31 1929


Uimhir 31 de 1929.


ACHT TALMHAN, 1929.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO CHOIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN I gCÁSANNA ÁIRITHE RIARTHÓIRÍ TEORANTA DO DHAOINE NA MAIREANN DO CHEAPA, CHUN AN RIAIL-BHLIANACHT CHEANNAIGH DO SHOCRÚ MAIDIR LE GABHÁLTAISÍ ATÁ FÉ CHÍOSA NACH CÍOSA CÚIRTE, CHUN NA FORÁLACHA DEN ACHT TALMHAN, 1923 , A BHAINEANN LE hIASCACH AGUS LE CIRT IASCAIGH, DO MHÍNIÚ AGUS DO LEASÚ, AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO CHOIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN IASCACH AGUS CIRT IASCAIGH ÁIRITHE DO CHEANNACH. [24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Riarthóirí teoranta do cheapa.

1. —Pé uair, in aon imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun gabháltas no paiste talmhan do mhalairtiú ar thalmhain eile no do chur le talmhain eile, go mbeidh únaer an ghabháltais no an phaiste sin tar éis bháis agus ná beidh aon ionadaí pearsanta dlíthiúil ann don únaer sin ná maireann no ná beidh seirbhísí a ionadaí phearsanta dhlíthiúla ar fáil go réidh chun an malairtiú no an cur-leis sin do dhéanamh, féadfidh Coimisiún na Talmhan, ar pé téarmaí agus coiníollacha (más ann dóibh) is dó leo is oiriúnach, duine éigin ceart do cheapa chun bheith ina riarthóir d'estát phearsanta an únaera san ná maireann sna himeachta san agus ionta san amháin chun an malairtiú no an cur-leis sin (do réir mar bheidh) do dhéanamh agus, leis sin, beidh an riarthóir teoranta san, chun crícheanna na n-imeacht san, ina ionadaí don únaer sin ná maireann díreach fé is dá bhfuigheadh an t-únaer sin bás gan uacht do dhéanamh agus go ndéanfí cairt riaracháin a estáit agus a mhaoine pearsanta go léir do dheona don riarthóir teoranta san go cuibhe.

Riail-bhlianacht cheannaigh ar ghabháltaisí atá fé chíosa nách cíosa cúirte.

2. —(1) I gcás gach gabháltais le n-a mbaineann Cuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) , agus nár réitíodh ar an riail-bhlianacht cheannaigh ina thaobh no nár socruíodh í fén Sceideal san roimh rith an Achta so, isé a bheidh 'na riail-bhlianacht cheannaigh (ach amháin mar a foráltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) ná blianacht de shuim is có-mhéid le seasca a cúig per cent. den chíos is iníoctha ar an ngabháltas.

(2) Féadfidh tiarna talmhan no tionónta gabháltais le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo agóid do dhéanamh sa tslí orduithe agus laistigh den am orduithe i gcoinnibh an riailbhlianacht cheannaigh maidir leis an ngabháltas san do shocrú do réir an fho-ailt sin, agus i gcás 'na ndéanfar agóid den tsórt san go cuibhe amhlaidh réiteofar ar an riail-bhlianacht cheannaigh maidir leis an ngabháltas san no socrófar í (pe'ca aca is gá sa chás) fé Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear é le halt 25 den Acht Talmhan, 1927 ( Uimh. 19 de 1927 ), fé is ná rithfí an t-alt so.

An tAcht Talmhan, 1923 , do leasú maidir le hiascach agus le cirt iascaigh.

3. —(1) Nuair a bheidh alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ) á léiriú agus á chur i mbaint ciallóidh agus folóidh an abairt “iascach a bhaineann leis na tailte sin” atá i bhfo-alt (1) den alt san agus tuigfar gur chialluigh agus gur fholuigh sí riamh gach iascach agus ceart iascaigh atá suidhte in aibhní no in uiscí no infheidhmithe maidir le haibhní no le huiscí atá ar theorainn tailte no a ghabhann tré thailte a luaidhtear san alt san agus a bhí, díreach sarar dílsíodh na taile sin i gCoimisiún na Talmhan, dílsithe i ndíoltóir na dtailte sin no i nduine ag a raibh estát sna tailte sin os cionn estáit an díoltóra san agus ní haon iascach ná cirt iascaigh eile in aon chor, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfar (fé réir forálacha an Achta so) go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

(2) Má éiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca dhílsigh no nár dhílsigh aon iascach no ceart iascaigh áirithe roimh rith an Achta so i gCoimisiún na Talmhan fé alt 45 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear leis an alt so é, tabharfidh Coimisinéirí na Talmhan ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha breith ar an gceist sin ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais.

(3) Más rud é, ar bhreith do thabhairt ar aon cheist den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, go bhfeicfar do Choimisinéirí na Talmhan no, ar athchomharc do dhéanamh chuige, don Choimisinéir Bhreithiúntais gur dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh le n-a mbaineann an cheist sin i gCoimisiún na Talmhan ach ná fuil sé cothrom no nách maith an rud é an t-iascach no an ceart iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, beidh sé dleathach do Choimisinéirí na Talmhan no, ar athchomharc do dhéanamh chuige, don Choimisinéir Bhreithiúntais a dhearbhú nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan, agus ar dhéanamh an dearbhuithe sin amhlaidh tuigfar, in ainneoin éinní atá in alt 45 d'Acht 1923 no san alt so, nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan.

Forálacha breise maidir le hiascach agus le cirt iascaigh.

4. —(1) Pé uair, tar éis rithte an Achta so, a dhílseoidh aon tailte le n-a mbaineann iascach no ceart iascaigh do réir bhrí alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), mar a leasuítear leis an Acht so é i gCoimisiún na Talmhan, déanfidh Coimisinéirí na Talmhan ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha, chó luath agus is féidir é tar éis an dílsithe sin ach fé réir cheart athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais, a dhearbhú le hordú ce'ca dhílsigh no nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i dteanta na dtailte sin i gCoimisiún na Talmhan agus leis sin, in ainneoin éinní atá san alt san 45 no san Acht so, dílseoidh no ní dhílseoidh (fé mar is gá sa chás) an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan do réir an orduithe sin o Choimisinéirí na Talmhan, no, más gá sa chás é, ón gCoimisinéir Breithiúntais ar athchomharc do dhéanamh chuige.

(2) Le linn ordú do dhéanamh no breith do thabhairt ar athchomharc fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh Coimisinéirí na Talmhan no an Coimisinéir Breithiúntais (do réir mar bheidh) a dhearbhú gur dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh is abhar don ordú no don athchomharc san i gCoimisiún na Talmhan maran dó leo-san no leis-sean ag féachaint do gach a mbaineann leis an gcás ná fuil sé cothrom no nách maith an rud é an t-iascach no an ceart iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh.

Coimisiún na Talmhan do cheannach iascaigh agus cirt iascaigh áirithe.

5. —(1) I gcás iascach no ceart iascaigh do bheith dílsithe (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é) i gCoimisiún na Talmhan fé alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), mar a leasuítear leis an Acht so é agus iascach no ceart iascaigh eile (dá ngairmtear an fo-iascach no an fo-cheart iascaigh anso ina dhiaidh seo) ná fuil dílsithe amhlaidh do bheith, do réir bharúla Coimisiún na Talmhan, riachtanach chun an t-iascach no an ceart iascaigh a céad-luaidhtear d'úsáid agus tairbhe do bhaint as i gceart, féadfidh Coimisiún na Talmhan an fo-iascach no an focheart iascaigh sin do cheannach ar pé praghas, a bheidh iníoctha i mbannaí talmhan cheithre go leith per cent. do chó-ainmluach, ar a gcó-aontófar idir Coimisiún na Talmhan agus únaer an fho-iascaigh no an fho-chirt iascaigh sin.

(2) Na comhachta a bronntar ar an Aire Airgid leis an Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear agus a leathnuítear é le h Acht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925) chun bannaí talmhan cheithre go leith per cent. do bhunú agus do thabhairt amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 , leathnuítear leis seo iad i dtreo go bhfolóid comhacht chun bannaí den tsórt san do bhunú agus do thabhairt amach chun crícheanna an ailt seo, agus bainfidh an tAcht Talmhan, 1923 , fé mar a leasuítear agus a leathnuítear amhlaidh é, agus go sonnrách alt 17 de agus rialacha a bheidh déanta fén alt san le bannaí den tsórt san a bhunóidh agus a thabharfidh an tAire Airgid amach chun crícheanna an ailt seo fé mar a bhaineann sé le bannaí den tsórt san a bhunuigh agus a thug an tAire sin amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 .

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

6. —Féadfidh Coimisiún na Talmhan, tar éis comhairle do ghlaca le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, rialacha do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus isé rud a chialluíonn an focal “orduithe” san Acht so ná orduithe le rialacha a déanfar fén alt so.

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

7. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.