24 1928


Uimhir 24 de 1928.


ACHT UM GHEAS DO RIALÁIL, 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ EILE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH I dTAOBH GEAS-MHEADRACHA DO STAMPÁIL, AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT AN SALE OF GAS ACT, 1859, DO CHUR I bhFEIDHM I gCONTAE-BHUIRGÍ NA FUIL AN tACHT SAN I bhFEIDHM IONTA ANOIS, AGUS CHUN AN ALLIANCE AND DUBLIN GAS ACT, 1874, AGUS AN GAS REGULATION ACT, 1920, DO LEASÚ. [30adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “Acht 1859” an Sale of Gas Act, 1859;

cialluíonn an focal “Acht 1860” an Sale of Gas Act, 1860;

cialluíonn an focal “Acht 1920” an Gas Regulation Act, 1920; agus

leis an bhfocal “méadar” tá an brí a tugtar don fhocal “meter” in Acht 1859.

Contae-bhuirgí agus Acht 1859.

2. —(1) Ar iarratas chomhairle contae-bhuirge ná beidh Acht 1859 i bhfeidhm inti, féadfidh an tAire, le hordú, a fhaisnéis go dtiocfidh an tAcht san, mar a leasuítear leis an Acht so no le haon Acht eile é, i ngníomh sa chontae-bhuirg sin ar an dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leis sin, d'ainneoin éinní atá in alt 1 d'Acht 1860, tiocfidh Acht 1859, mar a leasuítear amhlaidh é, i ngníomh sa chontae-bhuirg sin ar an dáta a bheidh luaidhte amhlaidh san ordú san.

(2) Pé uair a thiocfidh Acht 1859, mar a leasuítear amhlaidh é, i ngníomh in aon chontae-bhuirg de bhua ordú fén alt so is ón dáta ar a dtiocfidh an tAcht san i bhfeidhm amhlaidh sa chontaebhuirg sin a déanfar an tréimhse naoi mí a luaidhtear in alt 5 den Acht san d'áireamh, maidir leis an gcontae-bhuirg sin, agus déanfar an t-alt san 5 do léiriú agus beidh éifeacht aige sa chontae-bhuirg sin dá réir sin.

(3) D'ainneoin éinní atá in alt 1 d'Acht 1860, ní bheidh rún o chomhairle chontae-bhuirge éifeachtúil chun an chontae-bhuirg sin do thabhairt fé oibriú Acht 1859.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1920.

3. —Leasuítear alt 18 d'Acht 1920 leis seo tré sna focail “The expression ‘gas undertakers’ or ‘undertakers’ means any local authority, company, body or person authorised to supply gas by any Act of Parliament, or any order having the force of an Act of Parliament” atá anois ann do scriosa amach agus na focail “The expression ‘gas undertakers’ or ‘undertakers’ means any local authority, company, body, or person engaged in the business of supplying gas” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Comhachta agus dualgaisí cigirí.

4. —An tagairt atá in alt 9 d'Acht 1859 do mhéadracha gur gá, fé fhorálacha an Achta san, iad do scrúdú, do thástáil, agus do stampáil, léireofar í mar thagairt do sna méadracha uile (pé áit ina mbeid le húsáid) gur gá do réir dlí de thurus na huaire iad do stampáil agus mar ní a fholuíonn gach méadar den tsórt san agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

Méadracha do stampáil.

5. —(1) Aon mhéadar gur gá do réir dlí é do stampáil ní tuigfar é bheith stampálta go cuibhe mara mbeidh sé stampálta le stampa i bhfuirm agus d'abhar agus de phátrún a bheidh orduithe ag an Aire le rialacháin a dhéanfa sé fén alt so agus atharuithe air, maidir le huimhreacha no le marcanna, fé mar a bheith orduithe ag an Aire leis na rialacháin sin no fútha.

(2) Ní leanfar de n-a thuisgint go bhfuil méadar stampálta go cuibhe do réir dlí tar éis deich mbliana do bheith caithte ón uair is déanaí do stampáladh é go cuibhe do réir dlí.

(3) Más oiriúnach leis é féadfidh an tAire, le hordú, teacht an ailt seo i ngníomh do chur siar maidir le méadracha atá, le linn rithte an Achta so, curtha suas in áitreabhacha geas-úsáidirí, ach ní bheidh an cur-siar san—

(a) i gcás méadair do bhí, roimh rith an Achta so, stampálta, mar dheimhniú ar a chruinneas, le stampa i bhfuirm no d'abhar no de phátrún ná beidh orduithe fén alt so, níos sia ná pe'ca tréimhse acu so a leanas is giorra, sé sin le rá, an tréimhse cúig mblian o rith an Achta so no an tréimhse a bheidh an méadar san curtha suas amhlaidh go leanúnach tar éis rithte an Achta so, agus

(b) i gcás aon mhéadair eile, níos sia ná pé'ca tréimhse acu so a leanas is giorra, sé sin le rá, an tréimhse dhá bhlian o rith an Achta so no an tréimhse a bheidh an méadar san curtha suas amhlaidh go leanúnach tar éis rithte an Achta so.

Méadracha i líomatáistí ná beidh Acht 1859 i bhfeidhm ionta do stampáil.

6. —(1) Ar iarratas aon díoltóra no ceannuitheora gheas a soláthruítear tré mhéadar atá curtha suas in áitreabh i líomatáiste ná beidh na húdaráis a bronntar le hAcht 1859 infheidhmithe ann de thurus na huaire, féadfidh an tAire o am go ham, más oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú tástála san alt so) sa bhfuirm orduithe duine (dá ngairmtear cigire speisialta méadracha san alt so) do cheapa, fé réir forálacha an ailt seo, chun feidhmeanna cigire speisialta méadracha fén alt so do chólíona i dtaobh an mhéadair sin.

(2) Pé uair a déanfar ordú tástála beidh sé dleathach don chigire speisialta, a ceapfar leis, an méadar le n-a mbaineann an t-ordú san do scrúdú agus do thástáil san áit ina mbeidh an méadar san curtha suas agus, más gá chuige sin é, an méadar san d'aistriú as an áit sin gan ach an méid díobhála is lú is féidir do dhéanamh do agus, má fachtar an méadar san do bheith ceart, é do stampáil le stampa deimhniúcháin a bheidh orduithe ag an Aire fén Acht so agus chun na gcrícheanna san féadfidh an cigire speisialta san dul isteach san áitreabh ina mbeidh an méadar san curtha suas.

(3) Gach éinne a chuirfidh bac ar chigire speisialta agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

(4) Íocfar maidir le tástáil agus le scrúdú méadair fén alt so pé costaisí agus táillí a hordófar agus beidh na costaisí agus na táillí sin iníoctha ag an gceannuitheoir no ag an díoltóir geas a soláthruítear tríd an méadar san, fé mar a ordóidh an tAire, no ag an gceannuitheoir agus ag an díoltóir sin i pé cionúireachtaí a ordóidh an tAire.

(5) Gach táille agus costas is iníoctha fén alt so maidir le cigire speisialta is cigire méadracha fé Acht 1859 do scrúdú agus do thástáil mhéadair, íocfar leis an gcigire sin iad agus déanfidh seisean iad do chur chun críche agus cuntas do thabhairt ortha sa tslí chéanna is dá mba tháillí iad do gheobhadh sé fé Acht 1859.

(6) Gach táille agus costas is iníoctha fén alt so maidir le cigire speisialta nách cigire méadracha fé Acht 1859 do scrúdú agus do thástáil agus do stampáil mhéadair, íocfar isteach iad sa chiste do bunuíodh fé alt 7 d'Acht 1920.

(7) Soláthróidh an tAire do gach cigire speisialta pé standardaí agus gléasra is gá dho chun a fheidhmeanna mar chigire speisialta den tsórt san do chólíona agus ná beidh ar seilbh aige cheana ná fáil aige ortha.

(8) Ní foláir do gach éinne a ceapfar chun bheith ina chigire speisialta deimhniú fé alt 14 d'Acht 1920 do bheith aige.

(9) Ní déanfar cigire méadracha a bheidh ceaptha ag údarás áitiúil fé Acht 1859 do cheapa mar chigire speisialta mhéadracha gan aontú an údaráis áitiúla san.

(10) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialachán a bheidh déanta ag an Aire fén alt so.

Méadracha do thástáil ar éileamh ceannuitheoirí geas.

7. —(1) Féadfidh ceannuitheoir geas a soláthruítear tré mhéadar atá curtha suas in áitreabh i líomtáiste ná beidh an t-údarás a bronntar le hAcht 1859 infheidhmithe ann de thurus na huaire, maran stampáil cigire speisialta méadracha an méadar san fé alt 6 (alt a bhaineann le stampáil mhéadracha i líomtáistí ná beidh Acht 1859 i bhfeidhm ionta) den Acht so, a éileamh le fógra i scríbhinn ar an té a soláthruíonn an gcas san amhlaidh an méadar san d'aistriú as an áitreabh san agus a chur fé ndeár go dtástálfar é ag cigire méadracha a bheidh ceaptha ag údarás áitiúil fé Acht 1859 agus, má fachtar é bheith ceart, go stampálfar é dá réir sin fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é.

(2) Más rud é, ar thástáil mhéadair do réir éilimh fén alt so, go bhfuighfar an méadar san do bheith ceart isé an ceannuitheoir do dhin an t-éileamh san a bheidh thíos leis na costaisí do bhain leis an méadar san d'aistriú, do thástáil, agus do stampáil do réir an éilimh sin agus i ngach cás eile isé an té ar ar dineadh an t-éileamh san a bheidh thíos leis na costaisí sin.

Díslí i gcóir stampaí do cheannach, etc.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon dísle, teilgint, ná instruimid eile, chun méadracha do stampáil le stampa a bheidh orduithe ag an Aire fén Acht so d'ordú, do cheannach ná do chur ar nea-mbrí ach amháin le húdarás i scríbhinn ón Aire.

(2) Má dhineann éinne aon dísle, teilgint, no instruimid eile, den tsórt san, d'ordú, do cheannach, no do chur ar nea-mbrí contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Samhail fhallsa, etc., do dheanamh do stampaí.

9. —(1) Má dhineann éinne samhail fhallsa no bhréagach d'aon stampa a bheidh orduithe ag an Aire fén Acht so chun méadracha do stampáil, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(2) Má dhineann éinne go feasach aon mhéadard 'úsáid, do dhíol, do chur dá láimh, no do thaisbeáint chun a dhíolta agus samhail bhréagach air d'aon stampa a bheidh orduithe ag an Aire fén Acht so chun méadracha do stampáil, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air.

Méadracha do scrúdú.

10. —(1) Féadfidh éinne 'na mbeidh údarás aige chuige ón Aire scrúdú do dhéanamh gach tráth réasúnta ar aon mhéadar tré n-a soláthruítear geas chun a fháil amach ar stampáladh an méadar san le stampa d'orduigh an tAire fén Acht so, agus chun críche an scrúduithe sin féadfa sé dul isteach in aon áitreabh go mbeidh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint aon mhéadar den tsórt san do bheith ann.

(2) Gach éinne a chuirfidh bac ar dhuine 'na mbeidh údarás aige ón Aire fén alt so agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

(3) Ní dhéanfidh duine 'na mbeidh údarás aige ón Aire fén alt so aon chúiseamh do bhunú fén alt so gan aontú an Aire.

Baint alt 1 d'Acht 1920 do leathnú.

11. —(1) Pé uair is dó leis an Aire gur bhfearr é na héilithe, a bheidh le héileamh ar gheas a sholáthruíonn aon gheasghnóthaire áirithe le ná baineann alt 1 d'Acht 1920 mar a leasuítear leis an Acht so é, do bheith ina n-éilithe ar aontáin teasa a soláthrófí i bhfuirm geas, féadfa sé, le hordú, a fhaisnéis go dtuigfar an gnóthaire sin do bheith ina gheas-ghnóthaire gur gá dho, do réir achtacháin no forála eile, geas ina mbeidh neart áirithe soillsiúcháin no téighcháin do réir bhrí an ailt sin do sholáthar agus leis sin bainfidh an t-alt san leis an ngnóthaire sin agus na hatharuithe uile is gá air agus go sonnrách an t-atharú so, eadhon, gurb é riail-phraghas no praghas maximum a cheapfidh an tAire don aontán teasa fén alt san ná pé praghas is dó leis a bheith réasúnta ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás.

(2) Ní dhéanfidh an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so maran deimhin leis ná go dtí gur deimhin leis an gnóthaire go mbeifear chun an t-ordú san do dhéanamh ina thaobh do bheith ábalta ar na hoblagáidí do chólíona a cuirtar le halt 2 d'Acht 1920 ar ghnóthaire go mbeifear tar éis ordú do dhéanamh ina thaobh fé Acht 1920.

(3) Féadfidh an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra aon uair tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, agus leis sin tuigfar aon ordú do dineadh fé alt 1 d'Acht 1920 de dhruim ordú fén bhfo-alt san (1) do bheith ceiliúrtha, leis.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, seachas ordú a déanfar ar iarratas o ghnóthaire, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin.

Mion-leasuithe ar Acht 1920.

12. —(1) Dintar na leasuithe seo a leanas ar Acht 1920 leis seo, sé sin le rá:—

(a) i bhfo-alt (4) d'alt 4 cuirfar an focal “the Minister for Industry and Commerce” in ionad an fhocail “quarter sessions” i ngach áit ina bhfuil an focal san, agus scriosfar amach na focail “on the application of not less than five consumers” atá anois ann;

(b) i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 5 cuirfar an focal “the Minister for Industry and Commerce” in ionad an fhocail “quarter sessions”;

(c) i bhfo-alt (3) d'alt 7 cuirfar na focail “thirtieth day of June” in ionad na bhfocal “first day of April”;

(d) i bhfo-alt (4) d'alt 7 cuirfar na focail “thirty-first day of March” in ionad na bhfocal “fifteenth day of January”; agus

(e) i bhfo-alt (1) d'alt 14 cuirfar na focail “section five” in ionad na bhfocal “section four.”

(2) Athghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1920 agus achtuítear leis seo ina hionad gur amach as an gciste do bunuíodh fé alt 7 d'Acht 1920, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fé Acht 1920 no fén Acht so.

Ailt 24 go 28 den Alliance and Dublin Gas Act, 1874, d'athghairm.

13. —Athghairmtear leis seo ailt 24 go 28 den Alliance and Dublin Gas Act, 1874.

Gearr-theideal.

14. —Féadfar an tAcht um Gheas do Rialáil, 1928 , do ghairm den Acht so.