|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930) | Ar Aghaidh (CUID II. Coisti Oideachais Ghairme Beatha.) |
ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais; | |
[EN] | cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) ón Aire chun gach comhachta no aon chomhachta d'fheidhmiú agus chun gach dualgais no aon dualgais do chólíona bronntar no forchuirtear ar chigire leis an Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an focal “contae” contae riaracháin ach ní fholuíonn sé contae-bhuirg; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiuil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge, agus comhairle bhailecheanntair; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1889” an Technical Instruction Act, 1889; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1891” an Technical Instruction Act, 1891; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1899” an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiuil” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhárta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” an luach ionrátuithe bliantúil fé sna hAchtanna Luachála; | |
[EN] | foluíonn an focal “príomh-oide” aon leas-phríomh-oide no oide eile bheidh ag gníomhú de thurus na huaire mar phríomh-oide no ina ionad; | |
[EN] | foluíonn an focal “breoiteacht” aon ghalar no díobháil chuirp no aigne; | |
[EN] | foluíonn an focal “ceárd” aon tionnscal, ceárd no gnó; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bailecheanntar sceidealta” bailecheanntar atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bliain thoghacháin” an bhliain 1931 no aon tríú bliain de sna blianta ina dhiaidh sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “duine óg” duine go bhfuil ceithre bliana déag slán aige agus ná fuil sé bliana déag slán aige; | |
[EN] | cialluíonn an focal “tuismitheoir,” maidir le duine óg, an té ar a bhfuil cúram an duine óig sin do réir dlí agus más rud é, toisc an duine sin do bheith as láthair no ar aon réasún eile, ná fuil an duine óg san in éintigheas leis an duine sin no ná fuil sé fé n-a chúram foluíonn an focal an té gur in éintigheas leis atá an duine óg san no gur fé n-a chúram atá an duine óg san; | |
[EN] | cialluíonn an focal “fostaíocht,” maidir le duine óg, fostaíocht agus obair in aon tsaothar a deintear mar chéird no d'fhonn an duine óig sin no duine ar bith eile d'fháil sochair as; | |
[EN] | foluíonn an abairt “cionta fén gCuid seo den Acht so” cionta fé alt no fé fho-alt ar bith atá sa Chuid den Acht so ina bhfuil an abairt sin; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so. | |
[EN] |
Oideachas leanúnach. |
3. —Chun crícheanna an Achta so cialluíonn an abairt “oideachas leanúnach” oideachas chun leanúint den oideachas do bheirtear i mbun-scoileanna agus chun cur leis sin agus foluíonn sé oiliuint, generálta agus praiticiuil, mar ullamhú i gcóir fostaíochta i gceárda, i ndéantóireacht, i dtalmhaíocht, i dhráchtáil, agus i ngnóthaí eile tionnscail, agus fós oiliuint, generálta agus praiticiuil, chun feabhas do chur ar dhaoine óga i gcéimeanna tosaigh na fostaíochta san. |
[EN] |
Ceárdoideachas. |
4. —(1) Chun crícheanna an Achta so cialluíonn an focal “ceárd-oideachas” oideachas a bhaineann le ceárda, déantóireacht, tráchtáil, agus gnóthaí eile tionnscail (ar a n-áirítear slite beatha, do chailíní agus do mhná, a bhaineann le tigheas) agus oideachas in abhair a bhaineann no a ghabhann leis na nithe sin agus foluíonn sé oideachas in eolaíocht agus in ealadhain (agus ceol d'áireamh i gcontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe) agus fós foluíonn sé tréineáil chuirp. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú go bhfolóidh an focal “ceárd-oideachas,” chun crícheanna an Achta so, teagasc i pé abhair i dtaobh na ngnóthaí, na bhfostaíocht, agus na slite beatha san (lasmuich den talmhaíocht) a luadhfar san ordú san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh brí an fhocail sin leathnuithe, chun crícheanna an Achta so, do réir forálacha an orduithe sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, a dhearbhú go bhfolóidh an focal “ceárd-oideachas” leis, chun crícheanna an Achta so, teagasc i pé abhair a bhaineann no a ghabhann le talmhaíocht agus a luadhfar san ordú san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh brí an fhocail sin leathnuithe, chun crícheanna an Achta so, do réir forálacha an orduithe sin. | |
[EN] |
Dáta slánuithe aon aoise áirithe. |
5. —Chun crícheanna an Achta so tuigfear aon aois áirithe do bheith slán ag duine pé lá acu so leanas, sé sin le rá, an 31adh lá de Mhárta, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhomhair no an 31adh lá de Mhí na Nodlag, is túisce thiocfaidh tar éis an lae de laetheanta cuimhne a bheirthe a bheidh an aois sin slán aige dáiríribh. |