7 1932


Uimhir 7 de 1932.


ACHT UM CHOMÓRADH CHUIRP CHRÍOST (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932.


ACHT CHUN ATHARUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ CHUN CRÍCHEANNA CHOMÓRADH CHUIRP CHRÍOST A BHEIDH ANN I MÍ AN MHEITHIMH, 1932. [15adh Meitheamh, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “tréimhse an Chomórtha” an tréimhse dar tosach an 18adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1932;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “ceadúnas tiomána” ceadúnas fé alt 3 den Motor Car Act, 1903;

cialluíonn an abairt “an Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Chuarda bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) , agus

tá na bríonna céanna leis na habairtí “líomatáiste ceadúcháin” “ceadúnas iomlán”, “tigh ósta”, agus “tigh bidh” atá leo i gCuid II d'Acht 1927.

Omnibus a hiomportálfar chun é d'úsáid i rith tréimhse an Chomórtha do bheith saor o dhiúité ghluaisteáin.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 56 den Customs Consolidation Act, 1876, agus in alt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ). féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon omnibus mótair a dhéanfaidh duine ina chomhnaí i Saorstát Éireann d'iomportáil i rith tréimhse an Chomórtha agus a bheidh le heasportáil tar éis na tréimhse sin do bheith caithte do leigint isteach gan an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 , mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, do bheith íoctha air.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, chun crícheanna an ailt seo, a ordú cadiad na coinníollacha, maidir le hurrús, casportáil chuibhe agus eile, bheidh le cólíonadh ag an iomportálaí, agus má theipeann ar an iomportálaí sin na coinníollacha san do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air is có-ionann le trí oiread luach an omnibus mhótair, agus an diúité gluaisteáin a forchuirtear ar an omnibus san le halt 11 den Acht Airgid, 1928 , mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé d'áireamh sa luach san no, más rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim é, fíneáil chéad púnt agus in aon chás geallbhruidfear don Stát an t-omnibus mótair gur ina thaobh do rinneadh an cionta.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “omnibus mótair” feithicil inneall-ghluaiste ina bhfuil ionad suidhte do níos mó ná seisear gan an tiománaí d'áireamh.

Rialacháin tráchta i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

3. —(1) Féadfaidh Coimisinéir an Ghárda Síochána rialacháin do dhéanamh chun tráchta ar bhóithre do rialáil agus do stiúradh go generálta agus chun cosc do chur le haon bhac no mí-ordú ar na bóithre sin.

(2) Féadfar teora do chur le feidhmiú na rialachán a déanfar fén alt so i dtreo ná beidh feidhm acu ach amháin—

(a) maidir le saghsanna áirithe tráchta;

(b) ar bhóithre áirithe no ar chuid áirithe de bhóithre; agus

(c) le linn tréimhsí no uaireanna áirithe.

(3) An chomhacht chun rialachán do dhéanamh fén alt so folóidh sí (gan dochar do gheneráltacht na comhachta san) comhacht—

(a) chun tráchta do dhúnadh amach o bhóithre;

(b) chun codanna de bhóithre do cheapadh chun iad d'úsáid mar ionaid suidhte d'fheithiclí agus chun rialála do dhéanamh maidir leis an méid feithiclí dhéanfaidh úsáid de sna hionaid suidhte sin agus maidir leis na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar úsáid do dhéanamh díobh agus chun a thoirmeasc feithiclí do shuidhe ar aon chuid de bhóthar ná beidh ceaptha amhlaidh;

(c) chun a thoirmeasc aon fhógra neamh-údaruithe ar a mbeidh aon colas no treoir i dtaobh tráchta do thais beáint ar bhóthar no ina chomhursanacht, agus chun socruithe do dhéanamh chun aon fhógra den tsaghas san do bhaint anuas láithreach;

(d) chun a ordú cadiad na háiteanna ina stadfaidh omnibusanna agus cadé an tréimhse is sia bheid ina stad chun paisnéirí do dhul isteach ionta no do theacht amach asta.

(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) is sárú ar rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

(5) Na rialacháin a déanfar fén alt so ní bheidh éifeacht acu ach amháin i gContae agus i gCathair Bhailc Atha Cliath agus ní leanfaid i bhfeidhm ach ar feadh tréimhse an Chomórtha.

(6) San alt so foluíonn an focal “trácht” feithiclí, agus ainmhithe de gach saghas, agus coisithe.

(7) Déanfaidh Coimisinéir an Ghárda Síochána gach rialachán a déanfar fén alt so d'fhoillsiú ar pé slí is dóich léis is fearr chun fógra do thabhairt don phuiblíocht.

Gluaisteáin neacheadúnaithe d'úsáid.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú, fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) luadhfaidh an tAire san ordú san, feithiclí inneall-ghluaiste i gcoitinne no feithiclí inneallghluaiste d'aon tsaghas no saghsanna áirithe no aon fheithicil inneall-ghluaiste áirithe d'úsáid ar bhóithre puiblí le linn tréimhse an Chomórtha d'ainneoin gan ceadúnas fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, do bheith i bhfeidhm i gcóir na feithicle sin.

(2) Má deintear ordú fén alt so beidh sé dleathach do dhuine ar bith, ach na coinníollacha (más ann dóibh) a bheidh luaidhte san ordú san do chólíonadh, úsáid do dhéanamh le linn tréimhse an Chomórtha, más le feithiclí inneall-ghluaiste i gcoitinne a bhaineann an t-ordú san, d'fheithicil inneall-ghluaiste ar bith no, más le feithiclí inneall-ghluaiste de shaghas áirithe bhaineann an t-ordú san, d'fheithicil inneall-ghluaiste ar bith den tsaghas san no, más le feithicil inneall-ghluaiste áirithe bhaineann an t-ordú san, den fheithicil inneall-ghluaiste sin, d'ainneoin gan ceadúnas fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, do bheith i bhfeidhm i gcóir na feithicle sin agus d'ainneoin aon rialachán do rinneadh fé alt 12 den Roads Act, 1920, do bheith gan cólíonadh maidir leis an bhfeithicil sin.

Saoirse maidir le feithiclí seirbhíse puiblí i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath do bheith ceadúnaithe.

5. —(1) Le linn tréimhse an Chomórtha beidh sé dleathach do dhuine ar bith, ach pé rialacháin (más aon cheann é) a bheidh déanta ag Coimisinéir an Ghárda Síochána do chólíonadh, aon fheithicil do choimeád, do thiomáint, d'úsáid no do chur ar cíos i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath d'ainneoin gan an fheithicil sin do bheith ceadúnaithe fén Dublin Amended Carriage Act, 1854, no gan aon Phláta Bhaile Atha Cliath do bheith greamuithe dhi, no gan aon phlátaí, duillíní ná marcanna do bheith greamuithe, péinteálta ná marcálta uirthi, atá no bheidh riachtanach a ghreamú, a phéinteáil no a mharcáil ar aon fheithicil den tsaghas san do réir na bhforálacha chuige sin atá sa Dublin Carriage Act, 1853.

(2) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “Pláta Bhaile Atha Cliath” atá leis an abairt “the Dublin Plate” sa Dublin Carriage Act, 1853.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh Coimisinéir an Ghárda Síochána fén alt so foillseoidh sé é ar pé slí is dóich leis is fearr chun fógra do thabhairt don phuiblíocht.

(4) Ní bheidh sé dleathach de bharr éinní atá san alt so feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath le linn tréimhse an Chomórtha mara mbeidh ceadúnas fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, i bhfeidhm i gcóir na feithicle sin no maran féidir, fén alt san díreach roimhe seo, an fheithicil sin d'úsáid amhlaidh d'ainneoin gan ceadúnas den tsaghas san do bheith i bhfeidhm ina cóir.

Daoine neacheadúnaithe do thiomáint gluaisteán.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú do dhuine ar bith no do dhuine ar bith d'aicme áirithe, fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) luadhfaidh an tAire san ordú san, gluaisteán ar bith no gluaisteán ar bith de shaghas áirithe do thiomáint d'ainneoin gan ceadúnas tiomána do bheith ag an duine sin.

(2) Má deintear ordú fén alt so beidh sé dleathach do dhuine ar bith (seachas duine ag a raibh ceadúnas tiomána agus go mbeidh a cheadúnas ar fiunraoi de thurus na huaire fé alt 4 den Motor Car Act, 1903, no duine bheidh dí-cháilithe de thurus na huaire fén alt san 4 chun ceadúnais tiomána d'fháil) le n-a mbaincann an t-ordú san, ach na coinníollacha (más ann dóibh) bheidh luaidhte san ordú san do chólíonadh, gluaisteán ar bith do thiomáint le linn tréimhse an Chomórtha más le gluaisteán ar bith a bhaineann an t-ordú san no, más le gluaisteán de shaghas áirithe bhaineann an t-ordú san, gluaisteán ar bith den tsaghas san do thiomáint le linn tréimhse an Chomórtha, d'ainneoin gan ceadúnas tiomána do bheith ag an duine sin.

Saoirse do dhaoine neacheadúnaithe bheidh ag gníomhú mar thiománaithe agus mar fhir stiúrtha i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath.

7. —(1) Le linn tréimhse an Chomórtha beidh sé dleathach do dhuine ar bith gníomhú i Líomatáiste Chathrach. Bhaile Atha Cliath mar thiománaí no mar fhear stiúrtha aon fheithicle d'ainneoin gan ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha, pe'ca aca é, do deonadh fén Dublin Carriage Act, 1853, do bheith ag an duine sin no gan aon tsuaitheantas aitheantais is gá do chaitheamh do réir an Achta san do bheith á chaitheamh aige.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith de bharr éinní atá san alt so feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath le linn tréimhse an Chomórtha mara mbeidh ceadúnas tiomána ag an duine sin no mara mbeidh saoirse aige, fen alt san díreach roimhe seo, o n-a bheith d'oblagáid air ceadúnas tiomána do bheith aige.

Orduithe saoirse líomatáiste.

8. —(1) Ar iarratas an oifigigh i gceannas Ghárda Síochána aon líomatáiste cheadúcháin (agus líomatáiste ceadúcháin lasmuich de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath d'áireamh), féadfaidh an Breitheamh, má bhíonn sé sásta gurb é leas na puiblíochta an t-ordú san do dhéanamh, ordú do dheonadh, i gcóir an líomatáiste cheadúcháin sin no aon choda áirithe den líomatáiste sin, ag tabhairt saoirse, fé réir pé coinníollacha do chólíonadh is dóich leis an mBreitheamh is ceart, do gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste sin no sa chuid sin, saoirse ar feadh aon tráthanna áirithe aon lá no laetheanta áirithe i rith tréimhse an Chomórtha o sna forálacha d'Acht 1927 a bhaineann le tráthanna coiscithe maidir leis an áitreabh san agus, más le roinnt laetheanta den tsórt san a bhainfidh aon ordú den tsórt san, féadfar tráthanna deifriúla do luadh i gcóir laetheanta deifriúla.

(2) Pé uair a deonfar ordú fén alt so beidh sealbhóir ceadúnais iomláin a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san saor, má chólíonann agus faid a chólíonfaidh na coinníollacha (más ann dóibh) a ghabhann leis an ordú san, ar feadh na dtráthanna bheidh luaidhte san ordú san o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh ar na forálacha d'Acht 1927 a bhaineann le tráthanna coiscithe maidir leis an áitreabh san ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht san ná fé aon Acht eile.

Saoirsí speisialta do thithe ósta no do thithe bidh i gcomhursanacht Bhaile Atha Cliath.

9. —(1) Ar n-a iarraidh sin d'éinne is sealbhóir ar cheadúnas iomlán i gcóir áitreibh is tigh ósta no tigh bidh agus atá suidhte laistigh d'fhiche míle o Ard-Oifig an Phuist, Baile Atha Cliath, agus tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte d'éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más oiriúnach leis é, ordú do dheonadh don duine sin, ag tabhairt saoirse don duine sin, fé réir pé coinníollacha do chólíonadh is dóich leis an mBreitheamh is ceart, ar feadh aon tráthanna áirithe aon lá no laetheanta áirithe i rith tréimhse an Chomórtha, o sna forálacha d'Acht 1927 a bhaineann le tráthanna coiscithe maidir leis an áitreabh san agus, más le roinnt laetheanta den tsórt san a bhainfidh aon ordú den tsórt san, féadfar tráthanna deifriúla do luadh i gcóir laetheanta deifriúla.

(2) Má dheineann agus faid a dhéanfaidh duine ar bith dar deonadh ordú fén alt so na coinníollacha (más ann dóibh) a ghabhann leis an ordú san do chólíonadh, beidh sé saor, ar feadh na dtráthanna bheidh luaidhte san ordú san, o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh ar na forálacha d'Acht 1927 a bhaineann le tráthanna coiscithe maidir leis an áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht san ná fé aon Acht eile.

(3) Ní deonfar ordú fén alt so mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh an iarratas do dhéanamh, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh suidhte, fógra á rá go bhfuil sé chun an orduithe d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheolta agus an áitreibh agus na dtráthanna dá mbeidh sé ag lorg an orduithe.

(4) Ní déanfar aon ordú saoirse speisialta fé alt 5 d'Acht 1927 i dtaobh aon áitreibh, is tigh ósta no tigh bidh agus atá suidhte i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, i gcóir tréimhse an Chomórtha ná aon choda den tréimhse sin.

Ceadúnaisí ócáideacha.

10. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ceadúnas ócáideach a deonfar fé alt 13 den Revenue Act, 1862, mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus is ceadúnas ócáideach a deonfar do dhuine ar bith i gcóir áitreibh laistigh de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus ar feadh tréimhse dar tosach an 18adh lá de Mheitheamh, 1932, no lá éigin dá éis sin, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1932, no lá éigin roimhe sin, sé sin le rá:—

(a) féadfar an ceadúnas san do dheonadh ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ceithre lá déag;

(b) féadfar an ceadúnas san do dheonadh le teacht i bhfeidhm díreach ar dhul in éag do cheadúnas eile den tsórt san do deonadh don duine céanna roimhe sin i gcóir an áitreibh chéanna d'ainneoin gan an ceadúnas san do deonadh roimhe sin do bheith imithe in éag;

(c) ní bheidh feidhm ag fo-altanna (2) agus (3) d'alt 6 d'Acht 1927 maidir leis an gceadúnas san, ach ina n-ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon cheadúnas den tsórt san gan an Breitheamh do thoiliú chuige roimh ré agus ní thoileoidh an Breitheamh san amhlaidh ach tar éis do an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht;

(d) féadfar an ceadúnas san do dheonadh i gcóir ama ar bith, agus féadfa sé (fé réir coinníollacha speisialta ar bith no dá n-éamais) baint do bheith aige le ham ar bith, ar an Domhnach;

(e) féadfaidh an Breitheamh san, ar iarratas an oifigigh i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha do shealbhóir an cheadúnais sin, an ceadúnas san do cheiliúradh má bhíonn sé sásta go ndearnadh, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis an áitreabh san, sáruithe ar an dlí bhaineann le deocha meisciúla do dhíol.

Cosc do chur le deocha meisciúla do dhíol le linn uaireanna áirithe ar an 26adh Meitheamh, 1932.

11. —(1) D'ainneoin éinní in Acht 1927, no in aon cheadúnas ócáideach, no in aon ordú bheidh déanta fén Acht so, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath ná in aon chuid de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath atá lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, aon deocha meisciúla do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol ná a cheadú go n-ólfaí aon deocha meisciúla in áitreabh ceadúnaithe an 26adh lá de Mheitheamh, 1932, idir a dó a chlog agus a sé a chlog tráthnóna.

(2) Gach éinne dhéanfaidh aon deocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun a ndíolta no aon áitreabh d'oscailt no do choimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol no a cheadú go n-ólfaí aon deocha meisciúla in áitreabh ceadúnaithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Deocha meisciúla do dhíol ar árthaí áirithe.

12. —(1) Ní tuigfear go ndeineann éinní sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 fo 1929, cosc ná srian do chur, ar feadh tréimhse an Chomórtha, le deocha meisciúla do dhíol ar árthaí ar anncaire i mBáighe Bhaile Atha Cliath (agus cuanta Bhaile Atha Cliath agus Dhún Laoghaire d'áireamh) chun crícheanna Chomóradh Chuirp Chríost, deocha meisciúla gur daoine bheidh ina gcomhnaí bona fide ar na hárthaí sin ordóidh iad agus íocfaidh asta.

(2) San alt so ní fholuíonn an focal “árthach” árthach paisneura mar atá san mínithe le halt 52 den Finance (1909-10) Act, 1910.

Cuid de thréimhse an Chomórtha do bheith gan áireamh chun crícheanna imeachta dlí.

13. —(1) Ní háirmhcofar am na tréimhse orduithe i gcóimhreamh na n-am atá ceaptha no lomhálta le rialacha cúirte chun aon fhógra do thabhairt, chun aon ghnímh no ní do dhéanamh, no chun aon chéime ar aghaidh do thabhairt in no mar gheall ar aon aicsean no ní no imeachta dlí de shaghas ar bith.

(2) Más rud é, de bhuadh aon achtacháin le n-a gceaptar an t-am gur laistigh de is féidir aon tsaghas áirithe imeachta dlí, coiriúil no síbhialta, do chur ar siúl, go dtárlódh, mara mbeadh an t-alt so, an t-am, gur laistigh de is féidir aon imeachta áirithe do chur ar siúl, do dhul in éag i rith na tréimhse orduithe déanfar agus deintear leis seo an t-am san do chur i bhfaid go dtí an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, agus an lá san d'áireamh.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse orduithe” an tréimhse dar tosach an 20adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dar críoch an 27adh lá de Mheitheamh, 1932.

Costaisí

14. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a rachfar ag cur an Achta so in éifeacht.

Gearr-theideal.

15. —Féadfar an tAcht um Chomóradh Chuirp Chríost (forálacha Ilghnéitheacha), 1932 , do ghairm den Acht so.