23 1931


Uimhir 23 de 1931.


ACHT NA dTÓITEÁN BÓTHAIR IARAINN (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN AN RAILWAY FIRES ACT, 1905, DO LEASÚ.

[17adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Railway Fires Act, 1905.

(2) Gach abairt agus focal le n-a bhfuil brí áirithe sa Phríomh-Acht tá leis san Acht so an brí áirithe atá leis amhlaidh.

Fo-alt (3) d'alt 1 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 1 den Phríomh-Acht maidir le haicsin mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh tóiteáin a thárlóidh tar éis an Achta so do rith fé is dá gcuirtí na focail “two hundred pounds” in ionad na bhfocal “one hundred pounds” sa bhfo-alt san.

Fógraí mar gheall ar éilithe agus ar dhamáiste.

3. —Ní bheidh feidhm ag alt 3 den Phríomh-Acht maidir le haon aicsean mar gheall ar dhamáiste tré thóiteán a thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh feidhm ag an bPríomh-Acht i gcás aon aicsin a bhéarfar i gcoinnibh aon chuideachta bhóthair iarainn mar gheall ar dhamáiste tré thóiteán a thárlóidh tar éis an Achta so do rith—

(a) mara ndeintear laistigh de sheacht lá tar éis an tóiteáin sin fógra i scríbhinn do thabhairt don chuideachta bhóthair iarainn sin gur thárla an tóiteán san agus go bhfuiltear ar aigne an t-aicsean san do bhunú, agus

(b) mara ndeintear laistigh de lá is fiche tar éis an tóiteáin sin mion-innste i scríbhinn mar gheall ar an damáiste sin do thabhairt don chuideachta bhóthair iarainn sin, agus

(c) mara dtaisbeánfaidh na mion-innste mar gheall ar an damáiste tabharfar amhlaidh don chuideachta bhóthair iarainn sin ná téigheann an damaiste sin thar suim dhá chéad púnt.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar Acht na dTóiteán Bóthair Iarainn (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTóiteán Bóthair Iarainn, 1905 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.