34 1930


Uimhir 34 de 1930.


ACHT OIDEACHAIS (BÉILÍ DO SHOLÁTHAR) (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS BHAILE-CHOIMISINÉIRÍ BÉILÍ DO SHOLÁTHAR DO LEANBHAÍ SCOILE.

[23adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” na Education (Provision of Meals) (Ireland) Acts, 1914 to 1917;

cialluíonn an focal “baile-choimisinéirí” na daoine is coimisinéirí, chun crícheanna an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, do bhaile nách bailecheanntar.

Bainfidh na Príomh-Achtanna le bailechoimisinéirí.

2. —Is údarás áitiuil baile-choimisinéirí chun crícheanna na bPríomh-Achtanna agus beidh feidhm ag na hAchtanna san dá réir sin.

Costaisí bailechoimisinéirí fé sna Príomh-Achtanna.

3. —Na costaisí uile fé n-a raghaidh baile-choimisinéirí fé sna Príomh-Achtanna mar a leathanuítear leis an Acht so iad, is amach as an ráta is inghearrtha acu fé alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, a híocfar iad ach ní háireofar chun crícheanna aon teorann le méid an ráta san cuid ar bith den ráta san a cruinneofar chun na gcostas san d'íoc.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Oideachais (Béilí do Sholáthar) (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.