39 1929


Uimhir 39 de 1929.


ACHT UM CHÓ-AONTUITHE LEICTREACHAIS (OIRIÚNÚ), 1929.


ACHT CHUN OIRIÚNÚ DO CHÁS SHAORSTÁIT ÉIREANN DO DHÉANAMH AR CHÓ-AONTUITHE I dTAOBH SOLÁTHAR AGUS DÍOL LEICTREACHAIS INA nAINMNÍTEAR AN MINISTER OF TRANSPORT MAR AN DUINE CHUN AIGHNIS DO SHOCRÚ FÉ SNA CÓ-AONTUITHE SIN [20adh Mí na Nodlag, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Có-aontuithe d'oiriúnú.

1. —Gach có-aontú bhaineann le leictreachas do sholáthar agus do dhíol i Saorstát Éireann agus ina n-ainmnítear an Minister of Transport mar an duine chun gach aighneas no aon tsaghas áirithe aighneas eireoidh fé do shocrú no le n-a bhforáltar ar shlí eile go bhfuil gach aighneas no aon tsaghas áirithe aighneas eireoidh fé le cur fé bhráid an Aire sin chun a socruithe, léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá mb'é an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bheadh ainmnithe sa chó-aontú san in ionad an Minister of Transport.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chó-aontuithe Leictreachais (Oiriúnú), 1929 , do ghairm den Acht so.