Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—Cuid I.)

36 1927


Uimhir 36 de 1927.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1927.


ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [2adh Mí na Nodlag, 1927.]

DE BHRÍ go bhfuil na Achtanna a luaidhtear i gCodacha I. agus II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid gur diombuan a ré, go bhfuilid le dul in eug an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus go bhfuil an tAcht a luaidhtear i gCuid III. den Sceideal san le dul in eug an 26adh lá de Mheitheamh, 1928:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na hachtacháin le n-a leasuítear iad no a dhineann deifir doibh do chimeád beo mar a luaidhtear san Acht so:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Na hAchtanna sa Sceideal do chimeád beo.

1. —(1) Na hAchtanna a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so cimeádfar beo iad, sa mhéid adeirtar sa tríú, colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1928, agus raghaid in eug ansan mara gcimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe le n-a leasuítear na hachtacháin a cimeádtar beo leis an alt so no a dhineann deifir dóibh, cimeádfar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1927 , do ghairm den Acht so.