|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Co-dheanamh, Airgeadas agus Feidhmeanna Generalta Bhuird Sholathair an Leictreachais.) | Ar Aghaidh (CUID III. Udarais Áitiúla.) |
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Feidhmeanna agus Comhachta Airithe Bhuird Sholathair an Leictreachais. | |
[EN] |
Toirmeasc ar leictreachas do dhíol gan údarás. |
35. —(1) I gceann sé mí o am rithte an Achta so no i gceann pé tréimhse breise a shocróidh an Bord d'aon líomatáiste áirithe, agus as san amach, ní dhéanfidh éinne (ach an Bord) leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta maran gnóthaire údaruithe é no duine dá mbeidh sé údaruithe le cead do deonadh fén Acht so leictreachas do sholáthar. |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh aon ghnóthaire údaruithe lasmuich dá líomatáiste sholáthair leictreachas do dhíol na leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin sa mhéid go n-údaruítear do san do dhéanamh leis an Acht no fé no leis an ordú speisialta no eile no fé gur gnóthaire údaruithe dá bhua é, no leis an Acht so no fé, agus ní dhéanfidh aon ghnóthaire údaruithe leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin do réir an Achta san no an orduithe speisialta no eile sin mar adubhradh agus do réir an Achta so. | |
[EN] | (3) Einne go mbeidh ar seilbh aige de thurus na huaire cead do deonadh fén Acht so chun leictreachas do sholáthar ní dhéanfa sé leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin do réir an cheada san. | |
[EN] | (4) Seirbheálfidh an Bord ar gach éinne a dhineann, go bhfios don Bhord, leictreachas do dhíol no leictreachas do sholáthar chun a dhíolta contrárdha don alt so fógra i scríbhinn á éileamh ar an duine sin scur, laistigh de cheithre lá déag o dháta seirbheála an fhógra san, de leictreachas do dhíol no de leictreachas do sholáthar chun a dhíolta mar adubhradh. | |
[EN] | (5) Gach éinne a dhíolfidh leictreachas no a sholáthróidh leictreachas chun a dhíolta contrárdha don alt so tar éis ceithre lá déag o seirbheáladh fógra air fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, fíneáil ná raghaidh thar céad punt agus, ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise do dheich bpúint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta, no an phríosúntacht san agus an fhíneáil sin le chéile. | |
[EN] |
An Bord do cheapa gnóthairí údaruithe. |
36. —(1) Féadfidh an Bord, le hordú speisialta, a údarú d'éinne (d'ainneoin aon achtacháin a thoirmeascann an duine sin ar leictreachas do gheiniúint chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht no ar leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht) leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht chun gach críche laistigh de líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte agus ar dháta an orduithe nách cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe agus nách cuid de an líomatáiste soláthair sin go léir ná aon pháirt de. |
[EN] | (2) An té dá n-údarófar, le hordú speisialta a déanfar fén alt so, leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar, íocfa sé leis an mBord, as an ordú san do dhéanamh, pé táille a socrófar chuige sin leis na rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so agus beidh íoc na táille sin mar choiníoll a cólíonfar sara ndéanfar an t-ordú san. | |
[EN] | (3) Gach ordú speisialta a déanfar fén alt so oibreoidh sé chun an té dá n-údarófar leis leictreachas do sholáthar do cheapa chun bheith ina ghnóthaire údaruithe don líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte san ordú agus chun an t-aon-cheart do bhronna ar an duine sin leictreachas do sholáthar sa líomatáiste sin. | |
[EN] |
Ceadanna chun leictreachas do sholáthar don phuiblíocht. |
37. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an Bord cead do dheona d'éinne (d'ainneoin aon achtacháin a thoirmeascann an duine sin ar leictreachas do gheiniúint chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht no ar leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht) chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht i gcoitinne no d'aicmí no do dhaoine áirithe den phuiblíocht chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe i líomatáiste áirithe fé réir pé cinn d'fhorálacha an Achta so agus pé coiníollacha eile a bheidh luaidhte sa chead. |
[EN] | (2) An té dá ndeonfar cead a deonfar fén alt so, íocfa sé leis an mBord, as an gcead san do dheona, pé táille a socrófar chuige sin leis na rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so agus beidh íoc na táille sin mar choiníoll a cólíonfar sara ndeonfar an cead san. | |
[EN] | (3) Ní dheonfidh an Bord cead fén alt so d'éinne chun leictreachas do sholáthar d'éinne i líomatáiste soláthair dá mbeidh gnóthaire údaruithe ábalta agus toilteannach ar leictreachtas do sholáthar. | |
[EN] | (4) Go dtí go socróidh an tOireachtas a mhalairt ní dhéanfidh an Bord, maidir le héinne do bhí ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ag soláthar leictreachais don phuiblíocht in aon líomatáiste ar aon tslí seachas mar ghnóthaire údaruithe, diúltú do chead do dheona fén alt so don duine sin chun leanúint de leictreachas do sholáthar don phuiblíocht sa líomatáiste sin más rud é ná beidh aon tsoláthar eile leictreachais ar fáil don líomatáiste sin agus gur deimhin leis an mBord an duine sin roimhráite do bheith toilteannach ar pé cinn d'fhorálacha an Achta so agus pé coiníollacha eile do chólíona a bhainfidh, no a cuirfar i mbaint fén Acht so, le gnóthairí údaruithe agus a bheartóidh an Bord a luadh sa chead, agus ní dhéanfidh an Bord cead a deonfar fén alt so d'éinne den tsórt san roimhráite do cheiliúra faid ná beidh aon tsoláthar eile leictreachais ar fáil don líomatáiste le n-a mbaineann an cead san agus a leanfidh an té dá ndeonfar an cead de sna cinn sin d'fhorálacha an Achta so agus de sna coiníollacha bheidh luaidhte amhlaidh sa chead do chólíona chun sástacht an Bhúird. | |
[EN] | (5) Aon chead a deonfar fén alt so oibreoidh sé chun comhacht do thabhairt don té dá ndeonfar é leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar (pe'ca aca é) do réir téarmaí an cheada san agus féadfa sé fós, má deirtar san ann, oibriú chun an t-aon-cheart do bhronna ar an duine sin leictreachas do sholáthar chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe sa líomatáiste a bheidh luaidhte sa chead. | |
[EN] | (6) Féadfidh cead a deonfar fén alt so a rá agus, má deir sé é, déanfa sé, gach ceann no aon cheann de sna comhachta, de sna feidhmeanna, de sna hoblagáidí agus de sna dualgaisí a bronntar no ar cuirtar ar ghnóthaire údaruithe leis an Acht so agus le rialacháin a bheidh déanta fé do bhronna agus do chur ar an té dá ndeonfar é agus comhachta do bhronna ar an mBord, maidir leis an duine sin agus le n-a ghnó, den tsórt chéanna a bronntar ar an mBord leis an Acht so no leis na rialacháin a bheidh déanta maidir le gnóthaire údaruithe no le n-a ghnó, agus chun go mbainfidh an tAcht so agus na rialacháin sin le cead adéarfidh amhlaidh agus leis an té dá ndeonfar an cead san folóidh an focal “gnóthaire údaruithe” san Acht so agus sna rialacháin sin an duine sin agus folóidh tagairtí do ghnó ghnóthaire údaruithe gnó gnóthaire cheaduithe. | |
[EN] | (7) Féadfidh an Bord cead a deonfar fén alt so d'atharú no do cheiliúra fé mar agus nuair is oiriúnach leis é. | |
[EN] | (8) Fé réir na n-atharuithe (más ann dóibh) a dhéanfidh an Bord ar chead a deonfar fén alt so, leanfidh an cead i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte chuige sin ann no, mara mbeidh aon tréimhse den tsórt san luaidhte amhlaidh, go dtí go gceiliúrfidh an Bord an cead. | |
[EN] |
Féadfidh an Bord gnóthaí údaruithe do thógaint. |
38. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht no ordú, féadfidh aon ghnóthaire údaruithe aon uair a iarraidh ar an mBord a ghnó do thógaint agus leis sin féadfidh an Bord, le hordú, más oiriúnach leis é, an gnó san do thógaint. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord aon uair, le hordú, gnó aon ghnóthaire údaruithe do thógaint agus féadfa sé fós aon uair, tré chó-aontú le héinne a bheidh ag geiniúint, ag roinnt agus ag soláthar leictreachais no á roinnt agus á sholáthar do réir cheada do deonadh don duine sin fén Acht so, gnó an duine sin (no aon chuid den ghnó san) do thógaint. | |
[EN] |
An nós-imeachta a leanfidh an Bord le linn gnó údaruithe do bheith aige á thógaint. |
39. —(1) Pé uair a bheidh an Bord ar aigne gnó gnóthaire údaruithe (dá ngairmtear an seana-ghnóthaire anso ina dhiaidh seo san alt so) do thógaint fén Acht so cuirfidh an Bord chun an ghnóthaire sin no seachadfa sé dho fógra i scríbhinn (dá ngairmtear an fógra tógainte anso ina dhiaidh seo san alt so) á rá go bhfuil sé ar an aigne sin agus ag luadh an dáta ar a bhfuil an Bord ar aigne an gnó do thógaint (dá ngairmtear dáta na tógainte anso ina dhiaidh seo san alt so). |
[EN] | (2) Déanfidh an Bord ar dháta na tógainte, le hordú speisialta (dá ngairmtear an t-ordú dílsiúcháin anso ina dhiaidh seo san alt so), é féin no duine éigin eile do cheapa chun bheith ina ghnóthaire údaruithe (dá ngairmtear an gnóthaire nua anso ina dhiaidh seo san alt so) do líomatáiste sholáthair an tseanaghnóthaire agus maoin, sócmhainní, agus fiachaisí uile an tseanaghnóthaire mar a foráltar anso ina dhiaidh seo, maidir leis an ngnó, d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann. | |
[EN] | (3) Sa mhéid go dtabharfidh an t-ordú dílsiúcháin le tuisgint an gnóthaire nua do bheith á cheapa thríd chun bheith ina ghnóthaire údaruithe, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige díreach ar nós ordú speisialta do dhéanfadh an Bord fén alt oiriúnach den Acht so á fhaisnéis gurb é an Bord an gnóthaire údaruithe do líomatáiste sholáthair no ag ceapa duine chun bheith ina ghnóthaire údaruithe do líomatáiste sholáthair (pe'ca ní aca san is gá sa chás). | |
[EN] | (4) Sa mhéid go dtabharfidh an t-ordú dílsiúcháin le tuisgint go ndineann sé maoin, sócmhainní, agus fiachaisí an tseana-ghnóthaire d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann, déarfa sé agus déanfa sé:— | |
[EN] | (a) maoin agus sócmhainní uile an tseana-ghnóthaire is leis agus a bheidh in úsáid aige (ar a n-áirítear maoin amuich ar iasacht no ar cíos ag úsáidirí) ar dháta an orduithe dhílsiúcháin chun crícheanna an ghnótha d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann saor o gach muirear agus eire, agus | |
[EN] | (b) gach leabhar-fhiach agus airgead eile a bheidh dlite don tseana-ghnóthaire ar cuntas an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann maraon leis an gceart chun dul chun dlí mar gheall ar na fiacha agus ar an airgead san agus chun iad do bhaint amach agus chun admhála dleathacha do thabhairt ortha, agus | |
[EN] | (c) fiachas na bhfiacha agus na bhfiachaisí uile a bheidh dlite ar an seana-ghnóthaire ar cuntas an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin agus oblagáid slánuithe an tseana-ghnóthaire ortha do chur ar an ngnóthaire nua agus do dhílsiú ann sa mhéid gur fiacha agus fiachaisí iad nách— | |
[EN] | (i) fiachaisí caipitail, morgáistí, iasachtaí, agus sárú cuntais bainc, ná | |
[EN] | (ii) aon fhiachas, os cionn mile punt, fé n-ar chuathas gan toiliú an Aire tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird no fé n-ar chuathas gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird. | |
[EN] | (5) Díreach ar sheirbheáil an fhógra thógainte ar an seanaghnóthaire scuirfidh an seana-ghnóthaire de bheith ina ghnóthaire údaruithe ach (d'ainneoin éinní atá san Acht so no in aon Acht eile no in aon ordú) leanfa sé dá ghnó do chimeád ar siúl go dtí dáta an orduithe dhílsiúcháin, agus go dtí an dáta san beidh aige agus cólíonfa sé gach ceart, comhacht, dualgas, agus oblagáid do bhí, díreach roimh sheirbheáil an fhógra thógainte, bronnta no curtha air leis an Acht so no le haon Acht eile no le haon ordú agus is gá chun a ghnó do chimeád ar siúl amhlaidh. | |
[EN] | (6) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire tiocfidh an gnóthaire nua chun bheith agus beidh sé ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin, de bhua an fho-ailt seo, fé fhiachas na rudaí seo síos agus fé cheangal an seana-ghnóthaire do shlánú agus do chimeád slánuithe ortha, eadhon, gach iasacht chaipitail (agus sárú reatha ar chuntas bhainc d'áireamh) a bheidh gan aisíoc ar dháta an orduithe dhílsiúcháin agus do fuair an seanaghnóthaire ar iasacht i gcóir an ghnótha agus gach morgáiste agus muirear ar an ngnó no ar shócmhainní an ghnótha a bheidh gan aisíoc ar dháta an orduithe dhílsiúcháin (ach amháin iasachtaí do fuarthas agus morgáistí agus muirir do bunuíodh gan toiliú an Aire tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird no gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird) agus fós an t-ús ar na hiasachtaí, ar na morgáistí, agus ar na muirir sin o dháta an orduithe dhílsiúcháin. | |
[EN] | (7) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire agus gur dhin sé roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tríd na rátaí, aon tsuim do chruinniú mar chongnamh don ghnó, tiocfidh an gnóthaire nua chun bheith agus beidh sé ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin, de bhua an fho-ailt seo, fé fhiachas an tsuim sin (lú-de shuim is có-ionann leis an gcuid (más ann di) den tsuim sin do híocadh isteach i gcuntas ioncuim ghenerálta an údaráis áitiúla san roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin mar fhaoiseamh ar rátaí) d'íoc leis an seana-ghnóthaire ina deich dtráth-choda bliantúla có-ionannacha agus beidh an chéad cheann acu iníoctha i gcionn bliana tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin agus íocfar gach ceann fé leith acu ar a fháil don tseanaghnóthaire isteach i gcuntas ioncuim ghenerálta an tseanaghnóthaire mar fhaoiseamh ar rátaí. | |
[EN] | (8) I gcás nách údarás áitiúil an seana-ghnóthaire íocfidh an gnóthaire nua leis an mBord laistigh de ráithe tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin no, má sé an Bord féin an gnóthaire nua, cuirfe sé isteach i gcuntas fé leith suim is có-ionann leis an méid is luach cothrom ar dháta an orduithe dhílsiúcháin don ghnó (maraon leis an méid de mhaoin, de shócmhainní, agus d'fhiachaisí uile an ghnótha a haistreofar chun an ghnóthaire nua no a cuirfar air leis an ordú dílsiúcháin) mar ghnó-ar-siúl agus le hús ar an luach cothrom san o dháta an orduithe dhílsiúcháin do réir ráta chúig per cent. per annum agus, mara gcó-aontuítear ar an luach cothrom san, socrófar é ag eadarscánaí ar a gcó-aontóidh an seana-ghnóthaire agus an gnóthaire nua no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a cheapfidh an Ard-Chúirt, agus chó luath agus is féidir é tar éis an tsuim sin do bheith íoctha no curtha isteach i gcuntas fé leith amhlaidh déanfidh an Bord, as an airgead a híocfar leis no a chuirfe sé isteach i gcuntas fé leith amhlaidh, gach morgáiste agus muirear a dhineann deifir don ghnó no d'aon chuid de mhaoin no de shócmhainní an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin do ghlana chó fada agus is leor chuige sin an t-airgead san agus déanfa sé a mbeidh fágtha (más ann do) den airgead san d'íoc leis an seana-ghnóthaire. | |
[EN] | Ag socrú luach cothrom gnótha dho chun crícheanna an fho-ailt seo ní áireoidh an t-eadarscánaí aon tsuim ná liúntas mar gheall ar aon fhás ar luach a thagann go díreach no go neadhíreach o oibriú oibreacha na Sionainne. | |
[EN] | (9) Gach éinne a bheidh, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire agus ar obair aige a bhaineann leis an ngnó agus do bhí ar obair aige amhlaidh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tiocfa sé chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire nua, ar dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin (maran rogha leis an duine sin, le toiliú an tseanaghnóthaire, fanúint i seirbhís an ghnóthaire sin i bpost eile), ar na téarmaí céanna (agus cirt chun méadú páigh, pinsin agus aoisliúntais d'áireamh) ar a raibh sé ar obair ag an seana-ghnóthaire an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus pé méaduithe tuarastail agus tairbhí eile aige a bheidh, roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, tar éis fás chuige as na téarmaí sin tré imeacht aimsire maraon le pé méaduithe tuarastail agus tairbhí eile sa mbreis do bhronn an seana-ghnóthaire air le toiliú an Aire, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird, no le toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird. | |
[EN] | (10) Má eiríonn aon aighneas no ceist i dtaobh ce'ca bhí no ná raibh éinne áirithe, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire, agus ce'ca bhí nó ná raibh sé ar obair aige a bhain leis an ngnó, agus ce'ca bhí nó ná raibh sé ar obair aige amhlaidh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tabharfidh an tAire breith ar an aighneas no ar an gceist sin má sé an Bord féin an gnóthaire nua agus tabharfidh an Bord breith air marab é an Bord féin an gnóthaire nua. | |
[EN] | (11) Gach éinne a bheidh, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire agus ar obair aige a bhaineann leis an ngnó agus do céad-chuireadh ar an obair sin an 31adh lá de Mhárta, 1927, no dá éis sin, tiocfa sé chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire nua, ar dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin, ar na téarmaí céanna (agus cirt chun pinsin agus aois-liúntais d'áireamh) ar a raibh sé ar obair ag an seanaghnóthaire díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin i gcás, agus sa chás san amháin, gur cheaduigh an tAire roimh bhunú an Bhúird no gur cheaduigh an Bord tar éis bunú an Bhúird é bheith ar fostú ag an seana-ghnóthaire ar obair a bhain leis an ngnó agus na téarmaí ar a raibh sé ar obair amhlaidh díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin. | |
[EN] | (12) Chun cirt phinsin agus aois-liúntais duine a haistreofar, tríd an alt so, o sheirbhís an tseana-ghnóthaire go dtí seirbhís an ghnóthaire nua d'áireamh in aghaidh an ghnóthaire nua, áireofar mar sheirbhís leanúnach leis an ngnóthaire nua na tréimhsí a thug an duine sin i seirbhís an tseana-ghnóthaire agus an ghnóthaire nua fé seach. | |
[EN] | (13) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire, agus go n-eiríonn idir an gnóthaire nua agus aon duine a h-aistreofar tríd an alt so, o sheirbhís an tseana-ghnóthaire go dtí seirbhís an ghnóthaire nua, aon aighneas mar gheall ar aon cheart leis an duine sin, aighneas dob fhéidir ar agra an duine sin a chur fé bhráid an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí chun a bhreith do thabhairt air dá n-eiríodh sé idir an seana-ghnóthaire sin agus an duine sin roimh an aistriú san, cuirfar an t-aighneas san fé bhráid an Aire sin má éilíonn an duine sin é agus ní bheidh dul thar breith an Aire sin air. | |
[EN] |
Gnó údaruithe á stiúra ag an mBord. |
40. —(1) Féadfidh an Bord aon uair, le hordú, stiúra gnó gnóthaire údaruithe do ghlaca. |
[EN] | (2) Bainfidh na forálacha so a leanas le gach ordú (dá ngairmtear ordú stiúracháin san Acht so) le n-a nglacfidh an Bord stiúra gnótha fén alt so no fé aon alt eile den Acht so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) féadfidh an Bord an dáta (nách luatha ná dáta an orduithe stiúracháin ná nách déanaí ná ráithe tar éis an dáta san) ar a bhfuil agus o n-a bhfuil an Bord ag glaca stiúra an ghnótha tríd an ordú stiúracháin do luadh san ordú san, agus mara luaidhtear aon dáta den tsórt san amhlaidh tuigfar an Bord do bheith ag glaca an stiúrtha san ar dháta agus o dháta an orduithe, | |
[EN] | (b) féadfidh an Bord an tréimhse go bhfuil sé ag glaca stiúra an ghnótha ina haghaidh tríd an ordú stiúracháin do luadh san ordú san, ach ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná an tréimhse mhinimum (más ann di) a bhainfidh leis an gcás fén Acht so ná níos sia in aon chás ná cúig bliana, | |
[EN] | (c) mara luaidhtear aon tréimhse den tsórt san san ordú stiúracháin tuigfar an Bord do bheith ag glaca stiúra an ghnótha tríd an ordú san go ceann tréimhse chúig mblian no go dtí go leigfidh an Bord an stiúra san uaidh roimhe sin, agus sa chás san féadfidh an Bord, le hordú, an stiúra san do leigint uaidh aon uair ach ní roimh dheire tréimhse minimum den tsórt san roimhráite i gcás le n-a mbainfidh an tréimhse mhinimum san. | |
[EN] | (3) Pé uair a ghlacfidh an Bord stiúra gnó gnóthaire údaruithe fén Acht so bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) faid a leanfidh an stiúra san déanfidh an Bord an gnó do choinneáil ar siúl, d'oibriú, agus do bhainistí agus chuige sin beidh seilbh, stiúra, úsáid, agus sealbhaireacht iomlán maoin agus sócmhainní uile an ghnóthaire údaruithe aige agus an ceart chun ainm an ghnóthaire údaruithe d'úsáid, | |
[EN] | (b) i dtosach an stiúrtha tiocfidh na daoine uile a bheidh ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe agus a bheidh ar obair aige a bhaineann leis an ngnó chun bheith ina seirbhísigh don Bhord ar na téarmaí céanna ar a rabhdar ar obair ag an ngnóthaire údaruithe díreach roimh an tosach san agus beidh acu, in aghaidh an Bhúird, na cirt chéanna (má b'ann dóibh) chun pinsin agus aois-liúntais do bhí acu in aghaidh an ghnóthaire údaruithe díreach roimh an tosach san agus chun críche an phinsin agus an aois-liúntais sin áireofar mar sheirbhís leanúnach fén mBord an tréimhse a thug éinne den tsórt san i seirbhís an ghnóthaire údaruithe roimh an tosach san agus an tréimhse a thug sé i seirbhís fén mBord le linn an stiúrtha: ach ní déanfar éinne den tsórt san d'aistriú ón ngnó le linn an stiúrtha gan é do thoiliú chuige sin, | |
[EN] | (c) féadfidh an Bord, le linn an stiúrtha, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis d'fhostú ar obair a bhaineann leis an ngnó (pe'ca bhíodar ar obair ag an ngnóthaire údaruithe roimhe sin no ná rabhdar), | |
[EN] | (d) beidh ag an mBord tairbhí uile a bhí ag an ngnóthaire údaruithe, agus cólíonfa sé na hoblagáidí uile do bhí air sin, fé aon chonnra a bhí ann díreach roimh thosach an stiúrtha ach ní bheidh san amhlaidh ach sa mhéid go mbeidh an connra san le cólíona le linn an stiúrtha, agus le linn an stiúrtha beidh an Bord i dteideal dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis i dtaobh aon chonnartha den tsórt san in ainm an ghnóthaire údaruithe, | |
[EN] | (e) na proifití uile a tuillfar leis an ngnó le linn an stiúrtha déanfar, fé mar is rogha leis an mBord, iad d'íoc isteach i gcúl-chiste no i gciste athnuachaintí no i gciste eile den tsórt san a bhaineann leis an ngnó no chun tairbhe don ghnó no iad d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe agus cuirfe seisean chun críche iad do réir dlí mar phroifití do thuill sé ón ngnó, | |
[EN] | (f) na cailliúintí uile a thárlóidh don ghnó le linn an stiúrtha íocfidh an Bord iad ach más oiriúnach leis an mBord é féadfar iad do dhéanamh suas don Bhord as cúl-chiste no as cistí eile (más ann dóibh) an ghnóthaire údaruithe chó fada le suim nách mó, in aghaidh aon bhliana, ná méid na meán-chailliúintí bliantúla (má b'ann dóibh) a thárla don ghnó i rith na tréimhse de chúig bliana d'imigh díreach roimh dháta tosach tréimhse an stiúrtha, | |
[EN] | (g) féadfidh an gnóthaire údaruithe, aon uair le linn an stiúrtha, a éileamh ar an mBord an gnó do thógaint agus ar a éileamh san ar an mBord déanfidh an Bord an gnó do thógaint láithreach, | |
[EN] | (h) ar bheith caithte do thréimhse an stiúrtha tré imeacht aimsire déanfidh an Bord, le hordú, ceann éigin, fé mar is oiriúnach leis an mBord, de sna nithe seo a leanas, sé sin le rá, an gnó do thógaint no stiúra an ghnótha do leigint uaidh. | |
[EN] | (4) Nuair a leigfidh an Bord stiúra gnótha uaidh beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) beidh deire leis na cirt do bhí ag an mBord fén ordú stiúracháin maidir leis an ngnó agus le maoin agus sócmhainní an ghnóthaire údaruithe agus le n-a ainm, | |
[EN] | (b) gach maoin agus sócmhainn a fuair an Bord le linn an stiúrtha as airgead a tháinig ón ngnó agus a bheidh ar seilbh ag an mBord i ndeire tréimhse an stiúrtha, tiocfid chun bheith mar mhaoin leis an ngnóthaire údaruithe, | |
[EN] | (c) na daoine uile a bheidh, i ndeire tréimhse an stiúrtha, ar fostú ag an mBord ar obair a bhaineann leis an ngnó, tiocfid chun bheith ina seirbhísigh don ghnóthaire údaruithe ar na téarmaí céanna ar a rabhdar ar obair ag an mBord díreach roimh dheire na tréimhse sin agus beidh acu, in aghaidh an ghnóthaire údaruithe, na cirt chéanna (má b'ann dóibh) chun pinsin agus aoisliúntais do bhí acu in aghaidh an Bhúird díreach roimh dheire na tréimhse sin, agus chun críche an phinsin agus an aois-liúntais sin áireofar mar sheirbhís leis an ngnóthaire údaruithe tréimhse sheirbhís éinne den tsórt san fén mBord, | |
[EN] | (d) féadfidh an gnóthaire údaruithe, ar dháta nách déanaí ná mí tar éis don Bhord stiúra gnó an ghnóthaire údaruithe sin do leigint uaidh, fógra i scríbhinn go bhfuil deire le n-a bheith ar fostú mar sheirbhíseach don ghnóthaire údaruithe sin do thabhairt d'éinne (nách duine do bhí ar obair ag an ngnóthaire údaruithe sin ar dháta tosach an stiúrtha) a bheidh, i ndeire tréimhse an stiúrtha, ar fostú ag an mBord ar obair a bhaineann leis an ngnó san agus a thiocfidh chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire údaruithe sin agus déarfidh agus déanfidh gach fógra den tsórt san deire do chur leis an duine sin do bheith ar fostú mar sheirbhíseach den tsórt san i gceann mí o dháta an fhógra san no, i gcás duine gur socruíodh le n-a chonnra seirbhíse leis an mBord go gcuirfí deire leis an seirbhís sin ar thabhairt fógra tréimhse ba ghiorra ná mí, i gceann na tréimhse sin is giorra. | |
[EN] |
Gnó údaruithe do scarúint le cúram i gcó-cheangal leis. |
41. —(1) Pé uair a bheidh gnó gnóthaire údaruithe ar siúl ag an ngnóthaire sin i gcó-cheangal le cúram eile leis no mar chuid de, féadfidh an Bord, chun an gnó san do thógaint no a stiúra do ghlaca chuige féin fén Acht so no chun aon chríche eile a eireoidh fén Acht so, a éileamh ar an ngnóthaire údaruithe sin cuntas scarúna do réir bhrí an ailt seo i dtaobh an ghnótha san do thabhairt don Bhord laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a cheapfidh an Bord chuige sin. |
[EN] | (2) Pé uair a héileofar fén alt so ar ghnóthaire údaruithe cuntas scarúna i dtaobh a ghnótha do thabhairt don Bhord agus a dhéanfa sé diúltú no faillí i dtabhairt an chuntais sin laistigh den aimsir a cheapfidh an Bord chuige sin no pé uair a thabharfa sé don Bhord laistigh den aimsir sin cuntas scarúna is dó leis an mBord do bheith nea-shásúil féadfidh an Bord féin an cuntas scarúna san d'ullamhú. | |
[EN] | (3) Má eiríonn aon cheist no aighneas idir gnóthaire údaruithe agus an Bord i dtaobh aon chuntais scarúna d'ullamhuigh an Bord fén alt so socrófar an cheist no an t-aighneas san ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire ar iarratas an ghnóthaire údaruithe sin no an Bhúird (pe'ca aca é) agus beidh comhacht ag an eadarscánaí sin an cuntas scarúna san do leasú agus tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur cuntas scarúna d'ullamhuigh an Bord fén alt so an cuntas scarúna san agus é leasuithe amhlaidh. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo isé is cuntas scarúna i dtaobh gnó gnóthaire údaruithe ná cuntas, i pé fuirm a ordóidh an Bord, á thaisbeáint— | |
[EN] | (a) cé méid no ce'ca cuid d'fhiachas chaipitail an gnóthaire údaruithe is ionann agus airgead do caitheadh ar an ngnó san, agus | |
[EN] | (b) cé méid no ce'ca d'fhiacha agus d'fhiachaisí an ghnóthaire údaruithe fé n-ar chuathas ar cuntas an ghnótha san, agus | |
[EN] | (c) maidir leis na leabhar-fhiacha agus leis na suimeanna eile airgid atá dlite don ghnóthaire údaruithe, cé méid no ce'ca dhíobh atá dlite amhlaidh i dtaobh no ar cuntas an ghnótha san, agus | |
[EN] | (d) cadé an chuid no ce'ca de sna tailte, de sna foirgintí, den ghléasra, den mheasínteacht, den áirnéis agus den mhaoin eile (nách airgead ná urrús ar airgead) de chuid an ghnóthaire údaruithe a húsáidtear chun crícheanna an ghnótha san, agus | |
[EN] | (e) cé méid no ce'ca de sna suimeanna airgid ar láimh agus de sna súncála agus de sna hurrúis eile ar airgead, de chuid an ghnóthaire údaruithe, is ionchurtha i leith an ghnótha san, agus | |
[EN] | (f) maidir leis na daoine atá ar obair ag an ngnóthaire údaruithe, ce'ca aca atá ar obair amhlaidh sa ghnó san no chun crícheanna an ghnótha san. | |
[EN] | (5) Pé uair a thabharfidh gnóthaire údaruithe uaidh no a ullamhóidh an Bord cuntas scarúna fén alt so i dtaobh gnótha, ansan, chun na críche a bhaineann leis an mBord do thógaint an ghnótha san no do ghlaca stiúra an ghnótha san fén Acht so no chun aon chríche eile a eireoidh fén Acht so tuigfar go bhfuil an gnó san có-dhéanta, agus féadfidh an Bord é d'áireamh mar ghnó atá có-dhéanta, de sna nithe seo amháin, eadhon, pé fiachas caipitail, fiacha agus fiachaisí, leabhar-fhiacha agus suimeanna eile airgid, maoin, suimeanna airgid ar láimh agus urrúis ar airgead, agus daoine, adeirtear sa chuntas scarúna san is ionann agus suimeanna airgid do caitheadh ar an ngnó san, no gur chuathas fútha no atá dlite ar a chuntas, no atá le húsáid mar gheall air, no is ionchurtha ina leith no atá ar obair chun a chrícheanna (do réir mar bheidh). | |
[EN] |
Atharú ar líomatáistí soláthair. |
42. —(1) Pé uair is dó leis an mBord gur ceart san a dhéanamh féadfidh an Bord, le hordú, líomatáiste soláthair aon ghnóthaire údaruithe d'atharú tríd an líomatáiste sin do leathnú no do laigheadú no tré é do leathnú agus do laigheadú. |
[EN] | (2) Pé uair a dhéanfidh an Bord ordú fén alt so ag atharú líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe, ansan, chun gach críche, isé an líomatáiste sin agus é atharuithe amhlaidh is líomatáiste soláthair an ghnóthaire údaruithe sin agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht, ag an ordú, ag an memorandum comhlachais, no ag an scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire údaruithe sin agus fós ag an Acht no ag an ordú gur gnóthaire údaruithe é dá bhua. | |
[EN] | (3) Pé uair a dhéanfidh an Bord ordú fén alt so ag atharú líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe, déanfidh an Bord, leis an ordú san, ar an Acht, ar an ordú, ar an memorandum comhlachais, no ar an scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire údaruithe sin agus ar an Acht no ar an ordú gur gnóthaire údaruithe é dá bhua, pé oiriúnuithe (más aon cheann é) a chífar don Bhord do bheith riachtanach chun éifeacht do bheith ag an scríbhinn, ag an Acht, no ag an ordú san, maidir leis an líomatáiste soláthair agus é atharuithe amhlaidh, chó hiomlán is do bhí aige sa líomatáiste sholáthair sin sarar hatharuíodh amhlaidh é. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfidh an Bord le hordú fén alt so aon líomatáiste is cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe ar dháta an orduithe sin do chur le líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe eile. | |
[EN] | (5) Bainfidh an t-alt so le líomatáiste soláthair dar gnóthaire údaruithe an Bord chó hiomlán is bhaineann sé le haon líomatáiste soláthair eile. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfidh an Bord líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe (nách é an Bord féin é) d'atharú fén alt so gan caoi do thabhairt roimh ré don ghnóthaire údaruithe sin ar éisteacht d'fháil maidir leis an atharú san. | |
[EN] | (7) Le hordú a dhéanfidh an Bord fén alt so féadfar a fhoráil go dtiocfidh an t-ordú san i ngníomh ar dháta is déanaí ná dáta an orduithe sin ach nách déanaí ná sé mhí tar éis an dáta san, agus nuair a forálfar san le haon ordú den tsórt san tiocfidh an t-ordú san i ngíomh dá réir sin. | |
[EN] |
Forálacha de bharr leathnú líomatáiste sholáthair. |
43. —Pé uair a dhéanfidh an Bord, tré atharú do dhéanamh fén Acht so ar líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, an líomatáiste sin do leathnú (pe'ca laigheadóidh an Bord an líomatáiste sin ar shlite eile san am gcéanna no aon uair eile no ná laigheadóidh) beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá, má bhíonn méid an líomatáiste a cuirfar leis an líomatáiste solathair sin amhlaidh níos mó ná deichiú den méid do bhí sa líomatáiste sholáthair sin sarar hatharuíodh amhlaidh é, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin, laistigh de mhí tar éis dáta an orduithe ón mBord le n-ar dineadh an t-atharú san, a éileamh ar an mBord gnó an ghnóthaire údaruithe sin do thógaint agus leis sin déanfidh an Bord, le hordú, pe'ca de sna nithe seo a leanas is dó leis is ceart, sé sin le rá, an gnó san do thógaint no stiúra an ghnótha san do ghlaca ar feadh tréimhse nách giorra ná dhá bhliain. |
[EN] |
Forálacha de bharr laigheadú líomatáiste sholáthair. |
44. —Pé uair a dhéanfidh an Bord, tré atharú do dhéanamh fén Acht so ar líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, an líomatáiste sin do laigheadú (pe'ca leathnóidh an Bord an líomatáiste sin ar shlite eile san am gcéanna no aon uair eile no ná leathnóidh) beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) gach sreang, atharuitheoir, pola, agus meaisín agus apparatus seasmhach eile, chun leictreachas d'iompar no do roinnt, a bheidh dá chuid féin ag an ngnóthaire údaruithe sin ar an dáta ar a dtiocfidh i ngníomh an t-ordú le n-a n-atharuítear an líomatáiste soláthair agus a bheidh suidhte ar an dáta san sa líomatáiste (dá ngairmtear an líomatáiste deighilte anso ina dhiaidh seo) do tógadh ón líomatáiste soláthair sin leis an ordú san agus gach méadar, stóbh, lampa, sreang, ceangal, agus apparatus leictreachais eile a bheidh, ar an dáta san, dá chuid féin ag an ngnóthaire údaruithe sin, agus curtha ar cíos chun úsáidirí sa líomatáiste dheighilte no greamuithe ar a n-áitreabhacha, dílseoid sa Bhord agus tiocfid chun bheith dá chuid féin aige ar an dáta san, | |
[EN] | (b) íocfidh an Bord leis an ngnóthaire údaruithe sin, laistigh de ráithe tar éis an dáta san, an méid is luach cothrom ar an dáta san do gach maoin leis an ngnóthaire údaruithe sin a thiocfidh chun bheith dá chuid féin ag an mBord fén mír sin roimhe seo agus mara gcó-aontuítear ar an luach san socrófar é ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire, | |
[EN] | (c) má thagann an Bord féin chun bheith ina ghnóthaire údaruithe sa líomatáiste dheighilte, féadfidh an Bord gach maoin den tsórt san roimhráite do chur in úsáid ar pé slí is dó leis is ceart, | |
[EN] | (d) má thagann duine éigin seachas an Bord chun bheith ina ghnóthaire údaruithe sa líomatáiste dheighilte laistigh de ráithe tar éis an dáta san, ceannóidh an duine sin gach maoin den tsórt san roimhráite ón mBord ar an méid is luach cothrom di ar an dáta san agus mara gcó-aontuítear air socrófar an luach san ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire, sa mhéid ná beidh sé socair cheana ag eadarscánaí fén Acht so, | |
[EN] | (e) beidh sé mar chrích chun a bhféadfidh an gnóthaire údaruithe sin iasacht d'fháil fén Acht so costaisí d'íoc fé n-a raghaidh an gnóthaire údaruithe sin, go riachtanach agus go ceart, chun a chur in áirithe go gcimeádfar suas an soláthar leictreachais sa chuid dá líomatáiste sholáthair a fhanfidh tar éis an líomatáiste deighilte do bheith deighilte ón líomatáiste sin. | |
[EN] |
An Bord do thógaint tailimh, etc., go héigeanta. |
45. —(1) Má mheasann agus pé uair a mheasfidh an Bord gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta no aon éasáid no ceart eile ar thalamh, no aon cheart stoptha no casta no tarraicthe uisce, do thógaint no d'úsáid go héigeanta chun feidhmithe aon chomhachta no chun cólíonta aon dualgais no feidhme dá mbronntar no dá gcuirtar air leis an Acht so, féadfidh an Bord, le hordú speisialta, a fhaisnéis go bhfuil sé chun an talamh san do thógaint amhlaidh no an ceart san do thógaint no d'úsáid amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú speisialta den tsórt san chun lán-chomhacht do bronna ar an mBord an talamh a bheidh luaidhte ann do thógaint go héigeanta no an ceart a bheidh luaidhte ann do thógaint no d'úsáid go héigeanta fén alt so agus dá réir. |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh roimh ré, ordú speisialta fén alt so i dtaobh ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, ordú speisialta fén alt so i dtaobh ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac in aon chanáil no aisti. | |
[EN] | (4) Sara ndéanfidh an Bord ordú speisialta fén alt so, déanfa sé— | |
[EN] | (a) pleananna, áireamhachtaí, agus scríbhinní eile do lóisteáil agus do chimeád ar oscailt chun a n-iniúchta ina phríomh-oifig no in áit éigin eile a bheidh oiriúnach, pé cinn a thaisbeánfidh go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart go bhfuiltar chun é do thógaint no d'úsáid de bhua an orduithe, agus | |
[EN] | (b) fógra do thabhairt, i pé slí is dó leis is fearr a chuirfidh é in úil do dhaoine 'nar dócha go ndéanfidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar aithris chúise agus agóidí i dtaobh an orduithe do dhéanamh, agus | |
[EN] | (c) más oiriúnach leis san a dhéanamh, a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh an orduithe do dhéanamh. | |
[EN] | (5) Féadfar na nithe seo a leanas d'ionchorparú in ordú speisialta a déanfar fén alt so— | |
[EN] | (a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus é atharuithe i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an Bord, agus | |
[EN] | (b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh. | |
[EN] | (6) Ní údaróidh éinní san alt so don Bhord aon talamh ná uisce ná aon éasáid ná ceart eile ar thalamh do thógaint ná d'úsáid ná cur isteach ar aon tslí eile air go héigeanta fén alt so más rud é, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an Bord do bheith ag cuimhneamh ar ordú speisialta do dhéanamh chuige sin, go mbeidh sé dá chuid féin ag gnóthaire geas no uisce agus go mbeidh sé á úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údarás aige sin chun é d'úsáid chun críche a ghnótha. | |
[EN] |
Feadfidh an Bord talamh, etc., ná teastóidh do chur dá láimh. |
46. —Aon talamh no aon éasáidí no cirt eile i dtaobh tailimh no uisce, no aon oibreacha, foirgintí, no maoin eile do thóg an Bord no do dhin sé fén Acht so agus ná teastóidh ón mBord a thuille, dar leis an mBord, chun a dhualgaisí no a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona no d'fheidhmiú, féadfidh an Bord iad do chur dá láimh aon uair ar pé slí is dó leis is ceart. |
[EN] |
Gnóthaire údaruithe do thógaint tailimh, etc., go héigeanta. |
47. —(1) Más oiriúnach leis an mBord san a dhéanamh féadfa sé, le hordú speisialta, comhacht do thabhairt d'aon ghnóthaire údaruithe aon talamh do thógaint go héigeanta no aon éasáid no ceart eile ar aon talamh, no aon cheart stoptha no casta no tarraicthe uisce do thógaint no d'úsáid go héigeanta, a bheidh riachtanach no oiriúnach chun stáisiún geiniúna do bhunú no do leathnú, no chun comhacht uisce do shaothrú chun leictreachas do gheiniúint, no chun leictreachas d'atharú, d'iompar, no do roinnt, no chun aon oibreacha a údaróidh an Bord do dhéanamh, agus féadfar le haon ordú den tsórt san comhacht do thabhairt don ghnóthaire údaruithe na comhachta roimhráite d'fheidhmiú laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe agus, más údarás áitiúil an gnóthaire údaruithe, laistigh no lasmuich dá gceanntar san. |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh roimh ré, ordú speisialta fén alt so á údarú ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, ordú speisialta fén alt so á údarú ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac in aon chanáil no aisti. | |
[EN] | (4) Sara ndéanfar ordú speisialta fén alt so lóisteálfidh an gnóthaire údaruithe leis an mBord pé pleananna, áireamhachtaí, agus scríbhinní eile a éileoidh an Bord agus tar éis na scríbhinní sin do bheith lóisteálta tabharfidh an Bord, i pé slí is dó leis is fearr a chuirfidh é in úil do dhaoine 'nar dócha go ndéanfidh an t-ordú deifir dóibh, fógra i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar aithris chúise agus agóidí i dtaobh an orduithe do dhéanamh agus, más oiriúnach leis san a dhéanamh, cuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh éinní a bhaineann leis an ordú san do dhéanamh. | |
[EN] | (5) Féadfar na nithe seo a leanas d'ionchorparú in ordú speisialta a déanfar fén alt so— | |
[EN] | (a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus é atharuithe i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an gnóthaire údaruithe le n-a mbaineann an t-ordú, agus | |
[EN] | (b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh. | |
[EN] | (6) Ní déanfar aon ordú speisialta fén alt so— | |
[EN] | (a) i dtaobh éinní gur dó leis an mBord, de dhruim aithrise cúise do dineadh chuige no de dhruim tuarasgabháil an té a dhin fiosrúchán puiblí no de dhruim aon ruda eile, gur ní é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis, ná | |
[EN] | (b) á údarú aon talamh no uisce no aon éasáid no ceart eile ar thalamh do thógaint no d'úsáid no cur isteach air go héigeanta más rud é, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an Bord do bheith ag cuimhneamh ar an ordú do dhéanamh, go mbeidh sé dá chuid féin ag gnóthaire geas no uisce agus go mbeidh sé a úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údarás aige sin chun é d'úsáid chun críche a ghnótha. | |
[EN] |
Féadfidh gnóthaire údaruithe talamh, etc., ná teastóidh do chur dá láimh. |
48. —Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, aon talamh, oibreacha, no maoin eile ná teastóidh a thuille dar leis chun crícheanna a ghnótha do chur dá láimh fé réir an chirt roimh-cheannaigh maidir le haon talamh le n-a ngabhann aon cheart den tsórt san. |
[EN] |
Apparatus leictreachais do dhíol agus do chur ar cíos. |
49. —(1) Féadfidh an Bord aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais do dhéanamh chun soillsithe, chun téighte, chun comhachta tiomána no chun aon chríche eile chun ar féidir no chun ar ceaduithe leictreachas d'úsáid, agus féadfidh an Bord agus fós féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, iad do sholáthar, do dhíol, no do chur ar cíos chun na gcrícheanna san, agus aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí a soláthrófar, a díolfar, no a cuirfar ar cíos amhlaidh do cheangal, do dheisiú, do choinneáil i dtreo, agus d'aistriú agus pé luach saothair no cíosanna agus éilithe ar a gcó-aontófar d'éileamh agus do ghlaca agus pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontófar do dhéanamh ar scór na línte, na bhfeistisí, an apparatuis, agus na bhfearaistí sin. |
[EN] | (2) I bhfeidhmiú a chomhacht fén bhfo-alt san roimhe seo féachfidh an Bord do n-a fheabhas do bheadh sé beart do dhéanamh chun a chur in áirithe go gcuirfí ar aghaidh agus go leathnófí déantóireacht línte, feistisí, apparatus agus fearaistí leictreachais i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (3) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord no gnóthaire údaruithe ar son línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais do dhíol no do chur ar cíos, socrófar iad do réir a leithéid sin de rátaí ná beidh an t-ioncum a gheobhaidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) as an díol san agus as an gcur-ar-cíos san níos lú ná an costas fé n-a raghfar i ndéanamh an díola agus an chur-ar-cíos san no ina dtaobh agus costas soláthruithe no (i gcás an Bhúird) costas déanta na línte, na bhfeistisí, an apparatuis no na bhfearaistí leictreachais sin d'áireamh. | |
[EN] | (4) Cimeádfidh an Bord cuntaisí fé leith ar an airgead a gheobhaidh agus a chaithfe sé ar no i dtaobh línte, feistisí, apparatus agus fearaistí leictreachais do dhéanamh, do sholáthar, do dhíol, agus do chur ar cíos. | |
[EN] | (5) Ní dhéanfidh an Bord ná aon ghnóthaire údaruithe aon chioníoll do chur le leictreachas do sholáthar tré n-ar gá aon línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais do sholáthar no do cheannach no do thógaint ar cíos ón mBord no ón ngnóthaire sin ná aon tosach do thabhairt, go díreach ná go nea-dhíreach, d'aon úsáidire ar choiníoll go ndéanfa sé na nithe sin do sholáthar no do cheannach no do thógaint ar cíos ón mBord no ón ngnóthaire údaruithe sin. | |
[EN] | (6) Gach líne, feisteas, apparatus, agus fearas leictreachais a sholáthróidh gnóthaire údaruithe no a chuirfe sé ar cíos no a soláthrófar no a cuirfar ar cíos thar a cheann in áitreabh úsáidire roimh rith an Achta so no dá éis sin, agus fós gach talamh, foirgint, agus obair a bheidh ar seilbh ag gnóthaire údaruithe i gcó-bhaint le n-a ghnó tuigfar gur cuid iad den ghnó a húdaruítear leis an Acht speisialta no leis an ordú a bhaineann leis an ngnóthaire údaruithe sin. | |
[EN] | (7) Aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais a chuirfidh an Bord no gnóthaire údaruithe dá láimh ar théarmaí go n-íocfar asta i dtráthchoda tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, go dtí go mbeidh na trathchoda uile íoctha, gur línte, feistisí, apparatus no fearaistí leictreachais (fé mar a bheidh) iad do chuir an Bord no an gnóthaire údaruithe ar cíos agus ní féadfar iad do ghabháil ná leigheas dIí an tiarna tailimh d'imirt ortha mar gheall ar chíos an áitreibh ina mbeid ná iad do thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas cúirte dlí no cothruim ná fé aon imeachta um ghnó-bhrise i gcoinnibh an té go mbeid ar seilbh aige. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfidh éinní san alt so aon deifir do mhéid an cháinmheasa i gcóir rátaíochta ar aon áitreabh ina bhfuil aon línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais socruithe no ina socrófar iad. | |
[EN] |
Siopaí agus seomraí taisbeántais. |
50. —Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe dá n-údarófar fén Acht so, línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais do sholáthar, do dhíol, no do chur ar cíos, féadfid, fé réir toiliú an Bhúird i gcás gnóthaire údaruithe, siopaí agus seomraí taisbeántais do chimeád ar siúl chun línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do thaisbeáint, do dhíol agus do chur ar cíos agus taisbeántaisí de línte, d'fheistisí, d'apparatus, agus d'fhearaistí den tsórt san agus léirithe ortha do stiúra, agus, go generálta, gach ní (le n-a n-áirítear fógraíocht) do dhéanamh a bhaineann le línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do sholáthar, do dhíol, agus do chur ar cíos agus, i gcás an Bhúird, a bhaineann le húsáid ghenerálta línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do chur ar aghaidh agus, i gcás gnóthaire údaruithe, a bhaineann le húsáid línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san i líomatáiste soláthair an ghnóthaire údaruithe sin do chur ar aghaidh. |
[EN] |
Sráideanna, etc., do réaba. |
51. —(1) Pé uair is oiriúnach leis é féadfidh an Bord línte iompartha agus línte roinnte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn, no trambhealaigh, no fé, agus, chun na críche sin no chun aon chríche a bhaineann léi no chun aon chríche eile a eireoidh le linn feidhmiú no cólíona aon chomhachta no dualgais a bronntar no a cuirtar air leis an Acht so no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fén Acht so, féadfa sé aon tsráid, bóthar, bóthar iarainn, no trambhealach do réaba. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord le hordú comhacht do bhronna ar aon ghnóthaire údaruithe, go generálta no chun aon chríche áirithe no ar aon ócáid áirithe agus san i dteanta agus fé réir pé sriantachtaí agus coiníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leis an mBord, chun línte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn, no trambhealaigh, no fé, laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe sin, agus chun an tsráid, an bóthar, an bóthar iarainn, no an trambhealach san do réaba chun na críche sin no chun aon chríche a bhaineann léi. | |
[EN] |
Comhacht réabtha bóithre, etc., d'fheidhmiú. |
52. —(1) Ní réabfidh an Bord aon bhóthar gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina cheanntar atá an bóthar san suidhte agus ní réabfa sé aon bhóthar iarainn ná trambhealach gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire. |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh an Bord fén Acht so aon ordú, á údarú do ghnóthaire údaruithe aon bhóthar do réaba, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina cheanntar atá an bóthar san suidhte agus ní dhéanfidh an Bord fén Acht so, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire, aon ordú á údarú do ghnóthaire údaruithe aon bhóthar iarainn no trambhealach do réaba. | |
[EN] |
Ceadanna slí trasna tailimh. |
53. —(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe, fé réir forálacha an ailt seo agus forálacha rialachán a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so, aon líne leictreachais do chur trasna aon tailimh, os a chionn no fé, nách sráid, bóthar, bóthar iarainn, ná trambhealach. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe aon bhrac no daingneán eile is gá chun iompartha no chun coinnithe suas líne leictreachais no aon apparatuis leictreachais do cheangal d'aon fhalla, tigh no foirgint eile. | |
[EN] | (3) Sara ndéanfa sé líne leictreachais do chur trasna aon tailimh no aon daingneán do cheangal d'aon fhoirgint fén alt so seirbheálfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe (pe'ca aca é) ar únaer agus ar shealbhaire an tailimh no na foirginte sin fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé ar aigne an líne sin do chur trasna amhlaidh no an daingneán san do cheangal amhlaidh (pe'ca aca é) agus á innsint cadé an saghas an líne no an daingneán agus cadé an t-ionad agus cadé an tslí in bhfuiltear ar aigne é do chur no do cheangal. | |
[EN] | (4) Más rud é, laistigh de cheithre lá déag tar éis seirbheála an fhógra san, go dtoileoidh únaer agus sealbhaire an tailimh no na foirginte sin go ndéanfí an líne sin do chur trasna no an daingneán san do cheangal (pe'ca aca é) do réir an fhógra san go nea-choiníollach no ar choiníollacha is ionghlactha ag an mBord, no is ionghlactha ag an ngnóthaire údaruithe agus a cheadóidh an Bord (pe'ca is gá sa chás), féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe croma ar an líne sin do chur trasna an tailimh sin no an daingneán san do cheangal den fhoirgint sin san ionad agus sa tslí adubhradh sa bhfógra san. | |
[EN] | (5) Má theipeann ar únaer no ar shealbhaire an tailimh no na foirginte sin toiliú do réir an fho-ailt sin roimhe seo laistigh den cheithre lá déag roimhráite, féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird ach ní har aon tslí eile, an líne sin do chur trasna an tailimh sin no an daingneán san do cheangal den fhoirgint sin san ionad agus sa tslí adubhradh sa bhfógra san. | |
[EN] | (6) I gcás aon líne leictreachais do bheith curtha trasna aon tailimh no aon daingneán den tsórt san roimhráite do bheith ceangailte d'aon fhoirgint den tsórt san roimhráite ag aon ghnóthaire údaruithe fé aon chó-aontú no socrú ionstadtha pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do dineadh an có-aontú no an socrú san, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin, d'ainneoin stadtha an chó-aontuithe no an tsocruithe sin ach fé réir forálacha an ailt seo, an líne trasna an tailimh no an daingneán a bheidh ceangailte den fhoirgint do choinneáil san ionad agus ar na téarmaí agus fé réir na gcoiníoll ina raibh agus ar a raibh agus fé n-a raibh sé amhlaidh agus an có-aontú no an socrú san ann. | |
[EN] | (7) An té is únaer no is sealbhaire ar aon talamh no foirgint go mbeidh líne leictreachais no daingneán á choinneáil, no go bhféadfí é choinneáil, trasna air no air fén alt so tar éis có-aontú no socrú do bheith stadtha féadfa sé, tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an ngnóthaire údaruithe laistigh de dhá mhí roimh an stad san no aon uair dá éis, cur i gcoinnibh an líne no an daingneán san do choinneáil trasna an tailimh sin no ar an bhfoirgint sin agus leis sin ní bheidh sé dleathach don ghnóthaire údaruithe an líne sin do choinneáil trasna an tailimh sin no an daingneán san do choinneáil ar an bhfoirgint sin gan toiliú an Bhúird. | |
[EN] | (8) I gcás gur gá fén alt so toiliú an Bhúird le líne leictreachais do chur no do choinneáil trasna aon tailimh no le daingneán do chur no do choinneáil ar fhoirgint, más rud é, tar éis caoi do thabhairt do gach páirtí le n-a mbaineann an scéal ar éisteacht d'fháil, gur dó leis an mBord gur ceart é, féadfa sé a thoiliú do thabhairt go nea-choinníollach no fé réir pé téarmaí, coiníollacha, agus comha is dó leis is ceart, agus á shocrú dho ce'ca a thabharfa sé no a chimeádfa sé siar a thoiliú no ce'ca a fhorchuirfe sé aon téarmaí, coiníollacha no comha (agus cur aon chuid den líne fé thalamh d'áireamh) no ná forchuirfidh, féachfidh an Bord, chó maith le féachaint do nithe eile, don deifir, más ann di, a dhéanfa sé do thaithneamhacht no do luach an tailimh no na foirginte an líne do chur no an daingneán do cheangal san ionad agus sa tslí a bheidh beartuithe. | |
[EN] | (9) I gcás é bheith údaruithe don Bhord no do ghnóthaire údaruithe, leis an alt so no fé, aon líne leictreachais do chur no do choinneáil trasna aon tailimh no aon daingneán do cheangal no do choinneáil ar aon fhoirgint féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) dul isteach ar an talamh no sa bhfoirgint sin aon uair chun an líne sin no an daingneán san no aon líne no apparatus atá á choinneáil suas ag an daingneán san do chur ina áit, do dheisiú, no d'atharú. | |
[EN] |
Ceadanna slí trasna bóithre iarainn, etc. |
54. —Ní fhéadfidh aon ghnóthaire údaruithe aon líne leictreachais do chur trasna ná fan aon bhóthair iarainn, canála, slí loingseoireachta intíre, duga, ná cuain, ná os a chionn ná fé, ach amháin fé réir forálacha na rialachán a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so. |
[EN] |
Cáblaí trasna aibhneacha, etc. |
55. —Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, aon chábla leictreachais do chur trasna aon abhann intseolta ná bealaigh uisce intseolta, pe'ca os cionn uisce no fé, no fén talamh, a cuirfar an cábla san, ná a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe san do dhéanamh. |
[EN] |
An Bord do sholáthar leictreachais ina mhórchoda. |
56. —(1) Pé uair a thairgfidh an Bord do ghnóthaire údaruithe no do ghnóthaire reachtúil soláthar leictreachais i mórchoda a bheidh le soláthar ag an mBord no ag duine eile do réir ráta éilimh (le n-a n-áirítear soláthar in aghaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire sin go riachtanach i nglaca an tsoláthair sin i mórchoda) is có-ionann leis an gcostas geiniúna do bheadh ar an ngnóthaire sin no is lú ná san, glacfidh an gnóthaire sin an soláthar san i mórchoda ar pé téarmaí agus coiníollacha a socrófar tré chó-aontú no a shocróidh an Bord mara gcó-aontuítear ortha. |
[EN] | (2) Ní héileofar ar ghnóthaire a ghlacfidh soláthar leictreachais i mórchoda fén alt so aon oibreacha do dhéanamh lasmuich dá líomatáiste sholáthair chun críche an tsoláthair sin roimhráite, ach má iarann an Bord air é agus má thoilíonn seisean chuige, féadfidh gnóthaire den tsórt san aon oibreacha den tsórt san roimhráite do dhéanamh lasmuich dá líomatáiste sholáthair. | |
[EN] | (3) Má eiríonn aon aighneas idir aon ghnóthaire agus an Bord i dtaobh ce'ca is mó no nách mó an costas geiniúna leictreachais i stáisiún geiniúna an ghnóthaire sin ná an ráta éilimh (le n-a n-áirítear soláthar in aghaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire sin go riachtanach i nglaca an tsoláthair sin i mórchoda) ar a mbeidh soláthar leictreachais i mórchoda á thairisgint fén alt so don ghnóthaire sin, socrófar an t-aighneas san ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire agus ní bheidh dul thar breith an eadarascánaí sin. | |
[EN] | (4) San alt so cialluíonn an focal “costas geiniúna” na costaisí uile fé n-a raghaidh gnóthaire agus gur chóir, le ceart, ag féachaint do sna hítimí costais a bheidh áirmhithe i ráta comparáideach an éilimh ar son soláthair leictreachais i mórchoda, iad do chur i leith na gcoda san dá ghnó ina mbeifear ag déanamh leictreachais agus ar a n-áirítear (i gcás gnóthaire a thabharfidh leictreachas o stáisiún gheiniúna an ghnóthaire sin go dtí príomhstáisiún chun é roinnt ón stáisiún san ar úsáidirí) na costaisí (más ann dóibh) fé n-a raghaidh an gnóthaire sin ag tabhairt an leictreachais sin go dtí an príomh-stáisiún san ach ná háirítear ortha, in aon chás, aon mhuirir chaipitiúla a fhanfidh ar ghnóthaire tar éis soláthar leictreachais i mórchoda do ghlaca fé sna forálacha san roimhe seo den alt so. | |
[EN] |
An Bord do cheannach agus d'athdhíol leictreachais. |
57. —(1) Féadfidh an Bord leictreachas do cheannach ina mhórchoda o aon ghnóthaire údaruithe no o éinne eile agus an leictreachas san d'athdhíol le haon ghnóthaire údaruithe ina mhórchoda no tré n-a roinnt ar úsáidirí aonair. |
[EN] | (2) Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil leictreachas do dhíol ina mhórchoda leis an mBord no leictreachas do cheannach ina mhórchoda ón mBord. | |
[EN] |
Féadfidh an Bord úsáid fé leith do dhéanamh de chóir iompair na Sionainne. |
58. —Chun leictreachas a cheannóidh agus a athdhíolfidh an Bord d'iompar féadfidh an Bord gach ceann no aon cheann de sna línte iompartha leictreachais, de sna stáisiúin atharúcháin, agus den apparatus eile de chóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne a bheidh de thurus na huaire tabhartha ina sheilbh do ag an Aire do chur in úsáid. |
[EN] |
Scálaí de mhodhanna agus de rátaí éilimh. |
59. —(1) Féadfidh an Bord scálaí do dhéanamh ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh an Bord agus a éileoidh gnóthairí údaruithe agus gnóthairí ceaduithe fé seach ar son leictreachais (pe'ca ina mhorchoda no ar shlí eile a soláthrófar é) agus féadfa sé aon uair agus o am go ham fé mar is oiriúnach leis an mBord na scálaí a bheidh déanta amhlaidh no aon chuid díobh no aon ítim áirithe ionta d'athscrúdú no do cheiliúra. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an Bord ag déanamh scálaí ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh ar son leictreachais a soláthrófar d'úsáidirí i gceanntar dá mbeidh stáisiún atharúcháin ag fónamh agus atá có-theoranta le líomatáiste no ina bhfuil líomatáiste ba líomatáiste soláthair roimhe sin do ghnóthaire údaruithe 'nar thóg an Bord a ghnó fén Acht so, ní chuirfe sé isteach aon éileamh ar scór fiachaisí do thóg an Bord air féin ná ar scór íocaíochtaí d'íoc an Bord de dhruim gur thóg an Bord fén Acht so gnó i gceanntar dá mbeidh aon stáisiún atharúcháin eile ag fónamh. | |
[EN] | (3) Sara ndéanfidh no sara n-athscrúdóidh no sara gceiliúrfidh an Bord aon scála ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh aon ghnóthaire údaruithe no aon ghnóthaire ceaduithe ar son leictreachais cuirfidh an Bord tríd an bpost chun an ghnóthaire údaruithe sin no chun an ghnóthaire cheaduithe sin fógra i scríbhinn á chur in úil go bhfuil sé chun san do dhéanamh agus ní dhéanfidh ná ní athscrúdóidh ná ní cheiliúrfidh an Bord aon scála den tsórt san roimhráite go ceann tréimhse mí o dháta an fhógra san. | |
[EN] | (4) Féadfidh gach gnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe, ar fháil fógra dho fén alt so á chur in úil go bhfuil an Bord chun scála do dhéanamh ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire ceaduithe sin ar son leictreachais no á chur in úil go bhfuil an Bord chun aon scála den tsórt san d'athscrúdú no do cheiliúra, féadfa sé (más le haon scála den tsórt san roimhráite do dhéanamh a bhaineann an fógra san), ar dháta nách déanaí ná mí o dháta an fhógra san, scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh a bheidh le héileamh ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire ceaduithe sin ar son leictreachais do chur fé bhráid an Bhúird agus féadfa sé (más le haon scála den tsórt san roimhráite d'athscrúdú no do cheiliúra a bhaineann an fógra san), ar dháta nách déanaí ná mí o dháta an fhógra san, pé athscrúdú no ceiliúra, is oiriúnach leis an ngnóthaire údaruithe sin no leis an ngnóthaire ceaduithe sin, ar an scála le n-a mbaineann an fógra san no ar aon chuid de no ar aon ítim áirithe ann do chur fé bhráid an Bhúird, agus breithneoidh an Bord gach a gcuirfar fé bhráid an Bhúird fén alt so i bhfuirm scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh ar son leictreachais agus i bhfuirm athscrúdú no ceiliúra ar aon scála den tsórt san no ar aon chuid de no ar aon ítim áirithe ann. | |
[EN] | (5) Féadfidh aon scála a déanfar fén alt so ag socrú modhanna an éilimh no rátaí an éilimh ar son leictreachais baint do bheith aige le leictreachas do sholáthar ina mhórchoda chun a athdhíolta agus a roinnte no le leictreachas do sholáthar go díreach d'úsáidirí no leis an dá shaghas soláthair sin, agus féadfidh aon scála den tsórt san baint le hiomlán Shaorstáit Éireann no le haon chuid áirithe dhe no le haon líomatáiste no líomatáistí áirithe soláthair no le haon chóir no córacha áirithe iompair no aon chuid no coda áirithe dhíobh no le haon tsaghas no saghsanna áirithe úsáidirí. | |
[EN] | (6) Gach scála a dhéanfidh an Bord ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a héileofar ar son leictreachais ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe déanfidh an Bord é agus athscrúdóidh sé ó am go ham é i dtreo, sa mhéid gur féidir é go réasúnta, ná beidh aon rann-íoc, amach as aon ráta a ghearrfidh an t-údarás áitiúil sin, ag teastáil chun aon chostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin, fén Acht so no ar aon tslí eile, maidir le gnó údaruithe an údaráis áitiúla san. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfidh an Bord aon scála ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a héileofar ar son leictreachais ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, ní dhéanfa sé é sa tslí sin go ndéanfar an t-éileamh ar son leictreachais a úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin chun soillsiúcháin do shocrú do réir ráta is aoirde ná an ráta a socrófar d'úsáidirí a úsáidfidh leictreachas chun soillsiúcháin agus san i gcóir na n-uaireanna céanna soláthair. | |
[EN] | (8) Faid a bheidh aon scála den tsórt san roimhráite i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe ná d'aon ghnóthaire ceaduithe le n-a mbaineann an scála san aon tsoláthar leictreachais le n-a mbaineann an scála san do thabhairt uaidh ar aon phraghas eile seachas an praghas do socruíodh leis an scála san, agus gach gnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe a thabharfidh aon tsoláthar leictreachais uaidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach lá a tabharfar an soláthar san amhlaidh. | |
[EN] | (9) Aon ghnóthaire údaruithe do dhin connra roimh an aonú lá triochad de Mhárta, 1927, no a dhéanfidh connra le toiliú an Bhúird tar éis rithte an Achta so chun soláthar leictreachais do thabhairt uaidh ar phraghas do socruíodh leis an gconnra no fé, féadfa sé, d'ainneoin éinní atá san alt so, a chuid oblagáidí fén gconnra san do chólíona faid a bheidh an connra san ina cheangal air. | |
[EN] |
Cur i gcoinnibh scála d'éilithe. |
60. —Pé uair a shocróidh an Bord scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh ar son leictreachais féadfidh aon ghnóthaire údaruithe le n-a mbaineann an scála san, más lú na héilithe a bheidh ar úsáidirí fén scála san ná na héilithe do bhí ar na húsáidirí sin ar scór na seirbhísí céanna sarar shocruigh an Bord an scála san, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an mBord go bhfuil sé i gcoinnibh a ghnó d'oibriú fén scála san agus leis sin déanfidh an Bord, le hordú, ní éigin acu so a leanas, pé ní acu a éileoidh an gnóthaire sin no, mara ndéanfa sé an t-éileamh san, pé ní acu is oiriúnach leis an mBord, sé sin le rá, gnó an ghnóthaire údaruithe sin do thógaint no stiúra an ghnótha san do ghlaca ar feadh tréimhse nách giorra ná dhá bhliain. |
[EN] |
Stáisiúin gheiniúna do dhúna. |
61. —(1) Pé uair— |
[EN] | (a) a chífar don Bhord go bhfuil sé oiriúnach scur d'aon stáisiún geiniúna áirithe, i bpáirt no go hiomlán, d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, agus | |
[EN] | (b) a bheidh leor-sholáthar leictreachais ar fáil don té gur leis an stáisiún geiniúna san agus a féadfar fén Acht so a chur fhiachaint ar an duine sin an soláthar san do ghlaca, | |
[EN] | féadfidh an Bord, le hordú, a éileamh ar an duine sin scur laistigh de pé aimsir a luadhfidh an Bord san ordú san (aimsir nách giorra ná ráithe o dháta an orduithe sin) den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, ar fad no i pé méid is lú ná san a bheidh luaidhte san ordú san agus, fé sna comhachta a bronntar air leis an Acht so, cuirfidh an Bord fhiachaint ar an duine sin an soláthar leictreachais a bheidh ar fáil mar adubhradh do ghlaca. | |
[EN] | (2) Pé uair a héileofar ar dhuine le hordú fén alt so scur, i bpáirt agus ní go hiomlán, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, bainfidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt so, agus forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so, leis an gcás ach léireofar mar thagairtí a fholuíonn scur leathrannach den tsórt is gá do réir an orduithe sin tagairtí don scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna. | |
[EN] | (3) Nuair a scuirfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil, do réir ordú, a bheidh déanta fén alt so, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é)— | |
[EN] | (a) féadfa sé, le toiliú an Bhúird, agus déanfa sé, má éilíonn an Bord air é, an stáisiún geiniúna san no aon chuid de do choinneáil ar siúl chun crícheanna an Bhúird agus ar chostas an Bhúird agus cuirfar an costas san san áireamh nuair a beifear ag socrú na rátaí éilimh ar son leictreachais do gach líomatáiste 'na gcoinneofar an stáisiún geiniúna san ar siúl chun tairbhe dho, agus | |
[EN] | (b) féadfa sé, le toiliú an Bhúird, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) aon mheasínteacht no gléasra do bhí in úsáid go dtí san sa stáisiún gheiniúna san do dhíol, | |
[EN] | (ii) an stáisiún geiniúna san no aon chuid de do dhíol, | |
[EN] | (iii) an stáisiún geiniúna san, i dteanta no d'éamais iomlán an ghléasra no cuid den ghléasra do bhí in úsáid ann go dtí san, do chur in úsáid are pé slí is oiriúnach leis an ngnóthaire sin. | |
[EN] | (4) Pé uair a dhíolfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil aon stáisiún geiniúna no aon mheasínteacht no gléasra fén alt so úsáidfar sochar an díola san do réir na nAchtanna no na nOrduithe a rialálann an gnó no, mara mbeidh sna hAchtanna ná sna hOrduithe sin forálacha a bhaineann leis an gcás, úsáidfar é i gcás gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúla is údarás áirtiúil, ar pé slí a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord no, i gcás aon ghnóthaire údaruithe no ghnóthaire reachtúla eile, ar pé slí a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord. | |
[EN] | (5) Pé uair a scuirfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil, do réir ordú a bheidh déanta fén alt so, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna bainfidh, ar bheith déanta don scur san, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so le gach éinne do bhí, ar dháta an orduithe sin, ar fostú sa stáisiún gheiniúna san ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é). | |
[EN] | (6) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an focal “gnóthaire údaruithe” gnóthaire ceaduithe. | |
[EN] |
Stáisiúin gheiniúna, etc., do bhunú agus do leathnú. |
62. —D'ainneoin éinní atá in aon Acht speisialta no in aon ordú sealadach no eile atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe, gan toiliú an Aire roimh bhunú an Bhúird agus gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird, stáisiún geiniúna ná cóir iompair ná cóir roinneacháin nua do bhunú ná seana-cheann do leathnú. |
[EN] |
An Bord do dhéanamh connartha do ghnóthairí údaruithe. |
63. —(1) Féadfidh an Bord, tar éis do dul i gcomhairle le gnóthaire údaruithe, connartha do dhéanamh chun oibreacha do dhéanamh don ghnóthaire údaruithe sin no thar a cheann, agus féadfidh an Bord, tar éis do dul i gcomhairle le gnóthaire údaruithe, pleananna, mapaí, agus áireamhachtaí d'ullamhú maidir le haon oibreacha a bheidh le déanamh ag an ngnóthaire údaruithe sin agus déanamh na n-oibreacha san do mhaoirseacht. |
[EN] | (2) Féadfidh an Bord, tré chó-aontú le gnóthaire údaruithe, connartha do dhéanamh i gcóir díol leictreachais ag an ngnóthaire údaruithe sin agus féadfa sé, tré chó-aontú le gnóthaire údaruithe, agus déanfa sé, má iarrann an gnóthaire údaruithe sin air é, maoirseacht do dhéanamh ar chonnartha do dhéanamh i gcóir díol leictreachais ag an ngnóthaire sin agus thar a cheann agus ar chonnartha a déanfar amhlaidh do chólíona. | |
[EN] | (3) Chun críche cnuaisciúna i ndéanamh aon oibreacha (le n-a n-áirítear abhair do sholáthar dóibh) is abhar do chonnra do dhin an Bord d'aon ghnóthaire údaruithe agus thar a cheann no i ndéanamh oibreacha (le n-a n-áirítear abhair do sholáthar dóibh) a bheidh á maoirseacht no le maoirseacht ag an mBord fén alt so, féadfidh an Bord pé có-nasca de ghnóthairí údaruithe do chur le chéile no a chur fé ndeár é do chur le chéile is dó leis an mBord is gá no is oiriúnach. | |
[EN] | (4) Ní raghaidh gnóthaire údaruithe fé aon chaithteachas ar scór déanamh, ath-dhéanamh, leathnú, gléasa ná ath-ghléasa aon oibreacha a bheidh á úsáid ag an ngnóthaire údaruithe sin mar chuid dá ghnó no i gcó-bhaint leis ach amháin do réir pé pleananna agus áireamhachtaí a cheadóidh an Bord chuige sin. | |
[EN] | (5) Pé uair a dhéanfidh gnóthaire údaruithe, tar éis rithte an Achta so, dul fé aon chaithteachas den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus a déanfar do réir phleananna no áireamhachtaí nár cheaduigh an Bord, no ar aon talí seachas do réir phleananna agus áireamhachtaí do ceaduíodh amhlaidh, an déanamh, an t-ath-dhéanamh, an leathnú, an gléasa, no an t-athghléasa gur ar a scór a raghfar fén gcaithteachas san amhlaidh agus a thógfidh an Bord gnó an ghnóthaire údaruithe sin fén Acht so, ní dhéanfidh an Bord, gan toiliú an Bhúird, an caithteachas san, no pé méid de a bheidh gan glana ar dháta na tógainte sin, do thógaint air féin mar fhiachas d'fhiachaisí an ghnótha san. | |
[EN] |
Leasú ar mhinicíocht. |
64. —(1) Féadfidh an Bord a éileamh ar aon ghnóthaire no gnóthairí údaruithe áirithe saghas an tsrotha, na minicíochta, no an teannta a bheidh in úsáid acu ina ngnóthaí do leasú no d'atharú. |
[EN] | (2) Críoch chun a bhféadfidh gnóthaire údaruithe iasacht d'fháil fén Acht so isea costaisí d'íoc fé n-a raghaidh an gnóthairc údaruithe sin go riachtanach agus go ceart ag cólíona éilimh ón mBord fén alt so. | |
[EN] |
Féadfidh gnóthaire údaruithe gnóthaí do cheannach, etc. |
65. —Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe tré chó-aontú, agus le toiliú an Bhúird, an t-iomlán no aon chuid de ghnó aon duine (seachas an Bord) a bheidh ag gabháil d'obair gheiniúna no sholáthruithe no roinnte leictreachais do cheannach no do thógaint ar léas no ceart úsáidthe an chéanna do thógaint agus féadfidh an duine sin (pe'ca duine aonair, údarás áitiúil, cuideachta, no cólucht eile, corparáideach no nea-chorparáideach, é), leis an toiliú roimhráite, an t-iomlán no aon chuid dá ghnó do dhíol leis an ngnóthaire údaruithe roimhráite no do thabhairt ar léas do no ceart úsáidthe an chéanna do dheona dho. |
[EN] |
Fo-thorthaí d'oibriú. |
66. —Féadfidh gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, gléasra fo-thora, maraon le gach meaisínteacht agus apparatus is gá, do chur suas, do choinneáil i dtreo, d'atharú, d'fheabhsú, agus d'athnuachaint, agus gach gníomh is ceart do dhéanamh chun na torthaí iarsmacha a thiocfidh go díreaech no go nea-dhíreach as geiniúint leictreachais d'oibriú agus nithe eile do dhéanamh asta. |
[EN] |
Có-choistí do bhunú. |
67. —(1) I gcás ina bhfeicfar don Bhord go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfadh beirt ghnóthairí údaruithe no níos mó a gcomhachta do chó-fheidhmiú, féadfidh an Bord, le hordú speisialta, pé socruithe a chífar do do bheith riachtanach no oiriúnach do dhéanamh, tré bhunú chó-choiste no chó-bhúird no ar aon tslí eile, chun na gnóthairí údaruithe sin do chó-fheidhmiú gach comhachta no aon chomhachta dá mbeidh acu fén Acht so no fé aon ordú fén Acht so in aon líomatáiste ina bhfuil an t-iomlán no aon chuid no coda de líomatáistí soláthair fé seach na ngnóthairí údaruithe sin. |
[EN] | (2) Pé forálacha a chífear don Bhord do bheith riachtanach no ceart chun aon cheann d'fhorálacha an Achta so no d'fhorálacha aon ordú a bheidh déanta fén Acht so do chur in oiriúint don chuma ina mbeidh an scéal ag aon chó-choiste no có-bhord a bunófar le haon ordú a déanfar fén alt so féadfid bheith san ordú san. | |
[EN] |
Cabhrú le n-a chéile. |
68. —(1) Féadfidh aon bheirt ghnóthairí údaruithe no níos mó, le ceadú ón mBord, agus déanfid má éilíonn an Bord ortha é, socruithe do dhéanamh agus do chur in éifeacht chun iad do chabhrú le n-a chéile i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) soláthar leictreachais do thabhairt agus do ghlaca agus an leictreachas a glacfar amhlaidh do roinnt agus do sholáthar, | |
[EN] | (b) stáisiún gheiniúna gnóthaí uile agus fé seach na ngnóthairí údaruithe is páirtithe chun an tsocruithe no coda eile de sna gnóthaí sin do bhainistí agus d'oibriú, | |
[EN] | (c) caipital do sholáthar is gá chun aon tsocrú den tsórt san do chur in éifeacht agus fáltaisí a thiocfidh as an socrú san do chur i leithreas agus do roinnt, | |
[EN] | (d) aon nithe no rudaí a ghabhann no a bhaineann le haon cheann de sna nithe roimhráite. | |
[EN] | (2) Aon tsocrú a déanfar fén alt so déanfar é ar pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontófar idir na páirtithe chuige le ceadú ón mBord no, más do réir éilimh ón mBord a déanfar an socrú, ar pé téarmaí agus coiníollacha a shocróidh an Bord mara gcó-aontuítear ortha. | |
[EN] | (3) Mara gcinnidh an Bord an socrú san do bheith riachtanach ar mhaithe leis an soláthar generálta leictreachais sa cheanntar, ní éileoidh an Bord ar ghnóthaire údaruithe socrú do dhéanamh fén alt so chun soláthar leictreachais do ghlaca o ghnóthaire údaruithe áirithe éigin eile má cruthuítear chun sástacht an Bhúird go mbeadh an gnóthaire údaruithe, ag féachaint do gach ní a bhaineann leis an gcás, le n-a n-áireofar faid na tréimhse ina mbeidh an soláthar le glaca agus an méid airgid a meastar a gheobhfí i rith na tréimhse sin, go mbeadh sé, dá bhfaghadh sé soláthar leictreachais o thaobh éigin eile, in inmhe chun soláthar leictreachais do thabhairt is leor ina mhéid agus ina regleáltacht chun éilithe a chuid úsáidirí, mar a bheid ansan agus mar is dócha a bheid ina dhiaidh sin, do shásamh ar chostas is lú ná an costas ar a bhféadfadh sé a leithéid sin de sholáthar do thabhairt dá mba ón ngnóthaire áirithe sin do gheobhadh sé an soláthar. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar socrú go cuibhe fén alt so, féadfidh an Bord, le hordú, a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe is páirtí chun an tsocruithe sin pé comhacht (le n-a n-áirítear comhacht chun bóithre, bóithre iarainn, agus trambhealaigh do réaba) d'fheidhmiú is gá chun an socrú do chur in éifeacht. | |
[EN] | (5) Crícheanna chun a bhféadfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe iasacht d'fháil fén Acht so isea caipital do sholáthar is gá chun éifeacht do thabhairt do shocrú a bheidh déanta fén alt so agus ús d'íoc ar an gcaipital san faid a bheidh an caithteachas nea-chúiteamhach. | |
[EN] | (6) Féadfidh an Bord le hordú— | |
[EN] | (a) a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe leictreachas do sholáthar ina mhórchoda d'éinne laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe sin pe'ca gnóthaire údaruithe an duine sin féin no nách ea, | |
[EN] | (b) socrú do dhéanamh chun aon tsoláthar den tsórt san roimhráite do dhéanamh éigeanta, agus | |
[EN] | (c) pé forálacha do dhéanamh a chífear don Bhord do bheith riachtanach chun an tAcht so do chur in oiriúint do thabhairt an tsoláthair sin i mórchoda. | |
[EN] |
Leictreachas do sholáthar d'áitreabh lasmuich de líomatáiste sholáthair. |
69. —(1) I gcás in ar mian le sealbhaire aon áitreibh soláthar leictreachais don áitreabh san d'fháil o ghnóthaire údaruithe nách ina líomatáiste sholáthair atá an t-áitreabh san suidhte, féadfidh an Bord (fé réir forálacha an ailt seo) a cheadú don ghnóthaire údaruithe sin leictreachas do sholáthar don áitreabh san ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an mBord d'ordú. |
[EN] | (2) Ní thabharfidh an Bord aon chead uaidh fén alt so gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina gceanntar atá an t-áitreabh san suidhte agus leis an ngnóthaire údaruithe (más ann do) gur ina líomatáiste sholáthair atá an t-áitreabh san suidhte. | |
[EN] |
Scarúint le comhachta agus le hoblagáidí. |
70. —(1) Féadfidh gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, scarúint le haon chomhacht, ceart no oblagáid do bronnadh no do cuireadh air leis an Acht so no le haon Acht speisialta no le haon ordú do dineadh fén Acht so no fé aon Acht do hathghairmeadh leis an Acht so. |
[EN] | (2) Ach amháin mar a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo, ní scarfidh gnóthaire údaruithe, tré aistriú ná eile, le haon chomhacht, ceart, ná oblagáid den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san. |