|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1931. | ||
[EN] |
ACHT TÁSTÁLA PLÁTA (LEASÚ), 1931. | |
ACHT CHUN AN PLATE ASSAY (IRELAND) ACT, 1807, DO LEASÚ MAIDIR LEIS NA PIONÓISÍ GHABHANN LE CIONTAÍ ÁIRITHE FÉN ACHT SAN. [21adh Abrán, 1931.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Plate Assay (Ireland) Act, 1807. |
[EN] |
An pionós a ghabhann le ciontaí fé alt 16 den Phríomh-Acht. |
2. —D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no in aon achtachán eile, isé pionós a féadfar do ghearra ar dhuine go dtabharfar de bhreith air go bhfuil sé ciontach i bhfeleontacht fé alt 16 den Phríomh-Acht no in aon chionta (seachas feleontacht) fén alt san ná pian-tseirbhís ar feadh téarma ar bith nách sia ná cúig bliana no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá bhliain. |
[EN] |
Dlighinse na Cúirte Dúithche. |
3. —(1) Beidh dlighinse ag an gCúirt Dúithche agus féadfaidh dlighinse d'fheidhmiú i gcás feleontachta no aon chionta eile fé alt 16 den Phríomh-Acht fé is dá mbeadh an fheleontacht no an cionta eile sin imeasc na gcás a háirmhítear i bhfo-alt B d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ). |
[EN] | (2) Má dheineann an Chúirt Dúithche, i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so, cás do thriail ar an slí achmair, ansan, d'ainneoin éinní atá as bhfo-alt san B den alt san 77, isé picnós a féadfar do ghearra ná príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil nách mó ná caoga púnt. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh alt 17 den Phríomh-Acht le haon fhíneáil fhorchuirfidh an Chúirt Dúithche i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Tástála Pláta (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Tástála Pláta, 1807 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |