|
|||||
|
Ar Aghaidh (CUID I. Liomataisti Riarachain d'Ath-cho-ghleasa.) |
[EN] | ||
Uimhir 27 de 1930. | ||
[EN] |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930. | |
ACHT CHUN LÍOMATÁISTE CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH DO LEATHNÚ TRÉ BHAILECHEANNTAR PHEMBRÓC, BAILECHEANNTAR RÁTH MAONAS AGUS RÁTH GARBH AGUS TUATH-LÍOMATÁISTÍ ÁIRITHE DO CHUR LEIS, CHUN BUIRG NUA INA mBEIDH BAILECHEANNTAIR NA CARRAIGE DUIBHE, DHÚN LAOGHAIRE, DHEILGINSE, AGUS CHILL INGHEAN LÉINÍN AGUS BHAILE BHRIC DO BHUNÚ, CHUN RIALTAS ÁITIÚIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH MAR A LEATHNUÍTEAR AMHLAIDH Í AGUS RIALTAS ÁITIÚIL CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DO RIALÁIL AGUS DO LEASÚ, CHUN RIALTAS ÁITIÚIL NA BUIRGE NUA SAN DO BHUNÚ AGUS DO RIALÁIL, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA NITHE UILE AGUS FÉ SEACH ADUBHRADH. [17adh Iúl, 1930.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
ROIMHRAITEACH. | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Chathair” maidir le haon am no tréimhse no le héinní déanfar no bheidh le déanamh no le ní thuitfidh amach roimh an lá ceaptha, an tSeana-Chathair agus cialluíonn sí, maidir leis an lá ceaptha no le haon am no tréimhse tar éis an lae cheaptha no le héinní déanfar no bheidh le déanamh no le ní thuitfidh amach an lá ceaptha no dá éis sin, contae bhuirg Bhaile Atha Cliath ar n-a leathnú de thurus na huaire leis an Acht so no fé; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tSeana-Chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar do bhí díreach roimh an Acht so do rith; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Bhuirg” buirg Dhún Laoghaire a bunuítear leis an Acht so; | |
[EN] | cialluíonn na habairtí “an Chontae” agus “an Chomhairle Chontae” fé seach contae riaracháin Bhaile Atha Cliath agus comhairle na contae sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Bárdas na Buirge” Bárdas Dhún Laoghaire; | |
[EN] | foluíonn an abairt “an Bárdas” Bárdas na Cathrach agus Bárdas na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Bárdaisí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Comhairle na Cathrach” an chomhairle a bunuítear don Chathair leis an Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Comhairle na Buirge” an chomhairle bunuítear don Bhuirg leis an Acht so; | |
[EN] | foluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na Cathrach agus Comhairle na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Comhairlí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Bainisteoir na Cathrach” Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath ar n-a cheapa leis an Acht so no fé; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Bainisteoir na Buirge” Bainisteoir Buirge agus Baile-Chléireach Dhún Laoghaire ar n-a cheapa fén Acht so; | |
[EN] | foluíonn an abairt “an Bainisteoir” Bainisteoir na Cathrach agus Bainisteoir na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Bainisteoirí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Tiarna Méara” Tiarna Méara Bhaile Atha Cliath; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Chomhairle na Buirge; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an ciste cathardha,” maidir leis an gCathair, an ciste as a n-íocfar costaisí agus caithteachaisí Bhárdais na Cathrach fén Acht so agus cialluíonn sí, maidir leis an mBuirg, an ciste as a n-íocfar costaisí agus caitheachaisí Bhárdais na Buirge fén Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an ráta cathardha,” maidir leis an gCathair, an ráta chruinneoidh Bárdas na Cathrach fén Acht so agus cialluíonn sí, maidir leis an mBuirg, an ráta chruinneoidh Bárdas na Buirge fén Acht so, chun slánú do dhéanamh, i ngach cás acu san, ar aon easnamh sa chiste chathardha; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “toghachán cathrach” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Cathrach a comórfar fén Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “toghachán buirge” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Buirge comórfar fén Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “lá an toghacháin” an lá a hordófar fén Acht so chun an chéad thoghachán cathrach, an chéad thoghachán buirge, agus an chéad thoghachán do bhaill den Chomhairle Chontae, tar éis an Achta so do rith, do chomóra; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a hordófar fén Acht so chun bheith ina lá cheaptha; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “na bailecheanntair chó-cheangailte” bailecheanntar Phembróc agus bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “na bailecheanntair chósta” bailecheanntar Dhún Laoghaire, bailecheanntar na Carraige Duibhe, bailecheanntar Dheilginse, agus bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “na cóluchtaí díochurtha” na cóluchtaí seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | comhairlí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach; | |
[EN] | comhairlí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach; | |
[EN] | Có-Bhord Ospidéil Ráth Maonas agus Phembróc; | |
[EN] | Bord Prímh-Dhréineála Ráth Maonas agus Phembróc; | |
[EN] | Bord Prímh-Dhréineála na Carraige Duibhe agus Dhún Laoghaire; | |
[EN] | na daoine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhailecheanntair Dheilginse; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tuath-líomatáiste có-cheangailte” an líomatáiste atá có-dhéanta de sna bailte fearainn, de sna coda de bhailte fearainn, agus de thalamh eile tuairiscítear sa Chéad Sceideal a gabhann leis an Acht so agus a míneofar níos cruinne sna mapaí dhíobh a hullamhófar fén Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1925” an tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 , ( Uimh. 5 de 1925 ); | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ; | |
cialluíonn an abairt “an Bord Sláinte” an bord sláinte puiblí bunófar don Chontae do réir Achta 1925 mar a cuirtear i mbaint leis an gContae é leis an Acht so. |