fiachas an Bhúird in aisíoc na coda san de sna roimh-íocanna san glanta ach gan dochar d'fhiachas an Bhúird in aon ús a bheidh gan íoc ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san. | |
[EN] | (6) An t-ús go léir a bheidh dlite ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh an uair a thiocfidh an Bord, fén alt so, fé fhiachas aisíoctha na roimh-íoc san no na coda san díobh, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid é laistigh de shé mhí tar éis an Bord do theacht fé fhiachas an aisíoctha san amhlaidh agus má theipeann ar an mBord aon ús den tsórt san d'íoc laistigh den sé mhí sin íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús san a bheidh dlite amhlaidh, ón am a bheidh an sé mhí sin istigh go dtí go n-íocfar an céanna. | |
[EN] | (7) Má theipeann ar an mBord aon ús ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh no aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús, ar an íocaíocht leathbhliantúil, no ar an gcuid d'íocaíocht leath-bhliantúil (pe'ca aca é) a bheidh gan íoc, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna. | |
[EN] | (8) Aon ús is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so ar an lá ceaptha no roimhe sin, féadfidh an Bord é d'íoc amach as an airgead do roimh-íocadh leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so. | |
[EN] | (9) Gach airgead a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham. | |
[EN] |
Muirir ar oibreacha na Sionainne. |
16. —(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus an t-ús go léir agus gach íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar an suim sin no ina haghaidh agus an t-ús go léir is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfid chun bheith agus beid— |
[EN] | (a) ina gcéad-mhuirear ar oibreacha na Sionainne no ar na codacha deifriúla dhíobh díreach tar éis don Aire na hoibreacha san no na codacha deifriúla dhíobh (pe'ca aca é) do thabhairt i seilbh an Bhúird fén Acht so, agus | |
[EN] | (b) ina gcéad-mhuirear so-ghluaiste ar gach maoin, pé saghas í (ach amháin oibreacha na Sionainne) a bheidh dílsithe sa Bhord no dá chuid féin aige o am go ham, ach ní oibreoidh an muirear so-ghluaiste sin chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíona ceart cuibhe na ndualgaisí a bronntar no a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no le haon Acht a rithfar ina dhiaidh seo. | |
[EN] | (2) Díreach ar theacht don Bhord, fén Acht so, fé fhiachas aisíoctha iomlán na suim no aon choda cothromúla de sna suimeanna (pe'ca aca é) do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) leis an gciste fé leith do bunuíodh chuige sin fé alt 11 den Acht san, tiocfidh na suimeanna san no an chuid chothromúil sin (pe'ca aca é) agus an t-ús go léir agus gach íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar an gcéanna no ina aghaidh agus an t-ús go léir is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfid chun bheith agus beid— | |
[EN] | (a) ina muirear (ná beidh tosach air ach ag an muirear a cruthnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo) ar oibreacha na Sionainne no ar na codacha deifriúla dhíobh díreach tar éis don Aire na hoibreacha san no na codacha deifriúla dhíobh (pe'ca aca é) do thabhairt i seilbh an Bhúird fén Acht so, agus | |
[EN] | (b) ina muirear so-ghluaiste (ná beidh tosach air ach ag an muirear so-ghluaiste a cruthnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo) ar gach maoin, pé saghas í (ach amháin oibreacha na Sionainne) a bheidh dílsithe sa Bhord no dá chuid féin aige o am go ham, ach ní oibreoidh an muirear so-ghluaiste sin chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíona ceart cuibhe na ndualgaisí a bronntar no a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no le haon Acht a rithfar ina dhiaidh seo. | |
[EN] | (3) Na muirir uile agus fé seach (ar a n-áirítear muirir shoghluaiste) a cruthnuítear leis an alt so beid dílsithe san Aire Airgid agus féadfidh an tAire sin iad do chur i bhfeidhm do réir fuirm chuibhe na dlí pé uair is dó leis is ceart san do dhéanamh agus pe'ca bheidh aon ús no íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh urruithe le muirear den tsórt san dlite agus gan íoc no ná beidh agus gach airgead a bainfar amach de bhua aon mhuirir den tsórt san íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin. | |
[EN] |
Stiúra oibreacha na Sionainne. |
17. —(1) Nuair a bheidh oibreacha na Sionainne críochnuithe agus tabhartha i seilbh an Aire ag an gconnarthóir atá á ndéanamh déanfidh an tAire, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, le hordú fé n-a shéala, na hoibreacha san do thabhairt i seilbh an Bhúird agus, má dhineann an connarthóir sin aon chuid d'oibreacha na Sionainne do chríochnú agus do thabhairt i seilbh an Aire, féadfidh an tAire más oiriúnach leis é aon uair ina dhiaidh sin, le hordú fé n-a shéala, an chuid chríochnuithe sin de sna hoibreacha san do thabhairt i seilbh an Bhúird aon uair sara mbeidh iomlán na n-oibreacha san críochnuithe. |
[EN] | (2) Is gan dochar do chirt an Aire fé n-a chonnra leis an gconnarthóir atá ag déanamh oibreacha na Sionainne a dhéanfidh an tAire na hoibreacha san no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird fén alt so agus ní bhainfidh éinní san alt so, i dtaobh imeacht dlí, le haon imeachta dlí a bhunóidh an tAire chun na cirt sin do chur i bhfeidhm. | |
[EN] | (3) D'ainneoin oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird fén alt so fanfidh agus beidh na hoibreacha san dílsithe do réir dlí san Aire ach ón dáta ar a dtabharfar oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh i seilbh an Bhúird fén alt so beidh ag an mBord, mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tOireachtas a mhalairt, aon-tseilbh agus aon-stiúra na n-oibreacha san no na coda san díobh (pe'ca aca é) agus an t-aon-cheart chun comhachta agus cirt d'fheidhmiú ina dtaobh a bronntar ar an Aire le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) mar a leasuítear leis an Acht so é, agus beidh an tseilbh sin ag an mBord agus déanfa sé an stiúra san fén Acht so agus dá réir agus fé aon leasú agus do réir aon leasú air a dhéanfidh an tOireachtas ina dhiaidh seo, agus chun críche aon imeacht dlí, síbhialta no coiriúil, i dtaobh éinní a thárlóidh le linn na seilbhe agus an stiúrtha san (le n-a n-áirítear imeachta a bhunóidh an tAire Airgid chun muirear do cruthnuíodh leis an Acht so d'fheidhmiú) féadfidh an Bord dul chun dlí no dlí do chur ar dhuine agus féadfar dul chun dlí leis an mBord no dlí do chur air mar únaer ar na hoibreacha san no ar pé cuid díobh 'na mbeifear ansan tar éis a tabhartha i seilbh do fén alt so, agus féadfar únaeracht na n-oibreacha san no na coda san díobh do bheith sa Bhord. | |
[EN] |
Airnéis d'aistriú chun an Bhúird. |
18. —(1) Pé uair a dhéanfidh an tAire fén Acht so oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird. féadfidh an tAire, leis an ordú le n-a ndéanfar amhlaidh no le hordú ina dhiaidh sin, aistriú chun an Bhúird do dhéanamh ar gach feithicil, úirlis, meaisín, instruimid, agus áirnéis eile no ar aon cheann acu (nách daingneáin do bheadh ag dul le hoibreacha na Sionainne no le haon chuid díobh) do fuair sé fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) no chun crícheanna an Achta san. |
[EN] | (2) Gach áirnéis a haistreofar chun an Bhúird le hordú fén alt so tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, díreach ar dhéanamh an aistrithe sin, dá gcuid féin ag an mBord chó hiomlán is dá gceannuíodh an Bord fén Acht so í. | |
[EN] |
Dualgas generálta an Bhúird. |
19. —Beidh sé de dhualgas ar an mBord— |
[EN] | (a) leictreachas do dhéanamh agus do gheiniúint in oibreacha na Sionainne chó luath agus a dhéanfidh an tAire na hoibreacha san no cuid díobh is leor chuige sin do thabhairt i seilbh an Bhúird, agus fós an leictreachas a geinfar amhlaidh do chur á iompar tré chóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne agus tré aon leathnú ar an gcóir sin, agus | |
[EN] | (b) gach páirt no roinn riamh d'oibreacha na Sionainne do stiúra, do bhainistí, agus do choinneáil dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre o sna dátaí fé seach ar a dtabharfidh an tAire na páirteanna no na ranna san fé seach i seilbh an Bhúird, agus | |
[EN] | (c) an leictreachas a gheinfidh an Bord in oibreacha na Sionainne do roinnt, do chur in úsáid agus do dhíol agus ceannach agus úsáid an leictreachais sin do chur ar aghaidh, agus | |
[EN] | (d) soláthar, roinnt, agus díol leictreachais go generálta i Saorstát Éireann do stiúra, do chó-ordú agus d'fheabhsú agus chun crícheanna an stiúrtha, an chó-orduithe, agus an fheabhsuithe sin na comhachta a bronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus d'úsáid, agus | |
[EN] | (e) go generálta gach dualgas agus comhacht a cuirtar no a bronntar ar an mBord leis an Acht so agus gach dualgas agus comhacht eile den tsórt san a chuirfidh no a bhronnfidh an tOireachtas ar an mBord ina dhiaidh seo do chólíona agus d'fheidhmiú. | |
[EN] |
Comhachta generálta áirithe ag an mBord. |
20. —(1) Fé réir agus do réir forálacha áirithe an Achta so féadfidh an Bord leictreachas (pe'ca é gheiniúint no é cheannach a dhéanfa sé) do roinnt agus do sholáthar in aon pháirt de Shaorstát Éireann ina mhór-choda no d'úsáidirí aonair agus chun crícheanna na roinnte agus an tsoláthair sin beidh aige gach ceart agus comhacht agus beidh sé fé gach oblagáid agus dualgas a bronntar no a cuirtar leis an Acht so ar ghnóthaire údaruithe ach ní dhéanfidh an Bord fén bhfo-alt so leictreachas do roinnt ná do sholáthar ina mhór-choda ná ar aon tslí eile d'aon duine ná áitreabh laistigh de líomatáiste sholathair ghnóthaire údaruithe ach amháin le haontú an ghnóthaire údaruithe sin no fé chomhacht áirithe agus do réir chomhachta áirithe chuige sin a bronntar ar an mBord leis an Acht so. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord, le hordú speisialta, é féin do cheapa chun bheith mar ghnóthaire údaruithe d'aon líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus ar dháta an orduithe sin nách cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe agus nách cuid de an líomatáiste soláthair sin go léir ná aon pháirt de agus maidir le gach ordú speisialta den tsórt san— | |
[EN] | (a) féadfidh an Bord é d'atharú no do cheiliúra fé mar agus nuair is oiriúnach leis é, | |
[EN] | (b) leanfa sé i bhfeidhm agus ag oibriú ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte ann chuige sin no, mara mbeidh aon tréimhse den tsórt san luaidhte amhlaidh, go dtí go gceiliúrfidh an Bord é, | |
[EN] | (c) oibreoidh sé chun an t-aon-cheart do bhronna ar an mBord leictreachas do sholáthar sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, agus chun gach ceart agus comhacht agus gach oblagáid agus dualgas a bronntar no a cuirtar ar ghnóthaire údaruithe leis an Acht so, ina líomatáiste sholáthair, no maidir leis, do bhronna agus do chur ar an mBord sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, no maidir leis, agus maidir leis an mBord do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar leictreachais ann, ach amháin, i gcás ná beidh aon chomhacht den tsórt san infheidhmithe ach le toiliú an Bhúird, go mbeidh feidhmiú ón mBord ar an gcomhacht san ina leor-fhianaise ar thoiliú an Bhúird do bheith leis an bhfeidhmiú san. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an Bord stáisiúin gheiniúna leictreachais, stáisiúin atharacháin agus stáisiúin agus áiteanna eile chun atharuithe no taiscithe leictreachais no chun deighleáil leis ar aon tslí eile do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú agus cóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne do leathnú no do mhéadú agus pé línte agus oibreacha eile is oiriúnach leis an mBord do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú. | |
[EN] | (4) Chun aon chomhacht no feidhm dá mbronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíona, féadfidh an Bord dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh agus pé fiafraithe, fiosrúcháin, agus scrúduithe is oiriúnach leis do dhéanamh ansan. | |
[EN] |
Rátaí agus scálaí d'éilithe ar son leictreachais, etc., do shocrú. |
21. —(1) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord ar an lá ceaptha no roimhe sin ar son leictreachais (pe'ca o oibreacha na Sionainne no ar aon tslí eile a gheobhfar é) a dhíolfa sé ina mhórchoda no díreach le húsáidirí agus ar son earraí a dhíolfa sé no ar son seirbhísí a dhéanfa sé, socrófar iad do réir pé rátaí agus scálaí is dó leis an mBord is mó a raghaidh chun a chur ar chumas an Bhúird ón lá ceaptha san amach an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so do chólíona. |
[EN] | (2) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord tar éis an lae cheaptha ar son leictreachais (pe'ca o oibreacha na Sionainne no ar aon tslí eile a gheobhfar é) a dhíolfa sé ina mhór-choda no díreach le húsáidirí agus ar son earraí a dhíolfa sé agus ar son seirbhísí a dhéanfa sé, socrófar iad do réir a leithéidí sin de rátaí agus de scálaí go mbeidh an t-ioncum a gheobhaidh an Bord aon bhliain as na díolacháin agus as na seirbhísí sin, maraon leis an ioncum (más ann do) a gheobha sé an bhliain sin as nithe eile, mór a dhóthin agus gan ach mór a dhóthin (chó comhgarach agus is féidir é) chun íoctha gach tuarastail, costais oibre, agus caiteachais eile a bheidh ar an mBord agus ba cheart a chur mar mhuirear ar ioncum sa bhliain sin (agus ar a n-áirítear na híocaíochtaí a bheidh le n'íoc ag an mBord leis an Aire Airgid an bhliain sin in aghaidh úis agus íocaíochtaí ciste fhiach-laigheaduithe ar roimhíocanna amach as an bPrímh-Chiste), agus fós chun íoctha pé suimeanna is dó leis an mBord is ceart a chur i leataoibh an bhliain sin i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, athnuachaintí, laigheadú luacha, iasachtaí agus crícheanna eile den tsórt san. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an ní a chialluíonn sé in alt 12 (alt i dtaobh roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leis an mBord) den Acht so. | |
[EN] |
Iasachtaí ón mBord do ghnóthairí údaruithe. |
22. —Féadfidh an Bord roimh-íocanna d'íoc, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige, le haon ghnóthaire údaruithe, gnóthaire ceaduithe no gnóthaire reachtúil chun críche a ghnótha san ar pé téarmaí is dó leis an mBord is ceart agus, i gcás ina mbeidh san air fé aon alt eile den Acht so, íocfidh an Bord na roimh-íocanna san ar pé téarmaí a socrófar sa tslí a foráltar chuige sin leis an alt san, agus féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, gnóthaire ceaduithe no gnóthaire reachtúil iasacht d'fháil ón mBord d'ainneoin éinní atá san Acht, san ordú, sa mhemorandum comhlachais no sa scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire sin. |
[EN] |
Tabharfidh gnóthairí údaruithe agus gnóthairí ceaduithe eolas áirithe don Bhord. |
23. —Féadfidh an Bord a éileamh ar aon ghnóthaire údaruithe agus déanfidh gach gnóthaire den tsórt san, nuair a héileofar san air, pé eolas ar a ghnó is dó leis an mBord is gá do thabhairt don Bhord, agus gach gnóthaire údaruithe go dteipfidh air no a eiteoidh an t-eolas san roimhráite do thabhairt don Bhord ar a éileamh san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air. |
[EN] |
Fíosrúchán i dtaobh riara, etc., ghnótha údaruithe. |
24. —(1) Féadfidh an Bord aon uair fiosrúchán do dhéanamh no aon duine do cheapa chun fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh riara agus staid airgeadais ghnó aon ghnóthaire údaruithe, agus beidh comhacht ag an mBord no ag an té a ceapfar mar adubhradh (pe'ca aca é) fínnithe do ghairm chun bheith i láthair ag an bhfiosrúchán san agus fínnithe do cheistiú fé mhionn agus chuige sin fínnithe a bheidh i láthair ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn agus a chur fhiachaint ar na fínnithe sin aon scríbhinní do thaisbeáint a bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram agus is dó leis an mBord no leis an duine sin (pe'ca aca é) is gá, chun crícheanna an fhiosrúcháin sin, do thaisbeáint. |
[EN] | (2) Pé uair a déanfar fiosrúchán fén alt so i dtaobh riara agus staid airgeadais ghnó ghnóthaire údaruithe, beidh an gnóthaire údaruithe sin i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair agus, más mian leis é, dligheadóir do bheith aige ag an bhfiosrúchán san. | |
[EN] | (3) Gach duine go dteipfidh air bheith i láthair ag aon fhiosrúchán den tsórt san roimhráite tar éis don Bhord no d'éinne den tsórt san roimhráite é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné ag an bhfiosrúchán san no, ar bheith i láthair mar fhínné ag an bhfiosrúchán san do, a dhiúltóidh do mhionn do thabhairt no d'fhianaise do thabhairt uaidh no d'aon scríbhinn a bheidh fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thaisbeáint nuair a héileofar san air, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air. | |
[EN] |
Tabharfidh úsáidirí, etc., apparatuis leictreachais eolas áirithe don Bhord. |
25. —Féadfidh an Bord a éileamh ar éinne a stiúrann no a úsáideann apparatus leictreachais agus déanfidh gach éinne den tsórt san, nuair a héileofar san air, pé eolas, ná baineann ach le cineál, stiúra, agus úsáid an apparatuis leictreachais sin (gan cineál ná crích aon oibre trialach dá n-úsáidtear an t-apparatus san d'áireamh) agus is dó leis an mBord is gá, do thabhairt don Bhord agus gach éinne ar a dteipfidh no a eiteoidh an t-eolas san do thabhairt don Bhord nuair a héileofar san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air. |
[EN] |
Comhairleoirí teicniciúla, etc., d'fhostú. |
26. —(1) Féadfidh an Bord o am go ham pé comhairleoirí teicniciúla no comhairleoirí eile is oiriúnach leis d'fhostú chun comhairle do thabhairt do i dtaobh éinní no aon ruda a bhaineann leis an mBord d'fheidhmiú no do chólíona na gcomhacht, na ndualgas agus na bhfeidhm a bronntar no a cuirtar air leis an Acht so no fé. |
[EN] | (2) Íocfar amach as na cistí a bheidh ar a chur ag an mBord fén Acht so, le gach éinne a fhostóidh an Bord fén alt so, pé táillí agus pé liúntaisí a shocróidh an Bord. | |
[EN] |
Feidhmeanna generálta chun comhairle ag an mBord. |
27. —Beidh sé de dhualgas ar an mBord comhairle do thabhairt don Ard-Chomhairle go generálta i dtaobh gach ní a bhaineann le comhacht uisce agus maoin nádúrtha eile i Saorstát Éireann d'úsáid chun leictreachas do gheiniúint, agus gach fiosrúchán do dhéanamh agus gach dátán do bhailiú i dtaobh na comhachta uisce sin agus na maoine nádúrtha san a bheidh riachtanach chun iad d'úsáid chun leictreachas do gheiniúint, agus comhairle do thabhairt don Aire i dtaobh ionad agus méid na córach iompair a bheidh le déanamh do réir forálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ) agus i dtaobh pé nithe eile den tsórt san, a eireoidh as an Aire d'fheidhmiú agus do chólíona na gcomhacht, na bhfeidhm agus na ndualgas a bronntar agus a cuirtar air leis an Acht san, is oiriúnach leis an Aire a chur chun an Bhúird chun comhairle d'fháil uatha. |
[EN] |
Féadfidh an Bord fiosrúcháin agus suirbhéireachtaí do dhéanamh. |
28. —(1) Féadfidh an Bord pé fiosrúcháin, fromhthanna, agus trialacha do dhéanamh is oiriúnach leis an mBord chun feabhas do chur ar na modhanna chun leictreachas d'iompar, do roinnt, agus do sholáthar no chun abhar teine, comhacht uisce, no meáin eile gheiniúna leictreachais do chur in úsáid agus féadfa sé saotharlann tástála do bhunú agus do chimeád ar siúl chun instruimidí leictreachais do thástáil agus do standardáil. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord pé nithe do dhéanamh is dó leis an mBord do raghadh chun úsáid chomhachta uisce do chur ar aghaidh i Saorstát Éireann agus féadfa sé obair shuirbhéireachta náisiúnta um chomhacht agus uisce-thomhas do leaga amach agus do chur i ngníomh agus pé mapaí, pleananna, gearrtha, agus meastacháin is gá chun aon chríche de sna crícheanna roimhráite do dhéanamh no socrú chun a ndéanta. | |
[EN] | (3) Féadfidh an Bord dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh chun go ndéanfaidís ansan no ar aon tailte no in aon áitreabh eile gach ní no éinní dá n-údaruítear don Bhord leis an alt so do dhéanamh no chun aon fhiafraí, fiosrúchán, no scrúdú a théigheann roimh dhéanamh éinní den tsórt san no a ghabhann le n-a dhéanamh do dhéanamh ansan no ar aon tailte no in aon áitreabh eile. | |
[EN] |
Taisbeántaisí d'apparatus, etc., leictreachais. |
29. —Chun úsáid leictreachais i gcúrsaí tighis, ceárdais talmhaíochta agus i gcúrsaí eile do chur ar aghaidh agus i méid, féadfidh an Bord seomraí taisbeántais d'oscailt no socrú chun a n-oscailte chun apparatus agus fearaistí leictreachais do thaisbeáint agus féadfa sé léirithe, taisbeántaisí, agus teagasc a bhaineann le húsáid leictreachais sna cúrsaí roimhráite do leaga amach agus do stiúra no socrú chun a leagtha amach agus a stiúrtha ar fuaid Shaorstáit Éireann. |
[EN] |
Congnamh o Ranna Stáit. |
30. —Féadfidh an Bord connra do dhéanamh le haon Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh leis an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) no le haon chólucht reachtúil fé chúram aon Aire den tsórt san agus féadfidh an tAire sin no an cólucht reachtúil sin, le toiliú an Aire Airgid, connra do dhéanamh leis an mBord, chun seirbhísí do dhéanamh agus abhair do sholáthar don Bhord maidir leis an mBord d'fheidhmiú na gceart a bronntar air agus do chólíona na ndualgas a cuirtear air leis an Acht so, agus ar bheith déanta d'aon chonnra den tsórt san déanfidh an tAire sin no an cólucht reachtúil sin agus a chuidsean no a gcuid-sean oifigeach agus seirbhíseach seirbhísí agus soláthróid abhair don Bhord do réir an chonnartha san. |
[EN] |
Féadfidh an Bord fiafraithe do dhéanamh. |
31. —(1) Féadfidh an Bord pé fiafraithe do dhéanamh is dó leis an mBord is gá chun crícheanna an Achta so no a chur fé ndeár a leithéidí do dhéanamh, agus beidh ag an mBord agus, má thugann an Bord údarás do chuige sin, beidh ag an té a cheapfidh an Bord chun aon fhiafraí den tsórt san do dhéanamh, comhacht chun fianaise fé mhionn do ghlaca agus, chuige sin, daoine do chur fé mhionn, agus fos féadfidh an Bord no an duine sin, le hordú, a éileamh ar éinne, fé réir na gcostaisí réasúnta a bhainfidh le n-a bheith i láthair d'íoc leis no do thairisgint do, bheith i láthair mar fhínné agus fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinní do thaisbeáint ag an bhfiafraí sin, agus más rud é, gan leathscéal réasúnta, go dteipfidh ar éinne aon cheann d'fhorálacha an orduithe sin do chólíona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. |
[EN] | (2) Féadfar fógra i dtaobh aon fhiafraí a bheidh le déanamh chun crícheanna an Achta so do thabhairt agus d'fhoillsiú do réir pé orduithe generálta no speisialta a thabharfidh an Bord uaidh. | |
[EN] |
Tuarasgabháil bhliantúil, staitistíocht agus cuntaisí. |
32. —(1) Tabharfidh an Bord don Aire gach bliain, ar pé dáta agus i pé fuirm a ordóidh an tAire, tuarasgabháil ar imeachta an Bhúird fén Acht so i rith na bliana roimhe sin. |
[EN] | (2) Tabharfidh an Bord don Aire, ar pé uaire agus i pé fuirm agus slí a ordóidh an tAire, pé staitistíocht agus cuntaisí a éileoidh an tAire. | |
[EN] | (3) Leagfidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é cóip de gach tuarasgabháil a thabharfidh an Bord do fén alt so, maraon le cóip den chuntas chaipitail, den chuntas ioncuim, den chuntas sochair agus dochair, agus den chuntas chothromaíochta is déanaí ón mBord agus cóip de thuarasgabháil an iniúchóra ar na cuntaisí sin agus, i dteanta gach tuarasgabhála den tsórt san ón mBord, leagfa sé fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóipeanna de pé staitistíocht agus cuntaisí a thabharfidh an Bord do fén Acht so a bheidh riachtanach chun an tuarasgabháil sin do thuisgint sa cheart. | |
[EN] |
Rialacháin ghenerálta. |
33. —Féadfidh an Bord le hordú pé rialacháin ghenerálta do dhéanamh is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht agus féadfa sé go sonnrach, fé réir forálacha an Achta so, pé rialacháin is dó leis is ceart do dhéanamh i dtaobh gach ceann no aon cheann de sna nithe no de sna rudaí seo a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an Bord do dhéanamh orduithe speisialta agus iarrataisí chun an Bhúird ar orduithe den tsórt san, | |
[EN] | (b) an Bord do dhéanamh orduithe (nách orduithe speisialta), | |
[EN] | (c) an Bord do dheona ceadanna chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus go sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar, | |
[EN] | (d) na táillí a híocfar as an mBord do dhéanamh orduithe speisialta ag tabhairt údaráis agus as an mBord do dheona ceadanna ag tabhairt comhachta chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar, | |
[EN] | (e) an nós-imeachta a bhainfidh leis an mBord do thógaint gnóthaí údaruithe, | |
[EN] | (f) airgead do roimh-íoc le gnóthairí agus aisíoc an airgid sin, | |
[EN] | (g) an nós-imeachta a bhainfidh leis an mBord do ghlaca stiúra gnóthaí údaruithe agus dá leigint uaidh agus leis na gnóthaí sin do threora agus do bhainistí le linn iad do bheith fé stiúra an Bhúird, | |
[EN] | (h) an nós-imeachta a bheidh le leanúint ag gnóthairí údaruithe in iarraidh agus i mbreithniú tairisgintí um oibreacha agus um sholáthairtí agus i nglaca leo, | |
[EN] | (i) aer-shreanga glactha teachtaireachtaí no scéal eile tré radio-thelegrafaíocht do chur suas agus do choinneáil ar siúl d'fhonn a thoirmeasc leis na rialacháin sin aershreanga den tsórt san do chur suas agus do choinneáil ar siúl in aon áit no suidheamh gur dó leis an mBord go mbeadh a gcur suas no a gcoinneáil ar siúl ann ina dhainnseur d'úsáidirí na n-aer-shreang san no don phuiblíocht toisc na haer-shreanga san do bheith comhgarach do líne chun leictreachas d'iompar no do roinnt, no gur dó leis an mBord go ndéanfadh san bac do chur ar roinneachán leictreachais do chur ar aghaidh (maraon le fíneála mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair), | |
[EN] | (j) cosaint agus sábháltacht oibreacha na Sionainne agus gach córach no aon chórach iompair no roinneacháin (maraon le fíneála d'fhorchur mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair), | |
[EN] | (k) sábháltacht na puiblíochta do chosaint (maraon le fíneála d'fhorchur mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair), agus | |
[EN] | (l) nós-imeachta an Bhúird go generálta. | |
[EN] |
Rialacháin d'ionchorparú le horduithe speisialta. |
34. —(1) Féadfidh an Bord, le hordú, rialacháin (ar a n-áirítear rialacháin ag forchur pionóisí) do dhéanamh in ionad no i dteanta na bhforálacha atá go dtí so san Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é leis an Electric Lighting Act, 1909, no le haon Acht eile agus tuigfar gach rialachán a déanfar amhlaidh do bheith ionchorparuithe i ngach Acht no Ordú Speisialta do ritheadh no do dineadh roimh rith an Achta so in ionad aon fhorálacha, i dtaobh na nithe céanna, atá san Acht no san Ordú Speisialta san no atá ionchorparuithe ann pe'ca forálacha an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é mar adubhradh, na forálacha san no nách iad. |
[EN] | (2) Na rialacháin uile a dhéanfidh an Bord fén alt so ionchorparófar iad le gach ordú speisialta a dhéanfidh an Bord ag ceapa an Bhúird no éinne eile chun bheith ina ghnóthaire údaruithe agus beid ina gcuid den ordú san, ach amháin sa mhéid go ndéanfar leis an ordú speisialta san na rialacháin sin d'eisceacht no d'atharú go soiléir agus, fé réir atharuithe no eisceachtaí den tsórt san (más ann dóibh), bainfid leis an ngnó a húdarófar leis an ordú speisialta san sa mhéid gurb ionchurtha i mbaint leis iad. | |
[EN] | (3) I gcás forálacha an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é mar adubhradh, do bheith ionchorparuithe, roimh rith an Achta so, le haon Ordú Soillsiúcháin Leictriciúla do dineadh fé aon Acht, fanfidh forálacha uile agus fé seach an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é amhlaidh, i bhfeidhm, sa mhéid ná fuilid buiniscionn le forálacha an Achta so, go dtí pé uair a cuirfear in ionad na bhforálacha san fé seach rialacháin a dhéanfidh an Bord fén alt so. | |
[EN] | (4) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil ag cur aon tsriain le haon údarás áitiúil no ag éileamh no ag údarú aon chur isteach ar fheidhmeanna no ar dhualgaisí aon údaráis áitiúla, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus pé fógraí (más ann dóibh) do sheirbheáil agus pé fiafraithe (más ann dóibh) do dhéanamh a éileoidh an tAire sin a sheirbheáil no a dhéanamh. | |
[EN] | (5) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil i dtaobh aon gheas-ghnótha, bóthair iarainn, canála, slí loingseoireachta intíre, duga, no cuain, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus pé fógraí (más ann dóibh) do sheirbheáil agus pé fiafraithe (más ann dóibh) do dhéanamh a éileoidh an tAire a sheirbheáil agus a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil a bhaineann le haon tailte, áitreabh, oibreacha, no abhair no maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa no a dhineann deifir don chéanna, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire sin. | |
[EN] | (7) Na rialacha agus na rialacháin uile do dineadh fé aon Acht a hathghairmtear leis an Acht so fanfid i bhfeidhm, sa mhéid go bhfuilid i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, mara gcuirtar agus go dtí go gcuirfar in ionad na rialacha no na rialachán san rialacháin (i dtaobh an ní is abhar do sna rialacha no do sna rialacháin roimhráite) a dhéanfidh an Bord fén alt so. | |
[EN] | (8) Gach rialachán a dhéanfidh an Bord fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san. |