|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Foralacha Speisialta i dTaobh Leasanna Togala.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.) |
ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cumhnanta i Leasanna. | |
[EN] |
Damáiste mar gheall ar chumhnanta deisiúcháin do bhriseadh. |
55. —Má bhíonn i léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) cumhnant no có-aontú (follus no foluithe, generálta no áirithe), i bpáirt an léasaí, an tionóntachán san do dheisiú no do choimeád deisithe i rith no ar feadh ré an léasa san no an tionóntachán san d'fhágaint no do chur ar staid deisithe ar dhul in éag don léas san agus go mbrisfear an cumhnant no an có-aontú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní raghaidh an damáiste is ionbhainte amach mar gheall ar an mbriseadh sin in aon chás thar méid an luigheaduithe (más ann do) do chuaidh ar luach na frithdhílse (díreach no nea-dhíreach) sa tionóntachán san de dheascaibh an bhriste sin; | |
[EN] | (b) lasmuich de chás ina dtaisbeánfar gurb é fé ndeár an ceal deisiúcháin no cuid mhaith de ná damáiste toiliúil no diomailt toiliúil do rinne an léasaí ní féadfar damáiste ar bith do bhaint amach i dtaobh an bhriste sin má taisbeántar nách féidir in aon chor, mar gheall ar aois agus staid an tionóntacháin sin, é do dheisiú do réir an chumhnanta no an chó-aontuithe sin no, mar gheall ar aois, staid, cineál agus suidheamh an tionóntacháin sin, go mbeadh costas a dheisithe do réir an chumhnanta no an chó-aontuithe sin ró-mhór i gcomórtas le luach an tionóntacháin sin no, mar gheall ar chineál agus suidheamh an tionóntacháin sin, nárbh fhéidir an tionóntachán san d'úsáid i slí thairbheach ar bheith deisithe dho amhlaidh no nárbh fhéidir é d'úsáid i slí thairbheach gan cuid mhaith de d'ath-thógáil no d'ath-dhéanamh no d'atharú ina dhéanmhas. | |
[EN] |
Cumhnanta i gcoinnibh aistrithe. |
56. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú chuireann cosc ar fad no chuireann srian leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an cionníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do chuirfeadh cosc no do chuirfeadh srian (pe'ca aca é) leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, gan ceadúnas no toiliú an léasóra. |
[EN] | (2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh, no as ar tuigthe de bhuadh an Achta do ritheadh an 5adh lá de Bhealtaine 1826 ag Páirlimint na Ríochta Aontuithe do bhí ann le déanaí agus dar teideal “an Act to amend the Law of Ireland respecting the assignment and sub-letting of Lands and Tenements” no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, cumhnant, coinníoll, no có-aontú chuireann cosc no chuireann srian leis an tionóntachán san d'aistriú, go generálta no ar aon tslí áirithe, gan ceadúnas no toiliú an léasóra tuigfear, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, go bhfuil an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san— | |
[EN] | (a) fé réir provísó ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san; agus | |
[EN] | (b) más breis is dachad bliain is téarma don léas san agus más foirgintí do thógáil no breis mhór do chur leo no feabhsú no atharú mór do chur ortha an chomaoine no cuid den chomaoine ar a ndearnadh an léas san, fé réir provísó sa chéill seo, eadhon, má deintear aon aistriú ar an tionóntachán san, contrárdha don chumhnant, don choinníoll, no don chó-aontú san, breis is seacht mbliana roimh dheireadh an téarma san, nách gá aon cheadúnas ná toiliú den tsórt san má tugtar fógra i scríbhinn i dtaobh an aistrithe sin don léasóir laistigh de mhí tar éis an aistrithe do dhéanamh; agus | |
[EN] | (c) más rud é go dtiocfadh as an aistriú san aon rátaí, cánacha, no ualach eile d'aistriú chun an léasóra no do mhéadú air, fé réir provísó go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas fé n-a raghaidh an léasóir de bhíthin an aistrithe ualaigh no an mhéaduithe ualaigh sin do chúiteamh leis an léasóir fé mar agus nuair a ragha sé fé agus go bhféadfaidh an léasóir é do bhaint den léasaí mar chíos fén léas san. | |
[EN] |
Cumhnanta chuireann srian le húsáid. |
57. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann ar fad úsáid an tionóntacháin sin d'atharú beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do thoirmeascfadh úsáid an tionóntacháin sin d'atharú gan ceadúnas no toiliú an léasóra. |
[EN] | (2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann go follus no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so úsáid an tionóntacháin sin d'atharú gan ceadúnas no toiliú an léasóra tuigfear, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, go bhfuil an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san— | |
[EN] | (a) fé réir provísó sa chéill ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san; agus | |
[EN] | (b) maran gá, de dhruim an atharuithe, aon atharú do dhéanamh ar dhéanmhas an tionóntacháin, fé réir provísó ná beidh aon fhíneáil ná suim airgid i bhfuirm fíneála (seachas aon tsuim a húdaruítear leis an alt so) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas no as an toiliú san ná mar gheall air; agus | |
[EN] | (c) más rud é go dtiocfadh as an atharú aon rátaí, cánacha, no ualach eile d'aistriú chun an léasóra no do mhéadú air, fé réir provísó go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas fé n-a raghaidh an léasóir de bhíthin an aistrithe ualaigh no an mhéaduithe ualaigh sin do chúiteamh leis an léasóir fé mar agus nuair a ragha sé fé agus go bhféadfaidh an léasóir é do bhaint den léasaí mar chíos fén léas san. | |
[EN] |
Cumhnanta i gcoinnibh feabhsuithe do dhéanamh. |
58. —(1) Gach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann ar fad feabhsú ar bith do dhéanamh ar an tionóntachán san beidh éifeacht aige fé is dá mb'ionann an cumhnant, an coinníoll, no an có-aontú san agus cumhnant, coinníoll, no có-aontú do thoirmeascfadh an feabhsú san do dhéanamh gan ceadúnas no toiliú an léasóra. |
[EN] | (2) I ngach léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) ina mbeidh cumhnant, coinníoll, no có-aontú thoirmeascann, go follus no de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, feabhsú ar bith do dhéanamh ar an tionóntachán san gan ceadúnas no toiliú an léasóra, beidh an cumhnant, an coinníoll, no an có-aòntú san, d'ainneoin aon fhorála adeir a mhalairt go follus, fé réir provísó ná coimeádfar siar an ceadúnas no an toiliú san go mí-réasúnta ach ní choiscfidh an provísó so ar an léasóir a dhéanamh riachtanach suim réasúnta d'íoc ar scór costaisí dlí no eile fé n-a ragha sé agus a bhainfidh leis an gceadúnas no leis an toiliú san. | |
[EN] |
Toil léasóra nách féidir a fháil. |
59. —Má bhíonn i léas tionóntacháin (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinneadh é no dá éis sin) cumhnant, coinníoll no có-aontú a chuireann cosc no a chuireann srian ar an léasaí éinní áirithe do dhéanamh gan ceadúnas no toiliú an léasóra, agus nár deineadh an cíos a cuireadh ar cosnamh leis an léas san d'íoc le cúig bliana no níos mó, agus ná beidh aithne ag an léasaí ar an léasóir agus nách féidir leis é fháil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an léasaí agus tar éis pé fógráin (más aon cheann é) d'fhoillsiú ordóidh an Chúirt agus más dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach a mbaineann leis an scéal, gur ceart san do dhéanamh, a údarú don léasaí, fé réir pé coinníoll (más aon cheann é) is oiriúnach leis an gCúirt a fhorchur, an ní áirithe do dhéanamh le n-a gcuireann an cumhnant, an coinníoll no an có-aontú san cosc no srian amhlaidh, agus leis sin beidh sé dleathach don léasaí an ní áirithe sin do dhéanamh gan ceadúnas ná toiliú an léasóra, ach fé réir agus do réir na gcoinníoll (más aon cheann é) fhorchuirfidh an Chúirt. |