1 1929


Uimhir 1 de 1929.


ACHT BAINISTÍ CHATHAIR CHORCAIGHE, 1929.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GNÓ RIARACHÁIN AGUS AIRGEADAIS CHONTAE-BHUIRG CHORCAIGHE DO BHAINISTÍ AGUS I gCÓIR NITHE EILE A GHABHANN NO A BHAINEANN LEIS AN mBAINISTÍ SIN.[23adh Feabhra, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so, lasmuich d'áit ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, beidh leis na focail agus leis na habairtí seo a leanas na bríonna a cuirtar leo fé seach anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Tiarna Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an Bhuirg” contae-bhuirg Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na Buirge mar a bheidh sí có-dhéanta o am go ham fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bainisteoir” Bainisteoir Chathair Chorcaighe a ceaptar leis an Acht so no a ceapfar ag an gComhairle do réir forálacha an Achta so;

cialluíonn an abairt “Cléireach an Bhaile” cléireach baile na Buirge;

cialluíonn an abairt “toghachán buirge” toghachán chun baill den Chomhairle do thogha, agus

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire.

Comhachta, etc., do dhílsiú sa Bhárdas.

2. —(1) An tOrdú um Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Scur), 1924, le n-ar scuireadh comhairle chontae-bhuirg Chorcaighe, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

(2) An mhaoin uile le comhairle chontae-bhuirg Chorcaighe do haistríodh de bhua an Orduithe um Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Scur), 1924, chun an té do hainmníodh chuige sin san Ordú san, dílseoidh sí sa Bhárdas ar an lá ceaptha.

(3) Na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí le comhairle chontae-bhuirg Chorcaighe atá, de bhua an Orduithe a luaidhtear anso roimhe seo, á bhfeidhmiú agus á gcólíona, ar dháta rithte an Achta so, ag an té do hainmníodh chuige sin san Ordú san, tiocfid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí ag an mBárdas agus gach aon cheann riamh de sna comhachta, de sna feidhmeanna agus de sna dualgaisí a bronnfar agus a forchuirfar ar an gcomhairle sin le forálacha no fé fhorálacha aon Achta a rithfar tar éis rithte an Achta so, tiocfid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí ag an mBárdas ar an dáta agus ón dáta ar a ndéanfar na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin do bhronna agus d'fhorchur fé seach amhlaidh.

(4) Pé uair a déanfar, le haon Acht no fé aon Acht a rithfar tar éis rithte an Achta so, aon chomhachta, feidhmeanna no dualgaisí do bhronna no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge, chontaebhuirge, no bhailecheanntair tiocfidh na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin, sa mhéid go mbainid le comhairle chontae-bhuirg Chorcaighe, chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí ag an mBárdas ar dháta agus o dháta a mbronnta agus a bhforchurtha fé seach amhlaidh.

(5) Déanfidh an chomhairle no an bainisteoir (pe'ca aca é) gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais d'fheidhmiú agus do chólíona don Bhárdas agus thar a cheann fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

(6) D'ainneoin éinní atá san Acht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 (Uimh. 22 de 1926) , ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle chontae-bhuirg Chorcaighe do réir fo-alt (1) d'alt 2 den Acht san.

Toghacháin bhuirge.

3. —(1) Comórfar toghachán buirge sa bhliain 1929 agus gach bliain ina dhiaidh sin agus i ngach toghachán buirge beidh an Bhuirg ina haon líomatáiste toghacháin amháin.

(2) Toghfar ball is fiche den Chomhairle sa toghachán bhuirge a comórfar sa bhliain 1929, agus, fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le daoine a ceapfar chun foth-fholúntaisí, is mar leanas a bheidh téarma oifige na mball a toghfar sa toghachán san, sé sin le rá:—

(a) beidh an chéad sheachtar ball a toghfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge a comórfar sa bhliain 1932.

(b) beidh an chéad sheachtar ball eile a toghfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge a comórfar sa bhliain 1931, agus

(c) beidh an seachtar ball eile a toghfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge a comórfar sa bhliain 1932,

(3) Toghfar seachtar ball den Chomhairle i ngach toghachán buirge a comórfar tar éis na bliana 1929.

(4) Sa bhliain 1929 comórfar an toghachán buirge lá a shocróidh an tAire agus gach bliain ina dhiaidh sin comórfar an toghachán buirge pé lá a shocróidh an Bárdas agus nách luatha ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí ná na ladh lá d'Iúl.

(5) Fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann leis na daoine a ceapfar chun foth-fholúntaisí, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh gach ball den Chomhairle a toghfar i dtoghachán buirge a comórfar aon bhliain tar éis na bliana 1929 i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san go dtí an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge a comórfar an tríú bliain tar éis na bliana a toghadh é agus, mara n-ath-thoghfar roimhe sin é, imeoidh sé as oifig ansan mar bhall den tsórt san.

(6) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so bainfidh an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, i dtaobh comhairleoirí contae-bhuirgí do thogha agus i dtaobh cáilíochta daoine chun a dtoghtha amhlaidh, le gach toghachán buirge agus le cáilíocht daoine chun bheith ina mbaill den Chomhairle sa tslí chéanna ina mbaineann sí le comhairleoirí contae-bhuirgí do thogha agus le cáilíocht daoine chun a dtoghtha amhlaidh.

(7) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so bainfidh an dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, i dtaobh cáilíochta daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste a ceapfar ag comhairle chontae-bhuirge no d'aon chó-choiste a ceapfar i bpáirt ag aon chomhairle den tsórt san, le cáilíocht daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste a ceapfar ag an gcomhairle no d'aon chó-choiste a ceapfar i bpáirt ag an gcomhairle.

(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connra a dineadh leis an mBárdas do bheith ina chonnra a dineadh leis an gComhairle agus le gach coiste agus có-choiste do ceapadh no do ceapadh i bpáirt ag an gComhairle agus tuigfar connra a dineadh le haon choiste no có-choiste den tsórt san do bheith ina chonnra a dineadh leis an gComhairle, leis.

Foth-fholúntaisí.

4. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “foth-fholúntas” fothfholúntas a thiocfidh imeasc ballra na Comhairle tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall di.

(2) Má thagann foth-fholúntas sa Chomhairle tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht d'aon bhall di nách ball 'na mairfadh a théarma oifige, mara mbeadh an t-éag, an t-eirghe-as no an teacht fé dhí-cháilíocht san, go dtí an cúigiú lá tar éis an chéad thoghacháin bhuirge a bheadh le comóra fén Acht so tar éis teacht an fhoth-fholúntais sin, toghfar sa toghachán bhuirge sin ball den Chomhairle de bhreis ar an seachtar ball di is gá do réir an Achta so do thogha sa toghachán san, agus marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht don bhall bhreise sin roimhe sin beidh sé i seilbh oifige ar feadh iarsma an téarma a bheadh an ball 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhícháilíocht do i seilbh oifige marar bh'éag, eirghe as ná teacht fé dhí-cháilíocht do.

(3) An duine deiridh a toghfar mar bhall den Chomhairle i dtoghachán buirge in ar gá do réir an ailt seo foth-fholúntas do líona, glacfar é chun an folúntas san do líona agus más gá níos mó ná aon fhoth-fholúntas amháin do líona sa toghachán san déanfar an t-ochtú duine a toghfar ann do ghlaca chun pé ceann de sna folúntaisí sin do líona a bheidh le líona an uair sin go ceann na tréimhse aimsire is sia agus mar sin de.

(4) Féadfidh an Chomhairle, más rogha leo féin é, tré rún do rith chuige sin, tar éis fógra seachtaine do gach ball den Chomhairle, socrú ar an bhfoth-fholúntas le n-a mbaineann an rún san do líona tré chó-thogha do réir an fho-ailt seo agus, ar bheith rithte don rún san féadfidh an Chomhairle, ag an gcruinniú ag ar ritheadh an rún san no ag aon chruinniú eile den Chomhairle ina dhiaidh sin, duine do thogha chun an fhoth-fholúntais sin le vótanna móráirimh de sna baill den Chomhairle a bheidh i láthair agus a vótálfidh ag an gcruinniú san.

(5) Gach duine a glacfar do réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo chun foth-fholúntas do líona beidh sé i seilbh oifige go dtí lá comórtha an chéad thoghacháin bhuirge a comórfar fén Acht so tar éis teacht don fhoth-fholúntas a líonfar amhlaidh, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do.

Có-dhéanamh, etc., na Comhairle Buirge.

5. —(1) Beidh an Chomhairle, aon uair agus o am go ham tar éis an lae cheaptha, có-dhéanta de sna baill di a bheidh toghtha, pe'ca roimh an lá ceaptha é no dá éis sin, do réir forálacha an Achta so agus 'na mbeidh a dtéarmaí oifige gan bheith caithte an uair sin.

(2) An chéad bheirt bhall den Chomhairle a toghfar sa toghachán bhuirge a comórfar sa bhliain 1929 agus an chéad bheirt bhall den Chomhairle a toghfar i ngach toghachán buirge a comórfar tar éis na bliana 1929 beid ina seanóirí.

(3) Gach ball den Chomhairle nách ball a bheidh ina sheanóir de bhua na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh sé ina chomhairleoir.

Céad-chruinniú na Comhairle agus Tiarna Méara do thogha.

6. —(1) Beidh céad-chruinniú na Comhairle ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae ar an lá ceaptha.

(2) Déanfidh an Chomhairle ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe a bheidh acu tar éis gach toghacháin bhuirge duine dá mbaill do thogha chun bheith ina Thiarna Mhéara ar Chorcaigh (dá ngairmtear an Tiarna Méara san Acht so).

(3) Fanfidh an Tiarna Méara in oifig go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcruinniú cinn ráithe den Chomhairle ag á bhféadfidh an Chomhairle, ag féachaint d'fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo, Tiarna Méara do thogha agus go dtí go mbeidh déanta ag an gcomharba san an dearbhú, ag glaca le hoifig, gur gá do Thiarna Mhéara thoghtha no do Mhéara thoghtha a dhéanamh do réir na dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le Tiarna Méara no Méara contaebhuirge do thogha.

(4) Beidh Cléireach an Bhaile ina chathaoirleach ar chéadchruinniú na Comhairle go dtí go mbeidh an Tiarna Méara toghtha agus an dearbhú roimhráite déanta aige.

(5) Ní bheidh teideal ag Cléireach an Bhaile vóta do thabhairt uaidh ar aon cheist a bheidh le socrú ag céad-chruinniú na Comhairle le vóta o bhaill na Comhairle.

(6) An dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe de chomhairle chontae-bhuirge do chomóra agus leis na cruinnithe a comórfar amhlaidh, agus le togha, le sealbhaíocht oifige, le comhachta, le dualgaisí, le príbhléidí agus le luach saothair Tiarna Mhéara no Méara chontae-bhuirge, bainfid, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe den Chomhairle do chomóra agus leis na cruinnithe a comórfar amhlaidh agus le togha, le sealbhaíocht oifige, le comhachta, le dualgaisí, le príbhléidí, agus le luach saothair an Tiarna Mhéara.

Nós-imeachta ag cruinnithe.

7. —(1) Fé réir forálacha aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an nós-imeachta a leanfidh údaráis áitiúla maidir leis an ngnó do forchuireadh ortha no do haistríodh chúcha fé aon achtachán stiúrófar nós-imeachta na Comhairle ag á cruinnithe do réir bhuan-orduithe a dhéanfidh an Chomhairle chuige sin.

(2) Deichniúr ball den Chomhairle a bheidh mar quorum ag gach cruinniú den Chomhairle.

(3) Féadfidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntais imeasc a ballra.

Feidhmeanna forchimeádtha.

8. —(1) Feidhmeoidh agus cólíonfidh an Chomhairle féin gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais i dtaobh na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) aon ráta do bhuala no aon airgead d'fháil ar iasacht;

(b) aon fho-dhlí do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúra;

(c) aon ordú do dhéanamh agus aon rún do rith 'na ndéanfar dá mbua aon achtachán do chur i ngníomh sa Bhuirg no do chur i mbaint leis an mBuirg agus aon ordú den tsórt san do cheiliúra agus aon rún den tsórt san do chur ar neamh-ní;

(d) an t-iarratas a bheidh le déanamh chun aon údaráis maidir le haon ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do cheiliúra;

(e) aon ordú do dhéanamh no do cheiliúra fé alt 5 den Shops Act, 1912 (dá ngairmtear ordú um dhúna san Acht san);

(f) na comhachta a bronntar le halt 5 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, maidir le reachtúchán d'iarraidh no cur ina choinnibh, imeachta dlí do chur ar aghaidh agus cosaint do dhéanamh ionta, agus an ciste buirge, an ráta buirge no neachtar acu na cistí puiblí agus na rátaí puiblí fé chúram an Bhárdais do chur chun na gcrícheanna san;

(g) éinne do cheapa no do thogha chun bheith ina bhall d'aon chólucht puiblí;

(h) toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla;

(i) saoirse Chathair Chorcaighe do bhronna ar dhaoine;

(j) fé réir forálacha an Achta so an Bainisteoir do cheapa, do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig agus liúntas no aisce do dheona don Bhainisteoir ar scur do de bheith ina Bhainisteoir; agus

(k) méid tuarastail agus luach saothair an Tiarna Mhéara do shocrú.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire, le hordú, a cheangal ar an gComhairle féin comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais i dtaobh éinní ná fuil ar na nithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo d'fheidhmiú agus do chólíona agus ar bheith déanta don ordú san feidhmeoidh agus cólíonfidh an Chomhairle féin na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leanfid d'iad d'fheidhmiú agus do chólíona amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire ordú do dhin sé fén alt so do cheiliúra.

(4) Ní dhéanfidh ná ní cheiliúrfidh an tAire ordú fén alt so ach amháin ar a iarraidh sin ar an Aire don Chomhairle do réir rúin ón gComhairle—

(a) 'nar thug Cléireach an Bhaile fógra mí ar a laighead ina thaobh i scríbhinn do gach ball den Chomhairle, agus

(b) le n-ar vótáil dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle.

(5) Ar fháil aon iarratais den tsórt san roimhráite don Aire féadfa sé, roimh ordú do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é) fén alt so, fiosrúchán áitiúil do chur ar siúl, más oiriúnach leis é, i dtaobh aon nithe a chífar do a bhaineann le crích an ordú san do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é) agus bainfidh forálacha Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil den tsórt san.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “feidhmeanna forchimeádtha” comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais gur gá don Chomhairle féin do réir an ailt seo iad d'fheidhmiú agus do chólíona agus foluíonn sé comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí eile an Bhárdais gur gá don Chomhairle aon uair, do réir ordú do dineadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, iad d'fheidhmiú agus do chólíona.

Bainisteoir Chathair Chorcaighe.

9. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfidh duine a bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Chathair Chorcaighe (dá ngairmtear an Bainisteoir san Acht so) feidhmiú agus cólíona, ar son agus thar ceann an Bhárdais, ar chomhachta, ar fheidhmeanna agus ar dhualgaisí an Bhárdais a bhaineann le hoifigigh agus le seirbhísigh don Bhárdas (agus Cléireach an Bhaile d'áireamh, ach gan an Bainisteoir d'áireamh) do cheapa agus do chur as oifig agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé fós comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí eile go léir an Bhárdais nách feidhmeanna forchimeádtha.

(2) Gach duine a bheidh ceaptha leis an Acht so no fé chun bheith ina Bhainisteoir beidh sé ina oifigeach don Bhárdas de bhua an cheaptha san.

An Bainisteoir do cheapa, etc.

10. —(1) Déanfar agus dintar leis seo Pilib O Muineacháin, an té chun ar haistríodh comhachta agus dualgaisí agus maoin an Bhárdais de bhua an Orduithe um Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Scur), 1924, do cheapa chun bheith ina chéad Bhainisteoir agus glacfidh Pilib O Muineacháin sin oifig mar chéad Bhainisteoir ar an lá ceaptha.

(2) Aireofar oifig an Bhainisteora mar cheann de sna hoifigí le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis deire do bheith le tréimhse oifige an chéad Bhainisteora san (pe'ca tré n-a éag, tré n-a eirghe as no tré n-a chur as oifig do réir an ailt seo é) agus o am go hain ina dhiaidh sin fé mar a bheidh gá leis ceapfidh an Chomhairle duine ceart oiriúnach chun bheith ina Bhainisteoir agus is fé réir agus do réir forálacha an Achta san na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, a déanfar gach ceapa den tsórt san.

(4) Beidh an Bainisteoir i seilbh oifige go héag no go heirghe as do no go dtí n-a chur as oifig.

(5) Ní dhéanfidh an Chomhairle an Bainisteoir do chur ar fiunraoi ná as oifig ach amháin—

(a) tré rún ón gComhairle a rithfar chun a churtha ar fiunraoi no as oifig amhlaidh (pe'ca aca é) le móráireamh nách lú ná dhá dtrian de sna baill den Chomhairle a bheidh i láthair agus a vótálfidh ag cruinniú den Chomhairle, rún gur tugadh fógra seacht lá ar a laighead ina thaobh do gach ball den Chomhairle, agus

(b) le cead an Aire i gcás an Bainisteoir do chur as oifig.

(6) Iocfidh an Chomhairle leis an mBainisteoir pé luach saothair a shocróidh an tAire o am go ham agus cruinneoidh an Chomhairle suim an luach saothair sin tríd an ráta gcéanna tré n-a gcruinneofar tuarastal Chléireach an Bhaile.

(7) Féadfidh an Bainisteoir na nithe agus na rudaí sin uile do dhéanamh, ar a n-áirítear connartha do dhéanamh ar son agus thar ceann an Bhárdais agus séala oifigiúil an Bhárdais do chur ar scríbhinní, is gá chun feidhmithe agus chun cólíonta no a bhaineann le feidhmiú agus le cólíona comhachta, feidhmeanna, agus dualgaisí an Bhárdais nách foláir don Bhainisteoir do réir an Achta so iad d'fheidhmiú agus do chólíona.

(8) Ní chuirfidh an Bainisteoir séala oifigiúil an Bhárdais ar aon scríbhinn ach amháin i láthair an Tiarna Mhéara.

(9) Léireofar mar thagairt a fholuíonn an chéad Bhainisteoir gach tagairt atá san Acht so don Bhainisteoir ach amháin an tagairt atá san alt so don Chomhairle do cheapa an Bhainisteora.

Eolas do thabhairt don Tiarna Mhéara.

11. —(1) Pé uair a iarrfidh an Tiarna Méara air san do dhéanamh cuirfidh an Bainisteoir ar fáil don Tiarna Mhéara gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an mBainisteoir ar aon ghníomh, ní no rud a bhaineann le haon ghnó no eadarghnó de chuid an Bhárdais a bheidh luaidhte san iarratas san.

(2) I dtosach gach mí cuirfidh an Bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar agus tabharfa sé don Tiarna Mhéara agus do gach ball den Chomhairle cuntas ina dtaisbeánfar chó cruinn agus is féidir é conus a bhí an scéal ag an mBárdas i dtaobh airgeadais i ndeire an mhí roimhe sin.

Tabharfidh an Bainisteoir comhairle don Chomhairle.

12. —Beidh sé de dhualgas ar an mBainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt don Chomhairle go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú agus do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus go sonnrách maidir le héinní no le haon rud a bhaineann leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus 'na n-iarrfidh an Chomhairle comhairle no congnamh ar an mBainisteoir ina thaobh.

An Bainisteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den Chomhairle.

13. —Beidh ag an mBainisteoir an ceart céanna do bheadh aige dá mba bhall den Chomhairle é chun bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle agus chun páirt do thógaint i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin ach ní bheidh teideal aige vóta do thabhairt uaidh ar aon cheist a tarraiceofar anuas ag aon chruinniú den tsórt san agus a bheidh le socrú le vóta o bhaill na Comhairle.

Smacht, etc., ar oifigigh agus ar sheirbhísigh an Bhárdais.

14. —(1) Déanfidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais (agus Cléireach an Bhaile d'áireamh) na dualgaisí a bheidh ortha mar oifigigh agus mar sheirbhísigh den tsórt san do chólíona do réir pé orduithe a thabharfidh an Bainisteoir o am go ham go generálta no maidir le cólíona aon dualgais áirithe no aon tsaghas no saghsanna áirithe dualgaisí no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe don Bhárdas do chólíona aon dualgais den tsórt san agus beidh ag an mBainisteoir agus feidhmeoidh sé smacht agus lán-mhaoirseacht ar na hoifigigh agus ar na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh agus imeacht a dhéanfid no a bheidh le déanamh acu go hoifigiúil mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhárdas.

(2) Fé réir fóralacha aon Achta no aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas (pe'ca aca é) oifigeacha agus seirbhíseacha údaráis áitiúla, breithneoidh agus socróidh an Bainisteoir gach ceist a eireoidh o am go ham i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí agus aois-liúntas oifigeacha agus seirbhíseacha an Bhárdais.

Gníomhóidh an Bainisteoir tré ordú shighnithe.

15. —(1) Gach gníomh no rud a dhéanfidh an Bainisteoir agus gach breith a thabharfa sé chun no i dtaobh é féin d'fheidhmiú no do chólíona aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais fén Acht so, eadhon, gníomh no rud no breith go mbeadh sé riachtanach, do réir aon achtacháin no fé, é do dhéanamh no do thabhairt tré rún o chomhairle bhuirge, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair dá mb'í an chomhairle sin do dhéanfadh no do thabharfadh é déanfidh no tabharfidh an Bainisteoir tré n-a ordú shighnithe é.

(2) I gcás in ar gá do réir forálacha aon Achta no fútha aon fhógra puiblí do thabhairt sara rithfidh aon chomhairle den tsórt san roimhráite an rún tré n-a mbeidh aon ghníomh no rud den tsórt san le déanamh no aon bhreith den tsórt san le tabhairt no sara gcomórfar aon chruinniú den chomhairle sin ag á mbeidh an rún san le rith tabharfar fógra den tsórt chéanna sara ndéanfidh an Bainisteoir an gníomh no an rud san no sara dtabharfa sé an bhreith sin fén alt so.

(3) Cimeádfidh Cléireach an Bhaile, sa bhfuirm orduithe, clár no cláir ina n-iontrálfa sé, no 'na gcuirfe sé fé ndeár go n-iontrálfar ann, cóip de gach ordú a dhéanfidh an Bainisteoir fén alt so agus breacachán ar an am do dineadh an t-ordú san amhlaidh agus déanfidh Cléireach an Bhaile an clár no na cláir sin do thabhairt i láthair ag gach cruinniú den Chomhairle chun go bhféadfidh baill na Comhairle an céanna d'iniúcha.

(4) Déanfar cóip d'aon ordú den tsórt san roimhráite, a bheidh deimhnithe ag Cléireach an Bhaile agus ag an mBainisteoir a bheith ina chóip dhílis den ordú san, do ghlaca i ngach cúirt mar fhianaise air gur dineadh an t-ordú san agus ar a mbeidh san ordú san mara gcruthuítear a mhalairt.

(5) Déanfar cóip d'aon bhreacachán a bheidh in aon chlár a bheidh á chimeád fén alt so no d'aon iontráil ann a bheidh í féin ina chóip d'aon ordú den tsórt san roimhráite do ghlaca i ngach cúirt, má dheimhníonn Cléireach an Bhaile agus an Bainisteoir gur cóip dhílis í den bhreacachán no den iontráil sin (pe'ca aca é), mar fhianaise air gur dineadh an breacachán san agus ar a mbeidh sa bhreacachán san no (má sé is gá sa chás) gur dineadh an t-ordú le n-a mbaineann an iontráil sin agus ar a mbeidh san ordú san.

Iocaíochta d'údarú.

16. —(1) Féadfidh an Bainisteoir, le hordú fé n-a shighniú féin agus fé chontra-shighniú Chléireach an Bhaile, a údarú go n-íocfar aon íocaíocht amach as cistí an Bhárdais in aghaidh aon chostais no ar scór aon fhiachais fé n-ar chuaidh an Chomhairle no an Bainisteoir thar ceann an Bhárdais i bhfeidhmiú no i gcólíona do dhin an Chomhairle no an Bainisteoir ar aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, no de dhualgaisí an Bhárdais is infheidhmithe, no is ionchólíonta acu-san no aige-sean fén Acht so.

(2) Féadfidh an Tiarna Méara, aon uair, a ordú le scríbhinn fé n-a láimh go leagfí fé n-a bhráid chun a shighnithe gach ordú a déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo ag údarú aon íocaíochta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san i rith a mbeidh gan caitheamh dá théarma oifige no i rith aon tréimhse níos giorra ná san a bheidh luaidhte san ordú san uaidh agus féadfidh an Tiarna Méara, le scríbhinn fé n-a láimh, aon ordú den tsórt san uaidh do cheiliúra aon uair i rith na tréimhse le n-a mbaineann an t-ordú san.

(3) Má thugann agus pé uair a thabharfidh an Tiarna Méara aon ordú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm beidh sé riachtanach sighniú an Tiarna Mhéara do bheith ar gach ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so chó maith leis an sighniú agus leis an gcontra-shighniú a luaidhtear sa bhfo-alt san ach ní bheidh ar an Tiarna Méara, de dheascaibh a shighniú do bheith ar aon ordú den tsórt san, aon fhreagarthacht ná beadh air dá mba ná tabharfadh sé uaidh aon ordú den tsórt san roimhráite.

Meastachán ar chostaisí agus ráta-chruinniú.

17. —(1) Cuirfidh an Bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar gach bliain san am orduithe agus sa bhfuirm orduithe meastachán (dá ngairmtear an meastachán ar chostaisí san alt so) ag taisbeáint na suimeanna is dó leis is gá chun íoctha costaisí an Bhárdais agus mar sholáthar in aghaidh riachtanaisí an Bhárdais i rith na bliana airgeadais áitiúla dar gcionn.

(2) An meastachán ar chostaisí a hullamhófar gach bliain breithneoidh an Chomhairle é ag cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear ráta-chruinniú na Comhairle san alt so) ag á mbeidh an Bainisteoir i láthair agus a bheidh ann an t-am a bheidh orduithe chuige sin, go generálta no maidir le haon bhliain áirithe, ag an Aire agus 'na mbeidh fógra ceithre lá déag ar a laighead sa bhfuirm orduithe tugtha ina thaobh ag Cléireach an Bhaile do gach ball den Chomhairle.

(3) Cuirfidh Cléireach an Bhaile chun gach baill den Chomhairle gach bliain, ceithre lá déag ar a laighead roimh an dáta ar a mbeidh ráta-chruinniú na Comhairle le bheith ann, cóip den mheastachán ar chostaisí a bheidh le breithniú ag an gcruinniú san.

(4) Déanfidh Cléireach an Bhaile gach bliain, ceithre lá déag ar a laighead roimh an dáta ar a mbeidh ráta-chruinniú na Comhairle le bheith ann, cóip den mheastachán ar chostaisí do hullamhuíodh fén Acht so an bhliain sin do lóisteáil in oifigí na Comhairle chun go bhféadfidh an phuiblíocht í d'iniúcha agus san am gcéanna tabharfa sé fógra puiblí sa tslí agus sa bhfuirm orduithe go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus go bhfuil sé tar éis cóip de do lóisteáil mar adubhradh.

(5) Féadfidh an phuiblíocht an chóip den mheastachán ar chostaisí do lóisteáladh fén alt so in oifigí na Comhairle d'iniúcha aon uair a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil do dhéanamh agus san gan aon táille ná prémium d'íoc as an iniúcha san.

(6) Tabharfidh Cléireach an Bhaile cóip den mheastachán ar chostaisí ar scilling an chóip do gach duine a iarrfidh air í.

(7) Ag an ráta-chruinniú den Chomhairle a bheidh ann gach bliain breithneoidh an Chomhairle an meastachán ar chostaisí do hullamhuíodh chun go mbreithneoidís ag an gcruinniú san é agus féadfid é do leasú no d'atharú, agus déanfidh an Chomhairle, le rún, glaca leis an meastachán san ar chostaisí tar éis no gan é do leasú no d'atharú agus leis an rún gcéanna no le haon rún ina dhiaidh sin a rithfid ag an gcruinniú san socróid, do réir an mheastacháin sin mar a bheidh glactha acu leis amhlaidh, na rátaí fén bpunt a gearrfar chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san.

(8) Má bheartuíonn an Chomhairle, ag aon ráta-chruinniú den Chomhairle, aon leasú no atharú do dhéanamh ar an meastachán ar chostaisí a bheidh á bhreithniú ag an gcruinniú san agus gur dó leis an mBainisteoir, dá gcuirtí an leasú no an t-atharú san in éifeacht, go ndéanfadh sé dochar mór do dhualgaisí an Bhárdais do chólíona go héifeachtúil no go heconomiciúil déarfidh an Bainisteoir ag an gcruinniú san cadiad na nithe atá aige i gcoinnibh an leasuithe no an atharuithe sin a bheidh beartuithe agus luadhfa sé na réasúin a bheidh leis an gcur-i-gcoinnibh sin agus ar dhéanamh an chur-i-gcoinnibh sin ní dhéanfidh an Chomhairle an leasú no an t-atharú san a bheidh beartuithe ar an meastachán ar chostaisí go ceann ceithre lá déag ón dáta ar ar dineadh an cur-i-gcoinnibh sin agus féadfidh an Chomhairle chun na críche sin an ráta-chruinniú san do chur ar athló.

An Bárdas do cheapa ball de chóluchtaí puiblí áirithe.

18. —(1) Na forálacha atá in aon reacht agus in aon ordú go bhfeidhm reachtúil agus tré n-ar gá éinne do thoghfadh no d'ainmneodh an Bárdas chun bheith ina bhall d'aon chólucht puiblí do bheith ina bhall de chomhairle chontae-bhuirg Chorcaighe, scuirfid, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, d'éifeacht do bheith acu sa mhéid go mbainid leis an mBárdas agus ina n-ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne a thoghfidh no a ainmneoidh an Bárdas ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall d'aon chólucht puiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall den chomhairle sin mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball den Chomhairle é no nách ea, is dó leis an mBárdas is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe a riarann an cólucht puiblí sin.

(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—

(a) d'éinne a thoghfidh no a ainmneoidh an Bárdas ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall d'aon chólucht puiblí aon cháilíochta speisialta do bheith aige (ach amháin bheith ina bhall de chomhairle chontae-bhuirg Chorcaighe) gur gá don duine sin anois do réir dlí iad do bheith aige, no

(b) a n-éilítear le fo-alt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do chólíona sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (2), agus é oiriúnuithe no leasuithe no curtha i mbaint le cás tré no fé aon Acht den Oireachtas, le ballraíocht chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Chorcaighe, no

(c) forálacha aon Scéime Contae do hullamhuíodh fén Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) do chólíona.

(3) Bíodh nách ball den Chomhairle an Bainisteoir beidh sé cáilithe agus féadfidh an Chomhairle é do cheapa chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Chorcaighe no den chólucht phuiblí 'na mbeidh fóirithint na mbocht sa Bhuirg de chúram ortha de thurus na huaire no chun bheith ina bhall den choiste sin agus den chólucht san díreach fé is dá mba bhall den Chomhairle é agus chun críche an cheaptha san tuigfar nách oifig shochair oifig an Bhainisteora do réir bhrí Airtiogal 12 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

(4) Má dintar agus nuair a déanfar an Bainisteoir do cheapa fén alt so chun bheith ina bhall de choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Chorcaighe no den chólucht phuiblí 'na mbeidh fóirithint na mbocht sa Bhuirg de chúram ortha de thurus na huaire, beidh duine níos lú ar líon na mball den choiste sin no den chólucht san (pe'ca aca é) nách foláir dóibh do réir dlí bheith ina mbaill den Chomhairle.

Leas-Bhainisteoir.

19. —(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an Bainisteoir, toisc é bheith breoite, no as láthair ón mBuirg no curtha ar fiunraoi o chólíona a dhualgas, gan bheith ábalta, go sealadach. ar na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar air leis an Acht so d'fheidhmiú agus ar na dualgaisí a cuirtar air leis an Acht so do chólíona, féadfar Leas-Bhainisteoir do cheapa fén alt so go dtí go mbeidh deire leis an neamh-ábaltacht san, ach le haontú an Aire féadfar é do chur as oifig fén alt so aon uair le linn na neamh-ábaltachta san.

(2) Más é bheith as láthair ón mBuirg fé ndeár neamh-ábaltacht an Bhainisteora féadfidh an Bainisteoir comhacht ceaptha an Leas-Bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú, tar éis dul i gcomhairle leis an Tiarna Méara, roimh an neamh-ábaltacht agus ag coinne léi dho, ach i ngach cás eile, sé sin le rá, más breoiteacht no cur-ar-fiunraoi fé ndeár neamh-ábaltacht an Bhainisteora agus fós más é bheith as láthair ón mBuirg fé ndeár neamh-ábaltacht an Bhainisteora agus ná ceapfar Leas-Bhainisteoir fén alt so roimh an neamh-ábaltacht san no, ar bheith ceaptha amhlaidh do, go gcuirfar as oifig fén alt so é le linn na neamh-ábaltachta san féadfidh an Tiarna Méara ach ní fhéadfidh éinne eile comhacht ceaptha an Leas-Bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú aon uair le linn na neamh-ábaltachta san.

(3) I ngach cás féadfidh an Tiarna Méara agus ní fhéadfidh éinne eile comhacht curtha an Leas-Bhainisteora as oifig fén alt so d'fheidhmiú.

(4) Beidh ag an Leas-Bhainisteoir, faid a leanfidh an neamhábaltacht gur ceapadh é dá dheascaibh no go dtí go gcuirfar as oifig níos túisce ná san fén alt so é, comhachta uile an Bhainisteora agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé feidhmeanna agus dualgaisí uile an Bhainisteora agus chuige sin léireofar mar thagairt a fholuíonn an Leas-Bhainisteoir gach tagairt san Acht so don Bhainisteoir (lasmuich de sna tagairtí don Bhainisteoir san alt so agus de sna tagairtí san Acht so do cheapa, do shealbhaíocht oifige agus do luach saothair an Bhainisteora).

(5) Iocfidh an Chomhairle leis an Leas-Bhainisteoir pé luach saothair (más ann do) a shocróidh an tAire agus cruinneoidh an Chomhairle suim an luach saothair sin tríd an ráta gcéanna tré n-a gcruinneofar tuarastal Chléireach an Bhaile.

Imeachta dlí.

20. —I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriúil, a bhunóidh an Bárdas no a bunófar ina choinnibh in aon chúirt dlí no chothruim gníomhóidh an Bainisteoir ar son agus thar ceann an Bhárdais agus féadfa sé gach gníomh, ní no rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean no an t-imeacht eile sin d'ullamhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint ar gach slí díreach fé is dá mb'é féin an gearánaí no an cosantóir (pe'ca aca is gá sa chás) ann agus má bhaineann aon aicsean no imeacht eile den tsórt san leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona aon cheann de sna feidhmeanna forchimeádtha gníomhóidh an Bainisteoir le húdarás soiléir na Comhairle agus é ag déanamh aon ghnímh, ní no ruda den tsórt san roimhráite agus tuigfar gur tugadh an t-údarás san do mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Achtacháin d'oiriúnú.

21. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe agus atharuithe, a chífar do a bheith riachtanach no oiriúnach chun an tAcht so do chur in éifeacht, do dhéanamh ar aon Acht áitiúil no ordú a bhaineann leis an mBuirg agus atá i bhfeidhm anois no ar aon achtachán, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do ritheadh é, a bhaineann go generálta le buirgí, le contae-bhuirgí, no le bailecheanntair no le comhairlí buirgí, contae-bhuirgí no bailecheanntar, agus ar dhéanamh an orduithe sin bainfidh an t-achtachán gur dineadh an t-ordú ina thaobh leis an mBuirg no leis an gComhairle no neachtar acu leis an mBuirg agus leis an gComhairle (pe'ca aca é), sa mhéid go mbaineann an t-achtachán san leis an mBuirg no leis an mBárdas no neachtar acu leis an mBuirg agus leis an mBárdas, fé réir na n-oiriúnuithe agus na n-atharuithe (más ann dóibh) air do dineadh leis an ordú san.

(2) Más léir don Aire forálacha atá cosúil no buiniscionn le forálacha an Achta so do bheith in aon Acht áitiúil atá i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, féadfidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná bainfidh na forálacha dhe a bheidh luaidhte san ordú san sa Bhuirg ná leis an mBuirg agus ar dhéanamh an orduithe sin ní bhainfidh na forálacha a bheidh luaidhte chuige sin ann sa Bhuirg ná leis an mBuirg.

(3) Ar rith agus tar éis rithte an Achta so, déanfar na forálacha in aon Acht (agus aon Acht áitiúil d'áireamh) no in aon ordú atá i bhfeidhm, le linn rithte an Achta so sa Bhuirg no maidir leis an mBuirg, do léiriú tar éis iad d'atharú fé mar is gá chun éifeacht do thabhairt don Acht so, ach san fé réir forálacha aon ordú le n-a ndéanfar oiriúnú no atharú ar an achtachán san agus a dhéanfidh an tAire fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

An lá ceaptha.

22. —(1) Féadfidh an tAire lá do cheapa chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) Déanfar gach tagairt san Acht so don lá cheaptha do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don lá a cheapfidh an tAire fén alt so.

Gearr-theideal.

23. —Féadfar Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 , do ghairm den Acht so.