8 1932


Uimhir 8 de 1932.


ACHT UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (LEASÚ), 1932.


ACHT CHUN AN ACHTA UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1930 , DO CHUR I mBAINT LE hÓISPIDÉAL ÁIRITHE.

[2adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) .

(2) Gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe le fo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht tá leo san Acht so na brigheanna tugtar dóibh fé seach amhlaidh.

An Príomh-Acht do chur i mbaint le hóispidéal áirithe.

2. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht, bainfidh an tAcht san leis an óispidéal so leanas, sé sin le rá, an tOispidéal Ríoghdha Náisiúnta i gcóir Lucht Eitinne, Caisleán Nua Mhic Fhionnagáin, Co. Chill Mhantáin.

Baint an Achta so.

3. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an Acht so maidir le scéim ar bith do cheaduigh an tAire fén bPríomh-Acht roimh an Acht so do rith ná maidir le scuab-gheall ar bith do cuireadh no cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, do réir scéime do ceaduíodh amhlaidh.

Gearrtheideal, luadh, agus buaine.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 agus 1931, agus déanfar na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.