2 1928


Uimhir 2 de 1928.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1928.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT FICHEAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI FICHEAD.

[30adh Márta, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£394,048 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1928.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim Thrí Chéad agus Ceithre Míle Nochad, Ocht bPúint agus Dachad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a hocht fichead.

£7,898,061 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1929.

2. —Féadfidh an tAire Airgid suim Seacht Milleon, Ocht gCéad agus Ocht Míle Nóchad, Punt agus Trí Fichid do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a naoi fichead.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Ocht Milleon, Dhá Chéad agus Dhá Mhíle Nóchad, Céad agus Naoi bPúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid urúsanna do bhúnú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1928 , do ghairm den Acht so.