17 1930


Uimhir 17 de 1930.


ACHT NA LEANBHAÍ TABHARTHA (ORDUITHE ATHAIRÍOCHTA), 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN A CHUR MAR OBLAGÁID AR ATHAIR LEINBH THABHARTHA CABHAIR DO THABHAIRT CHUN AN LEANBH SAN DO CHOTHÚ NO CABHRÚ LEIS AR SHLÍ EILE AGUS CHUN AN OBLAGÁID SIN DO CHUR I bhFEIDHM. [17adh Meitheamh, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “máthair” éinne acu so leanas atá ag iompar cloinne no atá tar éis leanbh tabhartha do thabhairt ar an saol, sé sin le rá, bean singil ar bith no baintreach ar bith, no bean phósta ar bith ná comhnuíonn le n-a fear céile, agus foluíonn sé bean phósta ar bith a chomhnuíonn le n-a fear céile agus do thug leanbh tabhartha ar an saol sarar pósadh í; agus cialluíonn an abairt “athair ceaptha” duine go dtabharfar de bhreith air, tré ordú athairíochta ar n-a dhéanamh fén Acht so, gurb é ceaptar is athair do leanbh thabhartha.

Gairmeacha do thabhairt amach.

2. —(1) Ar a iarraidh sin do mháthair leinbh thabhartha laistigh den am a ceaptar anso ina dhiaidh seo no ar a iarraidh, laistigh den am a ceaptar anso ina dhiaidh seo, do chólucht áitiuil a riarann fóirithin na mbocht agus a bheidh ag tabhairt fóirithine do mháthair leinbh thabhartha no do leanbh thabhartha an uair sin agus, i gceachtar cás, ar thabhairt faisnéise uaithi i scríbhinn agus fé mhionn do mháthair an leinbh sin á rá cé hé athair an leinbh sin, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche sa Dúthaigh ina gcomhnuíonn an mháthair sin gairm no próiseas eile do thabhairt amach á cheangal ar an duine (dá ngairmtear an t-athair ainmnithe san Acht so) adeirtear sa bhfaisnéis sin is athair don leanbh san teacht i láthair nuair a beifear ag éisteacht iarratais ón máthair sin no ón gcólucht áitiuil sin (pe'ca aca é) ag lorg orduithe (dá ngairmtear ordú athairíochta san Acht so) i dtaobh an leinbh sin.

(2) Ní féadfar iarratas go dtabharfaí gairm no próiseas eile amach fén alt so do dhéanamh ach—

(a) roimh shaolú an leinbh thabhartha gur ina thaobh a déanfar an t-iarratas, no

(b) laistigh de shé mhí tar éis an leanbh san do shaolú, no

(c) i gcás i n-ar thug athair ainmnithe an leinbh sin cabhair uaidh chun an leanbh san do chothú laistigh de shé mhí tar éis an leanbh do shaolú, uair ar bith tar éis na cabhartha san, no

(d) i gcás ná raibh comhnaí ar athair ainmnithe an leinbh sin i Saorstát Éireann ar dháta saoluithe an leinbh sin, uair ar bith laistigh de shé mhí tar éis teacht isteach i Saorstát Éireann don athair ainmnithe sin mar an gcéad uair tar éis an dáta san, no

(e) i gcás ina raibh comhnaí ar athair ainmnithe an leinbh sin i Saorstát Éireann ar dháta saoluithe an leinbh sin ach gur scuir sé de bheith ina chomhnaí ann laistigh de shé mhí tar éis an dáta san, uair ar bith laistigh de shé mhí tar éis teacht isteach i Saorstát Éireann don athair ainmnithe sin mar an gcéad uair tar éis an scurtha san, no

(f) i gcás an leanbh do shaolú laistigh de shé mhí roimh rith don Acht so, laistigh de ráithe tar éis an Achta so do rith.

(3) I gcás ina dtabharfar gairm amach fén alt so roimh shaolú an leinbh thabhartha le n-a mbaineann sí ní bheidh an dáta gur ina chóir a déanfar leis an ngairm sin an t-athair ainmnithe do ghairm chun an Cúirte Dúithche níos luaithe ná ceithre lá déag tar éis an lae meastar a saolófar an leanbh san agus déanfar éisteacht na gairme sin do chur ar athló (má deintear san) go ceann pé tréimhse is gá chun go bhféadfaidh máthair an leinbh sin bheith i láthair le linn na héisteachta san.

Orduithe athairíochta.

3. —(1) Tar éis don Chúirt Dúithche gairm do tugadh amach fén Acht so d'éisteacht féadfaidh an Breitheamh, má bhíonn sé sásta do réir an ailt seo gurb é athair ainmnithe an leinbh thabhartha (pe'ca beo no marbh do saoluíodh é) le n-a mbaineann an ghairm sin is athair don leanbh san, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú athairíochta san Acht so) á thabhairt de bhreith ar an athair ainmnithe sin gurb é is athair ceaptha don leanbh san agus á ordú don athair cheaptha san na costaisí do bhain leis an leanbh san do shaolú, fé mar mheasfaidh an Breitheamh iad, d'íoc agus ina theanta san, más beo do saoluíodh an leanbh san, pé suim airgid acu so leanas a bheidh oiriúnach, sé sin le rá:—

(a) má fuair an leanbh san bás roimh an ordú san do dhéanamh, costaisí sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh iad, chó fada le méid nách mó ná cúig púint, no

(b) pé suim sheachtainiuil nách mó ná fiche scilling agus a shocróidh an Breitheamh chun an leanbh san do chothú agus oideachas do thabhairt do, no

(c) má thoilíonn an t-athair ceaptha chuige, suim amháin de pé méid a shocróidh an Breitheamh in ionad aon tsuime seachtainiúla do bheadh iníoctha fén Acht so ag an athair ceaptha san i dtaobh an leinbh sin mara mbeadh san.

(2) Ní bheidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche sásta go bhfuil duine ina athair cheaptha do leanbh thabhartha gan fianaise mháthair an leinbh sin agus fós fianaise ag neartú le fianaise na máthar san i bponc no i bpuinc éigin le n-a mbeidh tácht d'éisteacht.

(3) Má orduíonn Breitheamh den Chúirt Dúithche, le hordú athairíochta, d'athair cheaptha leinbh thabhartha suim sheachtainiuil d'íoc i dtaobh an leinbh sin, féadfa sé pé coiníollacha is dó leis is ceart do chur le híoc no le glaca na suime seachtainiúla san.

(4) Na forálacha den Acht so bhaineann le socrú méid na suime amháin a híocfar in ionad suime seachtainiúla is iníoctha fé ordú athairíochta agus le híoc agus riara na suime amháin sin agus le n-a cur chun críche bainfid le suim amháin do cheapa, d'íoc, do riara, agus do chur i gcrích a déanfar iníoctha le hordú athairíochta in ionad aon tsuime seachtainiúla do bheadh iníoctha mara mbeadh san.

(5) Le linn éisteacht aon chúise fén Acht so sa Chúirt Dúithche no le linn athchomhairc sa Chúirt Chuarda, ordóidh an Breitheamh gach duine do chimeád amach as an gCúirt ach amháin na páirtithe, a n-abhcóidí no a n-atúrnaethe, máthair an iarratasóra no bean ghaoil no ban-chara eile don iarratasóir, oifigigh na Cúirte, na fínnithe sa chúis agus aon ionadaithe bona fide do pháipeur nuachta no d'oifig nuachta.

(6) Ní bheidh sé dleathach aon tuarasgabháil, ráiteas, tuairim ná abhar eile, ar ná maidir le haon imeachta cúirte chun ordú athairíochta do dheona, do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go gclóbhuailfear no go bhfoillseofar a leithéid, ach amháin gach ceann no aon cheann de sna mion-innste seo leanas ar na himeachta san, sé sin le rá:—

(a) ainmneacha na bpáirtithe;

(b) an Chúirt in ar trialadh agus an Breitheamh gur os a chóir a trialadh na himeachta agus ainmneacha na n-atúrnaethe agus na n-abhcóidí do bhí mar dhligheadóirí sna himeachta;

(c) cuntas comair ar na cúisithe, ar na cosanta, agus ar na frith-chúisithe gur tugadh fianaise chun neartuithe leo;

(d) mion-innste ar aon phuínte dlí do tarraigeadh anuas agus do pléidheadh sna himeachta agus breith na Cúirte air;

(e) breith na Cúirte agus an méid adubhairt an Breitheamh agus é ag tabhairt a bhreithe.

(7) Ní bhainfidh éinní san alt so—

(a) le haon phléideail, aithscríbhinn fhianaise, no scríbhinn eile do chlóbhuala chun a húsáidthe i dtaobh aon imeachta cúirte ná le hí do chur in úil do dhaoine go mbeidh baint acu leis na himeachta, ná

(b) le haon ordú, fógra, no tuarasgabháil do chlóbhuala agus d'fhoillsiú do réir orduithe na Cúirte, ná

(c) le haon abhar do chlóbhuala no d'fhoillsiú in aon imleabhar no cuid ar leithligh d'aon tsreath bona fide de thuarasgabhála dlí nách cuid d'aon fhoillseachán eile agus ná beidh ann ach amháin tuarasgabhála ar imeachta i gCúirteanna dlí, no in aon fhoillseachán de shaghas teicniciúil a bheidh ceaptha bona fide chun a chúrsuithe imeasc dligheadóirí no dochtúirí leighis.

(8) Má dheineann aon duine is dílseánach, eagarthóir no foillsitheoir d'aon leabhar no foillseachan tréimhsiúil no is árdchlódóir ag clóbhuala an leabhair no an fhoillseacháin sin no má chuireann sé fé ndeár no má thugann sé chun críche no má cheaduíonn sé aon abhar, mion-aithriste, no mion-innste, i dtaobh aon imeachta cúirte, do chlóbhuala no d'fhoillsiú sa leabhar no sa bhfoillseachán san contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(9) Is ar agra agus in ainm an Phríomh-Atúrnae bunófar gach cúiseamh i gcionta fén alt so.

Suimeanna seachtainiúla d'íoc.

4. —(1) Gach suim sheachtainiúil a bheidh iníoctha ag athair cheaptha fé ordú athairíochta tosnóidh sí o pé dáta socrófar san ordú agus leis an ordú, ag an mBreitheamh a dhéanfaidh an t-ordú, ach ní bheidh an dáta san níos luaithe ná bliain roimh dháta an orduithe ná níos déanaí ná bliain tar éis an dáta san agus ní bheidh sé níos luaithe ná lá saoluithe an leinbh thabhartha gur ina thaobh a bheidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha.

(2) Gach suim sheachtainiúil a bheidh iníoctha ag athair cheaptha fé ordú athairíochta beidh sé iníoctha, fé réir aon atharú déanfar ar a méid fén Acht so, go dtí go dtárlóidh pé ní de sna nithe seo leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) bás an leinbh thabhartha gur ina thaobh a bheidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha;

(b) aois a shé mblian déag do bheith slán ag an leanbh san;

(c) íoc suime amháin do chur, fén Acht so, in ionad na suime seachtainiúla san;

(d) deire do chur leis an suim seachtainiúil sin le hordú ón gCúirt Dúithche fén alt so.

(3) Más rud é, ar aois a shé mblian déag do bheith slán ag leanbh tabhartha go raibh suim sheachtainúil iníoctha ina thaobh fé ordú athairíochta díreach sara raibh an aois sin slán aige, gur léir do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go bhfuil aineamh aigne no cuirp ar an leanbh san i slí, agus chó mór san, go bhfuil an leanbh san neamh-oiriúnach, go hiomlán agus go buan, d'aon tsaghas oibre, féadfaidh an Breitheamh san, le hordú, íoc na suime seachtainiúla san do bhuanú fén ordú athairíochta san ar feadh saoil an leinbh sin.

(4) Ar fháil bháis d'athair cheaptha dá ndlightear suim sheachtainiúil d'íoc fé ordú athairíochta beidh an fiachas in íoc na suime seachtainiúla san ar a estát, réalta agus pearsanta, mar fhiacha síbhialta, agus féadfaidh an té le n-a mbeidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha de thurus na huaire í do bhaint amach dá réir sin.

Suimeanna seachtainiúla d'atharú.

5. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aon uair, ar iarratas ón té ag a mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha fé ordú athairíoctha no ón té le n-a mbeidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha no o dhuine adeir gurb é féin an té dar cheart an tsuim sheachtainiúil sin do ghlaca, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) méid na suime seachtainiúla san d'atharú;

(b) an tsuim sheachtainiúil sin do dhéanamh iníoctha le duine eile;

(c) gach ceann no aon cheann de sna coiníollacha bhaineann le híoc no le glaca na suime seachtainiúla san d'atharú.

(2) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aon uair, ar iarratas ón té ag a mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha fé ordú athairíochta agus ar bheith sásta dho go bhfuil deire fén Acht so leis an bhfiachas in íoc na suime seachtainiúla san no ar bheith sásta dho gur gá, do réir chirt, deire do chur leis an bhfiachas san, féadfa sé deire do chur leis an suim seachtainiúil sin ó pé dáta is dó leis is ceart ach i slí ná bronnfar ceart chun aon airgead do bhaint amach do híocadh alos na suime seachtainiúla san roimh dháta an orduithe tré n-a gcuirtear deire leis an suim sin.

Leanbh tabhartha do chur le céird.

6. —(1) Ar iarratas fén alt so i dtaobh leinbh thabhartha fé bhun sé mblian déag d'aois go mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air an uair sin fé ordú athairíochta, no i dtaobh leinbh thabhartha de shé bliana déag d'aois go raibh suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fé ordú athairíochta díreach sara raibh an aois sin slán aige, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin no d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san pé suim nách mó ná caoga púnt agus a shocróidh an Breitheamh d'íoc chun an leanbh san do chur le céird.

(2) Ag déanamh orduithe fén alt so dho déanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, leis an ordú san, pé socrú is dó leis is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfar an leanbh tabhartha gur ina thaobh a bheidh an t-ordú san á dhéanamh do chur go cuibhe le céird agus ar théarmaí le n-a n-aontóidh an Breitheamh san agus chun go ndéanfar an tsuim a bheidh iníoctha fén ordú san do chur go cuibhe chun no mar chabhair chun íoctha na táille is iníoctha alos na príntíseachta san.

(3) Féadfar iarratas fén alt so do dhéanamh aon uair tar éis ceithre bliana déag do bheith slán ag an leanbh tabhartha le n-a mbaineann sé, ach ní níos déanaí ná sé mhí tar éis sé bliana déag do bheith slán ag an leanbh san, agus isé dhéanfaidh é ná an té le n-a mbeidh an tsuim sheachtainiúil iníoctha i dtaobh an leinbh sin fé ordú athairíochta no, má bhíonn sé bliana déag slán ag an leanbh san, an té le n-a raibh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha no le n-a bhféadfaí í d'íoc dá mbeifí á híoc fós.

Costaisí sochraide leinbh thabhartha.

7. —I gcás leanbh tabhartha go ndearnadh ordú athairíochta ina thaobh d'fháil bháis agus suim sheachtainiúil iníoctha mar gheall air fén ordú san, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar a iarraidh sin laistigh de dhá mhí tar éis bháis an leinbh sin don té le n-a raibh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha, a ordú d'athair cheaptha an leinbh sin no d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san costaisí sochraide an leinbh sin, fé mar mheasfaidh an Breitheamh san iad, d'íoc chó fada le suim nách mó ná cúig púint.

Suim amháin d'íoc in ionad suime seachtainiúla.

8. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aon uair, ar a iarraidh sin do dhuine dá ndlightear suim sheachtainiúil d'íoc fé ordú athairíochta, a údarú don duine sin no dá ionadaí phearsanta suim amháin de pé méid a shocróidh an Breitheamh d'íoc in ionad na suime seachtainiúla san.

(2) I gcás athair cheaptha, dá ndlightear fé ordú athairíochta suim sheachtainiúil d'íoc i dtaobh a leinbh thabhartha, d'fháil bháis roimh dheire do bheith curtha leis an suim sheachtainiúil sin féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, aon uair tar éis bháis an athair cheaptha san agus roimh dheire do bheith curtha leis an suim sheachtainiúil sin agus ar iarratas ón té le n-a mbeidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha, a ordú d'ionadaí phearsanta an athar cheaptha san suim amháin de pé méid a shocróidh an Breitheamh d'íoc in ionad na suime seachtainiúla san.

(3) An tsuim amháin a shocróidh Breitheamh den Chúirt Dúithche le cur in ionad suime seachtainiúla fén alt so, socrófar amhlaidh í d'fhonn a chur in áirithe don leanbh thabhartha gur ina thaobh atá an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha buntáistí chó maith ar a laighead leis na buntáistí do gheobhadh sé dá leantaí den tsuim sheachtainiúil sin d'íoc agus, ag socrú na suime amháin sin amhlaidh do, féachfaidh an Breitheamh do gach a mbaineann leis an scéal agus, go sonnrách, más gá sa chás é, féachfa sé don cheist, an dócha go leanfar fén Acht so den tsuim sheachtainiúil d'íoc tar éis sé bliana déag do bheith slán ag an leanbh san.

(4) Nuair a bheidh an Breitheamh á údarú no á ordú fén alt so go n-íocfar suim amháin in ionad suime seachtainiúla ní foláir é bheith sásta go ndearnadh socrú ceart chun an tsuim amháin d'íoc le duine ceart oiriúnach agus chun an tsuim amháin sin do riara agus do chur go cuibhe chun tairbhe an leinbh thabhartha gur ina thaobh a híocfar í agus, sa mhéid gur gá é dar leis, déanfaidh an Breitheamh, san ordú le n-a n-údaruítear an tsuim amháin sin d'íoc amhlaidh, socrú chun an t-íoc, an riara, agus an cur san do dhéanamh.

(5) Nuair a híocfar fé réim agus do réir ordú fén alt so an tsuim amháin a bheidh luaidhte san ordú san beidh deire leis an suim sheachtainiúil gur ina hionad a híocadh an tsuim amháin sin amhlaidh.

Na daoine le n-a n-íocfar suimeanna seachtainiúla agus suimeanna eile.

9. —(1) I ngach ordú athairíochta agus i ngach ordú eile déanfar fén Acht so á ordú go ndéanfaidh athair cheaptha leinbh thabhartha aon airgead d'íoc (nách i dtaobh costaisí an orduithe sin) pe'ca in aon tsuim amháin é no go tréimhsiúil, luadhfar cé leis go n-íocfar an t-airgead san agus, fé réir forálacha an Achta so, isé duine é sin ná pé duine is rogha leis an mBreitheamh a dhéanfaidh an t-ordú.

(2) Pé uair ordóidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, le hordú athairíochta no le haon ordú eile fén Acht so, d'athair cheaptha leinbh thabhartha aon airgead d'íoc, pe'ca in aon tsuim amháin é no go tréimhsiúil, féadfaidh an Breitheamh san, leis an ordú san, a chur mar cheangal go n-íocfar an t-airgead san le Cléireach áirithe Cúirte Dúithche chun go ndéanfaidh seisean é do chur, i pé slí ordóidh an Breitheamh o am go ham le hordú no ar aon tslí eile, chun na gcrícheanna chun ar horduíodh amhlaidh an t-airgead san d'íoc.

(3) Gach suim sheachtainiúil a bheidh iníoctha ag athair cheaptha fé ordú athairíochta, féadfar, má bhíonn fóirithin na mbocht á fáil ag an leanbh tabhartha gur ina thaobh a bheidh an tsuim sheachtainiúil sin iníoctha no ag máthair an leinbh sin, í do dhéanamh iníoctha leis an gcólucht áitiúil do bheir an fhóirithin sin uatha.

(4) Gach suim sheachtainiúil a bheidh iníoctha ag athair cheaptha fé ordú athairíochta agus ná déanfar iníoctha leis an gCléireach Cúirte Dúithche ná le cólucht áitiúil ar a mbeidh mar chúram fóirithin na mbocht do riara, déanfar iníoctha í le máthair an leinbh thabhartha gur ina thaobh a bheidh an tsuim sin iníoctha más fé chúram a mháthar a bheidh an leanbh san agus, maran fé chúram a mháthar a bheidh an leanbh san, déanfar iníoctha í leis an té gur fé n-a chúram a bheidh sé.

Có-aontuithe dhéanfaidh daoine dá ndeoin féin chun leanbhaí tabhartha do chothú.

10. —(1) Má dheineann duine (dá ngairmtear athair admhuithe san Acht so) a admhuíonn gurb é féin is athair do leanbh thabhartha, có-aontú le máthair an leinbh sin sara ndéanfar ordú athairíochta i gcoinnibh an athar admhuithe sin i dtaobh an leinbh sin agus go gceanglóidh sé air féin leis an gcó-aontú san soláthar do dhéanamh don leanbh san agus ina thaobh, féadfaidh an t-athair admhuithe sin no an mháthair sin a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche ag a bhfuil dlighinse sa cheanntar ina gcomhnuíonn an mháthair sin aontú leis an gcó-aontú san agus má aontuíonn an Breitheamh san leis an gcó-aontú san féadfa sé, le hordú, an t-aontú san do chur ar breaca.

(2) Más rud é, tar éis ordú athairíochta do bheith déanta i dtaobh leinbh thabhartha, go ndéanfaidh athair ceaptha an leinbh sin có-aontú le máthair an leinbh sin á cheangal air féin soláthar do dhéanamh don leanbh san agus ina thaobh, féadfaidh an t-athair ceaptha san no an mháthair sin a iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche aontú leis an gcó-aontú san agus má aontuíonn an Breitheamh san leis an gcó-aontú san féadfa sé, le hordú, an t-aontú san do chur ar breaca.

(3) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aontú le có-aontú fén alt so, in ainneoin deifríocht iomlán no leathrannach do bheith idir an soláthar a déanfar leis an gcó-aontú san don leanbh thabhartha agus i dtaobh an leinbh thabhartha le n-a mbaineann an có-aontú san agus na buntáistí d'fhéadfaí d'fháil don leanbh san agus ina thaobh fén Acht so ach ní aontóidh sé le có-aontú fén alt so maran rud é gurb é a thuairim agus go gcuirfe sé ar breaca ina ordú fén alt so gurb é a thuairim go bhfuil an soláthar a déanfar leis an gcó-aontú san don leanbh san agus ina thaobh chó tairbheach tríd is tríd don leanbh san agus dá mháthair leis na buntáistí d'fhéadfaí d'fháil don leanbh san agus ina thaobh fén Acht so.

(4) Ordú ar bith fén alt so tré n-a gcuirfear ar breaca gur aontuigh Breitheamh den Chúirt Dúithche le có-aontú, beidh sé, i gcás ná dearnadh aon ordú athairíochta i dtaobh an leinbh thabhartha le n-a mbaineann an có-aontú san, ina chosc iomlán le himeachta fén Acht so i gcoinnibh aon duine i dtaobh an leinbh sin agus, i gcás ina ndearnadh ordú athairíochta i dtaobh an leinbh sin, beidh sé ina chosc iomlán le haon imeachta eile fén Acht so i dtaobh an leinbh sin i gcoinnibh athair cheaptha an leinbh sin agus le gach imeachta fén Acht so i gcoinnibh aon duine eile i dtaobh an leinbh sin.

(5) Sara ndéanfaidh máthair leinbh thabhartha ná dearnadh aon ordú athairíochta ina thaobh fén alt so iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche aontú le có-aontú déanfa sí faisnéis i scríbhinn agus fé mhionn á rá gurb é an t-athair admhuithe is athair don leanbh san, agus beidh ar an máthair sin an fhaisnéis sin do dhéanamh sara ndéanfa sí an t-iarratas san.

Suimeanna seachtainiúla no suimeanna eile do bhaint amach.

11. —(1) Gach suim sheachtainiúil no suim eile is iníoctha i dtaobh leinbh thabhartha fé ordú athairíochta no fén Acht so ag athair cheaptha an leinbh sin no ag aon duine eile, féadfaidh an té le n-a mbeidh an tsuim sin iníoctha amhlaidh í do bhaint den athair cheaptha san no den duine eile sin (pe'ca aca é) mar fhiacha síbhialta.

(2) I gcás—

(a) leanbh tabhartha ar bith go mbeidh suim sheachtainiúil iníoctha ina thaobh fé ordú athairíochta do bheith ag fáil fóirithine o aon chólucht áitiúil a riarann fóirithin na mbocht, agus

(b) aon tsuim sheachtainiúil den tsórt san (no aon chuid di) do tháinig chun bheith iníoctha sarar tosnuíodh ar an bhfóirithin sin d'fháil, no a thiocfaidh chun bheith iníoctha faid a bheidh an fhóirithin sin á fáil, do bheith gan íoc.

féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar an gcólucht áitiúil sin do bheith ag iarraidh treoracha, pé ordú is dó leis is ceart do dhéanamh sa chás agus go háirithe i gcás suimeanna seachtainiúla bheidh gan íoc ar dháta an orduithe sin.

Atharú ar sheola do chur in úil.

12. —Gach duine ag a mbeidh aon tsuim sheachtainiúil no aon tsuim eile iníoctha fé ordú athairíoctha no fén Acht so, beidh air, má atharuí onn sé a sheola, an t-atharú san do chur in úil don té le n-a mbeidh an tsuim sheachtainiúil no an tsuim eile sin iníoctha agus má theipeann air, gan chúis réasúnta, an t-atharú san do chur in úil beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Pinsean no ioncum do chur fé cheangal.

13. —(1) I gcás duine ar bith ag a mbeidh aon tsuim sheachtainiúil no suim eile iníoctha fé ordú athairíochta no fén Acht so do bheith ag fáil pinsin no ioncuim ar bith is féidir do chur fé cheangal, agus ná híocfaidh an duine sin an tsuim sheachtainiúil no an tsuim eile sin no aon chuid áirithe dhi, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas ón duine no ón gcólucht le n-a mbeidh an tsuim sin no an chuid di nár híocadh iníoctha agus ar bheith sásta dho nár híocadh san, ordú (dá ngairmtear ordú ceangail san alt so) do dhéanamh á ordú go n-íocfar, amach as an bpinsean no as an ioncum san leis an duine bheidh ainmnithe san ordú san, suim chó mór leis an suim sheachtainiúil no leis an suim eile no leis an gcuid di nár híocadh no, má leantar gan íoc do dhéanamh, go n-íocfar, amach as an bpinsean no as an ioncum san, pé suim sheachtainiúil no suim eile luadhfaidh an Breitheamh san chuige sin san ordú san.

(2) Beidh ordú ceangail ina údarás leordhóthanach, don té ag a mbeidh an pinsean no an t-ioncum le n-a mbaineann an t-ordú san iníoctha, chun an íocaíocht a bheidh luaidhte san ordú san d'íoc agus beidh admháil an té le n-a n-íocfar an íocaíocht san do réir an orduithe sin ina leorghlana mhaith chó fada is théigheann na híocaíochtaí sin ar an bpinsean no ar an ioncum san i gcoinnibh an té bheidh i dteideal an chéanna.

Freagarthacht mháthar leinbh thabhartha.

14. —Ní oibreoidh éinní san Acht so chun freagarthacht mháthar leinbh thabhartha i gcothú an leinbh sin do chur ar cheal ná do laigheadú.

Costas na n-imeacht.

15. —Íocfar costaisí gach gairme, iarratais agus imeachta eile fén Acht so ar pé slí is rogha leis an gCúirt d'ordú a éistfidh an imeacht san.

Rialacha Cúirte.

16. —Rialófar an nós-imeachta agus an cleachta fén Acht so le Rialacha Cúirte.

Athghairm.

17. —Athghairmtear leis seo an Bastardy (Ireland) Act, 1863.

Gearr-theideal.

18. —Féadfar Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , do ghairm den Acht so.