Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Toghthoiri do Chlaru.)

28 1930

Uimhir 28 de 1930.


ACHT TOGHACHÁIN (LUCHT CEANNAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH), 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ AGUS RIALÁIL DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS NA CLÁIR DE THOGHTHÓIRÍ CEANNAÍOCHTA I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH D'ULLAMHÚ AGUS DO CHOINNEÁIL AR SIÚL DO RÉIR AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930 , AGUS CHUN SOCRÚ AGUS RIALÁIL DO DHÉANAMH MAIDIR LE STIÚRA TOGHACHÁN BALL CEANNAÍOCHTA CHOMHAIRLE CHATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH DO RÉIR AN ACHTA SAN. [17adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Comhairle na Cathrach” an chomhairle bunuítear fén ainm sin leis an Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “baill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach” na baill sin de Chomhairle na Cathrach gur gá, do réir dlí, go dtoghfaí iad ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí ceannaíochta;

cialluíonn an abairt “gnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach” na baill sin de Chomhairle na Cathrach nách baill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an abairt “toghachán Cathrach” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an abairt “toghachán fén Acht so” toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an abairt “ainm trádála” ainm (seachas a ainm féin) fé n-a ndeineann duine aon ghnó, no déantóireacht no fé n-a gcleachtann aon ghairm, ceárd no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

(2) Chun crícheanna uile an chéad toghacháin a comórfar fén Acht so agus chun na gcrícheanna uile bhaineann leis an gclár de thoghthóirí d'ullamhú i gcóir an toghacháin sin tuigfear bailecheanntar Phembróc, bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh, agus an líomatáiste dá dtagartar san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , mar thuath-líomatáiste chó-cheangailte do bheith laistigh den Chathair agus ina gcuid di, agus laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus ina gcuid di, agus léireofar tagairtí san Acht so don Chathair agus don chontae-bhuirg sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(3) Go dtí an lá is lá ceaptha chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), beidh ag Baile-Chléireach na Cathrach agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh comhachta, feidhmeanna, agus dualgaisí uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath fén Acht so, agus léireofar tagairtí san Acht so do Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(4) Pé uair is Domhnach no lá saoire baine lá ar ar gá, do réir an Achta so, éinní do dhéanamh is ar an gcéad lá ina dhiaidh sin nách Domhnach ná lá saoire bainc a déanfar an ní sin.

An clár de thoghthóirí ceannaíochta.

2. —(1) An clár de thoghthóirí ceannaíochta gur gá do réir ailt 34 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , é d'ullamhú agus do choinneail ar siúl is fén Acht so agus dá réir a hullamhófar agus a coinneofar ar siúl é.

(2) Fé réir forálacha an ailt sin 34 agus gan dochar dóibh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na daoine ag a mbeidh teideal fén alt san chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, sé sin le rá:—

(a) más duine is sealbhaire rátuithe ar áitreabh agus gur fé ainm páirtnéireachta no trádála, pe'ca ina aonar é no i bpáirtnéireacht le duine no le daoine eile, a bheidh gnó á dhéanamh ag an duine sin san áitreabh san, ní bheidh éinne in aon chor ach amháin an duine sin i dteideal a chláruithe fén alt san 34 sa chlár san maidir leis an áitreabh san;

(b) más fé ainm trádála bheidh sealbhaire rátuithe áitreibh iontrálta sna leabhair rátaí, agus má bhíonn sé i dteideal a chláruithe sa chlár san maidir leis an áitreabh san, is fén ainm trádála san a déanfar an sealbhaire rátuithe sin do chlárú amhlaidh;

(c) más páirtnéireacht is sealbhaire rátuithe ar áitreabh agus gur fén ainm páirtnéireachta bheidh sé iontrálta sna Ieabhair rátaí, agus má bhíonn sé i dteideal a chláruithe sa chlár san maidir leis an áitreabh san, is fén ainm páirtnéireachta san a déanfar an sealbhaire rátuithe sin do chlárú amhlaidh;

(d) ní tuigfear duine is sealbhaire rátuithe ar áitreabh do bheith ag déanamh gnótha san áitreabh san as aontsiocair é bheith ar fostú san áitreabh san ag duine dheineann gnó ann ná é bheith ina stiúrthóir no ina bhainisteoir do chuideachtain a dheineann gnó ann;

(e) má bhíonn sealbhaire rátuithe áitreibh iontrálta sna leabhair rátaí fé ainm páirtnéireachta no fé ainm trádála, ní tuigfear gur chun gnótha do dhéanamh san áitreabh san atá an sealbhaire rátuithe sin i seilbh an áitreibh sin mara ndeintear gnó ann fén ainm páirtnéireachta no fén ainm trádála san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “áitreabh” ionoighreachta no tionóntachán ar n-a luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus léireofar tagairtí do ghnó do dhéanamh mar thagairtí a fholuíonn aon ghnó, no déantóireacht do dhéanamh, no aon ghairm, ceárd no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail do chleachta.

Líomatáiste clárathachta agus oifigeach clárathachta.

3. —Chun crícheanna an Achta so beidh an Chathair ina haon líomatáiste clárathachta amháin, agus isé Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh mar oifigeach clárathachta don líomatáiste chlárathachta san.

Clár d'ullamhú.

4. —(1) Pé uair is gá do réir dlí toghachán cathrach do chomóra beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta clár de thoghthóirí ceannaíochta d'ullamhú do réir an Achta so chun crícheanna an toghacháin sin.

(2) Is do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so a hullamhófar gach clár de thoghthóirí ceannaíochta.

(3) Beidh sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar fén Acht so chun crícheanna an chéad toghacháin chathrach ainmneacha gach duine, páirtnéireachta, comhlachais neamhionchorparuithe, agus cóluchta chorparáidigh a bheidh, an lá tar éis an Achta so do rith, i dteideal do réir dlí chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta.

(4) Beidh sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar fén Acht so chun crícheanna aon toghacháin chathrach tar éis an chéad toghacháin chathrach ainmneacha gach duine, páirtnéireachta, comhlachais neamh-ionchorparuithe agus cóluchta chorparáidigh a bheidh, ar an 15adh lá de Mhí na Samhna díreach roimh an toghachán san, i dteideal do réir dlí chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta.

An clár do chríochnú.

5. —(1) Déanfar an clár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar chun cricheanna an chéad toghacháin chathrach do chríochnú ar an lá a hordófar chuige sin no roimh an lá san.

(2) Déanfar gach clár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar chun crícheanna aon toghacháin chathrach tar éis an chéad toghacháin chathrach do chríochnú ar an 1adh lá de Mheitheamh díreach roimh an toghachán san no roimh an lá san.

Athchomharc gcoinnibh rialuithe an oifigigh chlárathachta.

6. —(1) Luighfidh athchomhare chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ag a mbeidh dlighinse sa Chathair i gcoinnibh aon rialuithe dhéanfaidh an t-oifigeach clárathachta fén Acht so i dtaobh aon éilimh no agóide, agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar aon athchomharc den tsórt san agus ní féadfar athchomharc ina coinnibh in aon Chúirt eile.

(2) Isé an t-oifigeach clárathachta dhéanfaidh, agus is i bhfuirm cáis aithriste dhéanfa sé, gach athchomharc a déanfar fén alt so agus beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, sa chás a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an cás san d'aithris sa tslí a luaidhtear sa Sceideal san.

(3) Rialálfar le rialacha Cúirte an nós-imeachta agus an cleachta sa Chúirt Chuarda maidir le hathchomhaire fén alt so.

(4) Déanfaidh an clárathóir contae don Chathair fógra i dtaobh breithe Breithimh den Chúirt Chuarda ar athchomharc fen alt so do chur chun an oifigigh chlárathachta agus déanfaidh an t-oifigeach clárathachta sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta pé atharuithe bheidh riachtanach chun na breithe sin do chur in éifeacht.

(5) Ní dhéanfa sé dochar do cheart vótála aon duine go mbeidh a ainm de thurus na huaire ar chlár de thoghthóirí ceannaíochta aon athchomharc do bheith ar feitheamh fén alt so, agus aon vóta bhéarfar do réir an chirt sin beidh sé chó maith díreach is dá mba ná beadh aon athchomhare den tsórt san ar feitheamh, agus ní dhéanfaidh an bhreith a tabharfar ina dhiaidh sin ar an athchomhare san deifir don vóta san,

Toghacháin do stiúra.

7. —(1) Is do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a comórfar agus a stiúrfar gach toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.

(2) Beidh gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe agus cólucht corparáideach a bheidh cláruithe sa chlár a hullamhófar fén Acht so d'aon toghachán den tsórt san i dteideal, agus ní bheidh éinne eile i dteideal, vótála sa toghachán san.

Ceann comhrimh.

8. —(1) Isé Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh ina cheann chomhrimh ar gach toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach

(2) Féadfaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath, le scríbhinn fé n-a láimh, duine oiriúnach do cheapa chun bheith ina leas-cheann chomhrimh d'aon toghachán áirithe do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach agus féadfaidh an duine sin do cheapa amhlaidh mar leas-cheann chomhrimh den tsórt san chun crícheanna uile an toghacháin sin no chun aon cheann no cinn de sna crícheanna san.

(3) Beidh ag leas-cheann comhrimh a ceapfar fén alt so, maidir leis na crícheanna chun a gceapfar amhlaidh é, gach comhacht, dualgas agus fiachas de chuid an chinn chomhrimh fén Acht so.

Iarrthóir d'fháil bháis.

9. —(1) Nuair a beifear ag comhreamh na vótanna do tugadh i dtoghachán fén Acht so, gabhfar thar na roghanna uile do cuireadh ar breaca d'iarrthóir 'na bhfaghaidh an ceann comhrimh scéala a bháis tar éis na huaire agus an lae is déanaí chun iarrthóirí do tharrac siar agus roimh dheire na vótaíochta, agus ina ionad san áireofar na céad roghanna infheadhma eile.

(2) Gach iarrthóir go dtuairisceofar gur toghadh é i dtoghachán fén Acht so agus do gheobhaidh bás roimh thosach a théarma oifige, pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no ina dhiaidh do gheobhaidh bás amhlaidh, tuigfear (gan dochar do chomhacht cúirte no bínse eile dlighinse inniúla a dhearbhú a thogha do bheith gan brí) gur toghadh go cuibhe amhlaidh é agus gur fhág sé a shuidheachán díreach tar éis tosach a théarma oifige.

Rún do chimeád.

10. —(1) Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabairt amach, d'fháil, no do chomhreamh i dtoghachán fén Acht so agus gach iarrthóir a bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do chimeád agus cabhrú chun rúin do chimeád ar an vótáil sa toghachán san agus, roimh chríochnú an toghacháin, ní thabharfaid uatha, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas ar ce'ca vótáil aon toghthóir sa toghachán san no nár vótáil, ná ar an marc oifigiuil, agus ní thabharfaid d'éinne aon uair aon eolas, do fuarthas le linn no i gcúrsaí na tabhartha-amach, na fála, no an chomhrimh sin, ar ce'ca iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir ná ar ce'ca vótáil aon toghthóir no nár vótáil ná ar an uimhir ar chúl aon pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra.

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán fén Acht so d'fháil no do mharcáil aon pháipéir bhallóide leis no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán fén Acht so aon pháipeur ballóide leis do thaisbeaint, tar éis a mharcála dho, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm an iarrthóra ’nar mharcáil sé a vóta leis ar aon pháipeur ballóide den tsórt san.

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear é chur fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

Nea-chólíona rialacha no fuirmeacha.

11. —Ní dearbhófar aon togha iarrthóra i dtoghachán fén Acht so do bheith gan brí de bhíthin nea-chólíona na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirm a hordófar fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bprinsiobal atá curtha síos i gcorp an Achta so, agus ná dearna an nea-chólíona no an dearmhad san deifir do thora an toghacháin.

Achuingí toghacháin, agus cleachtanna cuirpthe agus nea-dhleathacha.

12. —(1) Bainfidh Cuid IV. den Municipal Corporations Act, 1882, agus an Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884, mar a leasuítear no mar a cuirtear i mbaint iad fé seach tré Achtanna ina dhiaidh sin, le toghacháin fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin beidh éifeacht ag an forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur toghachán cathrach do réir bhrí na nAcht san toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

(b) léireofar tagairtí don High Court sna hAchtanna san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann;

(c) léireofar tagairtí don Director of Public Prosecutions sna hAchtanna san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann;

(d) tuigfear toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach do bheith ar cheann de sna toghacháin atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884, adubhradh.

(2) In aon imeachta chun toghachán fén Acht so no tuairisciú an toghacháin sin do chur in amhrus ní ceanglófar ar éinne do vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé sa toghachán san.

Lucht conganta d'fhostú.

13. —Chun a chomhachta agus a dhualgaisí fén Acht so d'fheidhmiú féadfaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath pé lucht conganta, cléirigh, teachtairí agus daoine eile agus pé méid acu is oiriúnach leis d'fhostú agus beidh luach saothair na ndaoine sin, sa mhéid go gceaduítear san fén Acht so, mar chuid de sna costaisí fé n-a ragha sé chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Costaisí fé n-a raghaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath.

14. —(1) Gach costas go ndeimhneofar fén alt so gur le ceart do chuaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear Bainisteoir na Cathrach san alt so) fé chun an Achta so do chur i bhfeidhm íocfaidh Bárdas na Cathrach le Bainisteoir na Cathrach é as an gciste cathardha.

(2) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí—

(a) scála de chostaisí bheidh inéilithe ag Bainisteoir na Cathrach ar son a chomhachta agus a dhualgaisí mar oifigeach chlárathachta fén Acht so d'fheidhmiú, agus

(b) scála de chostaisí bheidh inéilithe ag Bainisteoir na Cathrach ar son a chomhachta agus a dhualgaisí mar cheann chomhrimh fén Acht so d'fheidhmiú,

do leaga amach agus iad d'atharú o am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, rialacháin do dhéanamh ina socrófar i dtaobh—

(a) Bainisteoir na Cathrach d'ullamhú agus do chruthú a chuntaisí ar na costaisí fé n-a ndeaghaidh sé chun an Achta so do chur i bhfeidhm;

(b) na cuntaisí sin d'iniúcha agus na hítimí ionta do lomháil agus do nea-lomháil;

(c) an méid is iníoctha le Bainisteoir na Cathrach ar aon chuntas den tsórt san do dheimhniú agus Bárdas na Cathrach d'íoc an mhéide sin le Bainisteoir na Cathrach;

(d) Bárdas na Cathrach d'íoc roimh-íocanna le Bainisteoir na Cathrach chun costaisí fé n-a ndeaghaidh sé no fé n-a raghaidh sé agus é ag cur an Achta so i bhfeidhm do ghlana.

Comhachta leasbhainisteora na cathrach.

15. —Pé uair a ceapfar duine ar bith go dleathach chun bheith ina fhear ionaid do Bhainisteoir Chathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath agus, de bhua a cheaptha amhlaidh, go mbeidh comhachta uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath ag an duine sin agus go mbeidh air feidhmeanna agus dualgaisí uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath d'fheidhmiú agus do chólíona, ansan, faid fhanfaidh an duine sin ina fhear ionaid amhlaidh, beidh aige gach comhacht agus feidhmeoidh agus gníomhóidh gach feidhm agus dualgas de chuid Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath fén Acht so.

Ciontaí i dtaobh clárathachta.

16. —(1) Gach éinne dhéanfaidh dearbhú bréagach chun críche éilimh ar chlárú fé sna rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, pe'ca dho féin no do dhuine éigin eile dhéanfaidh an duine sin an t-éileamh san, agus pe'ca ráiteas bréagach no fágaint ruda tháchtaigh ar lár a dhéanfaidh dearbhú bréagach de, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(2) Gach éinne dhéanfaidh d'aon ghnó díthiú, mille, scriosa amach no aistriú ar aon fhógra, liost, cóip de chlár no scríbhinn eile do dhein an t-oifigeach clárathachta, do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a chur ar fáil chun a iniúchta no do phostáil suas no d'fhoillsiú ar aon tslí eile, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Ciontaí i dtaobh toghachán.

17. —Gach éinne—

(a) a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, bosca ballóide soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann do thógaint amach as cimeád an chinn chomhrimh sa toghachán san no as cimeád éinne 'nar fhág an ceann comhrimh sin an bosca ballóide sin go dleathach fé n-a chúram no ina chimeád, no

(b) a dhítheoidh, a mhillfidh no dhíobhálfaidh go mailíseach bosca ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann, no

(c) a dhítheoidh, a stracfaidh, no agha-loitfidh go mailíseach páipeur ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no do bhéarfar amach no a húsáidfear ann, no

(d) a dhéanfaidh samhail bhréagach den mharc oifigiuil a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid no a húsáidfear ann, no

(e) a thógfaidh, a dhítheoidh, no loitfidh instruimid ar bith a soláthrófar no bheidh in úsáid no a húsáidfear chun an marc oifigiuil do stampáil ar pháipéirí ballóide i dtoghachán fén Acht so, no dhéanfaidh no go mbeidh ina seilbh aon aithris ar instruimid ar bith den tsórt san no aon tsamhail bhréagach di, no

(f) a dhéanfaidh samhail fhallsa d'aon pháipeur ainmniúcháin do thoghachán no maidir le toghachán fén Acht so no dhéanfaidh a leithéid d'agha-lot go calaoiseach no do dhíthiú go calaoiseach no sheachadfaidh páipeur ainmniúcháin don cheann chomhrimh in aon toghachán den tsórt san agus a fhios aige gur samhail fhallsa é, no

(g) a dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach d'aon pháipeur ballóide i dtoghachán no maidir le toghachán fén Acht so no dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach den mharc oifigiuil ar aon pháipeur ballóide den tsórt san, no

(h) a dhéanfaidh gan údarás cuibhe páipeur ballóide do thoghachán no maidir le toghachán fén Acht so do thabhairt d'éinne, no

(i) a dhéanfaidh gan údarás cuibhe bosca ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann d'oscailt no baint leis ar aon tslí eile,

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná bliain do chur air no, ar a chiontú ar díotáil, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná dhá bhliain no pian-tseirbhís ar feadh tréimhse ar bith nách giorra ná trí bliana ná nách sia ná cúig bliana.

Rialacháin.

18. —Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le rialacháin a dhéanfa sé fén alt so, éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Gearr-theideal.

19. —Féadfar an tAcht Toghacháin (Lucht Ceannaíochta Bhaile Átha Cliath), 1930 , do ghairm den Acht so.