Ar Aghaidh (CUID I. Geim do Chosaint agus do Chaomhna.)

11 1930


Uimhir 11 de 1930.


ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN GÉIM DO CHOSAINT AGUS CHUIGE SIN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DEIGHLEÁLAITHE I nGÉIM DO CHUR FÉ RIAIL AGUS CHUN NITHE EILE BHAINEANN NO CHABHRUÍONN LE GÉIM DO CHOSAINT. [27adh Bealtaine, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRAITEACH.

Gearr-theideal.

1. —(1) Féadfar an tAcht chun Géim do Chosaint, 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Bhealtaine, 1930.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “éanacha géim” piasúin, paitriscí, cearca fraoigh, gearra guirt, traonaí, pilbíní, naoscaigh, agus creabhair agus fós malláird, pras-lachain, lachain rua, agus cineail eile lachan bhfiadhain, géanna dubha, géanna giughrainn no cineail eile géanna fiadhaine;

foluíonn an focal “girrfhithe” pisíní girrfhé;

foluíonn an focal “géim” éanacha géim agus girrfhithe;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.