An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. ROIMHRAITEACH.) Ar Aghaidh (CUID III. TUARASGABHALA AR IMEACHTA CUIRTE.)

21 1929

ACHT UM SCRÚDÓIREACHT FHOILLSEACHÁN, 1929

CUID II.

SCRUDOIREACHT FHOILLSEACHAN.

Bord um Scrúdóireacht Fhoillseachán do bhunú.

3. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord um Scrúdóireacht Fhoillseachán (dá ngairmtear an Bord san Acht so) agus a bheidh có-dhéanta de chúigear ball a ceapfar fén alt so.

(2) Déanfidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus o am go ham ina dhiaidh sin fé mar is gá é, cúigear daoine cearta oiriúnacha do cheapa chun bheith ina mbaill den Bhord.

(3) Isé bheidh ina Chathaoirleach ar an mBord ná pé ball den Bhord a ainmneoidh an tAire chuige sin o am go ham.

(4) Fé réir na bhforálacha den alt so i dtaobh daoine a ceapfar chun foth-fholúntaisí, marab éag, eirghe as no cur as oifig roimhe sin do, bheidh gach ball den Bhord i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san ar feadh téarma trí mblian a háireofar, i gcás na gcéad bhall, o dháta a cheaptha agus, i gcás gach baill ina dhiaidh sin, ón am a bheidh téarma oifige an té bhí roimhe caithte.

(5) Ball den Bhord a ceapfar chun foth-fholúntais sa Bhord, beidh sé, marab éag, eirghe as no cur as oifig roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no cur as oifig do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a chur as oifig.

(6) Féadfidh ball den Bhord aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú chun an Aire.

(7) Aon bhall den Bhord a bheidh as láthair (ar aon chúis seachas de dheascaibh breoiteachta) o cheithre cruinnithe as a chéile den Bhord no a thiocfidh chun bheith neamh-oiriúnach dar leis an Aire chun bheith ina bhall den Bhord, féadfidh an tAire é chur as ballraíocht an Bhúird.

(8) Nuair a bheidh deire le n-a bhallraíocht tré imeacht aimsire beidh gach ball den Bhord ion-athcheaptha.

Oifigigh agus seirbhísigh.

4. —Féadfidh an tAire daoine cearta oiriúnacha do cheapa chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord, pé daoine agus pé méid acu a mheasfa sé, fé réir toiliú an Aire Airgid, a bheith riachtanach chun crícheanna an Achta so, agus na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar amhlaidh beid i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus i pé slí a cheadóidh an tAire Airgid.

Cruinnithe agus nós-imeachta an Bhúird.

5. —(1) Comórfar an chéad chruinniú den Bhord pé uair a cheapfidh an tAire, agus comórfar cruinnithe den Bhord ina dhiaidh sin pé uaire a cheapfidh an Bord go generálta no maidir le haon chruinniú áirithe.

(2) Ag gach cruinniú den Bhord isé Cathaoirleach an Bhúird a bheidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair no, má bhíonn Cathaoirleach an Bhúird as láthair, isé bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú ná pé ball den Bhord a thoghfidh na baill den Bhord a bheidh i láthair an uair sin.

(3) Féadfidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas do bheith ina mballraíocht.

Orduithe toirmisc i dtaobh leabhar.

6. —(1) Pé uair a déanfar gearán go cuibhe leis an Aire fén Acht so sa chéill go bhfuil leabhar no eagrán áirithe de leabhar nea-náireach no draosta no go molann sé geiniúint do chosc go mínádúrtha, no a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint, no aon mhodh, cóir, no fearas d'úsáid chun críche an choisc sin no na tárlachtainte sin féadfidh an tAire an gearán san do chur chun an Bhúird.

(2) Breithneoidh an Bord gach gearán a chuirfidh an tAire chucha fén alt so agus chun críche an bhreithnithe sin scrúdóid an leabhar no an t-eagrán áirithe de leabhar is abhar don ghearán san agus ar chríochnú an bhreithnithe sin déanfidh an Bord a dtuarasgabháil ar an ngearán san do thabhairt don Aire.

(3) Nuair a bheidh an Bord ag breithniú gearáin do cuireadh chucha fén alt so féachfid do gach ní no d'éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) maitheas no tácht litríochta, ealadhantachta, eolaíochta no staire agus brí ghenerálta an leabhair no an eagráin áirithe de leabhar is abhar don ghearán san,

(b) an teanga ina bhfuil an leabhar no an t-eagrán san clóbhuailte no tugtha amach,

(c) cineál agus méid na cúrsaíochta atá ceaptha le bheith ag an leabhar no ag an eagrán san do réir tuairim an Bhúird,

(d) an saghas léitheora i Saorstát Éireann nách miste do réir réasúin a mheas, do réir tuairim an Bhúird, go léighfe sé an leabhar no an t-eagrán san, agus

(e) éinní eile i dtaobh an leabhair no an eagráin sin 'na bhfeicfar don Bhord baint do bheith aige leis an scéal.

(4) Nuair a bheidh an Bord ag breithniú gearáin do cuireadh chucha fén alt so féadfidh an Bord scéala do thabhairt d'údar, d'eagarthóir, no d'fhoillsitheoir an leabhair no an eagráin áirithe de leabhar is abhar don ghearán san agus féadfid aon aithris chúise a dhéanfidh údar, eagarthóir, no foillsitheoir an leabhair no an eagráin sin i dtaobh an chéanna do chur i bhfáth.

(5) Féadfidh an Bord aon uair tuarasgabháil do thabhairt don Aire i dtaobh aon leabhair no aon eagráin áirithe de leabhar cé ná beidh aon ghearán i dtaobh an leabhair no an eagráin sin curtha chucha ag an Aire agus, ag breithniú dhóibh i dtaobh tuarasgabháil do thabhairt i dtaobh leabhair no eagráin áirithe de leabhar fén bhfo-alt so, féadfidh an Bord féachaint do nithe den tsaghas chéanna agus scéala do thabhairt do dhaoine den tsaghas chéanna, maidir leis an leabhar no leis an eagrán san, go n-údaruítear don Bhord leis an alt so féachaint dóibh no scéala do thabhairt dóibh le linn bheith ag breithniú gearáin do cuireadh chucha fén alt so.

(6) Pé uair a thabharfidh an Bord tuarasgabháil uatha fén alt so, nár chuir níos mó ná aon bhall amháin den Bhord ina coinnibh agus le n-ar aontuigh triúr ball ar a laighead den Bhord, á rá go bhfuil an leabhar no an t-eagrán áirithe de leabhar is abhar don tuarasgabháil sin nea-náireach no draosta ina chlaona ghenerálta do réir tuairim an Bhúird agus dá bhrí sin gur cheart a thoirmeasc no go molann an leabhar no an t-eagrán san, do réir tuairim an Bhúird, geiniúint do chosc go mí-nádúrtha, no a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint, no aon mhodh, cóir, no fearas d'úsáid chun críche an choisc sin no na tárlachtainte sin agus dá bhrí sin gur cheart a thoirmeasc, féadfidh an tAire díol agus scaipe an leabhair sin no an eagráin sin de leabhar i Saorstát Éireann do thoirmeasc le hordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san Acht so).

(7) I gcás ina mbeidh beartuithe ag an mBord tuarasgabháil do thabhairt uatha fén alt so agus go mbeidh ball amháin no beirt bhall den Bhord gan aon tuairim (ag aontú léi no ina coinnibh) do chur in úil i dtaobh na tuarasgabhála beartuithe sin agus gurb amhlaidh a bheidh an scéal ná go mb'fhéidir go ndéanfadh sé deifir d'oibriú na tuarasgabhála beartuithe sin, maidir le comhacht an Aire chun ordú toirmisc do dhéanamh fén alt so dá druim, dá gcuireadh an ball no na baill sin a thuairim no a dtuairimí fé seach (pe'ca aca é) in úil i dtaobh na tuarasgabhála beartuithe sin, cuirfar cóip den tuarasgabháil bheartuithe sin tríd an bpost cláruithe go dtí an ball san no go dtí gach duine den bheirt bhall san (pe'ca aca é) agus ní thabharfidh an Bord tuarasgabháil deiridh uatha go ceann seacht lá o dháta na postála san.

(8) Mara gcuirtar de theorainn le hordú toirmisc a déanfar fén alt so i dtaobh leabhair gan é bhaint ach le heagrán no le heagráin áirithe den leabhar san, bainfe sé le gach eagrán den leabhar san, pe'ca roimh dháta an orduithe sin do foillsíodh é no dá éis sin, ach amháin pé eagráin de (más ann dóibh) a heiscfear, le hordú leasúcháin, ó bhaint do bheith ag an ordú toirmisc sin leo.

Orduithe toirmisc i dtaobh foillseachán dtréimhsiúil.

7. —(1) Pé uair a déanfar gearán go cuibhe leis an Aire fén Acht so sa chéill gur ghnáth no gur mhinic nea-náireach no draosta na huimhreacha uile agus fé seach do foillsíodh le déanaí go dtí san d'fhoillseachán tréimhsiúil no gur mholadar geiniúint do chosc go mí-nádúrtha, no a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint, no aon mhodh, cóir, no fearas d'úsáid chun críche an choisc sin no na tárlachtainte sin no gur tugadh cion ró-mhór de shlí ionta d'fhoillsiú abhair i dtaobh coirthe, féadfidh an tAire an gearán san do chur chun an Bhúird.

(2) Breithneoidh an Bord gach gearán a chuirfidh an tAire chucha fén alt so agus chun críche an bhreithnithe sin scrúdóid na huimhreacha do foillsíodh le déanaí go dtí san den fhoillseachán tréimhsiúil is abhar don ghearán san agus ar chríochnú an bhreithnithe sin déanfidh an Bord a dtuarasgabháil ar an ngearán san do thabhairt don Aire.

(3) Pé uair a thabharfidh an Bord uatha fén alt so i dtaobh gearáin tuarasgabháil, nár chuir níos mó ná aon bhall amháin den Bhord ina coinnibh agus le n-ar aontuigh triúr ball ar a laighead den Bhord, á rá gurb é tuairim an Bhúird gur ghnáth no gur mhinic nea-náireach no draosta na huimhreacha do foillsíodh le déanaí go dtí san den fhoillseachán tréimhsiúil is abhar don ghearán san agus dá bhrí sin gur cheart a dtoirmeasc, no gurb é tuairim an Bhúird gur mhol na huimhreacha san geiniúint do chosc go mí-nádúrtha, no a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint, no aon mhodh, cóir, no fearas d'úsáid chun críche an choisc sin no na tárlachtainte sin agus dá bhrí sin gur cheart a dtoirmeasc, no gur tugadh cion ró-mhór de shlí ionta d'fhoillsiú abhair i dtaobh coirthe agus dá bhrí sin gur cheart a dtoirmeasc, féadfidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san Acht so), toirmeasc do chur ar aon uimhir a foillseofar den fhoillseachán tréimhsiúil sin tar éis an lá a thiocfidh an t-ordú san i ngníomh do dhíol ná do scaipe i Saorstát Éireann.

(4) I gcás ina mbeidh beartuithe ag an mBord tuarasgabháil do thabhairt uatha fén alt so agus go mbeidh ball amháin no beirt bhall den Bhord gan aon tuairim (ag aontú léi no ina coinnibh) do chur in úil i dtaobh na tuarasgabhála beartuithe sin agus gurb amhlaidh a bheidh an scéal ná go mb'fhéidir go ndéanfadh sé deifir d'oibriú na tuarasgabhála beartuithe sin, maidir le comhacht an Aire chun ordú toirmisc do dhéanamh fén alt so dá druim, dá gcuireadh an ball no na baill sin a thuairim no a dtuairimí fé seach (pe'ca aca é) in úil i dtaobh na tuarasgabhála beartuithe sin, cuirfar cóip den tuarasgabháil bheartuithe sin tríd an bpost cláruithe go dtí an ball san no go dtí gach duine den bheirt bhall san (pe'ca aca é) agus ní thabharfidh an Bord tuarasgabháil deiridh uatha go ceann seacht lá o dháta na postála san.

(5) Aon ordú toirmisc a déanfar fén alt so i dtaobh foillseacháin tréimhsiúla nár dineadh aon ordú toirmisc den tsórt san ina thaobh roimhe sin, leanfa sé i bhfeidhm ar feadh ráithe ón lá a thiocfa sé i ngníomh, mara gceiliúrtar roimhe sin fén Acht so é, agus raghaidh sé in éag ansan.

Orduithe toirmisc do cheiliúra agus do leasú.

8. —(1) Féadfidh an tAire, aon uair tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, aon ordú toirmisc do dhin sé go dtí san fén Acht so do cheiliúra le hordú.

(2) Má dhineann an tAire ordú toirmisc fén Acht so i dtaobh leabhair féadfidh an tAire aon uair, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, an t-ordú toirmisc sin do leasú le hordú tré aon eagrán áirithe den leabhar san, pe'ca foillsíodh roimh dháta an orduithe thoirmisc sin é no a foillseofar dá éis sin é, d'eisceacht o bhaint do bheith ag an ordú toirmisc sin leis.

Orduithe toirmisc d'fhoillsiú.

9. —Gach ordú toirmisc agus gach ordú a dhéanfidh an tAire fén Acht so agus a cheiliúrfidh no a leasóidh aon ordú toirmisc den tsórt san, foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus tiocfa sé i ngníomh agus beidh éifeacht aige lá a fhoillsithe amhlaidh agus ón lá san amach.

Ciontaí i dtaobh foillseachán toirmeasctha.

10. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, ach fé chead agus do réir cheada i scríbhinn a bheidh deonta dho fén alt so, aon leabhar ná aon eagrán áirithe de leabhar ná aon uimhir d'fhoillseachán tréimhsiúil go mbeidh a dhíol agus a scaipe i Saorstát Éireann toirmeasctha de thurus na huaire le hordú toirmisc—

(a) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann chun a dhíolta no a scaipthe, ná

(b) do dhíol, ná do chur ar taisbeáint, do thairisgint, d'fhógairt ná do chimeád chun a dhíolta, ná

(c) do scaipe ná do thairisgint ná do chimeád chun a scaipthe.

(2) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don fho-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus, in aon chás, dlighfar an leabhar, an t-eagrán, no an uimhir gur ina thaobh a dineadh an cionta san do gheallbhruide.

(3) Féadfidh an tAire más oiriúnach leis é, ar réasúin is dó leis is leor, cead i scríbhinn do dheona d'éinne chun aon leabhar áirithe no aon eagrán áirithe de leabhar no gach uimhir no aon uimhreacha áirithe d'fhoillseachán tréimhsiúil áirithe go mbeidh a dhíol agus a scaipe i Saorstát Éireann toirmeasctha de thurus na huaire le hordú toirmisc do dhíol agus do chimeád chun a dhíolta no do scaipe agus do chimeád chun a scaipthe agus (i gcás oiriúnach) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, agus féadfidh an tAire aon chead den tsórt san do dheona fé réir pé coiníollacha agus teoranta (más ann dóibh) is oiriúnach leis d'fhorchur agus a luadhfa sé sa chead san.

Clár d'fhoillseacháin toirmeasctha.

11. —(1) Ullamhóidh agus cimeádfidh an tAire, i pé fuirm a ordóidh an tAire le rialacháin a déanfar fén Acht so, clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal “An Clár d'Fhoillseacháin Toirmeasctha” (dá ngairmtear an clár san alt so).

(2) Pé uair a déanfar ordú toirmisc iontrálfar sa chlár láithreach—

(a) más le leabhar a bhaineann an t-ordú san, ainm an leabhair sin, an t-eagrán no na heagráin den leabhar san le n-a mbaineann an t-ordú san, ainmneacha údair agus foillsitheora an leabhair sin má bhíd agus fé mar a bheid curtha síos sa leabhar san, dáta an orduithe sin agus dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil, agus

(b) más le foillseachán tréimhsiúil a bhaineann an t-ordú san, ainm an fhoillseacháin sin, ainmneacha dílseánaigh agus foillsitheora an fhoillseacháin sin má bhíd agus fé mar a bheid curtha síos sa bhfoillseachán san, dáta an orduithe sin agus dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil.

(3) Pé uair a dhéanfidh an tAire fén Acht so ordú toirmisc do cheiliúra scriosfar amach an iontráil sa chlár i dtaobh an leabhair no an fhoillseacháin tréimhsiúla le n-a mbaineann an t-ordú san agus pé uair a dhéanfidh an tAire fén Acht so ordú toirmisc do leasú iontrálfar sa chlár os coinne iontrála an leabhair no an fhoillseacháin tréimhsiúla san mion-innste an orduithe leasúcháin sin agus an leasuithe a dintar leis.

(4) Cuirfidh an tAire fé ndeár an clár do chlóbhuala, d'fhoillsiú, agus do chur ar fáil don phuiblíocht i pé slí agus ar pé amannta is dó leis is ceart.

(5) Beidh sé de dhualgas ar gach oifigeach Custum a bheidh ag scrúdú bagáiste le lucht taistil a bheidh ag teacht isteach liost de sna leabhair uile is abhar d'ordú toirmisc de thurus na huaire do thaisbeáint ar a iarraidh sin air.

(6) Beidh an clár le feiscint in aisce chun a iniúchta ag éinne i pé áit i gCathair Bhaile Atha Cliath agus ar pé uaire a ordóidh an tAire le rialacháin a déanfar fén Acht so agus tabharfidh an tAire d'éinne, ar íoc pé éilimh a shocróidh an tAire o am go ham le haontú an Aire Airgid, cóip d'aon iontráil sa chlár agus í deimhnithe ag oifigeach don Aire mar chóip dhílis.

(7) Aon scríbhinn a thabharfidh le tuisgint gur cóip d'iontráil sa chlár í agus go bhfuil sí deimhnithe ag oifigeach don Aire mar chóip dhílis, glacfar léi i ngach cúirt bhreithiúnais, gan cruthú ar shighniú an oifigigh sin ná ar eisean do bheith ina oifigeach amhlaidh, mar fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar théarmaí na hiontrála san agus ar an iontráil sin do bheith sa chlár ar an dáta go dtuigtar ón deimhniú san gur tugadh an deimhniú san.

(8) Má bhíonn leabhar no foillseachán tréimhsiúil iontrálta sa chlár aon uair áirithe beidh san ina fhianaise dho-chlaoite gur dineadh ordú toirmisc ina thaobh agus go bhfuil an t-ordú san i bhfeidhm fós an uair sin agus beidh téarmaí na hiontrála san sa chlár ina bhfianaise dho-chlaoite ar na heagráin den leabhar san no ar na huimhreacha den fhoillseachán tréimhsiúil sin le n-a mbaineann an t-ordú san.

Barántas cuardaigh i dtaobh leabhar toirmeasctha, etc.

12. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche o scéala fé mhionn o oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus go gcimeádtar in aon fhoirgint, talamh, áitreabh no áit eile áirithe, chun a ndíolta no a scaipthe, aon leabhair no foillseacháin tréimhsiúla 'na mbeidh a ndíol agus a scaipe i Saorstát Éireann toirmeasctha le hordú toirmisc an uair sin, féadfidh an Breitheamh san barántas cuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.

(2) Déarfidh agus déanfidh barántas cuardaigh a thabharfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so a údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dó leis an oifigeach san is ceart ina theanta, dul isteach agus cuardach do dhéanamh, le héigean más gá é, sa bhfoirgint, sa talamh, san áitreabh no san áit eile áirithe roimhráite (áit a luadhfar freisin sa bharántas), aon uair laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis tabhartha amach an bharántais chuardaigh, do leabhair no d'fhoillseacháin tréimhsiúla 'na mbeidh a ndíol agus a scaipe i Saorstát Éireann toirmeasctha le hordú toirmisc an uair sin agus gach leabhar agus foillseachán tréimhsiúil den tsórt san a gheobhfar sa chuardach san do ghabháil agus do bhreith leis.

Sriantachtaí custum agus puist.

13. —(1) Má dintar ordú toirmisc i dtaobh leabhair no eagráin áirithe de leabhar no foillseacháin tréimhsiúla, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i ngníomh, déanfar iomportáil (ar aon tslí seachas fé chead agus do réir cheada i scríbhinn do deonadh fén Acht so) aon eagráin den leabhar san no aon uimhreach den fhoillseachán tréimhsiúil sin (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-ordú san de thurus na huaire do chur leis an táible agus áireofar san mar chuid den táible de thoirmisc agus de shriantachtaí isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

(2) Féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa, le hordú fén alt so, rialacháin do dhéanamh chun cosc do chur le haon eagrán de leabhar no aon uimhir d'fhoillseachán tréimhsiúil le n-a mbaineann ordú toirmisc de thurus na huaire do chur ná do sheachada tríd an bpost (ar aon tslí seachas fé chead agus do réir cheada i scríbhinn do deonadh fén Acht so) agus chun aon eagrán no uimhir den tsórt san a stopfar agus é ag gabháil tríd an bpost do sheachada don Aire Dlí agus Cirt.