Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Toghachan do Stiura.)

29 1928


Uimhir 29 de 1928.


ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID, 1928.


ACHT CHUN STIÚRA TOGHACHÁN DE BHAILL DE SHEANAD ÉIREANN DO RIALÁIL AGUS CHUN AN tSLÍ D'ORDÍ INA nDÉANFAR AINM-LIOSTAÍ D'IARRTHÓIRÍ DO SNA TOGHACHÁIN SIN DO CHUR LE CHÉILE. [25adh Deire Fomhair, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí,

cialluíonn an focal “toghachán Seanaid” toghachán a comórfar do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht chun baill do thogha chun Seanad Éireann,

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire le rialacháin a déanfar fén Acht so.

Ceann comhrimh Seanaid agus costaisí.

2. —(1) Chun críche gach toghacháin tSeanaid beidh ceann comhrimh Seanaid ann a cheapfidh an tAire do gach toghachán fé leith den tsórt san ar dháta nách déanaí ná an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh an toghachán san.

(2) Beidh sé de dhualgas ar cheann chomhrimh an tSeanaid an toghachán dá gceapfar é do stiúra, na vótanna a tabharfar ann do chomhreamh agus a thora d'fháil amach agus d'fhógairt do réir an Achta so agus pé nithe agus rudaí eile do dhéanamh i dtaobh an toghacháin sin a cheanglann an tAcht so air do dhéanamh.

(3) Ullamhóidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh Sheanaid agus íocfidh an tAire sin le gach ceann comhrimh Seanaid, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, a chuid éilithe réasúnta ar son a sheirbhísí agus a chostaisí maidir leis an toghachán dar ceapadh é ach ní bheidh na héilithe sin in aon chás níos mó ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

An tréimhse ina gcomórfar toghacháin tSeanaid.

3. —(1) Comórfar gach toghachán Seanaid i rith na tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Samhna roimh bheith caithte do théarma oifige na mball a bheidh ag dul as oifig ag an toghachán san agus dar críoch an lá a bheidh an téarma san caithte.

(2) Laistigh de cheithre lá déag roimh an 15adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid ceapfidh an tAire le hordú—

(a) an lá (dá ngairmtear san Acht so lá tabhartha amach na bpáipéirí ballóide) a tabharfar amach agus a postálfar chun toghthóirí na páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin sin, agus

(b) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so deire na vótaíochta) a cuirfar deire leis an vótaíocht sa toghachán san.

(3) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén bhfo-alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Ainmliost d'iarrthóirí do chur le chéile.

4. —(1) Roimh gach toghachán Seanaid cuirfar le chéile do réir an Achta so ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

(2) Chun crícheanna Airtiogal 32A den Bhunreacht isé lá a ceaptar do réir dlí chun críoch do chur le hainmliost d'iarrthóirí do chur le chéile do thoghachán tSeanaid ná an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh an toghachán san no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, an chéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna.

Ainmniúcháin chun ainmliosta d'iarrthóirí.

5. —(1) Ar no roimh an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, ar no roimh an gcéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna, déanfidh Dáil Éireann, agus iad ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla, oiread daoine cáilithe is bheidh de bhaill le togha sa toghachán san d'ainmniú chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

(2) Ar no roimh an 13adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid no, más ar an Domhnach a thuitfidh an lá san no más lá saoire bainc é, ar no roimh an gcéad lá nách Domhnach ná lá saoire bainc tar éis an 13adh lá san de Mhí na Samhna, déanfidh Seanad Éireann, agus iad ag vótáil do réir Ionaduíochta Cothromúla, oiread daoine cáilithe is bheidh de bhaill le togha sa toghachán san d'ainmniú chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

(3) Socróidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach an modh ina dtairgfar agus ina roghnófar daoine chun a n-ainmnithe ag Dáil Éireann agus ag Seanad Éireann fé seach fén alt so chun a gcurtha ar ainmliost d'iarrthóirí do thoghachán tSeanaid.

Ainmliost d'iarrthóirí d'ullamhú.

6. —(1) Ar dháta nách déanaí ná an 16adh lá de Mhí na Samhna roimh thoghachán tSeanaid seachadfidh Cléireach na Dála agus Cléireach an tSeanaid, gach duine acu ar leithligh, do cheann chomhrimh an tSeanaid, ráiteas ar ainmneacha, ar sheolta, ar thuairiscí, agus ar cháilíochtaí na ndaoine d'ainmnigh Dáil Éireann agus Seanad Éireann fé seach chun a gcurtha ar an ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san.

(2) Chó luath is bheidh na ráitisí sin fachta aige ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid uatha an t-ainmliost d'iarrthóirí don toghachán san agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil é agus cuirfe sé cóip de tríd an bpost cláruithe go dtí gach ball de Dháil Éireann agus go dtí gach ball de Sheanad Éireann.

(3) Nuair a bheidh sé ag ullamhú ainmliosta d'iarrthóirí fén alt so déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid ainmneacha na ndaoine uile a bheidh ainmnithe sna ráitisí sin a cuireadh chuige fén alt so do chur ar an ainmliost san d'ainneoin éinne de sna daoine sin do bheith tar éis bháis no do bheith gan bheith cáilithe no do bheith dí-cháilithe no tagtha chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann.

(4) Ar ainmliost d'iarrthóirí a ullamhóidh ceann comhrimh Seanaid fén alt so taisbeánfar, maidir le gach iarrthóir, a ainm, a sheola, a thuairisc, agus a cháilíochtaí mar a bheid curtha síos sa ráiteas a bhaineann leis an gcás agus a tugadh do cheann chomhrimh an tSeanaid fén alt so ach má bhíonn thar dachad focal in aon ráiteas den tsórt san ar cháilíochtaí ní cuirfar isteach san ainmliost an bhreis ar an dachad focal san.

(5) Más ar an Domhnach a thuitfidh, no más lá saoire bainc, an lá a bheidh fén alt so ina lá dheiridh chun aon rud do dhéanamh féadfar an rud san do dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nách Domhnach ná lá saoire bainc.

(6) San alt so cialluíonn an focal “cáilíochtaí” cáilíochtaí i gcóir ballraíochta de Sheanad Éireann fé Airtiogal 30 den Bhunreacht.

Ní bheidh dul thar ainmliost d'iarrthóirí.

7. —(1) Aon ainmliost d'iarrthóirí do thogachán tSeanaid a ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid fén Acht so ní bheidh dul thairis maidir le cé hiad na daoine is iarrthóirí sa toghachán san agus san d'ainneoin éinne de sna daoine sin do bheith marbh no do bheith gan bheith cáilithe no do bheith dí-cháilithe no tagtha chun bheith dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann agus d'ainneoin aon neamh-fhuirmeáltachta no nearialtachta ina n-ainmniú.

(2) I gcomhreamh na vótanna do tugadh i dtoghachán Seanaid geobhfar thar gach rogha do breacadh d'iarrthóir 'na bhfuighidh ceann comhrimh an tSeanaid fógra roimh dheire na vótaíochta go bhfuil sé tar éis bháis (pe'ca roimh an ainmliost d'iarrthóiri do bheith curtha le chéile é no ina dhiaidh sin) agus ina ionad san tabharfar áird ar na céad roghna eile ar fáil.

(3) Tuairisceofar na hiarrthóirí seo a leanas i dtoghachán Seanaid do bheith toghtha sa toghachán san má toghtar amhlaidh iad agus (gan dochar do chomhacht cúirte údaráis achmair a dhearbhú go bhfuil a dtogha gan brí) tuigfar iad do bheith toghtha go cuibhe amhlaidh agus iad d'fhágaint a suíochán díreach tar éis tosach a dtéarma oifige, sé sin le rá:—

(a) gach iarrthóir toghtha a éagfidh roimh thosach a théarma oifige pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no dá éis a éagfa sé amhlaidh,

(b) gach iarrthóir toghtha ná beidh, i ndeire na vótaíochta, cáilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann pe'ca thiocfa sé chun bheith cáilithe amhlaidh roimh thosach a théarma oifige no ná tiocfidh,

(c) gach iarrthóir toghtha a bheidh, i dtosach a théarma oifige, dí-cháilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no dá éis a tháinig sé chun bheith dí-cháilithe amhlaidh.

Rolla de thoghthóirí d'ullamhú.

8. —(1) Trí lá ar a laighead roimh an lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach i dtoghachán Seanaid tabharfidh Cléireach na Dála do cheann chomhrimh an tSeanaid ráiteas ar ainmneacha agus ar sheolta ball Dáil Éireann agus tabharfidh Cléireach an tSeanaid do cheann chomhrimh an tSeanaid ráiteas ar ainmneacha agus ar sheolta ball Seanad Éireann.

(2) Isiad seolta ball Dáil Éireann agus ball Seanad Éireann a tabharfar sna ráitisí sin ná a ngnáth-sheolta ach má thugann aon bhall den tsórt san do Chléireach na Dála no do Chléireach an tSeanaid (pe'ca aca is gá sa chás) seola speisialta chun críche an ráitis sin isé an seola speisialta san a tabharfar sa ráiteas san in ionad gnáth-sheola an bhaill sin.

(3) Ar fháil na ráitisí sin do ar ainmneacha agus ar sheolta ball Dáil Éireann agus ball Seanad Éireann ullamhóidh ceann comhrimh an tSeanaid rolla de thoghthóirí agus déanfa sé na hainmneacha agus na seolta uile a bheidh sna ráitisí sin do chur in ord aibítre sloinnte agus, i gcásanna có-ionannas sloinnte, in ord aibítre ainmneacha eile, agus uimhreoidh sé na hainmneacha san in ord leanúnach ar an rolla san de thoghthóirí.

(4) Déanfar gach rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so do chimeád ar nochta chun a iniúchta in aisce in oifig cheann comhrimh an tSeanaid ag aon bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann, go dtí deire na vótaíochta sa toghachán le n-a mbaineann an rolla.

(5) Ní bheidh aon dul thar aon rolla de thoghthóirí a hullamhófar fén alt so agus ní fhéadfidh aon Chúirt aon rolla den tsórt san d'ath-bhreithniú agus na daoine go mbeidh a n-ainmneacha ar rolla de thoghthóirí beidh siad-san agus ní bheidh aon daoine eile i dteideal chun vótáil sa toghachán le n-a mbaineann an rolla.

Modh vótála.

9. —(1) Is do réir ionaduíochta cothromúla a déanfar an vótáil i dtoghachán Seanaid agus aon vóta ionaistrithe amháin a bheidh ag gach toghthóir fé leith agus is le ballóid a tabharfar é.

(2) I dtoghachán Seanaid isé a bheidh mar bhallóid ag gach vótálaí fé leith ná páipeur (dá ngairmtear páipeur ballóide san Acht so) ar a mbeidh liost de sna hiarrthóirí agus iad tuairiscithe tré n-a n-ainmneacha, tré n-a seolta, agus tré n-a dtuairiscí mar a bheidh na nithe sin curtha síos san ainmliost de thoghthóirí don toghachán san agus iad in eagar aibítre in ord a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, in ord a n-ainmneacha eile agus iad in aon cholún leanúnach amháin no i pé slí eile (gan an t-ord aibítre sin do thréigean) is dó leis an Aire is mó a raghaidh chun marcáil agus comhreamh do chur in usacht.

(3) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide agus beidh có-dhuille ceangailte dhe agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a aghaidh agus le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipeur ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil stampálta no pollta.

(4) Clóbhuailfar sloinne gach iarrthóra ar na páipéirí ballóide i leitreacha móra agus clóbhuailfar a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí i leitreacha beaga ach pé uair a bheidh sloinnte beirt no níos mó iarrthóirí mar a chéile clóbhuailfar i leitreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóir sin agus oiread de sheola no de thuairisc gach iarrthóra den tsórt san no dá sheola agus dá thuairisc agus a chuirfidh an t-iarrthóir sin in aithne go héifeachtúil dar le ceann comhrimh an tSeanaid.

Modh chun vótanna do mharcáil ar pháipéirí ballóide.

10. —(1) Ní foláir do thoghthóir, agus é ag tabhairt a vóta, an figiúir 1 do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfa sé ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3, agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ordú a rogha.

(2) Aon pháipeur ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céad-rogha d'iarrthóir éigin, curtha air, no

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóir amháin, no

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile os coinne ainm an aon iarrthóra amháin, no

(e) ar a mbeidh scríobhtha na marcálta éinní, ach an uimhir ar an gcúl, tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé gan brí agus ní comhreofar é.

Páipéirí ballóide do chur chun toghthóirí.

11. —(1) An lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid páipeur ballóide maraon le fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun gach duine go mbeidh a ainm ar an rolla de thoghthóirí don toghachán san ag an seola a bheidh luaidhte ar an rolla san.

(2) Pé uair a dhéanfidh duine gur cheart páipeur ballóide do thoghachán tSeanaid do chur chuige fén bhfo-alt san roimhe seo a chur in úil i scríbhinn do cheann chomhrimh an tSeanaid go bhfuil breis is ceithre huaire fichead a' chluig imithe ón am ba cheart an páipeur ballóide sin do sheachada dho i ngnáth-chúrsa an phuist agus ná fuair sé an páipeur ballóide sin agus gur mian leis go dtabharfí amach do páipeur ballóide dúbláide agus dearbhú céannachta dúbláide, déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid láithreach, má fhaghann sé an ráiteas san ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, no féadfa sé, má fhaghann sé an ráiteas san níos lú ná ocht n-uaire is dachad a' chluig roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin ag an seola a luaidhtear so bhfo-alt san roimhe seo, páipeur agus fuirm go mbeidh sé soiléir, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipeur de dhath fé leith no ar shlí éigin eile, gur dúbláidí iad den pháipeur bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh ar dtúis chun an duine sin fén alt so.

(3) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach dearbhú céannachta agus beidh sé saor o dhiúité stampa agus beidh sé ina dhearbhú reachtúil fén Statutory Declarations Act, 1835, agus más i Saorstát Éireann a déanfar é, déanfar é i láthair feadhmannaigh shíochána, coimisineura mhionn, no nótaire phuiblí ag a bhfuil aithne phearsanta ar an dearbhthóir agus, más lasmuich de Shaorstát Éireann a déanfar é, déanfar é i láthair duine ag a bhfuil aithne phearsanta ar an dearbhthóir agus 'na mbeidh údarás aige, do réir dlí na háite ina ndéanfar é, daoine do chur fé mhionn.

(4) Gach éinne a bheidh i dteideal chun vótáil i dtoghachán Seanaid beidh sé i dteideal chun vótáil sa toghachán san sa tslí seo a leanas agus ní hin aon tslí eile, sé sin le rá, tré pháipeur bhallóide do cuireadh chuige fén alt so do mharcáil agus do chur thar n-ais go dtí ceann comhrimh an tSeanaid tríd an bpost cláruithe no tríd an ngnáth-phost maraon leis an bhfuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige sa tslí chéanna i dteanta an pháipéir sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

(5) Pé uair a dhéanfidh duine a bheidh i dteideal chun vótáil i dtoghachán Seanaid a chur in úil i scríbhinn do cheann chomhrimh an tSeanaid gur dhin sé go cuibhe páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do cuireadh chuige fén alt so do chur thar n-ais go dtí ceann comhrimh an tSeanaid tríd an bpost cláruithe agus go ndeabhruíonn sé nár seachadadh do cheann chomhrimh an tSeanaid iad agus gur mian leis go dtabharfí amach do páipeur ballóide dúbláide agus dearbhú céannachta dúbláide déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid láithreach, má fhaghann sé an ráiteas san ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, no féadfa sé, má fhaghann sé an ráiteas san níos lú ná ocht n-uaire is dachad a' chluig roimh dheire na vótaíochta sa toghachán san, páipeur ballóide agus fuirm dhearbhú céannachta do chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin ag an seola a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so, páipeur agus fuirm go mbeidh sé soiléir, tré n-a mbeith clóbhuailte ar pháipeur de dhath fé leith no ar shlí éigin eile, gur dúbláidí iad den pháipeur bhallóide agus den fhuirm dhearbhú céannachta do cuireadh ar dtúis chun an duine sin fén alt so.

(6) Ag cur amach agus ag fáil na bpáipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid agus ag deighleáil leo ar aon tslí eile dho déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Tora na vótaíochta do do dhéanamh amach.

12. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi aige air tar éis deire na vótaíochtá déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid amach tora an toghacháin, i láthair pé iarrthóirí a bheidh i láthair, do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus fógróidh sé na hiarrthóirí sin do beith toghtha 'na ndéanfar amach amhlaidh iad do bheith toghtha agus tuairisceoidh sé a n-ainmneacha do Chléireach na Dála agus do Chléireach an tSeanaid.

(2) An bhreith a thabharfidh ceann comhrimh an tSeanaid ar aon cheist a eireoidh i dtaobh na bpáipéirí ballóide, na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid no ar éinní eile a eireoidh i dtaobh na vótanna do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh, beidh sí ina breith dheiridh ach féadfidh Cúirt a thriailfidh achuinghe thoghacháin a bhaineann leis an toghachán claochló do dhéanamh uirthi.

Rún do chimeád ar an vótáil.

13. —(1) Déanfidh ceann comhrimh an tSeanaid agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabhairt amach, d'fháil, no do chomhreamh i dtoghachán Seanaid agus gach iarrthóir a bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do chimeád agus cabhrú chun rún do chimeád ar an vótáil sa toghachán san agus, roimh chríochnú an toghacháin, ní thabharfid uatha, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas ar ce'ca vótáil aon toghthóir sa toghachán san no nár vótáil, ná ar an marc oifigiúil, agus ní thabharfid d'éinne aon uair aon eolas, do fuarthas le linn no i gcúrsaí na tabhartha-amach, na fála, no an chomhrimh sin, ar ce'ca iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir ná ar ce'ca vótáil aon toghthóir no nár vótáil ná ar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra.

(2) Ní dhéanfidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

(3) Ní dhéanfidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach tabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán Seanaid a pháipeur ballóide do thaisbeáint, tar éis a mharcála dho, i slí is go nochtfí don duine sin no d'éinne eile ainm an iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipeur ballóide sin.

(4) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé phríosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

Achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán Seanaid.

14. —(1) Na hachtacháin a bhaineann le tíolaca agus le triail achuingheacha toghacháin i dtaobh toghachán ball de Dháil Éireann bainfid le toghacháin tSeanaid ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

(a) an chúirt a bheidh ag triail achuinghe toghacháin i dtaobh toghacháin tSeanaíd ní bheidh comhacht aici a dhearbhú go bhfuil an toghachán iomlán gan brí, ach féadfa sí a dhearbhú, i dtaobh togha aon duine no daoine de sna hiarrthóirí do tuairiscíodh a bheith toghtha sa toghachán, go bhfuil sé gan brí no go bhfuil sé dleathach pe'ca aca is gá do réir chirt,

(b) má dhearbhuíonn an chúirt sin amhlaidh togha iarrthóra do bheith gan brí, dearbhóidh an chúirt gur toghadh pé duine is gá do réir chirt a thogha de sna hiarrthóirí nár tuairiscíodh a bheith toghtha,

(c) beidh comhacht ag an gcúirt sin a shocrú agus a dhearbhú cadé an t-ord in ar toghadh na hiarrthóirí do toghadh sa toghachán (pe'ca a tuairiscíodh iad do bheith toghtha amhlaidh no a shocruigh an chúirt iad do bheith toghtha amhlaidh),

(d) beidh comhacht ag an gcúirt sin leasuithe do dhéanamh ar dheimhniú cheann comhrimh an tSeanaid ar thora an toghacháin fé mar is gá chun éifeacht do thabhairt dá breitheanna,

(e) léireofar tagairtí don House of Commons mar thagairtí do Sheanad Éireann agus léireofar tagairtí do Speaker of the House of Commons mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanaid Éireann.

(2) In aon imeachta dlí chun togha no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán Seanaid do chur in amhrus ní ceanglófar ar éinne a vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

Nea-chólíona rialacha.

15. —Ní dearbhófar aon togha iarrthóra i dtoghachán Seanaid do bheith gan brí de bhíthin nea-chólíona na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirm a hordófar fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítar don bhinse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir an bprinsiobal atá curtha síos i gcorp an Achta so, agus nár dhin an nea-chólíona no an dearmhad san deifir do thora an toghacháin.

Seirbhísí Puist in aisce.

16. —Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirítear na seirbhísí clárathachta go léir) a bheidh ar fad laistigh de Shaorstát Éireann agus a bhainfidh le páipéirí ballóide i dtoghachán Seanaid do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ar a son do roimh-íoc leis agus tuigfar gur cuid de chostaisí cheann comhrimh an tSeanaid gach éileamh den tsórt san agus íocfar é dá réir sin.

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923 , do leasú.

17. —(1) An méid d'alt 11 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh 12 de 1923 ), agus den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, le n-a n-achtuítear go mbeidh sa chlár bhliantúil a cuirfar le chéile fén alt agus fén sceideal san ainmneacha na ndaoine a bheidh i dteideal chun vótáil mar thoghthóirí Seanaid no chun a gcláruithe amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

(2) Déanfar fo-alt (1) d'alt 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na focail “triocha bliain d'aois no os a chionn san” do chur isteach ann in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí“35 bliana d'aois no os a chionn san” atá anois ann.

(3) San Acht Timpeal Toghachán, 1923 , nuair a dintar an focal “toghachán” agus focail atá gaolmhar leis d'úsáid leo féin ní fholóid toghachán Seanaid ná ní léireofar iad mar fhocail a bhaineann le toghachán Seanaid (ach amháin i gCuid VII. (a bhaineann le ballraíocht Sheanaid Éireann) den Acht san).

Rialacháin.

18. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh fé roimhe sin.

Athghairmeanna.

19. —Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

20. —Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 , do ghairm den Acht so.