An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1931) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

31 1931

ACHT AIRGID, 1931

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1931-32.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha Chuid II den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) agus forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931.

Alt 8 den Acht Airgid, 1925 , do leasú.

2. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndeintí na focail agus na figiúirí “no fé Riail 18 de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Acht san” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfigiúirí “1918” atá anois ann

Saoirse d'airgead áirithe is iníoctha le hoispidéil.

3. —(1) Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le hairgead ar bith is iníoctha le cólucht rialúcháin óispidéil ar bith fén Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) .

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Imeachta i dtaobh pionóisí áirithe.

4. —D'ainneoin nách féidir a fháil amach go cinnte cé méid é pionós is ionbhainte amach fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim toisc gan an méid cánach gur dá réir a bheidh an pionós san le háireamh do bheith faighte amach ar fad, féadfar imeachta do bhunú chun an phionóis sin do bhaint amach agus más rud é, nuair a bheidh na himeachta san á n-éisteacht, ná beidh méid na cánach san faighte amach ar fad féadfaidh an Chúirt na himeachta san do chur ar athló más dóich léi go bhfuil an pionós san ionbhainte amach agus ní thabharfaidh aon bhreithiúntas ná ní dhéanfaidh aon ordú chun an phionóis sin d'íoc go dtí go mbeidh méid na cánach san faighte amach ar fad.