An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Foralacha Bhaineann le Coda IV agus V.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Ilghneitheach agus Generalta.)

54 1931

ACHT NA MIANACH AGUS NA MINEARÁL, 1931

CUID VII.

Cuiteamh do Mheas.

Míniú maidir le Cuid VII.

38. —Sa Chuid seo den Acht so léireofar an abairt “cúiteamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh fé Chuid III den Acht so, cúiteamh fé Chuid IV den Acht so agus cúiteamh fé Chuid V den Acht so” no aon chúiteamh den tsórt san.

Modh chun cúitimh do shocrú.

39. —Mara gcó-aontuítear i dtaobh méid an chúitimh fén Acht so déanfaidh an Bord é do shocrú sa tslí foráltar leis an gCuid seo den Acht so.

Forálacha maidir le cúiteamh fé Choda III agus IV do shocrú tré chó-aontú.

40. —Má deintear méid an chúitimh fé Chuid III den Acht so no méid an chúitimh fé Chuid IV den Acht so do shocrú tré chó-aontú agus go mbeidh blianacht talamh-cheannaigh ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) beidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ina bpáirtí sa chó-aontú san;

(b) mara mbeidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ina bpáirtí sa chó-aontú san ní dhéanfaidh íoc an méid cúitimh a socrófar leis an gcó-aontú an té íocfaidh é do shaoradh o n-a bheith air an cúiteamh san d'íoc;

(c) nuair do gheobhaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann aon chúiteamh no aon chuid d'aon chúiteamh den tsórt san is iníoctha leo fén gcó-aontú san cuirfid é chun aon riaráiste bheidh dlite ar scór na blianachta san do laigheadú, no mara mbeidh aon riaráiste den tsórt san ann no más lugha an riaráiste sin ná méid an chúitimh sin ansan cuirfid é chun no mar chabhair chun na blianachta ceannaigh d'fhuascailt.

An Bord do dheonadh cúitimh.

41. —(1) Má bhíonn cúiteamh fén Acht so iníoctha féadfaidh na daoine seo leanas, sé sin le rá:—

(a) éinne adeir go bhfuil sé i dteideal an chúitimh sin d'fháil, no

(b) más cúiteamh fé Chuid III den Acht so no cúiteamh fé Chuid IV den Acht so an cúiteamh san agus go mbeidh blianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha, Coimisiún Talmhan na hÉireann,

a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

(2) Má deintear fén alt so iarratas ar chúiteamh fén Acht so féachfaidh an Bord isteach san iarratas san agus tar éis dóibh san do dhéanamh bhéarfaid a mbreith air.

(3) Beidh i ngach breith (dá ngairmtear breith sa Chuid seo den Acht so) do bhéarfaidh an Bord uatha fén alt so na nithe seo leanas—

(a) ráiteas ar mhéid an chúitimh (más ann do);

(b) ainm an té ar a mbeidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) ainm an té le n-a mbeidh an cúiteamh san le n'íoc;

(d) más le beirt daoine no níos mó bheidh an cúiteamh le n'íoc, an méid den chúiteamh san a bheidh le n'íoc le gach duine acu san;

(e) más i dtaobh aon tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire measfar an cúiteamh, na nithe gur gá do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo iad do chur sa bhreith sin.

(4) Más i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire mheasfaidh an Bord cúiteamh fén alt so, féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, más oiriúnach leo é, a iarraidh ar an mBord—

(a) más ionann méid an chúitimh sin agus an tsuim is praghas fuascailte na blianachta san maraon le riaráiste na blianachta san (más ann do) no más lugha ná an tsuim sin é, a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann iomlán an chúitimh no pé cion de iarrfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, no

(b) más mó méid an chúitimh sin ná an tsuim is praghas fuascailte na blianachta san maraon le riaráiste na blianachta san (más ann do), a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann pé suim iarrfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann agus nách mó ná suim an phraghais fhuascailte sin maraon leis an riaráiste sin (más ann do),

agus géillfidh an Bord don iarratas san.

(5) Má deintear, le haon bhreith i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire, a shocrú go n-íocfar aon airgead le Coimisiún Talmhan na hÉireann, déanfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, ar an airgead san d'íoc leo, é chur fé mar is oiriúnach leo chun riaráiste na blianachta san (más ann do) do ghlanadh agus mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt no ar cheachtar slí acu san.

Forálacha eile i dtaobh breitheanna.

42. —(1) Sighneoidh gach ball den Bhord gach breith.

(2) Beidh gach breith ina fianaise dho-chlaoite ar gach ní dheallróidh bheith deimhnithe inti.

(3) Aon tsuim go n-ordófar le breith í bheith iníoctha ag duine le duine eile beidh sí ina fiacha bheidh ag an duine eile sin ar an gcéad duine sin a luaidhtear agus a bheidh iníoctha dá réir sin agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(4) Scríbhinn ar a mbeidh i gcúl-scríbhinn deimhniú, dheallróidh bheith sighnithe ag Rúnaí an Bhúird, á rá gur cóip de bhreith an scríbhinn sin, beidh sí ina fianaise ar an mbreith sin i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí go dtí go gcruthófar a mhalairt agus ní gá sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é dáiríribh.

Na táillí is iníoctha ar iarrataisí chun cúitimh do mheas.

43. —(1) Pé uair iarrfaidh duine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, ar an mBord cúiteamh do mheas fén Acht so, íocfaidh an duine sin leis an mBord alos an iarratais sin pé táille ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

(2) Déanfaidh an Bord gach táille a híocfar leis fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí agus caiteachaisí fé n-a raghaidh an Bord agus iad ag meas cúitimh.

44. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir leis na costaisí agus leis na caiteachaisí fé n-a raghaidh an Bord mar gheall ar dhuine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, a iarraidh ar an mBord cúiteamh fén Acht so do mheas, go ndéanfaidh neach déanta an iarratais sin iomlán no cuid áirithe de sna costaisí agus de sna caiteachaisí sin d'íoc leis an Aire.

(2) Deimhneofar le hordú déanfar fén alt so an tsuim a bheidh dlite ar dhuine ar bith agus féadfaidh an tAire aon tsuim a deimhneofar amhlaidh do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, a iarrfaidh ar an mBord cúiteamh fén Acht so do shocrú urrús do thabhairt ar na costaisí agus ar na caiteachaisí bheidh ar an mBord mar gheall ar an iarratas.

(4) Déanfaidh an tAire aon airgead a híocfar leis no bhainfe sé amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Ceart éisteachta i láthair an Bhúird.

45. —Nuair a bheidh aon chúiteamh fén Acht so á mheas ag an mBord beidh na daoine seo leanas, agus iad san amháin, i dteideal éisteachta d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:—

(a) éinne adéarfaidh go bhfuil estát no leas ar bith aige sa talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san á mheas;

(b) an té dhlighfidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) má bhíonn blianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san á mheas, Coimisiún Talmhan na hÉireann.

Costaisí na bpáirtithe in imeachta i dtaobh breitheanna.

46. —(1) Is ag an mBord a bheidh discréid i dtaobh costaisí na bpáirtithe in aon imeachta fén gCuid seo den Acht so agus féadfaidh an Bord a ordú le n-a mbreith cé íocfaidh agus cé leis agus cé an tslí go n-íocfar na costaisí sin no aon chuid áirithe dhíobh agus féadfaid i gcás ar bith costaisí abhcóide do nea-lomháil.

(2) Féadfaidh an Bord féin measaireacht do dhéanamh ar an suim costaisí a hordófar d'íoc no féadfaid a ordú conus a déanfar measaireacht ortha.

(3) Má orduíonn an Bord d'iarratasóir a bheidh ag iarraidh cúitimh fén Acht so costaisí no cuid de chostaisí an té go mbeidh an cúiteamh san iníoctha aige d'íoc, féadfaidh an duine sin suim na gcostaisí sin do bhaint as suim an chúitimh sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo áirmhítear mar chostaisí aon táillí, éilithe agus caiteachaisí bhaineann leis an mbreith.

An tslí ina measfar cúiteamh fé Choda IV agus V.

47. —Nuair a bheidh an Bord ag meas cúitimh fé Chuid IV den Acht so no cúitimh fé Chuid V den Acht so alos cirt, déanfaid é do mheas do réir mar a bheadh cothrom agus réasúnta idir deontóir toilteanach agus deonaí toilteanach ag féachaint do sna coinníollacha fé n-a ndeontar an ceart san.

Cúiteamh d'íoc isteach sa chúirt.

48. —Maran féidir a dhéanamh amach cé hé an duine le n-a mbeidh aon chúiteamh fén Acht so iníoctha ná an duine sin d'fháil íocfar an cúiteamh isteach san Ard-Chúirt i pé slí a hordófar le rialacha cúirte agus bainfidh forálacha alt 69 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, leis an gcúiteamh san ach iad d'atharú agus d'oiriúnú fé mar a hordófar leis na rialacha san.

An bhreith do bheith ina breith dheiridh agus cásanna speisialta d'aithris.

49. —(1) An bhreith do bhéarfaidh an Bord ar aon cheist fírinne eireoidh in imeachta bheidh ar siúl ina láthair fén gCuid seo den Acht so beidh sí ina breith dheiridh agus ina ceangal ar gach páirtí agus ar na daoine bheidh ag éileamh fútha fé seach ach, le linn aon chéime de sna himeachta, féadfaidh an Bord, agus déanfaidh má orduíonn an Ard-Chúirt é, aon cheist dlí eireoidh le linn na n-imeacht d'aithris i bhfuirm cáis speisialta chun tuairime na hArd-Chúirte d'fháil uirthi agus féadfaid a mbreith maidir le hiomlán an scéil no le cuid de d'aithris i bhfuirm cáis speisialta chun tuairime na hArd-Chúirte d'fháil uirthi.

(2) An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt ar aon chás aithrisfidh an Bord fén alt so beidh sí ina breith dheiridh nách féidir dul tháirsi agus ní féadfar aon athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ina coinnibh.