An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931) Ar Aghaidh (CUID II. Eolas do Bhailiu agus d'Fhoillsiu i dtaobh Ime bheidh a Choimead ar Laimh.)

29 1931

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931

CUID I.

Roimhra.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta, 1931 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 agus 1927, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta:

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ;

tá an bhrí sin leis an bhfocal “im” atá leis sa Phríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine is dílseánach cláruithe do réir bhrí an Phríomh-Achta ar áitreabh atá cláruithe i gclár ar bith a choimeádann an tAire do réir an Phríomh-Achta;

cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san im do dhíol ina mhór-choda no ina mhion-choda i dteanta no d'éamais aon ghnótha eile;

cialluíonn an focal “stórálaí” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san earraí do stóráil do dhaoine eile;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé Chuid II den Acht so.