An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930) Ar Aghaidh (CUID II. Srian le Geim do Dhiol agus do Cheannach.)

11 1930

ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930

CUID I.

Geim do Chosaint agus do Chaomhna.

Saosúr coiscthe do shaghsanna airithe géim.

3. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith géim ar bith de shaghas a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do mharbha ná do thógaint i rith na tréimhse luaidhtear maidir leis an saghas san géim sa dara colún den Chéad Sceideal san.

(2) Ar a iarraidh sin air do mháistir paca gadhar fiadhaigh no do dhuine eile i bhfeighil phaca gadhar fiadhaigh féadfaidh an tAire cead do thabhairt amach don duine sin chun fiadhach do dhéanamh, in aon cheanntar a bheidh luaidhte sa chead san, leis an bpaca gadhar fiadhaigh sin i rith mí na Márta an bhliain do bhéarfar amach an cead san, agus pé uair do bhéarfar amach aon chead den tsórt san amhlaidh ní sárú ar an alt so girrfhithe do thógaint agus do mharbha tré fhiadhach leis an bpaca gadhar fiadhaigh sa cheanntar agus i rith na tréimhse le n-a mbaineann an cead san.

(3) Ar a iarraidh sin air do chlub choimhlinte con údaruithe féadfaidh an tAire cead do thabhairt amach don chlub san chun coimhlintí con do chomóra ar an lá no ar na laethe bheidh luaidhte sa chead san idir an 1adh lá agus an 18adh lá (agus an dá lá san d'áireamh) de mhí na Márta an bhliain do bhéarfar amach an cead san, agus pé uair do bhéarfar amach aon chead den tsórt san ní sárú ar an alt so girrfhithe do thógaint agus do mharbha tré choimhlint idir dhá choin, ar a mhéid, ar n-a scaoile as iallacha i ndiaidh an ghirrfhé i gcoimhlintí con a comórfar lá bheidh luaidhte sa chead san ag an gclub coimhlinte con údaruithe dá dtabharfar amach an cead san.

(4) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(5) San Acht so agus i ngach Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith cialluíonn an abairt “saosúr coiscthe bliantúil,” sa mhéid go mbaineann sí le géim de shaghas ar bith dá luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an tréimhse bhliantúil ina bhfuil sé toirmiscthe leis an Acht so an géim sin do mharbha no do thógaint.

Toirmeasc ar ghéim do mharbha istoíche.

4. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uair den bhliain géim ar bith (seachas malláird, pras-lachain, lachain rua, agus cineáil eile lachan bhfiadhain, géanna dubha, géanna giughrainn, agus cineáil eile géanna fiadhaine) do mharbha ná do thógaint i rith na haimsire idir uair a' chluig tar éis dul fé don ghréin agus uair a' chluig roimh eirghe gréine.

(2) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

Géim do dhíol sa tsaosúr choiscthe.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ghéim do cheannach ná do dhíol ná é do thairisgint, do thaisbeáint ná do chimeád chun a dhíolta le linn aon choda den tsaosúr choiscthe don ghéim sin ach amháin an chéad chúig lá dhe.

(2) Gach n-aon a dhéanfaidh aon ghéim do cheannach no do dhíol no do thairisgint, do thaisbeáint no do chimeád chun a dhíolta contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air más géim do cheannach an cionta do rinne agus in aon chás eile fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Orduithe caomhanta maidir le héanacha géim.

6. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil gá speisialta ag aon chineál áirithe d'éanacha géim le n-a chaomhna ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon pháirt áirithe dhe, féadfa sé le hordú (dá ngairmtear ordú caomhanta éanacha géim san Acht se) a thoirmeasc, ar feadh aon tréimhse áirithe nách sia ná bliain o dháta an orduithe, an cineál áirithe sin d'éanacha géim do mharbha ná do thógaint i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe de Shaorstát Éireann a bheidh luaidhte san ordú.

(2) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta éanacha géim fén alt so, féadfaidh an tAire o am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú buanuithe san alt so), ar n-a dhéanamh roimh dhul in éag don ordú caomhanta éanacha géim sin no don bhuanú is déanaí do rinneadh air (pe'ca aca é), an t-ordú caomhanta éanacha géim sin do bhuanú go ceann tréimhse ar bith nách sia ná bliain ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh an t-ordú buanuithe agus féadfa sé an t-ordú caomhanta éanacha géim sin do bhuanú amhlaidh maidir le hiomlán an líomatáiste le n-ar bhain an t-ordú san no maidir le haon pháirt áirithe den líomatáiste sin.

(3) Féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, aon ordú caomhanta éanacha géim no aon ordú buanuithe bheidh déanta aige fén alt so d'atharú i slí ar bith no é do cheiliúra.

(4) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta éanacha géim fén alt so ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, éan géim ar bith den chineál le n-a mbaineann an t-ordú san do mharbha ná do thógaint i bpáirt ar bith de Shaorstát Éireann le n-a mbaineann an t-ordú san gan cead, ná ar aon chaoi seachas do réir cheada, o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina marbhófar no ina dtógfar an t-éan géim sin: Ach má dheineann ceannphort an Ghárda Síochána go mí-réasúnta cur i gcoinnibh no diúlta an cead san do thabhairt uaidh féadfaidh neach iarrtha na cheada san athchomharc chun an Aire i gcoinnibh na faillí no an diúlttha san Cheannphort an Ghárda Síochána maidir leis an gcead san do thabhairt uaidh agus féadfaidh an tAire cead do thabhairt an t-éan géim sin do mharbha no do thógaint.

(5) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(6) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfe sé tar éis an t-ordú san do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Orduithe caomhanta maidir le girrfhithe.

7. —(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh le hordú (dá ngairmtear ordú caomhanta girrfhithe san Acht so) a thoirmeasc, go buan no ar feadh tréimhse ar bith a bheidh luaidhte san ordú san, girrfhithe do mharbha ná do thógaint in aon chontae áirithe no in aon pháirt áirithe de chontae bheidh luaidhte san ordú san.

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, ordú caomhanta girrfhithe bheidh déanta aige fén alt so d'atharú i slí ar bith no é do cheiliúra.

(3) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar a iarraidh sin air do shealbhaire aon tailimh i gcontae no i bpáirt de chontae le n-a mbaineann ordú caomhanta girrfhithe, an talamh san no páirt ar bith dhe do shaora ón ordú san le scríbhinn fé n-a láimh ar feadh pé aimsire agus ar pé coiníollacha is oiriúnach leis, agus ar dheona na saoirse sin amhlaidh ní bheidh baint ar bith ag an ordú san leis an talamh do saoradh amhlaidh faid a bheidh an tsaoirse sin i bhfeidhm.

(4) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta girrfhithe fén alt so ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, girrfhithe do mharbha ná do thógaint, sa chontae ná sa pháirt de chontae le n-a mbaineann an t-ordú san, i slí ar bith ach—

(a) tré choimhlint idir dhá choin, ar a mhéid, ar n-a scaoile as iallacha i ndiaidh an ghirrfhé, no

(b) tré fhiadhach le paca gadhar fiadhaigh go mbeidh cead fiadhaigh tugtha amach ag an Aire ina dtaobh fén Acht so.

(5) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh girrfhithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

Ceadanna chun girrfhithe d'fhiadhach.

8. —(1) Ar bheith déanta d'ordú caomhanta girrfhithe fén Acht so, ansan, ar a iarraidh sin air do mháistir paca gadhar fiadhaigh no do dhuine eile i bhfeighil phaca gadhar fiadhaigh, féadfaidh an tAire, uair ar bith le linn bheith i bhfeidhm don ordú san, cead (dá ngairmtear san Acht so cead fiadhaigh) do thabhairt amach don duine sin chun girrfhithe d'fhiadhach, sa líomatáiste no in aon pháirt áirithe den líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san, leis an bpaca san gadhar fiadhaigh agus chun girrfhithe do thógaint agus do mharbha tríd an bhfiadhach san.

(2) Gach cead fiadhaigh do bhéarfar amach fén alt so beidh sé ionaistrithe i dteanta an phaca gadhar fiadhaigh le n-a mbaineann sé agus dá réir sin (mara ndeintear a cheiliúra no a thabhairt suas fén alt so) leanfa sé i bhfeidhm d'ainneoin atharú ar bith do theacht ar únaeracht no ar mháistreacht no ar chimeád an phaca san agus go sonnrách d'ainneoin an té dar tugadh amach an cead san do scur de bheith ina mháistir ar an bpaca san no de bheith i bhfeighil an phaca san.

(3) Féadfaidh an tAire cead fiadhaigh do bhéarfar amach fén alt so do cheiliúra uair ar bith agus féadfaidh máistir an phaca gadhar fiadhaigh le n-a mbaineann an cead, no an té bheidh i bhfeighil an phaca san de thurus na huaire, an cead do thabhairt suas uair ar bith.

Toirmeasc ar ghéim do thógaint le líonta, etc.

9. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so agus fé réir na heisceachta luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) géim ar bith do mharbha no do thógaint le haon dol no gaiste no líon, no

(b) aon dol no gaiste no líon do chur síos in áit ar bith chun géim do mharbha no do thógaint, no

(c) aon dol no gaiste no líon ar bith do chur síos in áit ar bith ina mbíonn géim.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le sealbhaire tailimh do chur síos dolaí no gaistí no líonta chun coiníní ar an talamh a bheidh ar seilbh aige do thógaint ná ní bheidh san nea-dhleathach de dhruim an ailt seo.

(3) Gach n-aon a mharbhóidh no a thógfaidh géim ar bith contrárdha don alt so no a dhéanfaidh aon dol no gaiste no líon do chur síos contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

Saoirse chun girrfhithe do thógaint le líon i gcóir coimhlinte con.

10. —(1) D'ainneoin ní ar bith atá in aon alt eile den Acht so, beidh sé dleathach d'aon bhall, gníomhaire, no seirbhíseach do chlub coimhlinte con údaruithe go mbeidh údarás cuibhe aige chuige seo i scríbhinn o oifigeach fhreagarthach don chlub san girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta uair ar bith (ach amháin le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúla) chun crícheanna an chlub san agus chun na gcrícheanna san amháin no girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta uair ar bith idir an 15adh lá de Lúnasa bliana ar bith agus an lá deiridh d'Fheabhra na bliana ina dhiaidh sin (agus an dá lá san d'áireamh) chun go n-úsáidfidh an club san iad i gcoimhlintí con agus chuige sin amháin.

(2) D'ainneoin ní ar bith atá in aon alt eile den Acht so, beidh sé dleathach do dhuine ar bith, le cead i scríbhinn o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina ndéanfa sé no ina mbeidh sé ar aigne girrfhithe do thógaint, girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh le líonta idir an 15adh lá de Lúnasa bliana ar bith agus an lá deiridh d'Fheabhra na bliana ina dhiaidh sin (agus an dá lá san d'áireamh) chuige seo amháin, eadhon, chun a ndíolta le club coimhlinte con údaruithe chun crícheanna an chlub san agus beidh sé dleathach d'oifigeach freagarthach do chlub coimhlinte con údaruithe girrfhithe tógfar amhlaidh do cheannach chun na gcrícheanna san.

(3) Duine ar bith do thóg no adéarfaidh gur thóg sé girrfhithe de bhua saoirse bronntar leis an alt so agus úsáidfidh na girrfhithe sin chun aon chríche seachas chun na críche chun a mbronntar an tsaoirse sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

Saoirse chun éanacha géim agus girrfhithe do thógaint le líonta chun síolruithe.

11. —(1) Féadfaidh ceannphort den Ghárda Síochána cead i scríbhinn do dheona do dhuine ar bith is únaer no is sealbhaire ar thalamh sa cheanntar dar ceannphort amhlaidh é no do dhuine ar bith ag a mbeidh aon-cheart lámhaigh ar aon talamh den tsórt san piasúin, paitriscí, no girrfhithe do thógaint ina mbeathaidh ar an talamh san le líonta uair ar bith chun na piasúin, na paitriscí, no na girrfhithe (pe'ca aca é) ar an talamh san no ar aon talamh eile i Saorstát Éireann do chur i líonmhaire no i bhfeabhas agus chuige sin amháin.

(2) Féadfaidh ceannphort den Ghárda Síochána do bhéarfaidh uaidh aon chead den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo pé coiníollacha is oiriúnach leis agus a luadhfa sé sa chead san do cheangal den chead san (maidir le téarma an cheada san, an talamh le n-a mbainfidh, an méid éan no girrfhithe a tógfar fé, no éinní eile).

(3) Nuair a bheidh aon chead den tsórt a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so tugtha go cuibhe do dhuine ar bith, ní bheidh sé nea-dhleathach don duine sin de dhruim ní ar bith san Acht so piasúin, paitriscí, no girrfhithe (pe'ca aca é) do thógaint fé réim agus do réir an cheada san ná ní bheidh sé ina chionta fén gCuid seo den Acht so an duine sin do thógaint piasún, paitriscí, no girrfhithe (pe'ca aca é) amhlaidh,

Uibhe éanacha géim do chaomhna.

12. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith uibhe aon éin ghéim do thógaint ná do lot ná do dhíobháiliú ná nead aon éin den tsórt san do lot ná d'aistriú ná do mhille agus gach duine dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(2) D'ainneoin ní ar bith atá sa bhfo-alt san roimhe seo ní sárú ar an alt so uibhe piasún no paitriscí do thógaint chun go ndéanfar gor ceart ortha agus chuige sin amháin.

Pacáistí ina mbeidh géim do mharcáil.

13. —(1) Gach pacáiste ina mbeidh aon tsaghas géim agus a bheidh ar turus i Saorstát Éireann beidh an focal “géim” marcálta go so-fheicse ar an taobh amuich de agus fós beidh ainm agus seola a chonsighneora marcálta ar an bpacáiste féin no ar dhuillín a bheidh ceangailte dhe.

(2) Gach n-aon a dhéanfaidh pacáiste ar bith ina mbeidh aon tsaghas géim agus ná beidh marcálta sa tslí is gá do réir an ailt seo do chur no do chonsighniú chun a bheirthe ar turus i Saorstát Éireann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach n-aon a dhéanfaidh pacáiste ar bith ina mbeidh aon tsaghas géim agus ná beidh marcálta sa tslí is gá do réir an ailt seo d'iompar ar luach saothair de thír i Saorstát Éireann no de mhuir o phort ar bith i Saorstát Éireann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus nárbh bhféidir go réasúnta go mbeadh a fhios aige go raibh géim sa phacáiste sin.

(4) Gach n-aon a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus. má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) Chun críche an ailt seo tuigfear pacáiste do bheith ar turus i Saorstát Éireann agus é á iompar i slí ar bith o aon áitreabh no áit i Saorstát Éireann go haon áitreabh eile no áit eile laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann no nuair a bheidh sé in áit ar bith, puiblí no príobháideach, i gcúrsa no chun críche a iompartha amhlaidh.

Clubanna coimhlinte con d'údarú.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur club coimhlinte con údaruithe chun crícheanna na Coda so den Acht so aon chlub coimhlinte con a bheidh có-cheangailte den chólucht dá ngairmtear do ghnáth an Irish Coursing Club,

(2) Más rogha leis féin é féadfaidh an tAire uair ar bith, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra.

(3) Faid a bheidh ordú déanfar fén gcéad fho-alt den alt so i bhfeidhm beidh an club coimhlinte con le n-a mbaineann an t-ordú san ina chlub coimhlinte con údaruithe do réir bhrí na Coda so den Acht so.

Cumainn chosanta géim d'údarú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur comhlachas údaruithe chun crícheanna an ailt seo aon chumann, comhlachas no club do bunuíodh chun cosaint ghéim do chur ar aghaidh no chun síolrú no tréineáil mhadraí a húsáidtear i bhfiadhach géim do chur ar aghaidh no d'fheabhsú agus féadfaidh uair ar bith, más rogha leis féin é, aon ordú den tsórt san do rinne sé roimhe sin do cheiliúra.

(2) I gcás ina ndearna comhlachas údaruithe tailte ar bith do chur in áirithe, le toil sealbhaire na dtailte sin (fé n-a láimh), chun géim do mharbha no do chosaint no do thógaint ortha agus ina ndearnadh fógra i dtaobh an chur-in-áirithe sin d'fhoillsiú ar dhá ócáid fé leith i bpáipeur nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil na tailte sin suidhte, ansan agus i ngach cás den tsórt san féadfar cúiseamh ar bith sa Chúirt Dúithche, mar gheall ar thairsce ar na tailte sin chun no le linn géim d'fhiadhach, do bhunú ar agra agus in ainm rúnaí an chomhlachais údaruithe sin, agus ní cosaint don chosantóir in aghaidh aon chúisimh den tsórt san (pe'ca in ainm an rúnaí sin no in ainm duine éigin eile do bunuíodh é) ná ina aghaidh cúisimh ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so maidir le géim do mharbha no do thógaint ar na tailte sin a chruthú go raibh údarás aige o shealbhaire na dtailte sin géim do mharbha no do thógaint ortha.

(3) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cialluíonn an abairt “comhlachas údaruithe” cumann, comhlachas, no club go mbeidh ordú fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire ina thaobh á dhearbhú gur comhlachas údaruithe é chun crícheanna an ailt seo.

Tairsce le linn géim d'fhiadhach.

16. —Deintear leis seo alt 10 den Acht do rith Páirlimint na hÉireann sa bhliain 1787 agus dar teideal “An Act for the preservation of the game” (27 Geo. III. ch. 35) do leasú tríd na focail “rabbits, plover” do chur isteach ann díreach roimh an bhfocal “woodcock” atá anois ann agus beidh éifeacht ag an alt san fé mar a leasuítear amhlaidh é.

Pionóisí.

17. —(1) Gach n-aon a bheidh ciontach i gcionta fén gCuid seo den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin pe'ca de shaghas an chionta no na gciontaí roimhe sin é no nách eadh, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) An Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar duine ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfa sé, i dteanta fíneála ar bith a chuirfe sé ar an duine sin fén bhfo-alt san roimhe seo mar gheall ar an gcionta san, ordú do dhéanamh á ordú don duine sin aon arm teine, dol, gaiste, líon no úirlis, inneall no gléas eile d'úsáid an duine sin ag déanamh an chionta san do thabhairt suas.

(3) Más sealbhóir ar dheimhniú airm teine do deonadh do fé Acht na nArm Teine, 1925 (Uimh. 17 de 1925) an té ciontófar i gcionta fén gCuid seo den Acht so, ansan an Breitheamh den Chúirt Dúithche gur ina láthair a ciontófar an duine sin amhlaidh, féadfa sé, i dteanta aon phionóis eile chuirfe sé ar an duine sin fén alt so, an deimhniú airm teine sin do cheiliúra agus féadfaidh fós a dhearbhú nách ceaduithe don duine sin, go ceann pé tréimhse (nách sia ná cúig bliana o dháta an chiontuithe sin) a luadhfaidh an Breitheamh, deimhniú airm teine do bheith ar seilbh aige agus nuair a déanfar an dearbhú san amhlaidh ní bheidh sé ceaduithe don duine sin, go ceann na tréimhse luadhfar amhlaidh, deimhniú airm teine do bheith ar seilbh aige.

Cad déanfar le maoin do bhéarfar suas.

18. —Mara n-údaruighidh Coimisinéir an Ghárda Síochána iad do dhíthiú déanfar gach arm teine, dol, gaiste, líon no úirlis, inneall no gléas eile, do bhéarfar suas fén gCuid seo den Acht so, do dhíol agus isé ceannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina ndearnadh an cionta tré n-ar bh'éigean an tabhairt suas san do dhéanamh a dhíolfaidh iad agus déanfaidh an ceannphort san an tsuim do gheobhfar de bharr an díolta san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar chiontaí

19. —(1) Féadfar imeachta do bhunú ar agra agus in ainm duine ar bith, oifigiúil no neamh-oifigiúil, mar chúisitheoir, chun cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar chionta ar bith fén gCuid seo den Acht so.

(2) I gcás ina ndearna club coimhlinte con údaruithe tailte ar bith do chur in áirithe, le toil sealbhaire na dtailte sin (fé n-a láimh), chun girrfhithe do mharbha agus do thógaint ortha agus ina ndearnadh fógra i dtaobh an chur-in-áirithe sin d'fhoillsiú ar dhá ócáid fé leith i bpáipeur nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil na tailte sin suidhte, ansan agus i ngach cás den tsórt san féadfar cúiseamh ar bith sa Chúirt Dúithche, mar gheall ar thairsce ar na tailte sin chun no le linn girrfhithe d'fhiadhach, do bhunú ar agra agus in ainm an té is rúnaí de thurus na huaire don chólucht dá ngairmtear do ghnáth an Irish Coursing Club agus ní cosaint don chosantóir in aghaidh aon chúisimh den tsórt san (pe'ca in ainm an rúnaí sin no in ainm duine éigin eile do bunuíodh é) ná in aghaidh cúisimh ar bith i gcionta fén gCuid seo den Acht so maidir le girrfhithe do mharbha no do thógaint ar na tailte sin a chruthú go raibh údarás aige o shealbhaire na dtailte sin girrfhithe do mharbha no do thógaint ortha.