An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1930) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

20 1930

ACHT AIRGID, 1930

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1930-31.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha Chuid II den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) agus forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930.

Faoiseamh i dtaobh cailliuintí áirithe.

2. —(1) I gcás cailiuint do thárlachtaint do dhuine ar bith in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1928, no in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929, in aon chéird, gairm, no slí bheatha do bhí ar siúl aige, ina aonar no i bpáirtnéireacht, féadfa sé na laigheaduithe seo leanas d'éileamh:—

(a) ar cháinmheas ar bith a déanfar air in aghaidh na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh proifítí ón gcéird, ón ngairm, no ón slí bheatha chéanna,—trian na cailliúna glan (má b'ann di) do thárla i rith an dá bhlian dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929;

(b) ar cháinmheas ar bith a déanfar air in aghaidh na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1932, i dtaobh proifití ón gcéird, ón ngairm, no ón slí bheatha chéanna,—trian na cailliúna (má b'ann di) do thárla i rith na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo is do réir na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a háireofar an chailliuint do thárla do dhuine bheidh i dteideal laigheadú ar bith d'éileamh fén bhfo-alt san, agus ní lomhálfar laigheadú ar bith mar gheall ar aon chuid de chailliuint gur lomháladh faoiseamh ina taobh fé alt 34 den Acht san no fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim.

Indlighteacht Bhord Soláthair an Leictreachais chun Cáin Ioncuim d'íoc.

3. —(1) Chun deire do chur le hamhrus dearbhuítear agus achtuítear leis seo nách ionann agus nárbh ionann aon uair riamh Bord Soláthair an Leictreachais agus an Stát ná brainse ná roinn de Rialtas an Stáit chun a shocrú ce'ca dlightear no ná dlightear go gcáinmheasfaí an Bord san chun cánach ioncuim agus go n-íocfadh sé cáin ioncuim.

(2) Is do réir na suirbhéireacht agus na luacháil do rinneadh fé sna hAchtanna Luachála déanfar amach an luach bliantúil gur ina thaobh a bheidh cáin le héileamh fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, ar thionóntachán no ar ionoighreachta ar bith a bheidh in aon-tseilbh no fé aon-chúram no i seilbh Bhord Soláthair an Leictreachais agus a bheidh saor de thurus na huaire óna cháinmheas chun ráta dhealbhais.

An cáinmheas in aghaidh na bliana 1930-31 do choigeartú i gcásanna áirithe.

4. —(1) Má dheineann duine ar bith do cuireadh fé cháinmheas agus fé mhuirear cánach in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh ioncuim do tháinig no d'fhás as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann no as stuic, as scaireanna no as cíosa sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim, sa tslí foráltar leis an alt so, go raibh suim iomlán an ioncuim do cháinmheasadh amhlaidh breis agus fiche per cent. ni ba mhó ná suim iomlán an ioncuim do tháinig no d'fhás chuige dáiríribh in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann agus as stuic, as scaireanna no as cíosa sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, beidh sé i dteideal, ar a iarraidh sin do sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo, a fháil go ndéanfaí an cáinmheas do rinneadh air in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, fé sna Rialacha (lasmuich de Rialacha 3 agus 4) a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do choigeartú go dtí suim a háireofar:—

(a) ar mhéid iomlán an ioncuim do tháinig no d'fhás chuige dáiríribh sa bhliain dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann agus as stuic, as scaireanna no as cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann; agus

(b) ar mhéid an ioncuim eile go léir a bhí aige agus is ioncháinmheasta fé sna Rialacha (lasmuich de Rialacha 3 agus 4) a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus do tháinig no d'fhás dáiríribh in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1930, no in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, pe'ca aca is mó.

(2) Duine iarrfaidh coigeartú cáinmheasa fén alt so beidh sé i dteideal aisíoc d'fháil i pé cuid den cháin d'íoc sé is ionann agus an deifríocht idir méid na cánach do híocadh amhlaidh agus an méid do bheadh iníoctha dá mba fén bhfo-alt san roimhe seo d'áireofaí an cáinmheas ar dtúis.

(3) Is ar an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1931, no roimhe sin a déanfar gach iarratas fén alt so agus is i scríbhinn agus chun an chigire chánach a déanfar é agus beidh na Coimisinéirí Ioncuim i dteideal glaoch ar pé fianaisc is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a mbreith do thabhairt ar an iarratas san.

(4) Duine ar bith a dhéanfaidh iarratas fén alt so agus a bheidh mí-shásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim air, beidh sé i dteideal, ar fhógra do thabhairt uaidh i scríbhinn don chigire chánach laistigh de lá is fiche tar éis an bhreith sin do chur in úil do, a éileamh go gcuirfí a iarratas fé bhráid na gCoimisinéirí Speisialta.

(5) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Speisialta ar iarratas a cuirfear fé n-a mbráid fén bhfo-alt san roimhe seo.

Bailitheoir nua do leanúint d'imeachta ar feitheamh.

5. —(1) Más rud é go ndearna bailitheoir, do ceapadh go cuibhe chun cáin ioncuim ar bith do bhailiú, imeachta do bhunú fé alt 11 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), no leanúint díobh fén alt so, sé sin, imeachta ar bith do cuireadh ar siúl fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt san 11 chun an cháin sin do bhaint amach agus, le linn na himeachta san do bheith ar feitheamh, go scuirfidh an bailitheoir sin, ar réasún ar bith, de bheith mar bhailitheoir do ceapadh amhlaidh chun an cháin sin do bhailiú, beidh deire láithreach le ceart an bhailitheora san chun leanúint de sna himeachta san agus an bailitheoir a ceapfar go cuibhe chun an cháin sin do bhailiú i ndiaidh an bhailitheora do scuir amhlaidh beidh sé i dteideal, más mian leis é, teacht chun bheith, agus bheith, ina pháirtí sna himeachta san in ionad an bhailitheora do scuir amhlaidh agus beidh sé i dteideal leanúint de sna himeachta san dá réir sin.

(2) San alt so foluíonn an focal “bailitheoir” oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim agus údarás cuibhe aige chun cáin ioncuim do bhailiú.