35 1930


Uimhir 35 de 1930.


ACHT AN CHONNARTHA PHORTUINGÉALAIGH, 1930.


ACHT CHUN PÉ SOCRÚ IS GÁ DO DHÉANAMH CHUN LAN-ÉIFEACHT DO THABHAIRT D'FHORÁLACHA AIRTIOGAL 6 DEN CHONNRA THRÁCHTÁLA AGUS LOINGSEOIRECHTA IDIR SAORSTÁT ÉIREANN AGUS AN PHORTUINGÉAL DO SIGHNÍODH AN 29ADH LÁ DE DHEIRE FOMHAIR, 1929. [23adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Teora leis an bhfocal “port” d'úsáid.

1. —Nuair a déanfar an ainm “port” no “porto” do thabhairt, do réir bhrí an Merchandise Marks Act, 1887, ar aon fhíon no deoch eile, pe'ca ina haonar a húsáidfear an ainm sin no maraon le haon cheann de sna focail “saghas,” “samhail,” “cáilíocht,” “cineál,” no aon fhocal, abairt, no aidiacht den tsórt san, beidh sí ina tuairisc trádála bréagaighe do réir bhrí an Achta san, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht san dá réir sin maran fíon do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) an fíon no an deoch eile ar a dtabharfar an ainm sin agus mara raibh deimhniú bun-áite ina theanta, le linn a iomportála amhlaidh, gur i Réigiún an Douro sa Phortuingéal do rinneadh an fíon san ar dtúis, deimhniú do tugadh amach ag údarás Portuingéalach go mbeidh deimhnithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála ina thaobh de thurus na huaire é do bheith inniuil chuige sin.

Teora leis an bhfocal “madeira” d'úsáid.

2. —Nuair a déanfar an ainm “madeira” do thabhairt, do réir bhrí an Merchandise Marks Act, 1887, ar aon fhíon no deoch eile, pe'ca ina haonar a húsáidfear an ainm sin no maraon le haon cheann de sna focail “saghas,” “samhail,” “cáilíocht,” “cineál,” no aon fhocal, abairt, no aidiacht den tsórt san, beidh sí ina tuairisc trádála bréagaighe do réir bhrí an Achta san, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht san dá réir sin maran fíon do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) an fíon no an deoch eile ar a dtabharfar an ainm sin agus mara raibh deimhniú bun-áite ina theanta, le linn a iomportála amhlaidh, gur in Oileán Mhadeira do rinneadh an fíon san ar dtúis, deimhniú do tugadh amach ag údarás Portuingéalach go mbeidh deimhnithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála de thurus na huaire ina thaobh é do bheith inniuil chuige sin.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar Acht an Chonnartha Phortuingéalaigh, 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh, chó fada agus bhaineann sé le fíon no le digh eile do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an Acht so do rith, i gcionn bliana tar éis an rithte sin agus, chó fada agus bhaineann sé le gach fíon agus le gach digh eile, tiocfa sé i ngníomh díreach tar éis an rithte sin.