34 1931


Uimhir 34 de 1931.


ACHT UM OIRIÚNÚ ACHTANNA, 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN ACHTANNA DO RITH PÁIRLIMINT A BHÍ INA SUIDHE IN ÉIRINN UAIR AR BITH ROIMH THEACHT I nGNÍOMH DON UNION WITH IRELAND ACT, 1800, AGUS ORDUITHE, RIALACHA AGUS RIALACHÁIN DO RINNEADH FÉ SNA hACHTANNA SAN DO CHUR IN OIRIÚINT DO CHÚRSAÍ SHAORSTÁIT ÉIREANN. [31adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “reacht Éireannach” Acht do rith Páirlimint a bhí ina suidhe in Éirinn uair ar bith roimh theacht i ngníomh don Union with Ireland Act, 1800.

Reachtanna Eireannacha d'oiriúnú.

2. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, oiriúnuithe no atharuithe, generálta no áirithe, do dhéanamh in aon reacht Éireannach ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann, pé oiriúnuithe no atharuithe is dóich leis an Ard-Chomhairle do bheith riachtanach chun lán-fheidhme agus lán-éifeachta do bheith ag an reacht san i Saorstát Éireann.

Orduithe, rialacha agus rialacháin reachtúla d'oiriúnú.

3. —(1) An chomhacht a bronntar leis an Acht so chun oiriúnuithe no atharuithe do dhéanamh i reacht Éireannach bainfe sí le gach ordú, riail agus rialachán do rinneadh fén reacht san agus ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann.

(2) Gach oiriúnú no atharú déanfar fén Acht so in aon reacht Éireannach bainfe sé le gach ordú, riail, agus rialachán do rinneadh fén reacht san agus ag a bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann.

Orduithe do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

4. —Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht um Oiriúnú Achtanna, 1931 , do ghairm den Acht so.