|
|||||
|
Ar Aghaidh (CUID I. Fioru agus Stampail Bhuideul a hUsaidfar chun Deocha Meisciula do Dhiol no do Sholathar.) |
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1928. | ||
[EN] |
ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1928. | |
ACHT CHUN NA WEIGHTS AND MEASURES ACTS, 1878 TO 1904, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AGUS GO hÁIRITHE CHUN NA hACHTANNA SAN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ MAIDIR LE BUIDÉIL A hÚSÁIDTEAR CHUN DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL AGUS MAIDIR LE hINSTRUIMIDÍ ÁIRITHE TOMHAIS. | ||
[1adh Meitheamh, 1928.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
ROIMHRA. | ||
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
1. —Féadfar an tAcht Meáchan agus Tomhas, 1928 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an focal “buideul le n-a mbaineann an tAcht so” buideul de mhéid a bheidh orduithe de thurus na huaire fé alt 9 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 ( Uimh. 62 de 1924 ), chun deocha meisciúla no aon tsaghas áirithe dighe meisciúla do dhíol i mbuidéil; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “déanta” maidir le buideul le n-a mbaineann an tAcht so cialluíonn sé gur i Saorstát Éireann a dineadh é; | |
[EN] | cialluíonn an focal “An Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána; | |
[EN] | cialluíonn an focal “An tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
[EN] | cialluíonn an focal “An Príomh-Acht” an Weights and Measures Act, 1878; | |
[EN] | cialluíonn an focal “Acht 1889” an Weights and Measures Act, 1889; agus | |
cialluíonn an focal “Acht 1904” an Weights and Measures Act, 1904. |