|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cuiteamh i bhFeabhsu.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Foralacha Generalta i dTaobh Faoisimh fe sna Coda san Roimhe seo den Acht so.) |
ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ceart chun Tionontachta Nua. | |
[EN] |
Baint na Coda so den Acht so. |
19. —(1) Ar chríochnú tionóntachta tionóntacháin do réir bhrí an ailt seo, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an tionóntachán san má bhíonn an tionóntachán san do réir aon choinníll áirithe acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) go raibh an tionóntachán san á úsáid go bona fide agus i bpáirt no go hiomlán, ar feadh iomlán na dtrí mblian díreach roimh chríochnú na tionóntachta san, ag an té ba thionónta de thurus na huaire air chun gnótha do dhéanamh ann agus, díreach roimh an gcríochnú san go raibh sé ar seilbh ag á thionónta fé thionóntacht o bhliain go bliain no fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta ar feadh téarma nár ghiorra ná bliain no fé léas ar feadh saoil no saolta no go raibh sé tar éis bheith ar feadh seacht mblian ar a laighead go leanúnach i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimh-shealbhadóirí teidil, no | |
[EN] | (b) go raibh an tionóntachán san go leanúnach, ar feadh iomlán na tréimhse de thriochad bliain díreach roimh chríochnú na tionóntachta san, i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimh-shealbhadóirí teidil, agus nách tré n-a cheannach ar chomaoine luachmhair laistigh den tréimhse sin de thriochad bliain a fuair an tionónta san ná éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil an tionóntachán san, no | |
[EN] | (c) nách sia ná trí bliana frith-dhílse an tiarna tighe sa tionóntachán le linn na tionóntachta san do chríochnú agus, go raibh an tionóntachán san go leanúnach, ar feadh iomlán na tréimhse de chúig bliana déag díreach roimh an gcríochnú san, i seilbh an té ba thionónta air díreach roimh an gcríochnú san no i seilbh a roimhshealbhadóirí teidil, no | |
[EN] | (d) go ndearnadh feabhsú ar an tionóntachán san agus, mara mbaineadh an Chuid seo den Acht so leis an tionóntachán san, go mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar an bhfeabhsú san agus go bhfuil leath ar a laighead den mhéid is cíos-luach don tionóntachán san le linn an chríochnuithe sin ionchurtha i leith an fheabhsuithe sin. | |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí san alt so do chríochnú tionóntachta mar phuínte aimsire do léiriú— | |
[EN] | (a) i gcás tionóntachta críochnófar tré fhógra chun imeacht, mar thagairtí do dháta seirbheála an fhógra san chun imeacht; agus | |
[EN] | (b) i gcás tionóntachta do chríochnú tré théarma blian no tréimhse chinnte eile do chaitheamh no tré aon teagmhas cinnte eile, mar thagairtí don lá bheidh ann ráithe roimh an téarma no an tréimhse sin do bheith caithte no roimh an teagmhas san do thárlachtaint; agus | |
[EN] | (c) i gcás tionóntachta críochnófar tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile, mar thagairtí don dáta ar a dtárlóidh an teagmhas san. | |
[EN] |
Ceart ag tionónta chun tionóntachta nua. |
20. —Ar chríochnú a thionóntachta i dtionóntachán le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thionónta an tionóntacháin sin beidh teideal aige, fé réir forálacha an Achta so, chun tionóntachta nua sa tionóntachán san ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar idir an tionónta san agus a thiarna tighe no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, ar pé téarmaí shocróidh an Chúirt. |
[EN] |
Srian leis an gceart chun tionóntachta nua. |
21. —(1) Ní bheidh teideal ag tionónta chun tionóntachta nua fén gCuid seo den Acht so— |
[EN] | (a) má críochnuítear a thionóntacht tré dhí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc; no | |
[EN] | (b) má críochnuítear a thionóntacht tré dhí-shealbhú, tré fhógra chun imeacht, no ar shlí eile mar gheall ar gur bhris an tionónta san ceann de choinníollacha na tionóntachta san; no | |
[EN] | (c) má chríochnuíonn sé a thionóntacht tré fhógra go bhfuil sé á tabhairt suas no ar shlí eile; no | |
[EN] | (d) má críochnuítear a thionóntacht tré fhógra chun imeacht do bhéarfaidh a thiarna tighe dho ar chúis mhaith dhóthanach; no | |
[EN] | (e) más rud é gur ar shlí seachas tré fhógra chun imeacht do chríochnuigh a thionóntacht agus gur dhiúltuigh a thiarna tighe, ar chúis mhaith dhóthanach, dá thionóntacht d'athnuachaint no go mbeadh cúis mhaith dhóthanach aige chun diúltú don tionóntacht san d'athnuachaint dá n-iarrtaí air í d'athnuachaint. | |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn an abairt “cúis mhaith dhóthanach” cúis eiríonn as gníomh no as iompar éigin ar thaobh an tionónta no thagann dá dhruim sin no is féidir do lorg siar go dtí é agus gur dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach taobh den scéal, gur cúis mhaith dhóthanach í chun na tionóntachta do chríochnú no chun diúltú don tionóntacht d'athnuachaint (pe'ca aca é). | |
[EN] |
Cúiteamh i gcur isteach i gcásanna áirithe. |
22. —(1) Más léir don Chúirt— |
[EN] | (a) go bhfuil tiarna tighe tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar aigne bona-fide no gur chó-aontuigh sé bona-fide na foirgintí no aon chuid de sna foirgintí atá sa tionóntachán san do leagadh agus d'ath-thógáil no d'ath-dhéanamh, no | |
[EN] | (b) gur gá don tiarna tighe sin seilbh an tionóntacháin sin agus é folamh do bheith aige chun scéime feabhsuithe maoine, gur cuid di an tionóntachán san, do chur i bhfeidhm, no | |
[EN] | (c) go mbeadh sé, ar chúis ar bith, bun os cionn le dea-bhainistí estáit tionóntacht nua sa tionóntachán san do chruthnú, | |
[EN] | ní bheidh teideal ag tionónta an tionóntacháin sin fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san. | |
[EN] | (2) Más rud é go ndiúltófar, ar fhoras dá luaidhtear i mír (a) no i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, do ghéilleadh d'iarratas ar thionóntacht nua fén gCuid seo den Acht so agus ná déanfaidh tiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann an t-iarratas san, laistigh d'aimsir réasúnta, an aigne, an có-aontú, no an rún (pe'ca aca é) do chur i bhfeidhm gur mar gheall air do diúltadh do ghéilleadh don iarratas san, beidh an tiarna tighe sin ciontach i ndísbeagadh Cúirte agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin. | |
[EN] | (3) Má bhíonn an Chúirt sásta— | |
[EN] | (a) go mbeadh tionónta tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so i dteideal fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san mara mbeadh an t-alt so, agus | |
[EN] | (b) go raibh an té ba thionónta de thurus na huaire ar an tionóntachán san ag úsáid an tionóntacháin sin, i bpáirt no go hiomlán, chun gnótha do dhéanamh ann ar feadh iomlán tréimhse de thrí bliana do chríochnuigh le linn críochnú a thionóntachta sa tionóntachán san no laistigh de ráithe roimhe sin, | |
[EN] | ansan, in ionad teideal do bheith ag an tionónta san chun tionóntachta nua fén gCuid seo den Acht so, ar imeacht as an tionóntachán san do nuair a bheidh an tionóntacht san caithte, beidh teideal aige chun cúitimh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i gcur isteach) do réir an Achta so d'fháil o thiarna tighe an tionóntacháin sin. | |
[EN] | (4) Má deintear cúiteamh i gcur isteach do dheonadh fén alt so do thionónta tionóntacháin agus ná híocfar an cúiteamh san laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an Acht so beidh an tionónta san i dteideal tionóntacht nua fén gCuid seo den Acht so sa tionóntachán san d'iarraidh arís tar éis na haimsire sin a ceaptar amhlaidh agus roimh íoc an chúitimh sin, agus ní bhainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so leis an iarratas san agus má géilltear don iarratas san cuirfidh san deonadh san an chúitimh i gcur isteach ar ceal. | |
[EN] | (5) Má bhíonn an Chúirt sásta— | |
[EN] | (a) go mbeadh tionónta tionóntacháin le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so i dteideal fén gCuid seo den Acht so chun tionóntachta nua sa tionóntachán san mara mbeadh mír (a) no mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, agus | |
[EN] | (b) nách gá don tiarna tighe seilbh an tionóntacháin sin do bheith aige chun na gcrícheanna luaidhtear sa mhír sin (a) no sa mhír sin (b) (pe'ca aca é) go ceann tréimhse de shé mhí ar a laighead, | |
[EN] | déanfaidh an Chúirt, má iarrann an tionónta san é, an tionóntacht a bheidh ag an tionónta sa tionóntachán san do bhuanú go dtí go gcríochnóidh an tiarna tighe sin an tionóntacht san chun na gcrícheanna roimhráite tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil sé mhí roimh ré, ach beidh san ar an gcoinníoll go mbeidh buanú san na tionóntachta san gan dochar do cheart an tionónta san chun faoisimh d'fháil fén Acht so ar chríochnú na tionóntachta buanuithe sin amhlaidh. | |
[EN] |
Tomhas an chúitimh i gcur isteach. |
23. —Má dheineann an Chúirt cúiteamh i gcur isteach do dheonadh do thionónta isé tomhas an chúitimh sin ná an chailliúint airgid, an damáiste, no an costas, do bhain don tionónta san no fé n-a ndeaghaidh sé no bhainfidh do no fé n-a raghaidh sé de dheascaibh é d'imeacht as an tionóntachán gur ina thaobh a deonfar an cúiteamh san, agus a thiocfaidh díreach as é d'imeacht as an tionóntachán san. |