An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cumhnanta i Leasanna.)

55 1931

ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931

CUID VII.

Ilghneitheach.

An Chúirt do dheonadh léasanna tógála.

60. —(1) Duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) gur mian leis léas tógála d'fháil ar thalamh (dá ngairmtear an talamh tógála anso feasta) atá suidhte i líomatáiste baile agus go mbeidh an toiliú luaidhtear anso ina dhiaidh seo faighte aige no a saorfar anso ina dhiaidh seo o n-a bheith air toiliú ar bith d'fháil, féadfaidh léas tógála fén alt so ar an talamh san d'iarraidh ar an gCúirt.

(2) Isé toiliú is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so don iarratasóir d'fháil ná—

(a) más seilbh i mbith-dhílse no seilbh feirm-dhílse bheidh ag sealbhaire na talmhan tógála ar an talamh tógála no seilbh fé léas ar feadh saoil no saolta bheidh ann (agus go dtéarma no gan téarma blian) no fé léas ar feadh téarma go mbeidh deich mbliana ar a laighead gan caitheamh fós de an lá déanfar an t-iarratas fén alt so, toiliú an tsealbhaire sin i scríbhinn; no

(b) más seilbh ar feadh téarma gur lugha ná deich mbliana bheidh gan caitheamh fós de an lá san a bheidh ag sealbhaire na talmhan tógála ar an talamh tógála (pe'ca isé féin an t-iarratasóir no nách é) no seilbh fé thionóntacht bhliantúil no fé aon tionóntacht is lugha ná san, toiliú i scríbhinn ón té bheidh de thurus na huaire i seilbh an leasa is ísle sa talamh tógála is leor chun neartuithe le léas céad go leith blian do dheonadh an lá san.

(3) Beidh an t-iarratasóir saor o n-a bheith air an toiliú luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so d'fháil má sé féin sealbhaire na talmhan tógála agus gur fé léas go mbeidh deich mbliana ar a luighead gan caitheamh fós de an lá déanfar an t-iarratas fén alt so bheidh seilbh aige ar an talamh tógála.

(4) Beidh sa bhfógra iarratais no sa scríbhinn eile le n-a gcuirfear iarratas fé bhráid na Cúirte fén alt so ráiteas ar chineál ghenerálta agus ar líon na bhfoirgintí bheidh beartuithe le tógáil fén léas tógála bheidh á iarraidh san iarratas san.

(5) Má cuirtear iarratas fé bhráid na Cúirte fén alt so, ní foláir don Chúirt bheith sásta, sara dtéighidh ar aghaidh leis an iarratas san d'éisteacht, go bhfuil fógra i dtaobh an iarratais faighte ag gach páirtí is gá, agus chuige sin féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaí pé fiosrú agus go seirbheálfaí pé fógraí is dóich léi is ceart agus féadfaidh go sonnrách a ordú gur tré fhógrán a seirbheálfaí aon fhógra den tsórt san.

(6) Más rud é, ar éisteacht iarratais fén alt so, go mbeidh an Chúirt sásta, ag féachaint do gach a mbaineann leis an gcás, go mbeidh sé ceart agus réasúnta léas tógála ar an talamh tógála no ar aon chuid de do thabhairt don iarratasóir fén alt so, féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaí an léas tógála san dá réir sin.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach léas tógála tabharfar fén alt so, sé sin le rá:—

(a) isé téarma an léasa san ná pé téarma, nách sia ná céad go leith bliain, ordóidh an Chúirt, agus tosnóidh an téarma san ar pé dáta shocróidh an Chúirt;

(b) déanfar leis an léas san pé cíos no cíosanna ordóidh an Chúirt do chur ar cosnamh do pé daoine ordóidh an Chúirt;

(c) má orduíonn an Chúirt amhlaidh, déarfar sa léas san gur léas maraon le sreath de léasanna frith-dhílse é;

(d) beidh sa léas san pé cumhnanta agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear cumhnant, i bpáirt an léasaí, foirgint no foirgintí do thógáil san áitreabh aistrithe do réir pleananna le n-a n-aontóidh an léasóir, no an Chúirt, no le n-a n-aontófar ar shlí eile) ordóidh an Chúirt;

(e) isiad a bheidh mar pháirtithe sa léas san ná pé daoine ordóidh an Chúirt;

(f) isí an Chúirt a shocróidh dréacht an léasa san agus a aontóidh leis;

(g) féadfaidh an Chúirt a údarú críochnú an léasa san do chur ar athló go dtí go mbeidh an fhoirgint no na foirgintí no cuid áirithe den chéanna críochnuithe.

(8) Más rud é, maidir le duine go n-ordóidh an Chúirt do bheith ina pháirtí i léas tógála fén alt so, nách féidir dó do réir dlí bheith ina pháirtí sa léas san chun na gcrícheanna ordóidh an Chúirt toisc gur iontaobhaí é no ionadaí pearsanta no duine eile go gcomhacht iontaobhaí no toisc gur mion-aoiseach é no toisc gan ach estát le n-a shaol no do shliocht áirithe no estát teoranta eile do bheith aige no toisc cumhnanta sriantacha do bheith sa léas fé n-a mbeidh seilbh na talmhan tógála aige, féadfaidh an Chúirt, le hordú, comhacht do thabhairt don duine sin bheith ina pháirtí sa léas san chun na gcrícheanna san agus an léas san do chríochnú dá réir sin.

(9) Más rud é, maidir le duine go n-ordóidh an Chúirt do bheith ina pháirtí i léas tógála fén alt so, gur mion-aoiseach an duine sin no gur duine é nách slán meabhair no nách féidir é d'fháil, no go ndiúltóidh sé don léas san do chríochnú no go dteipfidh san air, féadfaidh an Chúirt oifigeach don Chúirt do cheapadh chun an léasa san do chríochnú thar ceann agus in ainm an duine sin agus leis sin beidh críochnú an léasa san ag an oifigeach san thar ceann agus in ainm an duine sin chó héifeachtúil chun gach críche is dá mb'é an duine sin féin do chríochnódh é.

(10) Chun crícheanna agus i gcúrsaí léasa thógála fén alt so féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, a ordú go ndéanfaí in éamais toilithe no aontuithe na muintire is iontaobhaithe chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, d'aon tsocrú, pe'ca bheidh aon iontaobhaithe den tsórt san ann no ná beidh.

(11) Mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt ar chúis speisialta is ar an iarratasóir a bheidh agus isé íocfaidh gach costas i dtaobh iarratais do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so no bhainfidh leis sin agus i dtaobh an léasa thógála (más ann do) tabharfar do réir an iarratais sin d'ullamhú agus do chríochnú no bhainfidh leis sin.

(12) Ní bhainfidh an t-alt so le haon talamh atá dílsithe in údarás áitiúil no in údarás puiblí ar bith no atá i seilbh ar iontaoibh acu (ar aon tslí eile seachas mar thionóntaithe ann) chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas mar údarás den tsórt san no atá i seilbh aon chorporáide chun crícheanna bóthair iarainn, trambhealaigh, duga, canáile, uisce, geas, leictreachais no gnótha puiblí eile.

Ceart chun caiteachais do chur i gcoinnibh cíosa i gcásanna áirithe.

61. —(1) Má theipeann ar thiarna tighe tionóntacháin no má leigeann i bhfaillí deisiú do dhéanamh ar an tionóntachán san a bheidh ceangailte air, do réir chumhnanta no chó-aontuithe no ar aon tslí eile do réir dlí, a dhéanamh agus d'iarr tionónta an tionóntacháin sin air do dhéanamh agus go ndéanfaidh an tionónta san an deisiú san ar a chostas féin, féadfaidh an tionónta san—

(a) má bhíonn an méid do chaith sé ar dhéanamh an deisithe sin có-ionann le méid an chéad ghála eile de chíos an tionóntacháin sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chaiteachais sin no má bhíonn sé níos lugha ná san, an méid do caitheadh amhlaidh do chur, chó fada is ragha sé, i gcoinnibh an ghála chíosa san, no

(b) más mó an méid do chaith an tionónta san amhlaidh ná méid an ghála chíosa san, an méid do caitheadh amhlaidh do chur i gcoinnibh an ghála chíosa san agus gach gála ina dhiaidh sin den chíos san go dtí go mbeidh an méid do caitheadh amhlaidh aisíoctha leis an tionónta san tríd an gcur-i-gcoinnibh sin.

(2) Má deintear fén alt so suim chaiteachais do chur i gcoinnibh iomláine gála cíosa no coda dhe, ansan, ar fháil fianaise dho ar an suim do cuireadh i gcoinnibh an chíosa amhlaidh do bheith caithte beidh sé de cheangal ar an tiarna tighe bheidh i dteideal an chíosa san d'fháil admháil do thabhairt ar an ngála cíosa san den tsórt do bheadh de cheangal air do thabhairt uaidh dá mba in airgead d'íocfaí an gála san no iomlán an ghála san.

Alt 6 den Settled Land Act, 1882, do leasú.

62. —Déanfar na comhachta, chun léasanna tógála do dheonadh, a bronntar le halt 6 den Settled Land Act, 1882, ar thionónta le n-a shaol do leathnú, i gcás talmhan atá suidhte i líomatáiste baile, i dtreo go mbeidh sé údaruithe léasanna tógála ar an talamh san ar feadh téarma ar bith nách sia ná céad go leith bliain do dheonadh.

Fograí do sheirbheáil.

63. —(1) Aon fhógra no scríbhinn eile dheineann an tAcht so a cheangal ar thionónta no a údarú dho a sheirbheáil ar a thiarna tighe féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha chun an té le n-a n-íocann an tionónta san cíos an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra no an scríbhinn sin, fé sheoladh na háite ina n-íocann no chun a gcuireann an cíos san.

(2) Aon fhógra no scríbhinn eile dheineann an tAcht so a cheangal no a údarú a sheirbheáil ar thionónta féadfar é sheirbheáil amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha chun an tionónta san fé sheoladh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra no an scríbhinn sin.